Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1301

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1301 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i ndáil le Poblacht na Guine

    ST/11030/2021/INIT

    IO L 283, 6.8.2021, p. 7–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1301/oj

    6.8.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 283/7


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1301 ÓN gCOMHAIRLE

    an 5 Lúnasa 2021

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i ndáil le Poblacht na Guine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i ndáil le Poblacht na Guine (1), agus go háirithe Airteagal 15a(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 22 Nollaig 2009, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009.

    (2)

    Ba cheart faisnéis faoi chúigear a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009 a thabhairt cothrom le dáta.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2021,

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    G. DOVŽAN


    (1)  IO L 346, 23.12.2009, lch. 26.


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh.1284/2009, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad iontrálacha 1 go dtí 5 faoin gceannteideal ‘Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(3)’:

     

    Ainm (agus ailiasanna féideartha)

    Faisnéis chéannachta

    Cúiseanna

    ‘1.

    Captain Moussa Dadis CAMARA

    Dáta breithe: 01.01.64 nó 29.12.1968

    Pasuimhir: R0001318

    Inscne: fireann

    Seoladh: Ouagadougou (Burkina Faso)

    Feidhm nó gairm: Iar-mhíleata agus ceannaire junta míleata CNDD (Conseil National pour la Democratie et le Developpement)

    Duine a shainaithin an Coimisiún Idirnáisiúnta Fiosrúcháin mar dhuine atá freagrach as imeachtaí an 28 Meán Fómhair 2009 sa Ghuine

    2.

    An Coirnéal Moussa Tiégboro CAMARA

    Ailias: Moussa Thiegboro CAMARA

    Dáta breithe: 01.01.1968

    Pasuimhir: 7190

    Inscne: fireann

    Feidhm nó gairm: Ardrúnaí, Uachtaránacht Phoblacht na Guine

    Duine a shainaithin an Coimisiún Idirnáisiúnta Fiosrúcháin mar dhuine atá freagrach as imeachtaí an 28 Meán Fómhair 2009 sa Ghuine

    3.

    An Coirnéal Dr. Abdoulaye Chérif DIABY

    Dáta breithe: 26.02.1957

    Pasuimhir: 13683

    Inscne: fireann

    Feidhm nó gairm: dochtúir míleata

    Duine a shainaithin an Coimisiún Idirnáisiúnta Fiosrúcháin mar dhuine atá freagrach as imeachtaí an 28 Meán Fómhair 2009 sa Ghuine

    4.

    An Captaen Aboubacar Chérif (ailias Toumba) DIAKITÉ

    Inscne: fireann

    Seoladh: Conakry (Republic of Guinea)

    Feidhm nó gairm: iar-mhíleata.

    Faisnéis eile: faoi choinneáil

    Duine a shainaithin an Coimisiún Idirnáisiúnta Fiosrúcháin mar dhuine atá freagrach as imeachtaí an 28 Meán Fómhair 2009 sa Ghuine

    5.

    An Coirnéal Jean-Claude PIVI (ailias Coplan)

    Dáta breithe: 01.01.1960

    Inscne: fireann

    Feidhm nó gairm: An tAire atá i gceannas ar Shlándáil an Uachtaráin

    Duine a shainaithin an Coimisiún Idirnáisiúnta Fiosrúcháin mar dhuine atá freagrach as imeachtaí an 28 Meán Fómhair 2009 sa Ghuine’


    Top