This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1296
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1296 of 4 August 2021 amending and correcting Regulation (EU) No 965/2012 as regards the requirements for fuel/energy planning and management, and as regards requirements on support programmes and psychological assessment of flight crew, as well as testing of psychoactive substances (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1296 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2021 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le pleanáil agus bainistíocht bhreosla/fuinnimh, agus a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le cláir thacaíochta agus measúnú síceolaíochta ar fhoireann eitilte, mar aon le tástáil maidir le substaintí sícighníomhacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1296 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2021 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le pleanáil agus bainistíocht bhreosla/fuinnimh, agus a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le cláir thacaíochta agus measúnú síceolaíochta ar fhoireann eitilte, mar aon le tástáil maidir le substaintí sícighníomhacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/5713
IO L 282, 5.8.2021, pp. 5–28
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32012R0965 | Scriosadh | iarscríbhinn I pointe 46 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Scriosadh | iarscríbhinn I pointe 51 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Scriosadh | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.106 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Scriosadh | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.151 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Scriosadh | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.186 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Scriosadh | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.281 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Scriosadh | iarscríbhinn VII pointe NCO.OP.126 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Scriosadh | iarscríbhinn VII pointe NCO.SPEC.135 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Scriosadh | iarscríbhinn VII pointe NCO.SPEC.140 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Cur le | iarscríbhinn I pointe 104a | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Cur le | iarscríbhinn I pointe 31a | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Cur le | iarscríbhinn I pointe 49d | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Cur le | iarscríbhinn I pointe 49e | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Cur le | iarscríbhinn I pointe 50a | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Cur le | iarscríbhinn I pointe 50b | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Cur le | iarscríbhinn I pointe 8c | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Cur le | iarscríbhinn I pointe 98b | 14/02/2021 | |
| Modifies | 32012R0965 | Cur le | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.177 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Cur le | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.191 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Cur le | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.192 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Cur le | iarscríbhinn VI pointe NCC.OP.157 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Cur le | iarscríbhinn VII pointe NCO.OP.147 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Cur le | iarscríbhinn VIII pointe SPO.OP.157 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn I pointe 26 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn I pointe 73 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn II pointe ARO.OPS.225 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn III foscríbhinn I | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe CAT.IDE.A.195 pointe (e) | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.100 pointe (b) pointe 3 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.150 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.175 pointe (b) pointe 7 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.180 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.181 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.182 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.185 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.190 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.195 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.200 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.245 pointe (a) pointe 1 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.246 pointe (a) | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.260 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe CAT.OP.MPA.280 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe CAT.POL.A.220 pointe (f) | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe CAT.POL.A.420 pointe (d) | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn V pointe SPA.HEMS.150 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn V pointe SPA.HEMS.155 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn V pointe SPA.HOFO.120 pointe (a) | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn V pointe SPA.SET-IMC.110 pointe l | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VI pointe NCC.OP.105 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VI pointe NCC.OP.130 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VI pointe NCC.OP.131 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VI pointe NCC.OP.151 pointe (b) | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VI pointe NCC.OP.155 pointe (b) | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VI pointe NCC.OP.205 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VI pointe NCC.POL.110 pointe (a) pointe 6 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VI pointe NCC.POL.110 pointe (a) pointe 7 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VI pointe NCC.POL.110 pointe (a) pointe 8 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VI pointe NCC.POL.110 pointe (a) pointe 9 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VII pointe NCO.OP.105 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VII pointe NCO.OP.125 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VII pointe NCO.OP.145 pointe (b) | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VII pointe NCO.OP.185 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VIII pointe SPO.IDE.H.146 pointe (a) pointe 1 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VIII pointe SPO.OP.105 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VIII pointe SPO.OP.130 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VIII pointe SPO.OP.131 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VIII pointe SPO.OP.150 pointe (b) | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VIII pointe SPO.OP.155 pointe (b) | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VIII pointe SPO.OP.190 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VIII pointe SPO.POL.110 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VIII pointe SPO.POL.115 pointe (a) pointe 6 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VIII pointe SPO.POL.115 pointe (a) pointe 7 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VIII pointe SPO.POL.115 pointe (a) pointe 8 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | iarscríbhinn VIII pointe SPO.POL.115 pointe (a) pointe 9 | 30/10/2022 | |
| Modifies | 32012R0965 | Athchur | airteagal 9b mír 2 | 30/10/2022 |
|
5.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 282/5 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1296 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Lúnasa 2021
lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le pleanáil agus bainistíocht bhreosla/fuinnimh, agus a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le cláir thacaíochta agus measúnú síceolaíochta ar fhoireann eitilte, mar aon le tástáil maidir le substaintí sícighníomhacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 31 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar rialacha mionsonraithe síos le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (2) maidir le hoibríochtaí aeir agus go háirithe maidir le pleanáil agus bainistíocht bhreosla. Ba cheart na rialacha sin a thabhairt cothrom le dáta chun dul chun cinn a rinneadh le déanaí ó thaobh theicneolaíocht na n-inneall de agus na dea-chleachtais i réimse na n-oibríochtaí aeir a léiriú agus chun taithí eitlíochta ar fud an domhain a chur san áireamh mar aon le dul chun cinn ó thaobh na heolaíochta agus na teicneolaíochta de in oibríochtaí aeir. |
|
(2) |
Maidir leis na leasuithe is déanaí a rinneadh ar Iarscríbhinn 6 den Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), leasuithe a bhain le breosla, mar atá, Cuid I (11ú heagrán), Cuid III (naoú heagrán) agus treoraíocht nua Dhoiciméad 9976 ICAO “Fuel planning manual”, ba cheart iad a ionchorprú i Rialachán (AE) Uimh. 965/2012, cé is moite de cheanglais áirithe is infheidhme maidir le héileacaptair, i gcás ina measann EASA go gcomhlíonann réitigh eile an leibhéal sábháilteachta a cheanglaítear. |
|
(3) |
Ba cheart cothroime iomaíochta do gach páirtí leasmhar sa mhargadh eitlíochta inmheánach a bheith le fáil de bharr na rialacha nua maidir le pleanáil agus bainistíocht bhreosla/fuinnimh, agus ba cheart feabhas a bheith curtha ar iomaíochas thionscal eitlíochta an Aontais dá mbarr freisin. |
|
(4) |
Ba cheart, leis na ceanglais nua maidir le pleanáil agus bainistíocht bhreosla/fuinnimh, go dtacófaí leis an nuálaíocht agus ba cheart go mbeifear in ann teicneolaíochtaí nua a chomhtháthú i réimse na n-oibríochtaí aeir go réidh a bhuí leo. Dá bhrí sin, ba cheart an téarma “breosla/fuinneamh” a úsáid in áit an téarma “breosla” aon uair is iomchuí chun oibríochtaí ag a bhfuil aerárthaí ina n-úsáidtear foinsí fuinnimh seachas gnáthbhreosla atá bunaithe ar híodrocarbóin a chuimsiú. |
|
(5) |
Ba cheart na ceanglais a bhaineann leis na cineálacha difriúla oibríochtaí a bheith i gcomhréir le scála agus le castacht oibríochtaí den sórt sin, mar aon leis na rioscaí a bhíonn i gceist le hoibríochtaí den sórt sin. |
|
(6) |
Ba cheart d’oibreoirí aeir a bheith in ann úsáid a bhaint as nósanna imeachta pleanála agus bainistíochta atá bunaithe ar fheidhmíocht agus lena gcuirtear feabhas ar an éifeachtúlacht oibriúcháin trí shochair ó thaobh cúrsaí airgeadais agus an chomhshaoil de a chur ar fáil, agus an leibhéal sábháilteachta á chothabháil nó fiú feabhas á chur air. Dá bhrí sin, ba cheart scéim chuimsitheach breosla a thabhairt isteach leis na ceanglais nua le haghaidh eitleáin a úsáidtear in oibríochtaí aeriompair tráchtála (CAT) lena gcuimseofar trí phríomhbheartas a bhaineann le breosla: pleanáil breosla/fuinnimh, roghnú aeradróm agus bainistíocht bhreosla/fuinnimh le linn eitilte. Ba cheart bainistíocht riosca níos solúbtha a bheith le fáil don oibreoir dá bharr sin, as a bhféadfadh gnóthachain ó thaobh na héifeachtúlachta de teacht dá thoradh. |
|
(7) |
Tugtar le fios le faisnéis sábháilteachta a bhailigh EASA gur cheart ceanglais nua a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis na rioscaí atá bainteach leis an athbhreoslú, agus go háirithe le linn athbhreoslú agus paisinéirí ar bord, ag díbhordáil nó ag bordáil, agus nuair is amhlaidh go bhfuil héileacaptar á athbhreoslú agus a rótair á gcasadh. |
|
(8) |
Éilítear cumais bhreisithe ó na húdaráis inniúla chun measúnú a dhéanamh ar scéimeanna casta breosla/fuinnimh, dá bhrí sin, is gá critéir a thabhairt isteach chun údaráis inniúla a threorú agus measúnuithe riosca oibriúcháin do shábháilteacht á ndéanamh chun tacú le cur chun feidhme scéimeanna breosla/fuinnimh a bheidh bunaithe ar fheidhmíocht go hiomlán. |
|
(9) |
Nuair is amhlaidh go leantar prionsabail na comhréireachta agus na rialála níos fearr, na ceanglais ó thaobh breosla agus fuinnimh de le haghaidh oibríochtaí neamhthráchtála le haerárthaí atá á gcumhachtú le mótar coimpléascach (NCC) agus le haghaidh oibríochtaí speisialaithe (SPO), ba cheart na ceanglais sin a ailíniú ar bhealach níos fearr leis na ceanglais sin le haghaidh oibríochtaí CAT. Ar an taobh eile, na ceanglais maidir le breosla agus fuinneamh le haghaidh oibreoirí neamhthráchtála aerárthaí seachas aerárthaí atá á gcumhachtú le mótar coimpléascach ba cheart iad a bheith bunaithe ar chuspóirí sábháilteachta agus ba cheart go gceadófaí cur chuige bunaithe ar fheidhmíocht leo. Ba cheart go laghdófaí leis na ceanglais nua maidir le pleanáil agus bainistíocht bhreosla agus fuinnimh an t-ualach rialála, go méadófaí an éifeachtúlacht costais agus, le roinnt eisceachtaí, ba cheart comhchuibhiú teacht dá dtoradh le ceanglais atá leagtha síos ag ICAO. |
|
(10) |
Le Rialachán (AE) 2018/1042 ón gCoimisiún (3), cuireadh ceanglais le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 maidir le cláir thacaíochta, le measúnú síceolaíochta ar fhoireann eitilte agus le tástáil chórasach agus randamach maidir le substaintí sícighníomhacha chun folláine leighis bhaill na foirne eitilte agus na foirne cábáin a áirithiú. Tháinig na ceanglais sin chun bheith infheidhme i mí Feabhra 2021. Sainordaíodh an Ghníomhaireacht chun meastóireacht leanúnach a dhéanamh ar éifeachtacht na bhforálacha nua agus an chéad tuairisc mheastóireachta a chur ar fáil faoi Lúnasa 2022. Agus tionchar phaindéim COVID-19 ar an eitlíocht á chur san áireamh, is inmholta tuilleadh ama a thabhairt don Ghníomhaireacht chun na sonraí ábhartha le haghaidh na meastóireachta a bhailiú. Dá bhrí sin, is gá an sprioc-am chun an tuairisc mheastóireachta a chur i gcrích a chur siar chuig an 14 Lúnasa 2023. |
|
(11) |
Le Rialachán (AE) 2018/1042, tugadh pointe 98(a) isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 lenar sainmhíníodh an téarma “substaintí sícighníomhacha”. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2036 ón gCoimisiún (4), lenar leasaíodh Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 dá éis sin, cuireadh téacs nua in ionad phointe 98(a) go neamhaireach, lenar sainmhíníodh an téarma “inniúil”, agus lenar scriosadh sainmhíniú an téarma “substaintí sícighníomhacha”. Tá an sainmhíniú sin fíor-riachtanach chun go léirmhíneofar na forálacha a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/1042 go comhsheasmhach agus go háirithe chun substaintí atá faoi réir na bhforálacha sin agus chun substaintí nach bhfuil faoina réir a shainmhíniú go soiléir. Dá bhrí sin, chun ionchais dhlisteanacha na ndaoine a bheidh faoi réir na bhforálacha sin a chosaint, ba cheart an sainmhíniú sin a thabhairt isteach an athuair in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 le héifeacht ó dháta chur i bhfeidhm na n-athruithe gaolmhara a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/1042, is é sin, ón 14 Feabhra 2021. |
|
(12) |
Tá dréacht-riail cur chun feidhme ullmhaithe agus tíolactha ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa in éineacht le Tuairim 02/2020 (5) i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c), agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139. |
|
(13) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a leasú agus a cheartú dá réir. |
|
(14) |
Chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme mar is ceart, ba cheart tréimhse leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit agus do pháirtithe leasmhara dá ndéantar difear chun a gcuid nósanna imeachta a chur in oiriúint do na ceanglais nua a bhunaítear leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart a chur i bhfeidhm a chur siar. |
|
(15) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 965/2012
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 9b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: “Déanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú leanúnach ar éifeachtacht na bhforálacha a bhaineann le cláir thacaíochta, le measúnú síceolaíochta ar fhoireann eitilte agus le tástáil chórasach agus randamach maidir le substaintí sícighníomhacha chun folláine leighis bhaill na foirne eitilte agus na foirne cábáin a áirithiú, rud a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus IV. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an chéad tuarascáil faoi thorthaí an athbhreithnithe sin a chur ar fáil tráth nach déanaí ná 14 Lúnasa 2023. Beidh saineolas ábhartha i gceist leis an athbhreithniú sin agus beidh sé bunaithe ar shonraí a bhailítear, le cúnamh na mBallstát agus na Gníomhaireachta, ar bhonn fadtéarmach.”; |
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, IV, V, VI, VII agus VIII i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a cheartú
Ceartaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 30 Deireadh Fómhair 2022.
Beidh feidhm ag Iarscríbhinn II ón 14 Feabhra 2021, áfach.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2018/1042 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012, a mhéid a bhaineann le ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le cláir thacaíochta agus measúnú síceolaíochta ar fhoireann eitilte a thabhairt isteach, mar aon le tástáil chórasach agus randamach maidir le substaintí sícighníomhacha chun folláine leighis bhaill na foirne eitilte agus na foirne cábáin a áirithiú, agus a mhéid a bhaineann le trealamh córais rabhaidh um feasacht ar an tír-raon a chur isteach in eitleáin nua-mhonaraithe faoi chumhacht tuirbín ag a bhfuil uasmhais dheimhnithe éirí de thalamh de 5 700 kg nó níos lú agus a fhormheastar chun idir seisear agus naonúr paisinéirí a iompar (IO L 188, 25.7.2018, lch. 3).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2036 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le hinniúlacht agus modhanna oiliúna na foirne eitilte agus le dátaí chur i bhfeidhm beart áirithe a chur siar i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 (IO L 416, 11.12.2020, lch. 24).
(5) https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, IV, V, VI, VII agus VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
|
(3) |
in Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Aguisín I: “ “Aguisín I
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
|
|
(5) |
Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
|
(6) |
Leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:
|
|
(7) |
Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:
|
|
(8) |
Leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:
|
IARSCRÍBHINN II
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012, cuirtear an pointe (98b) seo a leanas isteach:
|
‘ciallaíonn |
(98b) “substaintí sícighníomhacha” alcól, ópóidigh, cannaibionóidigh, támhacháin agus drugaí hiopnóiseacha, cócaon, síceaspreagthaigh eile, siabhraiginí, agus tuaslagóirí so-ghalaithe, cé is moite de chaiféin agus de thobac;’. |