Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1926

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1926 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2021 lena bhformheastar seiceálacha ar chomhréireacht le caighdeáin mhargaíochta a chuir an Ríocht Aontaithe i gcrích maidir le torthaí agus glasraí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle i ndáil leis na hearnálacha torthaí agus glasraí agus torthaí agus glasraí próiseáilte

    C/2021/7835

    IO L 393, 8.11.2021, p. 9–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1926/oj

    8.11.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 393/9


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1926 ÓN gCOIMISIÚN

    an 5 Samhain 2021

    lena bhformheastar seiceálacha ar chomhréireacht le caighdeáin mhargaíochta a chuir an Ríocht Aontaithe i gcrích maidir le torthaí agus glasraí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle i ndáil leis na hearnálacha torthaí agus glasraí agus torthaí agus glasraí próiseáilte

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 91(2), pointe (f), de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De réir Airteagal 15(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (2), féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ag tríú tír, seiceálacha ar chomhréireacht le caighdeáin mhargaíochta a rinne an tríú tír sin a fhormheas roimh allmhairiú isteach san Aontas.

    (2)

    Tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas an 1 Feabhra 2020, agus i bhfianaise dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an Comhaontú um Tharraingt Siar) an 31 Nollaig 2020, bhí iarraidh curtha ag an Ríocht Aontaithe faoi bhráid an Choimisiúin chun seiceálacha ar chomhréireacht le sainchaighdeáin mhargaíochta a fhormheas, ar seiceálacha iad a rinne an Ríocht Aontaithe roimh allmhairiú isteach san Aontas. Go háirithe, bhí gealltanas tugtha ag an Ríocht Aontaithe go gcomhlíonfadh sí na ceanglais a leagadh síos maidir le margú torthaí agus glasraí tar éis dheireadh na hidirthréimhse agus bhí an t-údarás oifigiúil agus na comhlachtaí cigireachta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 15(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 curtha in iúl aici.

    (3)

    Ar an mbonn sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2102 ón gCoimisiún (3) formheasadh seiceálacha ar chomhréireacht le caighdeáin mhargaíochta a chuir an Ríocht Aontaithe i gcrích maidir le torthaí agus glasraí, sonraíodh an t-údarás oifigiúil a ndéantar na seiceálacha sin faoina fhreagracht, chomh maith leis na comhlachtaí cigireachta atá i gceannas ar na seiceálacha cuí sa Bhreatain Mhór agus liostaíodh an Ríocht Aontaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 le fonóta.

    (4)

    Cé go bhfuil feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 6(3) agus Airteagal 7(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar agus le hAirteagal 5(4) agus Airteagal 13(1) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú sin i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, foráiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 7(3) den Phrótacal sin i ndáil le haitheantas a thabhairt i mBallstát amháin do rialacháin theicniúla, measúnuithe, clárúcháin, deimhnithe, ceaduithe agus údaruithe a d’eisigh nó a rinne údaráis Ballstáit eile, nó a d’eisigh nó a rinne comhlacht a bunaíodh i mBallstát eile, níl le tuiscint as tagairtí do Bhallstáit i bhforálacha i ndlí an Aontais a rinneadh infheidhme leis an bPrótacal sin go bhfuil feidhm acu maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann a mhéid a bhaineann le rialacháin theicniúla, measúnuithe, clárúcháin, deimhnithe, formheasanna, agus údaruithe a d’eisigh nó a rinne údaráis na Ríochta Aontaithe nó a d’eisigh nó a rinne comhlachtaí a bunaíodh sa Ríocht Aontaithe. Dá bhrí sin, maidir le seiceálacha ar chomhréireacht leis na caighdeáin mhargaíochta a dhéanann an comhlacht cigireachta le haghaidh Thuaisceart Éireann, ba cheart a mheas gur tríú tír a chuir i gcrích iad, gan dochar don cheathrú fomhír d’Airteagal 7(3) den Phrótacal sin.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún an comhlacht cigireachta atá i gceannas ar na seiceálacha cuí le haghaidh Thuaisceart Éireann a shonrú freisin, de réir mar a thug an Ríocht Aontaithe fógra ina leith an 9 Aibreán 2020, agus ba cheart dó iontráil na Ríochta Aontaithe a shoiléiriú in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 a leasú dá réir.

    (7)

    Ar mhaithe le soiléireacht agus le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2102 a aisghairm.

    (8)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Seiceálacha ar chomhréireacht a fhormheas

    Na seiceálacha ar chomhréireacht le caighdeáin mhargaíochta a chuir an Ríocht Aontaithe i gcrích maidir le torthaí agus glasraí roimh allmhairiú isteach san Aontas, déantar iad a fhormheas.

    Airteagal 2

    Údaráis oifigiúla agus comhlachtaí cigireachta

    1.   Is é Secretary of State for the Department for Environment, Food & Rural Affairs [Státrúnaí na Ranna Comhshaoil, Bia agus Gnóthaí Tuaithe] údarás oifigiúil na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 15(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ar faoina fhreagracht a dhéantar na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo.

    2.   The Horticulture Marketing Inspectorate for England and Wales [Cigireacht Margaíochta Gairneoireachta Shasana agus na Breataine Bige], the Scottish Government’s Horticulture and Marketing Unit for Scotland [Aonad Gairneoireachta agus Margaíochta Rialtas na hAlban le haghaidh na hAlban] agus the Department of Agriculture Environment and Rural Affairs for Northern Ireland [Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe Thuaisceart Éireann], is iad sin comhlachtaí cigireachta na Ríochta Aontaithe atá i gceannas ar na seiceálacha cuí, de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 15(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011.

    Airteagal 3

    Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011

    Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011.

    Airteagal 4

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2102.

    Airteagal 5

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Samhain 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle i ndáil leis na hearnálacha torthaí agus glasraí agus torthaí agus glasraí próiseáilte (IO L 157, 15.6.2011, lch. 1).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2102 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2020 lena bhformheastar seiceálacha ar chomhréireacht le caighdeáin mhargaíochta a chuir an Ríocht Aontaithe i gcrích maidir le torthaí agus glasraí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle i ndáil leis na hearnálacha torthaí agus glasraí agus torthaí agus glasraí próiseáilte (IO L 425, 16.12.2020. lch. 84).


    IARSCRÍBHINN

    “IARSCRÍBHINN IV

    Tríú tíortha inar formheasadh na seiceálacha comhréireachta faoi Airteagal 15 agus na táirgí lena mbaineann

    Tír

    Táirgí

    An Eilvéis

    Torthaí agus glasraí úra

    Maracó

    Torthaí agus glasraí úra

    An Afraic Theas

    Torthaí agus glasraí úra

    Iosrael (*1)

    Torthaí agus glasraí úra

    An India

    Torthaí agus glasraí úra

    An Nua-Shéalainn

    Úlla, piorraí agus torthaí cíobhaí

    An tSeineagáil

    Torthaí agus glasraí úra

    An Chéinia

    Torthaí agus glasraí úra

    An Tuirc

    Torthaí agus glasraí úra

    An Ríocht Aontaithe:

    An Bhreatain Mhór

    Tuaisceart Éireann (*2)

    Torthaí agus glasraí úra


    (*1)  Tugtar formheas an Choimisiúin do thorthaí agus glasraí de thionscnamh Stát Iosrael faoi Airteagal 15, seachas na críocha faoi riarachán Iosrael ó mhí an Mheithimh 1967, eadhon Arda Golan, Stráice Gaza, Iarúsailéim Thoir agus an chuid eile den Bhruach Thiar.

    (*2)  I gcomhréir le hAirteagal 6(3) agus Airteagal 7(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus le hAirteagal 5(4) agus Airteagal 13(1) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú sin i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha an Rialacháin seo, baineann tagairtí do Bhallstáit leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den Phrótacal sin i ndáil le rialacháin theicniúla, measúnuithe, clárúcháin, deimhnithe, ceaduithe agus údaruithe a d’eisigh nó a rinne údaráis Ballstáit eile, nó a d’eisigh nó a rinne comhlacht a bunaíodh i mBallstát eile, níl le tuiscint as tagairtí do Bhallstáit i bhforálacha i ndlí an Aontais a rinneadh infheidhme leis an bPrótacal sin go bhfuil feidhm acu maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann a mhéid a bhaineann le rialacháin theicniúla, measúnuithe, clárúcháin, deimhnithe, formheasanna, agus údaruithe a d’eisigh nó a rinne údaráis na Ríochta Aontaithe nó a d’eisigh nó a rinne comhlachtaí a bunaíodh sa Ríocht Aontaithe.


    Top