This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1295
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1295 of 4 August 2021 derogating in respect of the year 2021 from Article 75(1), third subparagraph, of Regulation (EU) No 1306/2013 of the European Parliament and of the Council as regards the level of advance payments for direct payments and area-related and animal-related rural development measures
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1295 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2021 lena maolaítear i leith na bliana 2021 ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus bearta forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1295 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2021 lena maolaítear i leith na bliana 2021 ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus bearta forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe
C/2021/5708
IO L 282, 5.8.2021, p. 3–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Derogation | 32013R1306 | airteagal 75 mír 1 mír neamhuimhrithe 3 | 08/08/2021 |
5.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 282/3 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1295 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Lúnasa 2021
lena maolaítear i leith na bliana 2021 ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus bearta forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 75(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ón 16 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Samhain féadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí suas go dtí 50 % a íoc le haghaidh íocaíochtaí díreacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus roimh an 1 Nollaig féadfaidh siad réamhíocaíochtaí suas go dtí 75 % a íoc le haghaidh bearta tacaíochta a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
(2) |
De dheasca na géarchéime a d’eascair as paindéim COVID-19 sna Ballstáit, bhí deacrachtaí eisceachtúla eacnamaíocha agus airgeadais ag feirmeoirí. I bhfianaise leochaileacht shonrach na n-oibreoirí eacnamaíocha sin agus chun iarmhairtí airgeadais agus sreafaí airgid na géarchéime sin a mhaolú, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/531 ón gCoimisiún (4) rinneadh foráil maidir le maolú ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 trí chead a thabhairt do na Ballstáit leibhéil is airde réamhíocaíochtaí a íoc leis na tairbhithe le haghaidh na bliana 2020. Ós rud é go bhfuil paindéim COVID-19 fós ann in 2021 agus go bhfuil suaitheadh eacnamaíoch roimh fheirmeoirí fós, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit leanúint de réamhíocaíochtaí méadaithe a íoc i leith na bliana éilimh 2021. |
(3) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um na Cistí Talmhaíochta, an Coiste um Íocaíochtaí Díreacha agus an Coiste um Fhorbairt Tuaithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
De mhaolú ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, i leith na bliana éilimh 2021 féadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí suas go dtí 70 % a íoc le haghaidh na n-íocaíochtaí díreacha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus suas go dtí 85 % le haghaidh tacaíocht arna deonú faoi fhorbairt tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 67(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/531 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2020 lena maolaítear i leith na bliana 2020 ar an tríú fomhír d’Airteagal 75(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus bearta a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe agus ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 75(2) don Rialachán sin maidir le híocaíochtaí díreacha (IO L 119, 17.4.2020, lch. 1).