EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1372

Rialachán (AE) 2021/1372 ón gCoimisiún an 17 Lúnasa 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le toirmeasc ar ainmhithe neamh-athchogantacha feirmshaothraithe, cé is moite d’ainmhithe fionnaidh, a bheathú le próitéin a dhíorthaítear ó ainmhithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/6012

IO L 295, 18.8.2021, p. 1–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1372/oj

18.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 295/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1372 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Lúnasa 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le toirmeasc ar ainmhithe neamh-athchogantacha feirmshaothraithe, cé is moite d’ainmhithe fionnaidh, a bheathú le próitéin a dhíorthaítear ó ainmhithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (1), agus go háirithe Airteagal 23, an chéad fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001, leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha a chosc, a rialú agus a dhíothú (TSEnna). Tá feidhm aige maidir le hainmhithe beo agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a tháirgeadh agus a chur ar an mhargadh agus i gcásanna sonracha áirithe lena n-onnmhairiú.

(2)

Le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001, cuirtear toirmeasc ar athchogantaigh a bheathú le próitéin a dhíorthaítear ó ainmhithe. Le hAirteagal 7(2) den Rialachán sin, leathnaítear an toirmeasc sin chun ainmhithe eile cé is moite d’ainmhithe athchogantacha a chumhdach, faoi mar a leagtar síos in Iarscríbhinn IV, Caibidil I, agus i gCaibidlí II go V, leagtar amach agus mionsonraítear maoluithe áirithe ar na toirmisc dá bhforáiltear i gCaibidil I faoi choinníollacha sonracha.

(3)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le páipéar Straitéise faoi TSEnna le haghaidh 2010-2015 (“Treochlár TSE 2”) (2), léirítear na leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais chun bearta coisctheacha, rialaithe agus díothaithe i leith TSEnna a ailíniú le forbairt na staide eipidéimeolaíche maidir le hEinceifileapaite Spúinseach Bhólachta (ESB). Chomh maith leis sin, cuirtear i dtábhacht gur cheart gurb í an chomhairle eolaíoch go príomha ba bhonn le haon athbhreithniú a dhéantar ar na rialacha maidir le TSEnna. Le Treochlár TSE 2, pléitear an t-athbhreithniú ar na forálacha atá ann faoi láthair i reachtaíocht an Aontais maidir leis an toirmeasc beatha a bhaineann le hainmhithe neamh-athchogantacha.

(4)

Ar bhonn dhá thuairim eolaíocha a d’eisigh Painéal um Ghuaiseacha Bitheolaíochta (BIOHAZ) de chuid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 24 Eanáir 2007 agus an 17 Samhain 2007 faoi seach, aithnítear i dTreochlár TSE 2 nár sainaithníodh aon TSE mar ghalar a bhíonn ar ainmhithe neamh-athchogantacha feirmshaothraithe faoi choinníollacha nádúrtha.

(5)

An 7 Meitheamh 2018, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir leis an athbhreithniú ar an measúnú riosca cainníochtúil i leith an riosca ESB a bhí ag baint le próitéiní ainmhíocha próiseáilte (3). De réir an mheasúnaithe riosca, ba ísle a cheithre oiread ionfhabhtaíocht iomlán ESB ná mar a measadh in 2011, agus meastar nach mbeidh cás amháin féin de ESB ann in aghaidh na bliana.

(6)

An 22 Meán Fómhair 2020, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le riosca ionchasach ESB in eallach, riosca a bhaineann le collaigin nó geilitín ó ainmhithe athchogantacha a úsáid i mbeatha le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha feirmshaothraithe (4). Is é conclúid an Údaráis gur mó ná 99 % (beagnach cinnte) an dóchúlacht nach nginfí aon chás nua ESB de bharr aon cheann de na trí chonair bhaoil a shainaithnítear sa tuairim sin.

(7)

San am céanna, meastar gur 100 000 tona d’iar-earraí bia ina bhfuil collaigin agus/nó geilitín ó ainmhithe athchogantacha atá á dhiúscairt gach bliain san Aontas ó tharla nach féidir iad a úsáid i mbeatha le haghaidh ainmhithe feirmshaothraithe faoi na rialacha maidir le toirmeasc beatha atá i bhfeidhm faoi láthair.

(8)

Dá bhrí sin, an toirmeasc ar ainmhithe neamh-athchogantacha feirmshaothraithe a bheathú le collaigin geilitín de bhunadh na n-ainmhithe athchogantacha, is toirmeasc é ba cheart a aisghairm.

(9)

Le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), cuirtear toirmeasc ar ainmhithe talún de speiceas áirithe, cé is moite d’ainmhithe fionnaidh, a bheathú le próitéiní ainmhíocha próiseáilte ó choirp nó ó chodanna coirp d’ainmhithe den speiceas céanna (athchúrsáil laistigh den speiceas).

(10)

Aithnítear i dTreochlár TSE 2, gur fánach an riosca in-tarchurtha ESB ó ainmhithe neamh-athchogantacha go dtí ainmhithe neamh-athchogantacha eile atá ann fad a sheachnaítear athchúrsáil laistigh den speiceas. Dá bhrí sin, is é conclúid atá ann go bhféadfaí smaoineamh ar dheireadh a chur leis an toirmeasc ar phróitéiní ainmhíocha próiseáilte ó ainmhithe neamh-athchogantacha a úsáid i mbeatha le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha, agus urraim á tabhairt don toirmeasc atá ar athchúrsáil laistigh den speiceas.

(11)

An 29 Samhain 2010, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Treochlár TSE 2 (6). Sna conclúidí sin, meastar gur cheart é a bheith ina réamhriachtanas sula bhféadfaí próitéin ainmhíoch phróiseáilte ó ainmhithe neamh-athchogantacha a thabhairt isteach arís i mbeatha le haghaidh speicis neamh-athchogantacha eile, go mbeadh teicnící éifeachtacha fíoraithe ar fáil chun idirdhealú a dhéanamh idir próitéiní ainmhíocha próiseáilte ó speicis éagsúla agus go ndéanfaí anailís ar na rioscaí a bhaineann le hathbhunú den sórt sin maidir le sláinte ainmhithe agus an tsláinte phoiblí.

(12)

In 2012, thug Saotharlann Tagartha an Aontais Eorpaigh um Próitéiní Ainmhithe in Ábhar Beatha (EURL-AP) dearbhú do mhodh diagnóiseach nua atá bunaithe ar ADN (PCR) lenar féidir ábhar athchogantach a bhrath a d’fhéadfadh a bheith sa bheatha. I ngeall ar dhearbhú an mhodha sin, in 2013 féadadh próitéiní ainmhíocha próiseáilte ó ainmhithe neamh-athchogantacha a údarú arís le húsáid i mbeatha le haghaidh ainmhithe dobharshaothraithe faoi mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 56/2013 ón gCoimisiún (7).

(13)

Ina dhiaidh sin, in 2015 agus in 2018 faoi seach, thug EURL-AP dearbhú freisin do modhanna PCR lenar féidir ábhar mucúil nó éanlaithe clóis i mbeatha a bhrath. Dá bhrí sin, leis na modhanna sin, is féidir an toirmeasc ar athchúrsáil laistigh den speiceas i muc-ainmhithe agus éanlaith chlóis a chur chun feidhme mar is ceart.

(14)

Sa Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le próitéiní plandaí a fhorbairt san Aontas Eorpach (8) arna foilsiú an 22 Samhain 2018, cuirtear i dtábhacht an gá le spleáchas an Aontais ar thríú tíortha a laghdú ó thaobh a sholáthair próitéine de. Ó thaobh an chothaithe de, is ábhar beatha den scoth iad próitéiní ainmhíocha próiseáilte a bhfuil tiúchan mór cothaitheach so-díleáite iontu amhail aimínaigéid agus fosfar mar aon le méid mór vitimíní. Má údarófar próitéiní ainmhíocha próiseáilte de bhunadh na neamh-athchogantach a úsáid arís i mbeatha le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha, laghdófar an spleáchas sin ar phróitéin ó thríú tíortha.

(15)

Úsáid próitéiní ainmhíocha próiseáilte de bhunadh mucúil i mbeatha le haghaidh éanlaith chlóis agus úsáid próitéiní ainmhíocha próiseáilte de bhunadh éanlaithe clóis i mbeatha le haghaidh muc-ainmhithe, is úsáid é ba cheart a ath-údarú. Ba cheart feidhm a bheith ag dianchleanglais maidir le bailiú, iompar agus próiseáil na dtáirgí sin, agus ba cheart sampláil agus anailís a dhéanamh go rialta chun rioscaí a sheachaint agus chun gur féidir a dhearbhú nach ann do thraséilliú le próitéiní toirmiscthe ó ainmhithe athchogantacha ná d’athchúrsáil laistigh den speiceas.

(16)

Le Rialachán (AE) 2017/893 (9) ón gCoimisiún, údaraítear úsáid na bpróitéiní ainmhíocha próiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí mar aon le beatha cumaisc ina bhfuil próitéiní ainmhíocha próiseáilte den sórt sin chun ainmhithe dobharshaothraithe a bheathú. Is ainmhithe feithid-iteacha iad éanlaith chlóis, agus is ainmhithe uiliteacha iad muc-ainmhithe, agus dá bhrí sin ní haon chúis imní atá san ábhar bheatha seo. Dá bhrí sin, próitéiní ainmhíocha próiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí, is próitéiní iad ba cheart a údarú chun éanlaith chlóis agus muc-ainmhithe a bheathú, faoi na coinníollacha céanna a leagtar síos maidir le beathú na n-ainmhithe dobharshaothraithe.

(17)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 a leasú dá réir.

(18)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 147, 31.5.2001, lch. 1.

(2)  COM(2010) 384 final, 16.7.2010.

(3)  https://efsa.onlinelibrary.wiley.com/doi/full/10.2903/j.efsa.2018.5314

(4)  https://efsa.onlinelibrary.wiley.com/doi/full/10.2903/j.efsa.2020.6267

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).

(6)  http://register.consilium.europa.eu/pdf/en/10/st13/st13889- ad01re01.en10.pdf

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 56/2013 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2013 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (IO L 21, 24.1.2013, lch. 3).

(8)  https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/food-farming-fisheries/plants_and_plant_products/documents/report-plant-proteins-com2018-757-final_en.pdf

(9)  Rialachán (AE) 2017/893 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2017 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Iarscríbhinní X, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le na forálacha maidir le próitéiní ainmhíocha próiseáilte (IO L 138, 25.5.2017, lch. 92).


IARSCRÍBHINN

Is mar a leanas a leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001:

(1)

i gCaibidil I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

ainmhithe neamh-athchogantacha feirmshaothraithe, cé is moite d’ainmhithe fionnaidh, a bheathú leis na nithe seo a leanas:

(i)

próitéin ainmhíoch phróiseáilte;

(ii)

táirgí fola;

(iii)

próitéin hidrealaithe de bhunadh ainmhíoch;

(iv)

fosfáit déchailciam agus fosfáit tréchailciam de bhunadh ainmhíoch;

(v)

beatha ina bhfuil na táirgí a liostaítear i bpointí (i) go (iv).”;

(2)

i gCaibidil II, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(f)

éanlaith chlóis a bheathú leis na hábhair bheatha agus an bheatha cumaisc seo a leanas:

(i)

próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe agus beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte den sórt sin, a dhéantar a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis na coinníollacha ginearálta a leagtar síos i gCaibidil III agus na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gCaibidil IV, Roinn G;

(ii)

próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, agus beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte den sórt sin, a dhéantar a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil III agus leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gCaibidil IV, Roinn F;

(g)

muc-ainmhithe a bheathú leis na hábhair bheatha agus an bheatha cumaisc seo a leanas:

(i)

próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis agus beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte den sórt sin, a dhéantar a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis na coinníollacha ginearálta a leagtar síos i gCaibidil III agus na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gCaibidil IV, Roinn H;

(ii)

próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, agus beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte den sórt sin, a dhéantar a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis na coinníollacha ginearálta a leagtar síos i gCaibidil III agus na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gCaibidil IV, Roinn F”;

(3)

Leasaítear Caibidil III mar a leanas:

(a)

Leasaítear Roinn A mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(a):

“(a)

bulcphróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe neamh-athchogantacha, lena n-áirítear mín éisc, próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe agus próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis.”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 4 agus 5:

“4.

Bulcphróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe, agus bulcbheatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte den sórt sin, is i bhfeithiclí agus i gcoimeádáin a dhéanfar iad a iompar, agus is in áiseanna stórála a dhéanfar iad a stóráil, feithiclí, coimeádáin agus áiseanna nach n-úsáidtear le haghaidh iompar ná stóráil na beatha atá beartaithe le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha feirmshaothraithe, cé is moite d’ainmhithe dobharshaothraithe agus d’éanlaith chlóis.

5.

De mhaolú ar phointe 4, feithiclí, coimeádáin agus áiseanna stórála a úsáideadh cheana le haghaidh iompar agus stóráil na bulcphróitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe agus na bulcbheatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte den sórt sin, féadfar na feithiclí, na coimeádáin agus na háiseanna sin a úsáid ina dhiaidh sin le haghaidh iompar nó stóráil na beatha atá beartaithe le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha feirmshaothraithe cé is moite d’ainmhithe dobharshaothraithe agus d’éanlaith chlóis, ar choinníoll go nglanfar iad roimh ré chun traséilliú a sheachaint, i gcomhréir le nós imeachta doiciméadaithe a bhfuil údarú tugtha dó roimh ré ag an údarás inniúil.

I gcás ina dtéitear i muinín nós imeachta den sórt sin, coimeádfar taifead doiciméadaithe ar an úsáid sin i gcomhair an údaráis inniúil go ceann tréimhse dhá bhliain ar a laghad.”;

(iii)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“6.

bulcphróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis, agus bulcbheatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte den sórt sin, is i bhfeithiclí agus i gcoimeádáin a dhéanfar iad a iompar, agus is in áiseanna stórála a dhéanfar iad a stóráil, feithiclí, coimeádáin agus áiseanna nach n-úsáidtear le haghaidh iompar ná stóráil na beatha atá beartaithe le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha feirmshaothraithe cé is moite d’ainmhithe dobharshaothraithe agus de mhuc-ainmhithe.

7.

De mhaolú ar phointe 6, feithiclí, coimeádáin agus áiseanna stórála a úsáideadh cheana le haghaidh iompar agus stóráil na bulcphróitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis agus bulcbheatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte den sórt sin, féadfar na feithiclí, na coimeádáin agus na háiseanna sin a úsáid ina dhiaidh sin le haghaidh iompar nó stóráil na beatha atá beartaithe le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha feirmshaothraithe cé is moite d’ainmhithe dobharshaothraithe agus de mhuc-ainmhithe, ar choinníoll go nglanfar iad roimh ré chun traséilliú a sheachaint, i gcomhréir le nós imeachta doiciméadaithe a bhfuil údarú tugtha dó roimh ré ag an údarás inniúil.

I gcás ina dtéitear i muinín nós imeachta den sórt sin, coimeádfar taifead doiciméadaithe ar an úsáid sin i gcomhair an údaráis inniúil go ceann tréimhse dhá bhliain ar a laghad.

8.

bulcphróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, agus bulcbheatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte den sórt sin, is i bhfeithiclí agus i gcoimeádáin a dhéanfar iad a iompar, agus is in áiseanna stórála a dhéanfar iad a stóráil, feithiclí, coimeádáin agus áiseanna nach n-úsáidtear le haghaidh iompar ná stóráil na beatha atá beartaithe le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha feirmshaothraithe cé is moite d’ainmhithe dobharshaothraithe, d’éanlaith chlóis agus de mhuc-ainmhithe.

9.

De mhaolú ar phointe 8, feithiclí, coimeádáin nó áiseanna stórála a úsáideadh cheana le haghaidh iompar agus stóráil na bulcphróitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe agus bulcbheatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte den sórt sin, féadfar na feithiclí, na coimeádáin agus na háiseanna sin a úsáid ina dhiaidh sin le haghaidh iompar nó stóráil na beatha atá beartaithe le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha feirmshaothraithe cé is moite d’ainmhithe dobharshaothraithe, d’éanlaith chlóis agus de mhuc-ainmhithe, ar choinníoll go nglanfar iad roimh ré chun traséilliú a sheachaint, i gcomhréir le nós imeachta doiciméadaithe a bhfuil údarú tugtha dó roimh ré ag an údarás inniúil.

I gcás ina dtéitear i muinín nós imeachta den sórt sin, coimeádfar taifead doiciméadaithe ar an úsáid sin i gcomhair an údaráis inniúil go ceann tréimhse dhá bhliain ar a laghad.

10.

bulcphróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe neamh-athchogantacha, seachas mín éisc, agus próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis, muc-ainmhithe agus feithidí saothraithe, agus bulcbheatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte den sórt sin, is i bhfeithiclí agus i gcoimeádáin a dhéanfar an phróitéin agus an bheatha sin a iompar, agus is in áiseanna stórála a dhéanfar iad a stóráil, feithiclí, coimeádáin agus áiseanna nach n-úsáidtear le haghaidh iompar nó stóráil na beatha atá beartaithe le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha feirmshaothraithe cé is moite d’ainmhithe dobharshaothraithe.

11.

De mhaolú ar phointe 10, feithiclí, coimeádáin agus áiseanna stórála a úsáideadh cheana le haghaidh iompar agus stóráil na dtáirgí dá dtagraítear sa phointe sin, féadfar na feithiclí, na coimeádáin agus na háiseanna sin a úsáid ina dhiaidh sin le haghaidh iompar nó stóráil na beatha atá beartaithe le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha feirmshaothraithe cé is moite d’ainmhithe dobharshaothraithe, ar choinníoll go nglanfar iad roimh ré chun traséilliú a sheachaint, i gcomhréir le nós imeachta doiciméadaithe a bhfuil údarú tugtha dó roimh ré ag an údarás inniúil.

I gcás ina dtéitear i muinín nós imeachta den sórt sin, coimeádfar taifead doiciméadaithe ar an úsáid sin i gcomhair an údaráis inniúil go ceann tréimhse dhá bhliain ar a laghad.”;

(b)

Leasaítear Roinn B mar a leanas:

(i)

i bpointe 1, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(d)

próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe;

(e)

próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe;

(f)

próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis”;

(ii)

i bpointe 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

ní mór gan ach ainmhithe neamh-athchogantacha a bheith ar coimeád acu agus:

(i)

i gcás ina bhfuil éanlaith chlóis atá ar coimeád acu, ní tháirgfidh siad beatha iomlán ó bheatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch próiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis;

(ii)

i gcás ina bhfuil muc-ainmhithe atá ar coimeád acu, ní tháirgfidh siad beatha iomlán ó bheatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe;”;

(c)

i Roinn C, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

bulcphróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe neamh-athchogantacha, lena n-áirítear mín éisc, próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe, agus próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis.”;

(d)

i Roinn D, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(a):

“(a)

bulcphróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe neamh-athchogantacha, lena n-áirítear mín éisc, próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe, agus próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis.”;

(4)

Leasaítear Caibidil IV mar a leanas:

(a)

i Roinn D, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

Na seachtháirgí ainmhithe a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun próitéin ainmhíoch phróiseáilte dá dtagraítear sa Roinn seo a tháirgeadh, is ó cheann amháin nó níos mó de na háiteanna seo a leanas a gheofar iad:

(i)

seamlais arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 nach maraítear ainmhithe athchogantacha iontu agus iad cláraithe ag an údarás inniúil mar sheamlais nach maraítear ainmhithe athchogantacha iontu;

(ii)

ionaid spólta arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 nach ndíchnámhaítear agus nach ngearrtar feoil na n-athchogantach iontu agus iad cláraithe ag an údarás inniúil mar ionaid spólta nach ndíchnámhaítear agus nach ngearrtar feoil na n-athchogantach iontu;

(iii)

bunaíochtaí eile seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe (i) nó (ii), iad arna gclárú nó arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, nach láimhseáiltear táirgí na n-athchogantach iontu agus iad cláraithe ag an údarás inniúil mar bhunaíochtaí nach láimhseáiltear táirgí na n-athchogantach iontu;

(iv)

bunaíochtaí formheasta dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointí (h) agus (i) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus iad cláraithe ag an údarás inniúil mar bhunaíochtaí nach láimhseáiltear agus nach stóráiltear iontu ach seachtháirgí na n-ainmhithe neamh-athchogantacha ó na bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (i), (ii) agus (iii).

De mhaolú ar an gcéad mhír, pointí (i), (ii) agus (iii), féadfaidh an t-údarás inniúil marú na n-athchogantach agus láimhseáil táirgí na n-athchogantach a údarú sna bunaíochtaí dá dtagraítear sa chéad mhír, pointí (i), (ii) agus (iii), bunaíochtaí ina dtáirgtear seachtháirgí ainmhithe na neamh-athchogantach atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh na próitéine ainmhíche próiseáilte dá dtagraítear sa Roinn seo.

Ní fhéadfar an t-údarú sin a dheonú ach amháin i gcás ina mbeidh an t-údarás inniúil sásta, ach a mbeidh cigireacht déanta ar an láthair, gur éifeachtach na bearta arb é is aidhm dóibh traséilliú idir seachtháirgí athchogantacha agus seachtháirgí neamh-athchogantacha a sheachaint.

Ar na bearta sin, áireofar na híoscheanglais seo a leanas:

(1)

ní mór ainmhithe neamh-athchogantacha a mharú i línte atá scoite amach go fisiceach ó na línte a úsáidtear le haghaidh ainmhithe athchogantacha a mharú;

(2)

ní mór táirgí na neamh-athchogantach a láimhseáil ar línte táirgthe atá scoite amach go fisiceach ó na línte a úsáidtear le haghaidh táirgí na n-athchogantach a láimhseáil;

(3)

bailiú, stóráil, iompar agus áiseanna pacáistithe le haghaidh seachtháirgí ainmhithe de bhunadh na neamh-athchogantach, ní mór iad a choimeád scoite amach ó na cinn le haghaidh seachtháirgí ainmhithe de bhunadh na n-athchogantach;

(4)

ní mór sampláil agus anailís rialta a dhéanamh ar sheachtháirgí ainmhithe de bhunadh na neamh-athchogantach chun próitéiní de chuid na n-athchogantach a bhrath. Ní mór an modh anailíse a bhailíochtú go heolaíoch chun na críche sin. Is ar bhonn measúnú riosca a chinnfear minicíocht na samplála agus na hanailíse, measúnú a dhéanfaidh an t-oibreoir mar chuid dá nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabail HACCP.”;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn F:

ROINN F

Coinníollacha sonracha is infheidhme maidir le táirgeadh agus úsáid na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe agus na beatha cumaisc ina bhfuil próitéin den sórt sin, a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun ainmhithe dobharshaothraithe, éanlaith chlóis agus muc-ainmhithe a bheathú

Beidh feidhm ag na coinníollacha sonracha seo a leanas maidir le táirgeadh agus úsáid na próitéine ainmhíche próiseáilte ó fheithidí saothraithe agus na beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte den sórt sin, dhá rud a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun ainmhithe dobharshaothraithe, éanlaith chlóis agus muc-ainmhithe a bheathú:

(a)

Próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, ní mór í a tháirgeadh mar a leanas:

(i)

in ionaid phróiseála arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 24(1), pointe (a) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 atá tiomnaithe go heisiach do tháirgeadh na dtáirgí a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe;

(ii)

i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn X, Caibidil II, Roinn 1, a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

De mhaolú ar an gcoinníoll dá bhforáiltear sa chéad mhír, pointe (i), féadfaidh an t-údarás inniúil táirgeadh na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe a údarú in ionaid phróiseála ina bpróiseáiltear seachtháirgí ó speicis eile.

Ní fhéadfar an t-údarú sin a dheonú ach amháin i gcás ina mbeidh an t-údarás inniúil sásta, ach a mbeidh cigireacht déanta ar an láthair, gur éifeachtach na bearta arb é is aidhm dóibh traséilliú a sheachaint idir próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe agus próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe feirmshaothraithe eile.

Ar na bearta coisctheacha sin, áireofar na híoscheanglais seo a leanas:

táirgeadh na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe athchogantacha nó ó ainmhithe neamh-athchogantacha cé is moite d’fheithidí, ní mór an táirgeadh sin a dhéanamh i gcóras dúnta atá scoite amach go fisiceach ón gcóras a úsáidtear chun an phróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe a tháirgeadh;

le linn stóráil agus iompar na seachtháirgí ainmhithe a dhíorthaítear ó ainmhithe athchogantacha nó ó ainmhithe neamh-athchogantacha cé is moite d’fheithidí, ní mór iad a choimeád in áiseanna atá scoite amach go fisiceach ó na háiseanna a úsáidtear le haghaidh seachtháirgí ainmhithe a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe;

le linn stóráil agus phacáistiú na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe athchogantacha nó ó ainmhithe neamh-athchogantacha cé is moite d’fheithidí, ní mór iad a choimeád in áiseanna atá scoite amach go fisiceach ó na cinn a úsáidtear le haghaidh táirgí críochnaithe a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe;

ní mór sampláil agus anailís rialta a dhéanamh ar an bpróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe chun a dheimhniú go bhfuil sí glan ar thraséilliú le próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe athchogantacha nó ó ainmhithe neamh-athchogantacha eile, trí úsáid a bhaint as na modhanna anailíse lena ndéantar comhábhair de bhunadh ainmhíoch a bhrath chun beatha a rialú, faoi mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 152/2009; is ar bhonn measúnú riosca a chinnfear minicíocht na samplála agus na hanailíse, measúnú a dhéanfaidh an t-oibreoir mar chuid dá nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabail HACCP; coimeádfar torthaí na samplála agus na hanailíse sin i gcomhair an údaráis inniúil go ceann tréimhse cúig bliana ar a laghad.

(b)

Beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, is sna bunaíochtaí seo a leanas a dhéanfar í a tháirgeadh:

(i)

iad údaraithe ag an údarás inniúil chun na críche sin;

(ii)

iad tiomnaithe do tháirgeadh na beatha le haghaidh ainmhithe dobharshaothraithe, éanlaith chlóis nó muc-ainmhithe.

De mhaolú ar an gcéad mhír, pointe (i), maidir le táirgeadh na beatha iomláine ó bheatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch próiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, ní bheidh sé de cheangal ar dhaoine a dhéanann beatha cumaisc le húsáid dóibh féin údarú sonrach leis an táirgeadh sin a bheith acu ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:

iad a bheith cláraithe ag an údarás inniúil mar tháirgeoirí a tháirgeann beatha iomlán ó bheatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe,

níl ainmhithe feirmshaothraithe faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 6(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ar coimeád acu cé is moite d’ainmhithe dobharshaothraithe, d’éanlaith chlóis, de mhuc-ainmhithe nó d’ainmhithe fionnaidh,

an bheatha cumaisc a n-úsáidtear próitéin ainmhíoch phróiseáilte lena táirgeadh, próitéin a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, tá níos lú ná 50 % de ina phróitéin amh.

De mhaolú ar an gcéad mhír, pointe (ii), táirgeadh na beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe agus í beartaithe le haghaidh ainmhithe dobharshaothraithe, éanlaith chlóis nó muc-ainmhithe, i mbunaíochtaí ina dtáirgtear beatha cumaisc atá beartaithe le haghaidh ainmhithe feirmshaothraithe eile freisin cé is moite d’ainmhithe fionnaidh, is táirgeadh é a fhéadfaidh an t-údarás inniúil a údarú, ach a mbeidh cigireacht déanta ar an láthair, faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas:

an bheatha cumaisc atá beartaithe le haghaidh ainmhithe athchogantacha, ní mór an bheatha sin a mhonarú agus a choimeád, le linn a stórála, a hiompair agus a pacáistithe, in áiseanna atá scoite amach go fisiceach ó na háiseanna ina ndéantar beatha cumaisc le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha a mhonarú agus a choimeád,

an bheatha cumaisc atá beartaithe le haghaidh ainmhithe dobharshaothraithe, éanlaith chlois nó muc-ainmhithe, ní mór an bheatha sin a mhonarú agus a choimeád, le linn a stórála, a hiompair agus a pacáistithe, in áiseanna atá scoite amach go fisiceach ó na háiseanna ina ndéantar beatha cumaisc le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha eile a mhonarú agus a choimeád,

taifid ina sonraítear ceannacháin agus úsáid na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe agus díolacháin na beatha cumaisc a bhfuil an phróitéin sin inti, ní mór na taifid sin a choimeád i gcomhair an údaráis inniúil ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad,

ní mór sampláil agus anailís rialta a dhéanamh ar an mbeatha cumaisc atá beartaithe le haghaidh ainmhithe feirmshaothraithe cé is moite d’ainmhithe dobharshaothraithe, d’éanlaith chlóis agus de mhuc-ainmhithe chun a dheimhniú go bhfuil sí glan ar chomhábhair neamhúdaraithe de bhunadh ainmhíoch, trí úsáid a bhaint as na modhanna anailíse lena ndéantar comhábhair ainmhithe a bhrath chun beatha a rialú, faoi mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 152/2009; is ar bhonn measúnú riosca a chinnfear minicíocht na samplála agus na hanailíse, measúnú a dhéanfaidh an t-oibreoir mar chuid dá nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabail HACCP; ní mór na torthaí a choimeád i gcomhair an údaráis inniúil ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad.

(c)

An doiciméad tráchtála nó, de réir mar is iomchuí, an deimhniú sláinte atá ag gabháil leis an bpróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, lipéad na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, agus lipéad na beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, déanfar an doiciméad, an deimhniú agus na lipéid sin a mharcáil go soiléir i gcomhréir le Caibidil V, Roinn G den Iarscríbhinn seo”.

(c)

cuirtear na ranna seo a leanas seo a leanas leis:

ROINN G

Coinníollacha sonracha is infheidhme maidir le táirgeadh agus úsáid na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe agus na beatha cumaisc ina bhfuil próitéin den sórt sin, a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun éanlaith chlóis a bheathú

Beidh feidhm ag na coinníollacha sonracha seo a leanas maidir le táirgeadh agus úsáid na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe agus na beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte den sórt sin, dhá rud a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun éanlaith chlóis a bheathú (“próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe”):

(a)

Na seachtháirgí ainmhithe a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe a tháirgeadh, is ó cheann amháin nó níos mó de na háiteanna seo a leanas a gheofar iad:

(i)

seamlais arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 nach maraítear ainmhithe athchogantacha ná éanlaith chlóis iontu agus iad cláraithe ag an údarás inniúil mar sheamlais nach maraítear ainmhithe athchogantacha ná éanlaith chlóis iontu;

(ii)

ionaid spólta arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 nach ndíchnámhaítear agus nach ngearrtar feoil na n-athchogantach iontu agus iad cláraithe ag an údarás inniúil mar ionaid spólta nach ndíchnámhaítear agus nach ngearrtar feoil na n-athchogantach iontu;

(iii)

bunaíochtaí eile seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe (i) nó (ii), arna gclárú nó arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, nach láimhseáiltear táirgí na n-athchogantach ná na héanlaithe clóis iontu agus iad cláraithe ag an údarás inniúil mar bhunaíochtaí nach láimhseáiltear táirgí na n-athchogantach ná na héanlaithe clóis iontu;

(iv)

bunaíochtaí formheasta dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointí (h) agus (i) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus iad cláraithe ag an údarás inniúil mar bhunaíochtaí nach láimhseáiltear agus nach stóráiltear iontu ach seachtháirgí na n-ainmhithe neamh-athchogantacha ó na bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (i), (ii) agus (iii).

De mhaolú ar an gcéad mhír, pointí (i), (ii) agus (iii), féadfaidh an t-údarás inniúil marú na n-athchogantach nó na héanlaithe clóis agus láimhseáil táirgí na n-athchogantach nó na héanlaithe clóis a údarú sna bunaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (i), (ii) agus (iii), bunaíochtaí ina dtáirgtear seachtháirgí na muc-ainmhithe atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe.

Ní fhéadfar an t-údarú sin a dheonú ach amháin i gcás ina mbeidh an t-údarás inniúil sásta, ach a mbeidh cigireacht déanta ar an láthair, gur éifeachtach na bearta arb é is aidhm dóibh traséilliú idir seachtháirgí na n-ainmhithe athchogantacha nó na héanlaithe clóis agus seachtháirgí na muc-ainmhithe a sheachaint.

Ar na bearta sin, áireofar na híoscheanglais seo a leanas:

(1)

ní mór na muc-ainmhithe a mharú i línte atá scoite amach go fisiceach ó na línte a úsáidtear le haghaidh ainmhithe athchogantacha nó éanlaith chlóis a mharú;

(2)

ní mór táirgí de bhunadh mucúil a láimhseáil ar línte táirgthe atá scoite amach go fisiceach ó na línte a úsáidtear le haghaidh táirgí na n-athchogantach nó na héanlaithe clóis a láimhseáil;

(3)

bailiú, stóráil, iompar agus áiseanna pacáistithe le haghaidh seachtháirgí ainmhithe de bhunadh mucúil, ní mór iad a choimeád scoite amach ó na línte le haghaidh seachtháirgí ainmhithe de bhunadh na n-athchogantach nó na héanlaithe chlóis;

(4)

ní mór sampláil agus anailís rialta a dhéanamh ar sheachtháirgí ainmhithe de bhunadh mucúil chun próitéiní de chuid na n-ainmhithe athchogantacha nó na héanlaithe clóis a bhrath. Ní mór an modh anailíse a bhailíochtú go heolaíoch chun na críche sin. Is ar bhonn measúnú riosca a chinnfear minicíocht na samplála agus na hanailíse, measúnú a dhéanfaidh an t-oibreoir mar chuid dá nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabail HACCP.

(b)

Na seachtháirgí ainmhithe de bhunadh mucúil a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh tháirgeadh na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe, is seachtháirgí iad a dhéanfar a iompar chuig ionad próiseála i bhfeithiclí agus i gcoimeádáin nach n-úsáidtear chun seachtháirgí ainmhithe de bhunadh na n-athchogantach nó na héanlaithe clóis a iompar.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar na seachtháirgí sin a iompar i bhfeithiclí agus i gcoimeádáin a úsáideadh cheana chun seachtháirgí ainmhithe a dhíorthaítear ó ainmhithe athchogantacha nó ó éanlaith chlóis a iompar, ar choinníoll go nglanfar na feithiclí agus na coimeádáin roimh ré chun traséilliú a sheachaint i gcomhréir le nós imeachta doiciméadaithe a bhfuil údarú tugtha dó roimh ré ag an údarás inniúil.

I gcás ina dtéitear i muinín nós imeachta den sórt sin, coimeádfar taifead doiciméadaithe ar an úsáid sin i gcomhair an údaráis inniúil go ceann tréimhse dhá bhliain ar a laghad.

(c)

An phróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe, is sna hionaid phróiseála seo a leanas a dhéanfar iad a tháirgeadh:

(i)

iad tiomnaithe do phróiseáil na seachtháirgí a fhaightear ó sheamlais, ó ionaid spólta nó ó bhunaíochtaí eile dá dtagraítear i bpointe (a);

(ii)

iad cláraithe ag an údarás inniúil mar ionaid phróiseála nach bpróiseáiltear seachtháirgí na n-ainmhithe athchogantacha nó na héanlaithe clóis iontu.

De mhaolú ar an gcéad mhír, pointe (ii), féadfaidh an t-údarás inniúil táirgeadh na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe a údarú in ionaid phróiseála ina bpróiseáiltear seachtháirgí na n-ainmhithe athchogantacha nó na héanlaithe clóis.

Ní fhéadfar an t-údarú sin a dheonú ach amháin i gcás ina mbeidh an t-údarás inniúil sásta, ach a mbeidh cigireacht déanta ar an láthair, gur éifeachtach na bearta arb é is aidhm dóibh traséilliú a sheachaint idir próitéin ainmhíoch phróiseáilte de bhunadh na n-athchogantach nó na héanlaithe clóis, agus próitéin ainmhíoch phróiseáilte de bhunadh mucúil.

Ar na bearta coisctheacha sin, áireofar na híoscheanglais seo a leanas:

(1)

táirgeadh na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe athchogantacha nó ó éanlaith chlóis, ní mór an táirgeadh sin a dhéanamh i gcóras dúnta atá scoite amach go fisiceach ón gcóras a úsáidtear chun an phróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe a tháirgeadh;

(2)

le linn stóráil agus phacáistiú na seachtháirgí ainmhithe a dhíorthaítear ó ainmhithe athchogantacha nó ó éanlaith clóis, ní mór iad a choimeád in áiseanna atá scoite amach go fisiceach ó na háiseanna a úsáidtear le haghaidh seachtháirgí ainmhithe a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe;

(3)

le linn stóráil agus phacáistiú na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe athchogantacha nó ó éanlaith chlóis, ní mór iad a choimeád in áiseanna atá scoite amach go fisiceach ó na háiseanna a úsáidtear le haghaidh táirgí críochnaithe a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe;

(4)

ní mór sampláil agus anailís rialta a dhéanamh ar an bpróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe chun a dheimhniú go bhfuil sí glan ar thraséilliú le próitéin ainmhíoch phróiseáilte ó ainmhithe athchogantacha nó ó éanlaith clóis, trí úsáid a bhaint as na modhanna anailíse lena ndéantar comhábhair de bhunadh ainmhíoch a bhrath chun beatha a rialú, faoi mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 152/2009; is ar bhonn measúnú riosca a chinnfear minicíocht na samplála agus na hanailíse, measúnú a dhéanfaidh an t-oibreoir mar chuid dá nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabail HACCP; coimeádfar torthaí na samplála agus na hanailíse sin i gcomhair an údaráis inniúil go ceann tréimhse cúig bliana ar a laghad.

(d)

Beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe, is sna bunaíochtaí seo a leanas a dhéanfar í a tháirgeadh:

(i)

iad údaraithe ag an údarás inniúil chun na críche sin;

(ii)

iad tiomnaithe go heisiach do tháirgeadh na beatha le haghaidh éanlaith chlóis, ainmhithe dobharshaothraithe nó ainmhithe fionnaidh.

De mhaolú ar an gcéad mhír, pointe (i), maidir le táirgeadh na beatha iomláine ó bheatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch próiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe, ní bheidh sé de cheangal ar dhaoine a dhéanann beatha cumaisc le húsáid dóibh féin údarú sonrach leis an táirgeadh sin a bheith acu ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:

iad a bheith cláraithe ag an údarás inniúil mar tháirgeoirí a tháirgeann beatha iomlán ó bheatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe,

níl ainmhithe feirmshaothraithe faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 6(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ar coimeád acu cé is moite d’éanlaith chlóis, d’ainmhithe dobharshaothraithe nó d’ainmhithe fionnaidh,

an bheatha cumaisc a n-úsáidtear próitéin ainmhíoch phróiseáilte lena táirgeadh, próitéin a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, tá níos lú ná 50 % de ina phróitéin amh.

De mhaolú ar an gcéad mhír, pointe (ii), táirgeadh na beatha cumaisc le haghaidh éanlaith chlóis ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe, i mbunaíochtaí ina dtáirgtear beatha cumaisc atá beartaithe le haghaidh ainmhithe feirmshaothraithe cé is moite d’ainmhithe dobharshaothraithe agus d’ainmhithe fionnaidh, is táirgeadh é a fhéadfaidh an t-údarás inniúil a údarú, ach a mbeidh cigireacht déanta ar an láthair, faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas:

an bheatha cumaisc atá beartaithe le haghaidh ainmhithe athchogantacha, ní mór an bheatha sin a mhonarú agus a choimeád, le linn a stórála, a hiompair agus a pacáistithe, in áiseanna atá scoite amach go fisiceach ó na háiseanna ina ndéantar beatha cumaisc le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha a mhonarú agus a choimeád,

ní mór beatha cumaisc atá beartaithe le haghaidh muc-ainmhithe a mhonarú agus a choimeád, le linn a stórála, a hiompair agus a pacáistithe, in áiseanna atá scoite amach go fisiceach ó na háiseanna ina ndéantar beatha cumaisc le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha eile a mhonarú agus a choimeád,

taifid ina sonraítear ceannacháin agus úsáid na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe agus díolachán na beatha cumaisc a bhfuil an phróitéin sin inti, ní mór na taifid sin a choimeád i gcomhair an údaráis inniúil ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad,

ní mór sampláil agus anailís rialta a dhéanamh ar an mbeatha cumaisc atá beartaithe le haghaidh ainmhithe feirmshaothraithe cé is moite d’éanlaith chlóis, d’ainmhithe dobharshaothraithe agus d’ainmhithe fionnaidh chun a dheimhniú go bhfuil sí glan ar chomhábhair neamhúdaraithe de bhunadh ainmhíoch, trí úsáid a bhaint as na modhanna anailíse lena ndéantar comhábhair ainmhithe a bhrath chun beatha a rialú, faoi mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 152/2009; is ar bhonn measúnú riosca a chinnfear minicíocht na samplála agus na hanailíse, measúnú a dhéanfaidh an t-oibreoir mar chuid dá nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabail HACCP; ní mór na torthaí a choimeád i gcomhair an údaráis inniúil ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad.

(e)

An doiciméad tráchtála nó, de réir mar is iomchuí, an deimhniú sláinte atá ag gabháil leis an bpróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, lipéad na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe, agus lipéad na beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe, déanfar an doiciméad, an deimhniú agus na lipéid sin a mharcáil go soiléir i gcomhréir le Caibidil V, Roinn G den Iarscríbhinn seo.

ROINN H

Coinníollacha sonracha is infheidhme maidir le táirgeadh agus úsáid na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis agus na beatha cumaisc ina bhfuil próitéin den sórt sin, a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun muc-ainmhithe a bheathú

Beidh feidhm ag na coinníollacha sonracha seo a leanas maidir le táirgeadh agus úsáid na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis agus na beatha cumaisc ina bhfuil próitéin den sórt sin, dhá rud a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun muc-ainmhithe a bheathú (“próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis”):

(a)

Na seachtháirgí ainmhithe a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun an phróitéin ainmhíoch phróiseáilte dá dtagraítear sa Roinn seo a tháirgeadh, is ó cheann amháin nó níos mó de na háitheanna seo a leanas a gheofar iad:

(i)

seamlais arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 nach maraítear ainmhithe athchogantacha ná muc-ainmhithe iontu agus iad cláraithe ag an údarás inniúil mar sheamlais nach maraítear ainmhithe athchogantacha ná muc-ainmhithe iontu;

(ii)

ionaid spólta arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 nach ndíchnámhaítear ná nach ngearrtar feoil na n-athchogantach ná muiceoil iontu agus iad cláraithe ag an údarás inniúil mar ionaid spólta nach ndíchnámhaítear agus nach ngearrtar feoil na n-athchogantach ná muiceoil iontu;

(iii)

bunaíochtaí eile seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe (i) nó (ii), arna gclárú nó arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, nach láimhseáiltear táirgí na n-athchogantach ná táirgí mucúla iontu agus iad cláraithe ag an údarás inniúil mar bhunaíochtaí nach láimhseáiltear táirgí na n-athchogantach ná táirgí mucúla iontu;

(iv)

bunaíochtaí formheasta dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointí (h) agus (i) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus iad cláraithe ag an údarás inniúil mar bhunaíochtaí nach láimhseáiltear agus nach stóráiltear iontu ach seachtháirgí na n-ainmhithe neamh-athchogantacha ó na bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (i), (ii) agus (iii).

De mhaolú ar an gcéad mhír, phointí (i), (ii) agus (iii), féadfaidh an t-údarás inniúil marú na n-athchogantach nó na muc-ainmhithe agus láimhseáil na dtáirgí na n-athchogantach nó táirgí mucúla a údarú sna bunaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (i), (ii) agus (iii), bunaíochtaí ina dtáirgtear seachtháirgí na héanlaithe clóis atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis.

Ní fhéadfar an t-údarú sin a dheonú ach amháin i gcás ina mbeidh an t-údarás inniúil sásta, ach a mbeidh cigireacht déanta ar an láthair, gur éifeachtach na bearta arb é is aidhm dóibh traséilliú idir seachtháirgí na n-athchogantach nó seachtháirgí mucúla agus seachtháirgí na héanlaithe clóis a sheachaint.

Ar na bearta sin, áireofar na híoscheanglais seo a leanas:

(1)

ní mór an éanlaith chlóis a mharú i línte atá scoite amach go fisiceach ó na línte a úsáidtear le haghaidh ainmhithe athchogantacha nó muc-ainmhithe a mharú;

(2)

ní mór táirgí na héanlaithe clóis a láimhseáil ar línte táirgthe atá scoite amach go fisiceach ó na línte a úsáidtear le haghaidh táirgí na n-athchogantach nó táirgí mucúla a láimhseáil;

(3)

bailiú, stóráil, iompar agus áiseanna pacáistithe le haghaidh seachtháirgí ainmhithe de bhunadh na héanlaithe clóis, ní mór iad a choimeád scoite amach ó na línte le haghaidh seachtháirgí ainmhithe de bhunadh na n-athchogantach nó mucúil;

(4)

ní mór sampláil agus anailís rialta a dhéanamh ar sheachtháirgí ainmhithe de bhunadh na héanlaithe clóis chun próitéiní de chuid na n-ainmhithe athchogantacha nó na muc-ainmhithe a bhrath. Ní mór an modh anailíse a úsáidtear a bhailíochtú go heolaíoch chun na críche sin. is ar bhonn measúnú riosca a chinnfear minicíocht na samplála agus na hanailíse, measúnú a dhéanfaidh an t-oibreoir mar chuid dá nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabail HACCP.

(b)

Na seachtháirgí ainmhithe de bhunadh éanlaithe clois a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh tháirgeadh na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis, is seachtháirgí iad a dhéanfar a iompar chuig ionad próiseála i bhfeithiclí agus gcoimeádáin nach n-úsáidtear chun seachtháirgí ainmhithe de bhunadh na n-athchogantach nó mucúil a iompar.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar na seachtháirgí sin a iompar i bhfeithiclí agus i gcoimeádáin a úsáideadh cheana chun seachtháirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe athchogantacha nó ó mhuc-ainmhithe a iompar, ar choinníoll go nglanfar na feithiclí agus na coimeádáin sin roimh ré chun traséilliú a sheachaint i gcomhréir le nós imeachta doiciméadaithe a bhfuil údarú tugtha dó roimh ré ag an údarás inniúil.

I gcás ina dtéitear i muinín nós imeachta den sórt sin, coimeádfar taifead doiciméadaithe ar an úsáid sin i gcomhair an údaráis inniúil go ceann tréimhse dhá bhliain ar a laghad.

(c)

An próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis, is sna hionaid phróiseála seo a leanas a dhéanfar í a tháirgeadh:

(i)

iad tiomnaithe do phróiseáil na seachtháirgí ainmhithe a fhaightear ó sheamlais, ionaid spólta nó bunaíochta eile dá dtagraítear i bpointe (a);

(ii)

iad cláraithe ag an údarás inniúil mar ionaid phróiseála nach bpróiseáiltear seachtháirgí na n-ainmhithe athchogantacha nó seachtháirgí mucúla iontu.

De mhaolú ar an gcéad mhír, pointe (ii), féadfaidh an t-údarás inniúil táirgeadh na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis a údarú in ionaid phróiseála ina ndéantar seachtháirgí na n-ainmhithe athchogantacha nó seachtháirgí mucúla a phróiseáil.

Ní fhéadfar an t-údarú sin a dheonú ach amháin i gcás ina mbeidh an t-údarás inniúil sásta, ach a mbeidh cigireacht déanta ar an láthair, gur éifeachtach na bearta arb é is aidhm dóibh traséilliú a sheachaint idir próitéin ainmhíoch phróiseáilte de bhunadh na n-athchogantach nó mucúil agus próitéin ainmhíoch phróiseáilte de bhunadh éanlaithe chlóis.

Ar na bearta coisctheacha sin, áireofar na híoscheanglais seo a leanas:

(1)

táirgeadh na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe athchogantacha nó ó mhuc-ainmhithe, ní mór an táirgeadh sin a dhéanamh i gcóras dúnta atá scoite amach go fisiceach ón gcóras a úsáidtear chun an phróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis a tháirgeadh;

(2)

le linn stóráil agus phacáistiú na seachtháirgí ainmhithe a dhíorthaítear ó ainmhithe athchogantacha nó ó mhuc-ainmhithe, ní mór iad a choimeád in áiseanna atá scoite amach go fisiceach ó na háiseanna a úsáidtear le haghaidh seachtháirgí ainmhithe a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis;

(3)

le linn stóráil agus phacáistiú na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe athchogantacha nó ó mhuc-ainmhithe, ní mór iad a choimeád in áiseanna atá scoite amach go fisiceach ó na háiseanna a úsáidtear le haghaidh táirgí críochnaithe a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis;

(4)

ní mór sampláil agus anailís rialta a dhéanamh ar an bpróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis chun a dheimhniú go bhfuil sí glan ar thraséilliú le próitéin ainmhíoch phróiseáilte ó ainmhithe athchogantacha nó ó muc-ainmhithe, trí úsáid a bhaint as na modhanna anailíse lena ndéantar comhábhair de bhunadh ainmhíoch a bhrath chun beatha a rialú, faoi mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 152/2009; is ar bhonn measúnú riosca a chinnfear minicíocht na samplála agus na hanailíse, measúnú a dhéanfaidh an t-oibreoir mar chuid dá nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabail HACCP; coimeádfar torthaí na samplála agus na hanailíse sin i gcomhair an údaráis inniúil go ceann tréimhse cúig bliana ar a laghad.

(d)

Beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis, is sna bunaíochtaí seo a leanas a dhéanfar í a tháirgeadh:

(i)

iad údaraithe ag an údarás inniúil chun na críche sin;

(ii)

atá tiomnaithe go heisiach do tháirgeadh na beatha le haghaidh muc-ainmhithe, ainmhithe dobharshaothraithe nó ainmhithe fionnaidh.

De mhaolú ar an gcéad mhír, pointe (i), maidir le táirgeadh na beatha iomláine ó bheatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch próiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis, ní bheidh sé de cheangal ar dhaoine a dhéanann beatha cumaisc le húsáid dóibh féin údarú sonrach leis an táirgeadh sin a bheith acu ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:

iad a bheith cláraithe ag an údarás inniúil mar chumascóirí a tháirgeann beatha iomlán ó bheatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis,

níl ainmhithe feirmshaothraithe faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 6(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ar coimeád acu cé is moite de mhuc-ainmhithe, d’ainmhithe dobharshaothraithe nó d’ainmhithe fionnaidh,

an bheatha cumaisc a n-úsáidtear próitéin ainmhíoch phróiseáilte lena táirgeadh, próitéin a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, tá níos lú ná 50 % de ina phróitéin amh.

De mhaolú ar an gcéad mhír, pointe (ii), táirgeadh na beatha cumaisc le haghaidh muc-ainmhithe ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis, i mbunaíochtaí ina dtáirgtear beatha cumaisc atá beartaithe le haghaidh ainmhithe feirmshaothraithe cé is moite d’ainmhithe dobharshaothraithe agus d’ainmhithe fionnaidh, is táirge a fhéadfaidh an t-údarás inniúil a údarú, ach a mbeidh cigireacht déanta ar an láthair, faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas:

an bheatha cumaisc atá beartaithe le haghaidh ainmhithe athchogantacha, ní mór an bheatha sin a mhonarú agus a choimeád, le linn a stórála, a hiompair agus a pacáistithe, in áiseanna atá scoite amach go fisiceach ó na háiseanna ina ndéantar beatha cumaisc le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha a mhonarú agus a choimeád,

an bheatha cumaisc atá beartaithe le haghaidh éanlaith chlóis, ní mór an bheatha sin a mhonarú agus a choimeád, le linn a stórála, a hiompair agus a pacáistithe, in áiseanna atá scoite amach go fisiceach ó na háiseanna ina ndéantar beatha cumaisc le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha a mhonarú agus a choimeád,

taifid ina sonraítear ceannacháin agus úsáid na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis agus díolacháin na beatha cumaisc a bhfuil an phróitéin sin inti, ní mór na taifid sin a choimeád i gcomhair an údaráis inniúil ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad,

ní mór sampláil agus anailís rialta a dhéanamh ar an mbeatha cumaisc atá beartaithe le haghaidh ainmhithe feirmshaothraithe cé is moite d’éanlaith chlóis, d’ainmhithe dobharshaothraithe agus d’ainmhithe fionnaidh chun a dheimhniú go bhfuil sí glan ar chomhábhair neamhúdaraithe de bhunadh ainmhíoch, trí úsáid a bhaint as na modhanna anailíse lena ndéantar comhábhair ainmhithe a bhrath chun beatha a rialú, faoi mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 152/2009; is ar bhonn measúnú riosca a chinnfear minicíocht na samplála agus na hanailíse, measúnú a dhéanfaidh an t-oibreoir mar chuid dá nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabail HACCP; ní mór na torthaí a choimeád i gcomhair an údaráis inniúil ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad;

(e)

An doiciméad tráchtála nó, de réir mar is iomchuí, an deimhniú sláinte atá ag gabháil leis an bpróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, lipéad na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis, agus lipéad na beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis, déanfar an doiciméad, an deimhniú agus na lipéid sin a mharcáil go soiléir i gcomhréir le Caibidil V, Roinn G den Iarscríbhinn seo.”;

(5)

Leasaítear Caibidil V mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn A:

ROINN A

Liostáil

1.

Déanfaidh na Ballstáit liostaí de na nithe seo a leanas a choimeád cothrom le dáta agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí iad:

(a)

seamlais arna gclárú mar sheamlais nach maraítear ainmhithe athchogantacha iontu i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn C, pointe (a), an chéad mhír, mar aon le seamlais fhormheasta ónar féidir fuil a tháirgtear i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn C, pointe (a), an dara, an tríú agus an ceathrú mír a fháil;

(b)

seamlais, ionaid spólta, bunaíochtaí bia eile agus bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe arna gclárú faoi seach mar sheamlais, ionaid spólta agus bunaíochtaí nach maraítear ainmhithe athchogantacha iontu, nach ndíchnámhaítear agus nach ngearrtar feoil na n-athchogantach iontu, nach láimhseáiltear táirgí na n-athchogantach iontu agus nach láimhseáiltear agus nach stóráiltear iontu ach seachtháirgí ainmhithe ó na bunaíochtaí bia sin óna bhfaightear seachtháirgí ainmhithe a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh tháirgeadh na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe neamh-athchogantacha gcomhréir le Caibidil IV, Roinn D, pointe (a), an chéad mhír, mar aon le seamlais, ionaid spólta agus bunaíochtaí bia eile óna bhfaightear seachtháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh tháirgeadh na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe neamh-athchogantacha i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn D, pointe (a), an dara, an tríú agus an ceathrú fomhír;

(c)

seamlais, ionaid spólta, bunaíochtaí bia eile agus bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe arna gclárú faoi seach mar sheamlais, ionaid spólta agus bunaíochtaí nach maraítear ainmhithe athchogantacha ná éanlaith chlóis iontu, nach ndíchnámhaítear agus nach ngearrtar feoil na n-athchogantach ná éineoil iontu, nach láimhseáiltear táirgí na n-athchogantach ná na héanlaithe clóis iontu agus nach láimhseáiltear agus nach stóráiltear iontu ach seachtháirgí ainmhithe ó na bunaíochtaí bia sin óna bhfaightear seachtháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh tháirgeadh na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn G, pointe (a), an chéad mhír, mar aon le seamlais, ionaid spólta agus bunaíochtaí bia eile óna bhfaightear seachtháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh tháirgeadh na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn G, pointe (a), an dara, an tríú agus an ceathrú mír;

(d)

seamlais, ionaid spólta, bunaíochtaí bia eile agus bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe arna gclárú faoi seach mar sheamlais, ionaid spólta agus bunaíochtaí nach maraítear ainmhithe athchogantacha ná muc-ainmhithe iontu, nach ndíchnámhaítear agus nach ngearrtar feoil na n-athchogantach ná muiceoil iontu, nach láimhseáiltear táirgí na n-athchogantach ná táirgí mucúla iontu agus nach láimhseáiltear agus nach stóráiltear iontu ach seachtháirgí ainmhithe ó na bunaíochtaí bia sin óna bhfaightear seachtháirgí ainmhithe a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh tháirgeadh na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn G, pointe (a), an chéad mhír, mar aon le seamlais, ionaid spólta agus bunaíochtaí bia eile óna bhfaightear seachtháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh tháirgeadh na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn H, pointe (a), an dara, an tríú agus an ceathrú mír;

(e)

ionaid spólta arna gclárú mar ionaid ina dtáirgtear fuil athchogantach go heisiach i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn C, pointe (c), an chéad mír, mar aon le hionaid spólta údaraithe ina dtáirgtear táirgí fola i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn C, pointe (c), an dara, an tríú agus an ceathrú mír;

(f)

ionaid phróiseála arna gclárú mar ionaid nach bpróiseáiltear seachtháirgí ainmhithe na n-athchogantach iontu i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn D, pointe (c), an chéad mhír, mar aon le hionaid phróiseála ina dtairgtear próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe neamh-athchogantacha agus a oibríonn i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn D, pointe (c), an dara, an tríú agus an ceathrú mír;

(g)

ionaid phróiseála arna gclárú mar ionaid phróiseála nach bpróiseáiltear seachtháirgí ainmhithe na n-athchogantach ná na héanlaith clóis iontu i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn G, pointe (c), an chéad mhír, mar aon le hionaid phróiseála ina dtáirgtear próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe agus a oibríonn i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn G, pointe (c), an dara, an tríú agus an ceathrú mír;

(h)

ionaid phróiseála arna gclárú mar ionaid phróiseála nach maraítear ainmhithe athchogantacha ná muc-ainmhithe iontu i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn H, pointe (c), an chéad mhír, mar aon le seamlais fhormheasta ina dtáirgtear próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis agus a oibríonn i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn H, pointe (c), an dara, an tríú agus an ceathrú mír a fháil;

(i)

bunaíochtaí beatha cumaisc údaraithe ina dtáirgtear, i gcomhréir le Caibidil III, Roinn B, beatha cumaisc ina bhfuil mín éisc, fosfáit déchailciam agus fosfáit tréchailciam de bhunadh ainmhíoch, táirgí fola a dhíorthaítear ó ainmhithe neamh-athchogantacha, próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe nó próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis;

(j)

bunaíochtaí beatha cumaisc údaraithe ina dtáirgtear, i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn D, pointe (d), beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe neamh-athchogantacha; mar aon le bunaíochtaí beatha cumaisc údaraithe ina dtáirgtear, i gcomhréir le Caibidil V, Roinn E, pointe 3(b)(ii), beatha cumaisc lena honnmhairiú ón Aontas go heisiach, sin nó beatha cumaisc lena honnmhairiú ón Aontas mar aon le beatha cumaisc le haghaidh ainmhithe dobharshaothraithe atá le cur ar an margadh;

(k)

bunaíochtaí beatha cumaisc údaraithe ina dtáirgtear, i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn E, pointe (d), púdair bainne ina bhfuil mín éisc atá beartaithe le haghaidh ainmhithe feirmshaothraithe den speiceas athchogantach nach bhfuil bainte den diúl go fóill;

(l)

bunaíochtaí beatha cumaisc údaraithe ina dtáirgtear, i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn F pointe (b), beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe;

(m)

bunaíochtaí beatha cumaisc údaraithe ina dtáirgtear, i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn G, pointe (b), beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe agus í beartaithe le haghaidh éanlaith chlóis;

(n)

bunaíochtaí beatha cumaisc údaraithe ina dtáirgtear, i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn H, pointe (b), beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis agus í beartaithe le haghaidh muc-ainmhithe;

(o)

ionaid stórála arna n-údarú i gcomhréir le Caibidil III, Roinn A, pointe 3 nó i gcomhréir le Caibidil V, Roinn E, pointe 3(d), an tríú mír.

2.

Déanfaidh na Ballstáit liostaí atá cothrom le dáta de na daoine a dhéanann beatha cumaisc le húsáid dóibh féin atá cláraithe i gcomhréir le Caibidil III, Roinn B, pointe 3 agus i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn D, pointe (d)(ii), Roinn F, pointe (b)(ii), Roinn G, pointe (d)(ii), agus Roinn H, pointe (d)(ii).”;

(b)

Leasaítear Roinn C mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

Beatha cumaisc atá beartaithe le haghaidh ainmhithe fionnaidh nó peataí, rud ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe neamh-athchogantacha, ní tháirgfear an bheatha sin i mbunaíochtaí ina dtáirgtear beatha le haghaidh ainmhithe feirmshaothraithe cé is moite d’ainmhithe fionnaidh nó d’ainmhithe dobharshaothraithe.”;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“3.

De mhaolú ar phointe 2:

(i)

beatha cumaisc atá beartaithe le haghaidh ainmhithe fionnaidh nó peataí ina bhfuil mín éisc, féadfar an bheatha sin a tháirgeadh i mbunaíochtaí ina dtáirgtear beatha le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha feirmshaothraithe agus púdar bainne le haghaidh ainmhithe athchogantacha nach bhfuil bainte den diúl go fóill;

(ii)

beatha cumaisc atá beartaithe le haghaidh ainmhithe fionnaidh nó peataí, rud ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, féadfar an bheatha sin a tháirgeadh i mbunaíochtaí ina dtáirgtear beatha le haghaidh éanlaith chlóis nó muc-ainmhithe, ar choinníoll go mbeidh an phróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn F, pointe (a);

(iii)

beatha cumaisc atá beartaithe le haghaidh ainmhithe fionnaidh nó peataí, rud ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe, féadfar an bheatha sin a tháirgeadh i mbunaíochtaí ina dtáirgtear beatha le haghaidh éanlaith chlóis, ar choinníoll go mbeidh an phróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó mhuc-ainmhithe i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn G, pointí (a), (b) agus (c);

(iv)

beatha cumaisc atá beartaithe le haghaidh ainmhithe fionnaidh nó peataí, rud ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis, féadfar an bheatha sin a tháirgeadh i mbunaíochtaí ina dtáirgtear beatha le haghaidh muc-ainmhithe, ar choinníoll go mbeidh an phróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn H, pointí (a), (b) agus (c)”;

(c)

i Roinn E, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“3.

Onnmhairiú na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe neamh-athchogantacha nó onnmhairiú na beatha cumaisc ina bhfuil próitéin den sórt sin, is onnmhairiú é a bheidh faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

Déanfar an phróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe neamh-athchogantacha a tháirgeadh in ionaid phróiseála a chomhlíonann cheanglais Chaibidil IV, Roinn D, pointe (c) nó Chaibidil IV, Roinn F, pointe (a)(i), nó Chaibidil IV, Roinn G, pointe (c) nó Chaibidil IV, Roinn H, pointe (c).

(b)

Beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe neamh-athchogantacha, is sna bunaíochtaí seo a leanas a dhéanfar í a tháirgeadh:

(i)

ina dtáirgtear i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn D, pointe d), nó le Caibidil IV, Roinn F, pointe (b) nó le Caibidil IV, Roinn G, pointe (d), nó le Caibidil IV, Roinn H, pointe (d); nó

(ii)

ina bhfaightear an phróitéin ainmhíoch phróiseáilte a úsáidtear i mbeatha cumaisc atá beartaithe lena honnmhairiú ó ionaid phróiseála a chomhlíonann pointe (a) agus:

atá tiomnaithe go heisiach do tháirgeadh na beatha cumaisc lena honnmhairiú ón Aontas agus iad údaraithe chun na críche sin ag an údarás inniúil, sin nó

atá tiomnaithe go heisiach do tháirgeadh na beatha cumaisc lena honnmhairiú ón Aontas agus do tháirgeadh na beatha cumaisc le haghaidh ainmhithe dobharshaothraithe, éanlaith chlóis nó muc-ainmhithe atá le cur ar an margadh san Aontas, agus iad údaraithe chun na críche sin ag an údarás inniúil.

(c)

Déanfar an bheatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó neamh-athchogantacha a phacáistiú agus a lipéadú i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais nó le ceanglais dlí na tíre is allmhaireoir. I gcás nach ndéanfar an bheatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe neamh-athchogantacha a lipéadú i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, cuirfear na focail seo a leanas ar an lipéadú: “tá próitéin ainmhíoch phróiseáilte ó ainmhithe neamh-athchogantacha sa bheatha seo”.

(d)

Bulcphróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe neamh-athchogantacha, agus bulcbheatha cumaisc ina bhfuil próitéin den sórt sin agus atá beartaithe lena honnmhairiú ón Aontas, is i bhfeithiclí agus i gcoimeádáin a dhéanfar iad a iompar, agus is in áiseanna stórála a dhéanfar iad a stóráil, feithiclí, coimeádáin agus áiseanna nach n-úsáidtear le haghaidh iompar ná stóráil na beatha atá le cur ar an margadh agus í beartaithe chun ainmhithe athchogantacha nó ainmhithe neamh-athchogantacha feirmshaothraithe cé is moite d’ainmhithe dobharshaothraithe a bheathú. Taifid ina sonraítear na cineálacha táirgí a iompraíodh nó a stóráladh, coimeádfar taifead mar sin i gcomhair an údaráis inniúil go ceann tréimhse dhá bhliain ar a laghad.

De mhaolú ar an gcéad mhír, feithiclí, coimeádáin nó áiseanna stórála a úsáideadh cheana le haghaidh iompar agus stóráil na próitéine ainmhíche próiseáilte na bulcpróitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe neamh-athchogantacha, agus na bulcbheatha cumaisc ina bhfuil próitéin den sórt sin, agus í beartaithe lena honnmhairiú ón Aontas, féadfar na feithiclí, na coimeádáin agus na háiseanna sin a úsáid ina dhiaidh sin le haghaidh iompar nó stóráil na beatha atá le cur ar an margadh agus í beartaithe chun ainmhithe athchogantacha nó ainmhithe neamh-athchogantacha feirmshaothraithe cé is moite d’ainmhithe dobharshaothraithe a bheathú, ar choinníoll go nglanfar iad roimh ré chun traséilliú a sheachaint, i gcomhréir le nós imeachta doiciméadaithe a bhfuil údarú tugtha dó roimh ré ag an údarás inniúil. I gcás ina dtéitear i muinín nós imeachta den sórt sin, coimeádfar taifead doiciméadaithe ar an úsáid sin i gcomhair an údaráis inniúil go ceann tréimhse dhá bhliain ar a laghad.

Ionaid stórála ina ndéantar bulcphróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó ainmhithe neamh-athchogantacha agus bulcbheatha cumaisc ina bhfuil próitéin den sórt sin a stóráil faoi na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (d), an dara mír, déanfaidh an t-údarás inniúil na hionaid stórála sin a údarú nuair a bheidh sé deimhnithe aige go gcomhlíonann siad na ceanglais a liostaítear sa mhír sin.”;

(d)

cuirtear an roinn seo a leanas leis:

ROINN G

An doiciméad agus an lipéadú a ghabhann le próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, muc-ainmhithe nó éanlaith chlóis agus beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte den sórt sin

1.

An doiciméad tráchtála, nó de réir mar is iomchuí, an deimhniú sláinte atá ag gabháil leis an bpróitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, muc-ainmhithe nó éanlaith chlóis i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, agus lipéad na próitéine ainmhíche próiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, muc-ainmhithe nó éanlaithe chlóis, déanfar na focail seo a leanas a mharcáil go soiléir ar an doiciméad, an deimhniú nó an lipéad sin: “Próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó (luaitear na hainmhithe feirmshaothraithe ábhartha a liostaítear sa chéad cholún de Thábla 1, na hainmhithe ónar díorthaíodh an phróitéin ainmhíoch phróiseáilte) — ná húsáidtear í i mbeatha le haghaidh ainmhithe feirmshaothraithe cé is moite de (luaitear na hainmhithe feirmshaothraithe ábhartha a liostaítear sa dara colún de Thábla 1, na hainmhithe a bhféadfar iad a bheathú leis an bpróitéin ainmhíoch phróiseáilte)”;

2.

Beidh na focail seo a leanas le feiceáil go soiléir ar lipéad na beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, muc-ainmhithe nó éanlaith chlóis: “Próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó (luaitear na hainmhithe feirmshaothraithe ábhartha a liostaítear sa chéad cholún de Thábla 1, na hainmhithe ónar díorthaíodh an phróitéin ainmhíoch phróiseáilte) — ná húsáidtear í i mbeatha le haghaidh ainmhithe feirmshaothraithe cé is moite de (luaitear na hainmhithe feirmshaothraithe ábhartha a liostaítear sa dara colún de Thábla 1, na hainmhithe a bhféadfar iad a bheathú leis an bpróitéin ainmhíoch phróiseáilte)”;

Tábla 1

Ainmhithe feirmshaothraithe ónar díorthaíodh an phróitéin ainmhíoch phróiseáilte

Ainmhithe feirmshaothraithe a bhféadfar iad a bheathú leis an bpróitéin ainmhíoch phróiseáilte

Feithidí saothraithe

Ainmhithe dobharshaothraithe, ainmhithe fionnaidh, muc-ainmhithe, éanlaith chlóis

Muc-ainmhithe

Ainmhithe dobharshaothraithe, ainmhithe fionnaidh, éanlaith chlóis

Éanlaith chlóis

Ainmhithe dobharshaothraithe, ainmhithe fionnaidh, muc-ainmhithe

Feithidí saothraithe agus muc-ainmhithe

Ainmhithe dobharshaothraithe, ainmhithe fionnaidh, éanlaith chlóis

Feithidí saothraithe agus éanlaith chlóis

Ainmhithe dobharshaothraithe, ainmhithe fionnaidh, muc-ainmhithe

Muc-ainmhithe agus éanlaith chlóis

Ainmhithe dobharshaothraithe, ainmhithe fionnaidh

Feithidí saothraithe, muc-ainmhithe agus éanlaith chlóis

Ainmhithe dobharshaothraithe, ainmhithe fionnaidh”


Top