Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1337

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1337 ón gCoimisiún an 18 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 a mhéid a bhaineann leis an mbainistíocht airgeadais

    C/2021/4263

    IO L 289, 12.8.2021, p. 9–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2022; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32022R0128

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1337/oj

    12.8.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 289/9


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1337 ÓN gCOIMISIÚN

    an 18 Meitheamh 2021

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 a mhéid a bhaineann leis an mbainistíocht airgeadais

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 46(6) agus Airteagal 104 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 (2) ón gCoimisiún leagtar amach na rialacha ginearálta maidir le dearbhú caiteachais agus an t-ioncam sannta arna dhearbhú ag na gníomhaireachtaí íocaíochta i ndáil le mí ar leith. Ón uair a bhunaítear na híocaíochtaí míosúla chuig na Ballstáit, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na ceartúcháin arna gcinneadh ag an gCoimisiún trí imréiteach cuntas agus imréiteach comhréireachta. Dá réir sin, ós rud é go bhfuil na méideanna a bhaineann leis na ceartúcháin sin ar eolas ag an gCoimisiún, níl aon gá sonrach ag na Ballstáit iad a áireamh sa dearbhú míosúil agus iad a dhearbhú leis an gCoimisiún. Chun an nós imeachta a shimpliú a mhéid a bhaineann leis na méideanna atá le dearbhú ag na Ballstáit, ba cheart an ceanglas sin a scriosadh.

    (2)

    Le hAirteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 foráiltear go ndéanfaidh an Coimisiún, trína chinneadh na híocaíochtaí míosúla a dhéanamh, na hacmhainní is gá chun an caiteachas atá le cumhdach faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (“CERT”) a sholáthar do na Ballstáit. Ar an gcaoi sin, ba cheart don Choimisiún, áfach, ioncam arna fháil ag na gníomhaireachtaí íocaíochta a chur san áireamh thar ceann bhuiséad an Aontais. Faoi láthair faoin CERT, tá glanluacháil á déanamh ag an gCoimisiún ar an gcaiteachas in aghaidh an ioncaim sannta, agus sin go díreach sa chinneadh íocaíochta míosúla arna eisiúint ag an gCoimisiún. Leis an oibríocht airgeadais sin maolaítear an bealach a mbainistítear ioncam sannta faoi Chistí eile de chuid an Aontais, ar cistí iad nach ndéantar glanluacháil air ach go n-aisghabhtar é le hordú aisghabhála arna tharraingt suas de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Chun cleachtais chuntasaíochta an Choimisiúin agus go háirithe an bealach a mbainistítear ioncam sannta a chomhchuibhiú, is gá an ghné theicniúil sin den bhainistíocht airgeadais faoi CERT a ailíniú leis an sreabhadh arna úsáid ag Cistí eile de chuid an Aontais. Dá réir sin, is gá leasú a dhéanamh ar an mbealach a ndéantar ioncam arna dhéanamh faoi CERT a fhritháireamh.

    (3)

    Le Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus cuireadh síneadh leis an tréimhse a mhaireann na cláir forbartha tuaithe a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (“CETFT”) go dtí an 31 Nollaig 2022, agus tugadh deis do na Ballstáit a gcláir shínte a mhaoiniú ón leithdháileadh comhfhreagrach buiséid le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022. Thairis sin, le Rialachán (AE) 2020/2220 rinneadh na hacmhainní breise ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (“EURO”) a chur ar fáil sna cláir shínte sna blianta 2021 agus 2022 chun bearta a mhaoiniú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus é mar chuspóir dóibh aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19 agus na hiarmhairtí atá aici sin ar earnáil talmhaíochta agus limistéir thuaithe an Aontais.

    (4)

    Mar a leagtar amach in aithris (24) de Rialachán (AE) 2020/2220, tá na hacmhainní breise ó EURI faoi réir coinníollacha sonracha. Ba cheart, dá bhrí sin, na hacmhainní breise sin a chlársceidealú agus a fhaireachán ar leithligh ó thacaíocht an Aontais don fhorbairt tuaithe, agus na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 á gcur i bhfeidhm go ginearálta, ag an am céanna. Dá bhrí sin, ba cheart na hacmhainní breise sin a chur chun feidhme trí Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus ba cheart iad a mheas faoi chuimsiú an Rialacháin sin mar mhéideanna lena maoinítear bearta faoi CETFT. Dá réir sin, ba cheart na rialacha maidir le cur chun feidhme na bainistíochta airgeadais i ndáil leis na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a oiriúnú. Go háirithe, maidir le réamhaisnéis na gceanglas cistiúcháin, na dearbhuithe caiteachais atá le soláthar do na Ballstáit agus ríomh an mhéid atá le híoc, ba cheart iad a choigeartú i ndáil le leithdháiltí CETFT.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 a leasú dá réir.

    (6)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um na Cistí Talmhaíochta,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 11(1), pointe (c), scriostar an abairt dheireanach;

    (2)

    in Airteagal 14(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Nuair is méid diúltach do Bhallstát is toradh do na híocaíochtaí a dhéanfaidh an Coimisiún, tabharfar na hasbhaintí barrachais ar aghaidh chuig na míonna dár gcionn.”;

    (3)

    in Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    “Maidir le gach clár forbartha tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus i gcomhréir le hAirteagal 102(1), an chéad fhomhír, pointe (c)(ii)) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, cuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún, dhá uair sa bhliain, faoin 31 Eanáir agus faoin 31 Lúnasa ar a dhéanaí, a réamhaisnéis de na méideanna a bheidh le maoiniú ag CETFT le haghaidh na bliana airgeadais. Leis na réamhaisnéisí sin léireofar ar leithligh na méideanna réamh-mheasta le haghaidh na n-acmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Ina theannta sin, seolfaidh na Ballstáit meastachán a bheidh cothrom le dáta dá n-iarrataí ar mhaoiniú le haghaidh na bliana airgeadais ina dhiaidh.

    (*1)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).”;"

    (4)

    in Airteagal 22(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

    “1.   Dearbhóidh gníomhaireachtaí íocaíochta caiteachas maidir le gach clár forbartha tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

    Le haghaidh gach birt forbartha tuaithe, sonróidh na gníomhaireachtaí íocaíochta i ndearbhú caiteachais an méid dá dtagraítear in Airteagal 58(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus an méid dá dtagraítear in Airteagal 58a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.”;

    (5)

    in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Gan dochar don uasteorainn dá bhforáiltear in Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 i gcás inar mó comhiomlán na ranníocaíochta ón Aontas arna híoc leis an gclár forbartha tuaithe ná an méid iomlán atá réamhshocraithe le haghaidh beart forbartha tuaithe, laghdófar an méid a bheidh le híoc mar a leanas:

    (a)

    le haghaidh acmhainní faoi EAFRDM, gan na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, laghdófar é go dtí an méid a bheidh réamhshocraithe don bheart sin faoi EAFRD, gan na hacmhainní breise;

    (b)

    le haghaidh na n-acmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, laghdófar é go dtí an méid atá réamhshocraithe don bheart sin faoi na hacmhainní breise.

    Aon ranníocaíocht de chuid an Aontais a eisiatar mar thoradh air sin, féadfar an ranníocaíocht sin a íoc níos déanaí ar choinníoll go bhfuil plean maoinithe coigeartaithe curtha isteach ag an mBallstát agus go mbeidh glactha ag an gCoimisiún leis.”

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Meitheamh 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2014 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, rialacha maidir le seiceálacha, urrúis agus maidir le trédhearcacht (IO L 255, 28.8.2014, lch. 59).

    (3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíocht den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (IO L 437, 28.12.2020, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).


    Top