EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0173

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/173 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 maidir le comhchuibhiú bhandaí minicíochta 900 MHz agus 1800 MHz le haghaidh córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/766/CE (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 605) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/605

IO L 28, 9.2.2022, p. 29–39 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/173/oj

9.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 28/29


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/173 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Feabhra 2022

maidir le comhchuibhiú bhandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz le haghaidh córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/766/CE

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 605)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (1),

Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála don bheartas speictrim raidió sa Chomhphobal Eorpach (an Cinneadh maidir le Speictream Raidió) (2), agus go háirithe Airteagal 4(3) de

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Mar a fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a mhúnlú an 19 Feabhra 2020, tá réitigh dhigiteacha ríthábhachtach chun cuidiú leis an Eoraip a bealach féin a shaothrú i dtreo claochlú digiteach a théann chun tairbhe do shaoránaigh agus do ghnóthais i gcomhréir le luachanna an Aontais. Chuige sin, is fíor-riachtanach an méid seo a leanas: go dtairbheoidh daoine den teicneolaíocht; go n-áiritheofar margadh aonair gan teorainneacha inar féidir le gnóthais de gach méid dul san iomaíocht ar bhonn cothrom; agus go saothrófar luachanna daonlathacha, urraim do chearta bunúsacha agus geilleagar atá inbhuanaithe, aeráidneodrach agus tíosach ar acmhainní. Sa chomhthéacs sin, is acmhainn phoiblí ríthábhachtach é speictream raidió a mbaintear níos mó agus níos mó úsáide as le haghaidh réimse leathan seirbhísí tráchtála agus poiblí.

(2)

Saothraítear an beartas speictrim raidió san Aontas agus cuirtear chun feidhme é ar bhealach a gcomhlíontar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar bhealach a gcuirtear leis an tsaoirse sin, lena n-áirítear an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse faisnéis agus smaointe a fháil agus a scaipeadh, gan beann ar theorainneacha, mar aon le saoirse agus iolrachas na meán, i gcomhréir le luachanna an Aontais faoi Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Go deimhin, is gá rochtain a bheith ag roinnt oibreoirí ar an margadh chun an t-iolrachas agus an tsaoráil faisnéise a áirithiú.

(3)

Le Cinneadh 2009/766/CE ón gCoimisiún (3) comhchuibhítear na coinníollacha teicniúla maidir leis an speictream raidió a úsáid i mbandaí minicíochta 880-915 MHz agus 925-960 MHz (“banda minicíochta 900 MHz”) agus i mbandaí minicíochta 1 710-1 785 MHz agus 1 805-1 880 MHz (“banda minicíochta 1 800 MHz”) le haghaidh córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas, lena n-áirítear seirbhísí leathanbhanda gan sreang. Leis sin, áirithítear comhlíontacht le hAirteagal 1(1) de Threoir 87/372/CEE ón gComhairle (4) a mhéid a bhaineann le cómhaireachtáil córas trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar le córais GSM i mbanda minicíochta 900 MHz.

(4)

Le hAirteagal 6(3) de Chinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ceanglaítear ar na Ballstáit cuidiú le soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí a líonraí a nuashonrú go tráthrialta chuig an teicneolaíocht is déanaí agus is éifeachtúla, chun a ndíbhinní speictrim féin a chruthú i gcomhréir le prionsabail na neodrachta ó thaobh na teicneolaíochta agus na seirbhíse de. Dá bhrí sin, maidir le bandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz a bhfuil blocmhéideanna móra 5 MHz ar a laghad acu, ba cheart úsáid na mbandaí minicíochta sin i dtacaíocht le córais trastíre leathanbhanda gan sreang den chéad ghlúin eile (5G) a éascú de bhun chuspóirí chreat rialála an Aontais agus i gcomhréir le dlí an Aontais.

(5)

Leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Nascacht le haghaidh Margadh Aonair Digiteach Iomaíoch – I dtreo Sochaí Eorpach Ghigighiotáin” (6) cuspóirí nascachta nua le haghaidh an Aontais a thugtar cothrom le dáta leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach” (7). Bainfear na cuspóirí sin amach trí imscaradh forleathan líonraí fíor-ardacmhainne agus cur in úsáid líonraí fíor-ardacmhainne. Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “5G don Eoraip: Plean Gníomhaíochta” (8), sainaithnítear gníomhaíochtaí comhordaithe ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear sainaithint agus comhchuibhiú an speictrim le haghaidh 5G ar bhonn thuairim an Ghrúpa um Beartas Speictrim Raidió (RSPG), chun cumhdach 5G gan bhriseadh i ngach limistéar uirbeach agus ar gach mórbhealach iompair trastíre a áirithiú faoi 2025.

(6)

Ina dhá thuairim an 16 Samhain 2016 (9) agus an 30 Eanáir 2019 (10) maidir le treochlár straitéiseach speictrim i dtreo 5G don Eoraip, shainaithin RSPG an gá lena áirithiú go mbeidh na coinníollacha teicniúla agus rialála maidir leis na bandaí uile a comhchuibhíodh cheana le haghaidh líonraí móibíleacha in oiriúint lena n-úsáid le haghaidh 5G, lena n-áirítear bandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz, atá in úsáid faoi láthair san Aontas go príomha le haghaidh an dara glúin (GSM), an tríú glúin (UMTS) agus an ceathrú glúin (LTE) de chórais mhóibíleacha.

(7)

An 14 Iúil 2017, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Chinneadh maidir le Speictream Raidió, thug an Coimisiún sainordú do Chomhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide (CEPT) athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha teicniúla comhchuibhithe maidir le bandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz a úsáid le haghaidh seirbhísí trastíre leathanbhanda gan sreang agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus é mar chuspóir aige sin go bhféadfar Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT) iad a úsáid.

(8)

Mar fhreagairt ar an sainordú sin, an 13 Márta 2018 ghlac CEPT Tuarascáil 66 CEPT, lena sainaithnítear teicneolaíochtaí IoT gan sreang i ndáil le córais chumarsáide leathanbhanda mhóibíligh (i.e. ceallach) agus coinníollacha teicniúla comhchuibhithe maidir lena n-úsáid i mbandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz. Is éard atá sna teicneolaíochtaí IoT Cumhdach Leathnaithe GSM IoT (EC-GSM-IoT), Cumarsáid Meaisín le Meaisín LTE (LTE-MTC), Cumarsáid Meaisín le Meaisín fhorbartha LTE (LTE-eMTC), agus IoT Caolbhanda (NB-IoT). Is é conclúid Thuarascáil 66 CEPT freisin go bhfuil EC-GSM-IoT ina dhlúthchuid den chóras GSM faoi Threoir 87/372/CEE. Dá bhrí sin, comhlíonann EC-GSM-IoT na coinníollacha teicniúla is infheidhme maidir le córas GSM gan aon ghá leis na coinníollacha sin a leasú.

(9)

An 12 Iúil 2018 thug an Coimisiún sainordú faoi Airteagal 4(2) den Chinneadh maidir le Speictream Raidió do CEPT athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha teicniúla comhchuibhithe maidir le bandaí minicíochta comhchuibhithe AE áirithe, lena n-áirítear bandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz, agus forbairt a dhéanamh ar na coinníollacha teicniúla comhchuibhithe is lú srian atá oiriúnach do chórais trastíre leathanbhanda gan sreang den chéad ghlúin eile (5G).

(10)

Mar fhreagairt ar an sainordú sin, an 5 Iúil 2019 ghlac CEPT Tuarascáil 72 CEPT (Tuarascáil A) arb é a conclúid go leanfaidh córais GSM agus córais trastíre caolbhanda lena n-áirítear córais cheallacha IoT de bheith i bhfeidhm ó thaobh tráchtála de laistigh de bhanda minicíochta 900 MHz go ceann i bhfad. Sonraítear sa tuarascáil sin an gá le deighilt minicíochta 200 kHz, i gcás ina bhfuil córais GSM agus córais trastíre caolbhanda i bhfeidhm i mbandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz, lena n-áirítear córais cheallacha IoT. Thairis sin, cuirtear faisnéis ar fáil sa Tuarascáil sin faoina indéanta a bheadh sé bandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz a úsáid le haghaidh 5G, lena n-áirítear aon teorainn le Treoir GSM maidir le banda 900 MHz.

(11)

Mar fhreagairt ar an sainordú sin, an 2 Iúil 2021 ghlac CEPT Tuarascáil 80 CEPT (Tuarascáil B), ina moltar plean comhchuibhithe um bandaí agus na coinníollacha teicniúla comhchuibhithe is lú srian maidir le cómhaireachtáil córas trastíre caolbhanda agus córas trastíre leathanbhanda, córais atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus úsáid á baint as bandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz, bunaithe ar choincheap an mhaisc BEM. Tá na coinníollacha sin fíor-riachtanach chun neodracht na teicneolaíochta a áirithiú i mbandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz.

(12)

Sainítear i dTuarascáil 80 CEPT masc BEM amháin le haghaidh córais trastíre caolbhanda agus córais trastíre leathanbhanda a úsáideann córais aeróige neamhghníomhacha, agus masc BEM eile le haghaidh córais trastíre leathanbhanda a úsáideann córais aeróige ghníomhacha. Ní chumhdaítear GSM agus EC-GSM-IoT leis na maisc BEM sin agus tá tagairtí do chaighdeáin ETSI ina saintréithe teicniúla díobh. Ar an mbonn sin, i dTuarascáil 80 CEPT cuirtear na coinníollacha teicniúla is lú srian ar fáil maidir le cómhaireachtáil córas trastíre caolbhanda difriúil agus córas trastíre leathanbhanda difriúil (11), córais atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar laistigh de bhandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz. Cuirtear ar fáil ann freisin na coinníollacha maidir leis cómhaireachtáil na gcóras sin leis an gcóras GSM laistigh de bhanda minicíochta 900 MHz, de bhun Threoir 87/372/CEE ón gComhairle.

(13)

Leis na maisc BEM, cumhdaítear córais trastíre caolbhanda a bhfuil bandaleithead cainéil 200 kHz acu, ach gan GSM agus EC-GSM-IoT a áireamh. Cumhdaítear leo freisin córais trastíre leathanbhanda a bhfuil bandaleithead cainéil níos mó ná 200 kHz acu. Tá gá leis an difreáil idir córais trastíre caolbhanda agus córais trastíre leathanbhanda chun deighilt minicíochta a chur chun feidhme i gcásanna áirithe ar an leibhéal náisiúnta. I ndáil leis sin, leagtar amach i dTuarascáil 80 CEPT deighilt minicíochta idir ciumhaiseanna cainéil ainmniúla córas trastíre caolbhanda agus leathanbhanda atá cóngarach dá chéile agus atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar mar aon le deighilt minicíochta idir ciumhaiseanna cainéil ainmniúla córas trastíre caolbhanda difriúil atá cóngarach dá chéile agus atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus GSM agus EC-GSM-IoT freisin. Ba cheart cur chun feidhme an scartha minicíochta a bhainistiú ar an leibhéal náisiúnta. D’fhéadfaí cuir chuige dhifriúla a chur chun feidhme de réir ciumhaiseanna speictrim córas trastíre atá cóngarach dá chéile agus de réir beartas náisiúnta ábhartha. Áirítear i dTuarascáil 80 CEPT bosca uirlisí chun deighilt minicíochta a chur chun feidhme.

(14)

Cuirtear ar fáil i dTuarascáil 80 CEPT na coinníollacha teicniúla is lú srian maidir le cómhaireachtáil córas trastíre caolbhanda agus córas trastíre leathanbhanda, córais atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, le córais i mbandaí minicíochta atá cóngarach dá chéile, go háirithe córais um Raidió Móibíleach Iarnróid (córais RMR). I ndáil leis sin, féadfar deighilt minicíochta 200 kHz a chur i bhfeidhm i gcásanna áirithe idir ciumhaiseanna cainéil ainmniúla córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus córas RMR, atá cóngarach dó ó thaobh minicíochta de. Maidir le cómhaireachtáil córas GSM agus córas RMR, ba cheart í sin a bhainistiú ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir leis an gcreat rialála atá ann cheana.

(15)

Is iad na coinníollacha teicniúla comhchuibhithe a leagtar amach i dTuarascáil 80 CEPT an bunús teicniúil maidir leis an gCinneadh seo. Ba cheart iad a chur in ionad choinníollacha teicniúla comhchuibhithe Chinneadh 2009/766/CE, coinníollacha atá bunaithe ar thagairtí do chaighdeáin ETSI agus, san am céanna, comhoiriúnacht a áirithiú idir na coinníollacha sin agus na coinníollacha leasaithe. Leis sin, ba cheart deimhneacht dhlíthiúil agus cóineasú teicniúil a chur chun cinn ar fud an Aontais i dtacaíocht le barainneacht scála trealaimh agus seirbhísí idir-inoibritheacha sa mhargadh aonair.

(16)

Maidir le cearta úsáide speictrim i mbandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz, atá faoi réir Chinneadh 2009/766/CE, bíonn siad éagsúil ar fud na mBallstát i dtéarmaí blocmhéideanna sannta, socruithe minicíochta nó fhaid na gceart sin. Dá bhrí sin, mar gheall ar chásanna náisiúnta difriúla agus cuspóirí beartais difriúla atá ann cheana, tá gá le solúbthacht a choinneáil le haghaidh chur chun feidhme náisiúnta na gcoinníollacha teicniúla comhchuibhithe de bhun an Chinnidh seo. Ba cheart teorainn ama a chur leis an tsolúbthacht náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 53 de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), chun gur féidir cearta úsáide speictrim atá ann cheana a aistriú go comhordaithe chuig na coinníollacha teicniúla comhchuibhithe sin. Aon chearta úsáide speictrim nua nó faidréiseacha a dheonaítear tar éis an Cinneadh seo a ghlacadh, ba cheart na coinníollacha teicniúla comhchuibhithe a chomhlíonadh leo. Chothófaí leis sin éiceachóras trealaimh agus seirbhísí ar fud an Aontais agus spreagfaí 5G a imscaradh sa dá bhanda minicíochta, agus d’áiritheofaí go leanfar de sheirbhísí GSM a sholáthar i gcomhréir le Treoir GSM.

(17)

Ba cheart an Cinneadh seo a chur in ionad Chinneadh 2009/766/CE ón gCoimisiún. Ar mhaith le soiléireacht dhlíthiúil, ba cheart Cinneadh 2009/766/CE ón gCoimisiún a aisghairm. Maidir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis agus a fhorálacha ábhartha lena gceadaítear speictream i mbandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz a úsáid le haghaidh córais eile nach liostaítear san Iarscríbhinn, ba cheart iad sin a bheith infheidhme ar feadh idirthréimhse.

(18)

D’fhéadfadh sé go mbeidh gá le comhaontuithe comhordaithe trasteorann i measc na mBallstát agus idir na Ballstáit agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad chun trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint agus chun éifeachtúlacht speictrim agus neamhbhloghadh in úsáid speictrim a fheabhsú, i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir (AE) 2018/1972.

(19)

Maidir leis an gcoincheap bandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz a ainmniú agus a chur ar fáil, i gcomhthéacs an Chinnidh seo tagraíonn sé sin do na céimeanna seo a leanas: (i) creat dlíthiúil náisiúnta maidir le leithdháileadh minicíochta a oiriúnú chun úsáid na mbandaí seo atá beartaithe faoi na coinníollacha teicniúla comhchuibhithe a leagtar amach sa Chinneadh seo a áireamh, (ii) na bearta uile is gá a thionscnamh chun cómhaireachtáil a áirithiú leis an úsáid atá ann cheana sa bhanda seo a mhéid is gá, (iii) na bearta is iomchuí a thionscnamh, agus próiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara a sheoladh i gcás inarb iomchuí mar thacaíocht leis sin, chun úsáid na mbandaí seo a cheadú i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear coinníollacha teicniúla comhchuibhithe an Chinnidh seo.

(20)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um an Speictream Raidió,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis an gCinneadh seo, bunaítear na coinníollacha teicniúla comhchuibhithe maidir le hinfhaighteacht agus úsáid éifeachtúil bhanda 900 MHz, i gcomhréir le Treoir 87/372/CEE, agus maidir le hinfhaighteacht agus úsáid éifeachtúil bhanda 1 800 MHz, le haghaidh córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar.

Airteagal 2

Chun críocha an Chinnidh seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

Ciallaíonn “córas GSM” líonra cumarsáide leictreonaí mar a shonraítear le caighdeáin ETSI, go háirithe EN 301 502, EN 301 511, agus EN 301 908-18, lena n-áirítear freisin Cumhdach Leathnaithe GSM IoT (EC-GSM-IoT);

(b)

Ciallaíonn “banda 900 MHz” banda 880-915 MHz agus banda 925-960 MHz;

(c)

Ciallaíonn “banda 1 800 MHz” banda 1 710-1 785 MHz agus banda 1 805-1 880 MHz.

Airteagal 3

(1)   Maidir leis na córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar ar féidir leo cómhaireachtáil le córais GSM i mbanda 900 MHz de réir bhrí Airteagal 1(1) de Threoir 87/372/CEE, ba cheart na paraiméadair a leagtar amach san Iarscríbhinn a chomhlíonadh leo laistigh de 30 mí ó ghlacadh an Chinnidh seo.

(2)   Laistigh de 30 mí ó ghlacadh an Chinnidh seo, ar bhonn neamheisiach, ainmneoidh agus cuirfidh na Ballstáit ar fáil banda minicíochta 1 800 MHz le haghaidh:

(a)

córais GSM; agus

(b)

córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, i gcomhréir leis na paraiméadair a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 4

Éascóidh na Ballstáit comhaontuithe comhordaithe trasteorann chun feidhmiú córas GSM agus feidhmiú na gcóras trastíre dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus 3(2)(b) a chumasú, agus nósanna imeachta rialúcháin agus cearta rialúcháin atá ann cheana mar aon le comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha á gcur san áireamh, i gcomhréir le dlí an Aontais.

Airteagal 5

Le córais trastíre dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus 3(2)(b), áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar cosaint iomchuí do chórais i mbandaí atá cóngarach dá chéile.

Airteagal 6

Coimeádfaidh na Ballstáit úsáid bhandaí 900 MHz agus 1 800 MHz faoi bhreithniú go buan chun úsáid éifeachtúil na mbandaí sin a áirithiú, agus go háirithe tuairisc a thabhairt don Choimisiún a luaithe is gá maidir le aon ghá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gCinneadh seo, i gcomhréir le dlí an Aontais.

Airteagal 7

Aisghairtear Cinneadh 2009/766/CE. Airteagal 5 den Chinneadh sin agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis, beidh siad infheidhme ar feadh 30 mí ó ghlacadh an Chinnidh seo.

Airteagal 8

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Thierry BRETON

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 321, 17.12.2018, lch. 36.

(2)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 1.

(3)  (OJ L 274, 20.10.2009, p. 32). Leasaíodh an Cinneadh seo le Cinntí 2011/251/CE agus (AE) 2018/637 ón gCoimisiún. Leis an dara leasú acu sin, tugtar aghaidh ar choinníollacha teicniúla comhchuibhithe maidir le hIdirlíon na Rudaí Nithiúla.

(4)  (OJ L 196, 17.7.1987, p. 85). Leasaíodh an Treoir seo le Treoir 2009/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(5)  Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear clár beartais radaispeictrim ilbhliantúil (IO L 81, 21.3.2012, lch. 7).

(6)  COM(2016)587.

(7)  COM(2021) 118 final.

(8)  COM(2016)588.

(9)  Doiciméad RSPG16-032 final an 9 Samhain 2016, Treochlár straitéiseach i dtreo 5G don Eoraip: tuairim maidir le gnéithe a bhaineann leis an speictream le haghaidh córais leathanbhanda gan sreang den chéad ghlúin eile (5G) (chéad thuairim RSPG ar 5G).

(10)  Doiciméad RSPG19-007 final an 30 Eanáir 2019, Treochlár straitéiseach speictrim i dtreo 5G don Eoraip: tuairim maidir leis na dúshláin a bhaineann le cur chun feidhme 5G (tríú tuairim RSPG maidir le 5G).

(11)  Lena n-áirítear UMTS, i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Threoir 87/372/CEE ón gComhairle.

(12)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321 an 17.12.2018, lch. 36).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN

PARAIMÉADAIR DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3

1.   Sainmhínithe

Ciallaíonn córais aeróige ghníomhacha (AAS) stáisiún bunáite agus córas aeróige mar a ndéantar an aimplitiúid agus/nó an pas idir eilimintí aeróige a choigeartú go leanúnach, rud as a dtagann patrún aeróige a athraíonn mar fhreagairt ar athruithe gearrthéarmacha sa timpeallacht raidió. Ní áirítear leis sin múnlú léis fadtéarmach amhail íoschlaonadh leictreach seasta. I stáisiúin bhunáite AAS comhtháthaítear an córas aeróige mar chuid de chóras an stáisiúin bunáite nó de tháirge an stáisiúin bunáite.

Ciallaíonn córais aeróige neamhghníomhacha (neamh-AAS) stáisiún bunáite agus córas aeróige lena soláthraítear nascóir aeróige amháin nó níos mó, atá nasctha le heilimint aeróige neamhghníomhach amháin a dearadh ar leithligh nó níos mó chun radathonnta a ghathú. Ní dhéantar aimplitiúid agus pas na gcomharthaí chuig na heilimintí aeróige a choigeartú go leanúnach mar fhreagairt ar athruithe gearrthéarmacha sa timpeallacht raidió.

Is é cumhacht choibhéiseach radaithe go hiseatrópach (EIRP) táirge na cumhachta a sholáthraítear don aeróg agus an neartú aeróige i dtreo ar leith i ndáil le haeróg iseatrópach (neartúchán iseatrópach).

Is tomhas é cumhacht iomlán radaithe (TRP) ar an méid cumhachta a ghathaíonn aeróg ilchodach. Is ionann é sin agus an chumhacht iomlán sheolta a ionchuirtear sa chóras eagair aeróige lúide aon chaillteanais sa chóras eagair aeróige. Ciallaíonn TRP suimeálaí na cumhachta a tharchuirtear i dtreonna difriúla ar fud na timpeallachta radaíochta ina hiomláine, mar a léirítear san fhoirmle:

Image 1

i gcás inarb é P(θ,φ) an chumhacht a ghathaítear ó chóras eagair aeróige i dtreo (θ,φ) a thugtar san fhoirmle:

Image 2

i gcás ina seasann PTx don chumhacht sheolta (arna tomhas i Vataí), a ionchuirtear sa chóras eagair, agus seasann g(θ,φ) neartú treoch an chórais eagair i dtreo (θ, φ).

Is córas trastíre é córas caolbhanda atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar a oibríonn laistigh de chainéal 200 kHz (1), seachas aon chóras GSM.

Is córas trastíre é córas leathanbhanda atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar a fheidhmíonn laistigh de chainéal níos mó ná 200 kHz (2).

2.   Socrú minicíochta

Laistigh de bhanda 900 MHz, mar seo a leanas a bheidh an socrú minicíochta:

(1)

Is é roinnt minicíochta dhéphléascach (FDD) an modh oibriúcháin déphléascach. 45 MHz a bheidh sa spásáil dhéphléascach, agus tarchur an stáisiúin teirminéalaigh (“uasnasc 900 MHz FDD”) lonnaithe i gcuid íochtarach an bhanda ag tosú ag 880 MHz agus ag críochnú ag 915 MHz (“banda íochtarach 900 MHz”), agus tarchur an stáisiúin bunáite (“íosnasc 900 MHz FDD”) lonnaithe i gcuid uachtarach an bhanda ag tosú ag 925 MHz agus ag críochnú ag 960 MHz (“banda uachtarach 900 MHz”).

(2)

Leis an mblocmhéid a shanntar, cuirfear an deis ar fáil, go ginearálta, teacht ar 5 MHz de speictream comhtheagmhálach ar a laghad. Má shanntar blocmhéideanna níos lú, is ina n-iolraí de 200 kHz a bheidh siad.

(3)

Is féidir banda íochtarach 900 MHz, nó codanna de, a úsáid le haghaidh oibriúchán uasnaisc amháin (3) gan speictream péireáilte laistigh de bhanda uachtarach 900 MHz.

(4)

Is féidir banda uachtarach 900 MHz, nó codanna de, a úsáid le haghaidh oibriúchán íosnaisc amháin (4) gan speictream péireáilte laistigh de bhanda íochtarach 900 MHz.

(5)

Comhlíonfar na coinníollacha teicniúla a shonraítear i Roinn 4, Roinn 5 agus Roinn 6, faoi seach le tarchur an stáisiúin bunáite agus tarchur an stáisiúin teirminéalaigh.

Laistigh de bhanda 1 800 MHz, mar seo a leanas a bheidh an socrú minicíochta:

(6)

Is é roinnt minicíochta dhéphléascach (FDD) an modh oibriúcháin déphléascach. 95 MHz a bheidh sa spásáil dhéphléascach agus tarchur an stáisiúin teirminéalaigh (“uasnasc 1 800 MHz FDD”) lonnaithe i gcuid íochtarach an bhanda ag tosú ag 1 710 MHz agus ag críochnú ag 1 785 MHz (“banda íochtarach 1 800 MHz”), agus tarchur an stáisiúin bunáite (“íosnasc 1 800 MHz FDD”) lonnaithe i gcuid uachtarach an bhanda ag tosú ag 1 805 MHz agus ag críochnú ag 1 880 MHz (“banda uachtarach 1 800 MHz”).

(7)

Leis an mblocmhéid a shanntar, cuirfear an deis ar fáil, go ginearálta, teacht ar 5 MHz de speictream comhtheagmhálach ar a laghad. Má shanntar blocmhéideanna níos lú, is ina n-iolraí de 200 kHz a bheidh siad.

(8)

Is féidir banda íochtarach 1 800 MHz, nó codanna de, a úsáid le haghaidh feidhmiú uasnaisc amháin3 gan speictream péireáilte laistigh de bhanda uachtarach 1 800 MHz.

(9)

Is féidir banda uachtarach 1 800 MHz, nó codanna de, a úsáid le haghaidh feidhmiú íosnaisc amháin4 gan speictream péireáilte laistigh de bhanda íochtarach 1 800 MHz.

(10)

Comhlíonfar na coinníollacha teicniúla a shonraítear i Roinn 4, Roinn 5 agus Roinn 6, faoi seach le tarchur an stáisiúin bunáite agus tarchur an stáisiúin teirminéalaigh.

3.   Deighilt minicíochta

Teastaíonn deighiltí minicíochta chun cómhaireachtáil a áirithiú in éagmais comhaontaithe comhordaithe minicíochta déthaobhacha nó iltaobhacha idir córais atá cóngarach dá chéile, gan bac a chur ar pharaiméadair theicniúla nach bhfuil chomh dian sin má chomhaontaíonn oibreoirí na gcóras sin leis sin.

In éagmais comhordú minicíochta, cuirfear deighilt minicíochta 200 kHz i bhfeidhm idir ciumhaiseanna cainéil ainmniúla córas atá cóngarach dá chéile mar a leanas:

(1)

córas caolbhanda agus córas leathanbhanda, lena gcomhlíontar an masc BEM (5);

(2)

dhá chineál córas caolbhanda dhifriúla, lena gcomhlíontar an masc BEM;

(3)

córas GSM, agus córas caolbhanda nó córas leathanbhanda, lena gcomhlíontar an masc BEM.

I gcás córas caolbhanda a oibríonn i modh sciathbhanda (6) córais leathanbhanda ábhartha, cuirfear deighilt minicíochta 200 kHz nó níos mó i bhfeidhm idir ciumhais cainéil an chórais caolbhanda sin agus ciumhais bhloc an oibreora, agus sciathbhandaí atá ann cheana féin idir ciumhaiseanna bhloc na n-oibreoirí nó ciumhaiseanna an bhanda oibriúcháin (cóngarach ó thaobh minicíochta de do sheirbhísí eile) á gcur san áireamh. Ní oibreoidh an córas caolbhanda sin ach amháin i mbandaleithid cainéil an chórais leathanbhanda ábhartha, ar bandaleithid cainéil 10 MHz nó níos airde iad.

De réir mar atá na himthosca náisiúnta a mhéid a bhaineann le himscaradh córas trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus córas um raidió móibíleach iarnróid (7), féadfar deighilt minicíochta 200 kHz a chur i bhfeidhm idir ciumhaiseanna cainéil ainmniúla na gcóras sin ag an teorainn minicíochta 925 MHz sna cásanna seo a leanas:

(a)

córas um raidió móibíleach iarnróid a oibríonn i gcainéal 200 kHz, atá cóngarach do chóras leathanbhanda ó thaobh minicíochta de;

(b)

córas um raidió móibíleach iarnróid a oibríonn i gcainéal níos mó ná 200 kHz, atá cóngarach do chóras caolbhanda ó thaobh minicíochta de;

(c)

córas um raidió móibíleach iarnróid a oibríonn i gcainéal 200 kHz, atá cóngarach do chóras caolbhanda de chineál eile ó thaobh minicíochta de.

Déanfar cur chun feidhme na deighilte minicíochta 200 kHz a bhainistiú ar an leibhéal náisiúnta (8), agus é mar chuspóir úsáid éifeachtúil speictrim a áirithiú.

4.   Coinníollacha teicniúla maidir le stáisiúin bhunáite — masc BEM

Na paraiméadair theicniúla le haghaidh stáisiúin bhunáite, ar a dtugtar masc BEM a leagtar amach sa Roinn seo, tá siad fíor-riachtanach chun cómhaireachtáil a áirithiú idir líonraí cumarsáide leictreonaí atá taobh le chéile in éagmais comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha idir oibreoirí líonraí den sórt sin atá taobh le chéile. Baineann maisc BEM le coinníollacha teicniúla a ghabhann leis na cearta úsáide speictrim raidió agus le trasnaíocht idir úsáideoirí speictrim raidió a thairbhíonn de na cearta sin a sheachaint.

Féadfaidh oibreoirí líonraí cumarsáide leictreonaí i mbandaí minicíochta 900 MHz nó 1 800 MHz, ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach, paraiméadair theicniúla nach bhfuil chomh dian sin a chomhaontú ar choinníoll go leanfaidh siad de na coinníollacha teicniúla is infheidhme maidir le cosaint seirbhísí eile, feidhmchlár eile nó líonraí eile a chomhlíonadh agus a n-oibleagáidí a eascraíonn as comhordú trasteorann a chomhlíonadh.

Is éard is BEM ann masc astaíochtaí lena sainítear leibhéil chumhachta mar fheidhm de mhinicíocht i ndáil le ciumhais bloic speictrim a shanntar (nó a cheadúnaítear) d’oibreoir. Tá roinnt eilimintí ann, mar a shainítear i dTábla 1.

Leis an teorainn cumhachta bunlíne, áirithítear go gcosnaítear speictream oibreoirí eile laistigh de bhanda minicíochta 900 MHz nó laistigh de bhanda minicíochta 1 800 MHz. Is teorainn as banda í an teorainn cumhachta bunlíne bhreise, lena n-áirithítear go gcosnaítear speictream le haghaidh seirbhísí agus feidhmchlár lasmuigh de bhanda minicíochta 900 MHz nó de bhanda minicíochta 1 800 MHz. Le teorainn cumhachta an réigiúin aistrithe, cumasaítear leibhéil chumhachta a aistriú ón mbloc inmheánach chuig an teorainn cumhachta bunlíne agus áirithítear cómhaireachtáil le hoibreoirí eile i mbloic atá cóngarach dá chéile.

Níl feidhm ag na maisc BEM a leagtar amach san Iarscríbhinn seo maidir le córais GSM.

Tábla 1

Sainmhíniú ar eilimintí BEM

Eilimint BEM

Sainmhíniú

Bloc inmheánach

Bloc speictrim sannta a díorthaítear an masc BEM lena haghaidh.

Bunlíne

Speictream laistigh de bhanda minicíochta 900 MHz nó de bhanda minicíochta 1 800 MHz a úsáidtear le haghaidh córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, nach n-áirítear leis sin bloc an oibreora lena mbaineann agus réigiúin aistrithe chomhfhreagracha.

Réigiún aistrithe

Speictream atá cóngarach do bhloc an oibreora.

Bunlíne bhreise

Speictream laistigh de bhandaí atá cóngarach do bhanda minicíochta 900 MHz nó do bhanda minicíochta 1 800 MHz, i gcás ina bhfuil teorainneacha cumhachta sonrach i bhfeidhm chun seirbhísí eile a chosaint.

Léirítear i bhFigiúr 1 masc BEM ginearálta is infheidhme maidir le banda minicíochta 900 MHz nó banda minicíochta 1 800 MHz.

Image 3

Cuirtear teorainneacha cumhachta ar fáil ar leithligh le haghaidh neamh-AAS agus AAS. I gcás neamh-AAS, tá feidhm ag na teorainneacha cumhachta maidir leis an meánchumhacht choibhéiseach radaithe go hiseatrópach (EIRP); I gcás AAS, tá feidhm acu maidir leis an meánchumhacht iomlán radaithe (TRP). Tomhaistear an mheánchumhacht choibhéiseach radaithe go hiseatrópach agus an mheánchumhacht iomlán radaithe trí mheánú thar eatramh ama agus thar bhandaleithead minicíochta. San fhearann ama, déantar an mheánchumhacht choibhéiseach radaithe go hiseatrópach nó an mheánchumhacht iomlán radaithe a mheánú thar na codanna gníomhacha rachtanna comhartha agus comhfhreagraíonn sí do shocrú rialaithe cumhachta aonair. San fhearann minicíochta, tomhaistear an mheánchumhacht choibhéiseach radaithe go hiseatrópach nó an mheánchumhacht iomlán radaithe thar bhandaleithead minicíochta mar a thugtar i dTáblaí 3, 4 agus 5 thíos. Go ginearálta, agus mura sonraítear a mhalairt, comhfhreagraíonn na teorainneacha cumhachta BEM don chumhacht chomhiomlán a radaítear ón ngléas ábhartha lena n-áirítear gach aeróg tarchuir, seachas i gcás teorainneacha cumhachta bunlíne, aistrithe agus bunlíne breise le haghaidh stáisiúin bhunáite neamh-AAS, a shonraítear in aghaidh na haeróige.

Tá feidhm ag na coinníollacha teicniúla le haghaidh stáisiúin bhunáite neamh-AAS maidir le córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus úsáid á baint as bandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz. Tá feidhm ag na coinníollacha teicniúla le haghaidh stáisiúin bhunáite AAS maidir le córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus úsáid á baint as banda minicíochta 1 800 MHz. Ní bhainfear úsáid as stáisiúin bhunáite AAS i mbanda minicíochta 900 MHz.

Maidir le trealamh a oibríonn i mbanda minicíochta 900 MHz nó i mbanda minicíochta 1 800 MHz, féadfar úsáid a bhaint as paraiméadair theicniúla lena aghaidh seachas iad sin a leagtar amach thíos, ar choinníoll go gcuirfear teicnící maolúcháin iomchuí i bhfeidhm. Leis na teicnící maolúcháin sin, ní mór Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a chomhlíonadh agus leibhéal cosanta a chur ar fáil atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal cosanta a chuirtear ar fáil le ceanglais fhíor-riachtanacha na Treorach sin.

Tábla 2

Teorainneacha cumhachta bloic inmheánaigh le haghaidh stáisiúin bhunáite neamh-AAS agus AAS

Eilimint BEM

Teorainn EIRP neamh-AAS

Teorainn AAS TRP (le haghaidh bhanda minicíochta 1 800 MHz amháin)

Bloc inmheánach

Níl sé éigeantach.

Má shocraíonn Ballstát uasteorainn, féadfar luach idir 63 dBm/(5 MHz) agus 67 dBm/(5 MHz) in aghaidh na haeróige a chur i bhfeidhm le haghaidh córas leathanbhanda, agus luach idir 60 dBm/(200 kHz) agus 69 dBm/(200 kHz) in aghaidh na haeróige a chur i bhfeidhm le haghaidh córas caolbhanda.

Níl sé éigeantach.

Má shocraíonn Ballstát uasteorainn, féadfar luach 58 dBm/(5 MHz) in aghaidh na cille (*1) a chur i bhfeidhm.

Nóta míniúcháin a ghabhann le Tábla 2

I gcás na suíomhanna ina bhfuil feidhm ag nós imeachta comhordúcháin le seirbhísí cóngaracha, is féidir leis na Ballstáit uasteorainn a shocrú maidir leis an gcumhacht radaithe.

Tábla 3

Teorainneacha cumhachta bunlíne le haghaidh stáisiúin bhunáite neamh-AAS agus AAS

Eilimint BEM

Raon minicíochta

Uasteorainn meán-EIRP neamh-AAS in aghaidh na haeróige

Uasteorainn meán-TRP AAS in aghaidh na cille (le haghaidh bhanda minicíochta 1 800 MHz amháin)  (*2)

Bunlíne

Bloic íosnaisc FDD

+ 3 dBm/MHz

- 6 dBm/MHz


Tábla 4

Teorainneacha cumhachta an réigiúin aistrithe le haghaidh stáisiúin bhunáite neamh-AAS agus AAS

Eilimint BEM

Raon minicíochta

Uasteorainn meán-EIRP neamh-AAS in aghaidh na haeróige  (*3)

Uasteorainn meán-TRP AAS in aghaidh na cille (le haghaidh bhanda minicíochta 1 800 MHz amháin)  (*4)

Réigiún aistrithe

0 go 0,2 MHz seach-churtha ó chiumhais an bhloic

32,4 dBm/(0,2 MHz)

17,4 dBm/(0,2 MHz)

0,2 go 1 MHz seach-churtha ó chiumhais an bhloic

13,8 dBm/(0,8 MHz)

4,7 dBm/(0,8 MHz)

1 go 5 MHz seach-churtha ó chiumhais an bhloic

5 dBm/MHz

-4 dBm/MHz

5 go 10 MHz seach-churtha ó chiumhais an bhloic

12 dBm/(5 MHz)

3 dBm/(5 MHz)


Tábla 5

Teorainneacha cumhachta bunlíne breise le haghaidh stáisiúin bhunáite neamh-AAS

Eilimint BEM

Raon minicíochta is infheidhme

Uasteorainn meán-EIRP neamh-AAS in aghaidh na haeróige  (*5)  (*6)

Bunlíne bhreise

0 go 0,2 MHz seach-churtha ó chiumhais an bhloic

32,4 dBm/(0,2 MHz)

0,2 go 1 MHz seach-churtha ó chiumhais an bhloic

13,8 dBm/(0,8 MHz)

1 go 5 MHz seach-churtha ó chiumhais an bhloic

5 dBm/MHz

5 go 10 MHz seach-churtha ó chiumhais an bhloic

12 dBm/(5 MHz)

> 10 MHz seach-churtha ó chiumhais an bhloic  (*7)

3 dBm/MHz

Nóta míniúcháin a ghabhann le Tábla 5

Níl feidhm ag Tábla 5 ach amháin maidir leis an bhfearann as banda i gcomhréir le Figiúr 1 agus Tábla 1. Tugann an méid sin le fios go dtiteann an raon minicíochta is infheidhme go hiomlán laistigh den fhearann as banda.

Maidir le stáisiúin bhunáite AAS, tá feidhm ag na teorainneacha as banda a thugtar i dTáblaí 3 agus 4 maidir leis an bhfearann as banda sa raon 0 go 10 MHz ó chiumhais an bhanda, de réir mar is iomchuí, agus suíomh an bhloic speictrim sannta á mheas.

5.   Coinníollacha eile

Maidir leis an bhfearann astaithe iomrallaigh le haghaidh stáisiúin bhunáite i mbandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz, tosaíonn sé ag spásáil minicíochta 10 MHz ó chiumhais an bhanda faoi seach (10).

Córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus úsáid á baint as AAS, ní dheonófar níos mó cosanta dóibh ó chórais i mbandaí cóngaracha ná mar a dheonófar do chórais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus úsáid á baint as neamh-AAS.

6.   Coinníollacha teicniúla maidir le stáisiúin theirminéalacha

Ní bhainfear úsáid as stáisiúin theirminéalacha AAS i mbandaí minicíochta 900 MHz nó 1 800 MHz.

Tábla 6

Teorainn cumhachta bloic inmheánaigh le haghaidh stáisiúin theirminéalacha

Eilimint BEM

Uasteorainn meánchumhachta  (*8)

Bloc inmheánach

25 dBm  (*9)


(1)  Is sampla é NB-IoT de chóras den sórt sin.

(2)  Is iad seo a leanas samplaí de chórais den sórt sin: LTE, lena n-áirítear Cumarsáid Meaisín le Meaisín LTE agus Cumarsáid Meaisín le Meaisín fhorbartha LTE; UMTS; WiMAX; 5G New Radio.

(3)  Amhail uasnasc forlíontach.

(4)  Amhail íosnasc forlíontach.

(5)  Féach Roinn 4 den Iarscríbhinn seo.

(6)  I.e. ar thaobh bloic minicíochta a úsáidtear le haghaidh an chórais leathanbhanda.

(7)  Le Raidió Móibíleach Iarnróid, cuimsítear an Córas Domhanda do Chumarsáid Mhóibíleach-Iarnród (GSM-R) agus na córais a lean é, lena n-áirítear an Córas Todhchaíochta um Chumarsáid Mhóibíleach Iarnróid (FRMCS). Tá speictream comhchuibhithe le haghaidh córais um raidió móibíleach iarnróid faoi réir Chinneadh (AE) 2021/1730 ón gCoimisiún.

(8)  I dTuarascáil 80 CEPT tá bosca uirlisí le haghaidh deighilt minicíochta a chur chun feidhme idir córais trastíre dhifriúla atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar.

(9)  Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).

(*1)  I stáisiún bunáite ilearnála, tá feidhm ag an teorainn cumhachta radaithe maidir le gach earnáil aonair faoi seach.

(*2)  I stáisiún bunáite ilearnála, tá feidhm ag an teorainn cumhachta radaithe maidir le gach earnáil aonair faoi seach.

(*3)  Féadfar na teorainneacha EIRP neamh-AAS a mhaolú ar an leibhéal náisiúnta, má chomhaontaíonn oibreoirí uile córas trastíre a ndéantar difear dóibh, ar córais iad atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, nó i gcomhréir le cur chun feidhme náisiúnta atá ann cheana.

(*4)  I stáisiún bunáite ilearnála, tá feidhm ag an teorainn cumhachta radaithe maidir le gach earnáil aonair faoi seach.

(*5)  Ar choinníoll go gcoinneofar seirbhísí cóngaracha, feidhmchláir chóngaracha agus líonraí cóngaracha faoi chosaint os cionn 960 MHz, faoi bhun 1 805 MHz agus os cionn 1 880 MHz, féadfar teorainneacha EIRP níos airde a chur i bhfeidhm le haghaidh stáisiúin bhunáite neamh-AAS ar bhonn cás ar chás ar an leibhéal náisiúnta. Eadhon, (a) ceadaítear teorainneacha EIRP suas le 6 dB níos airde sa raon 0 go 0,2 MHz ó chiumhais an bhanda chun tacú le cumhacht sheolta bloic inmheánaigh córais caolbhanda atá níos airde ná 49 dBm/(200 kHz) (i.e. suas le 55 dBm/(200 kHz), (b) ceadaítear teorainneacha EIRP suas le 11 dB níos airde sa raon 0 go 10 MHz ó chiumhais an bhanda chun tacú le neartú aeróige atá níos airde ná 18 dBi (i.e. suas le 29 dBi).

(*6)  Ar choinníoll go gcoinneofar seirbhísí cóngaracha, feidhmchláir chóngaracha agus líonraí cóngaracha faoi chosaint faoi bhun 925 MHz, féadfar teorainneacha EIRP níos airde a chur i bhfeidhm maidir le stáisiúin bhunáite neamh-AAS ar bhonn cás ar chás ar an leibhéal náisiúnta.

(*7)  Tá feidhm ag an luach iomrallach i Roinn 5 maidir le spásáil minicíochta atá níos mó ná 10 MHz ó chiumhais an bhanda.

(10)  Cuirtear teorainneacha ábhartha ar fáil i Moladh ERC 74-01.

(*8)  sonraítear an teorainn cumhachta arna moladh thuas le haghaidh stáisiúin theirminéalacha mhóibíleacha mar TRP. An teorainn cumhachta radaithe bloic inmheánaigh le haghaidh stáisiúin theirminéalacha sheasta/fánaíochta, féadfar í a chomhaontú ar bhonn náisiúnta ar choinníoll nach gcuirfear cosaint seirbhísí, líonraí agus feidhmchlár eile i mbaol agus go gcomhlíonfar oibleagáidí trasteorann.

(*9)  Aithnítear go n-áirítear sa luach sin lamháltas uasta de +2 dB a d’fhéadfadh a bheith ann, chun oibriúchán faoi choinníollacha comhshaoil foircneacha agus scaipeadh táirgthe a chur san áireamh. Ní áirítear lamháltas tástála sa luach sin.


Top