Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1118

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún an 26 Márta 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an mhodheolaíocht atá le húsáid ag údaráis réitigh chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas i dtaca le heintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh i gcás nach mbíonn an grúpa réitigh faoi réir na gceanglas sin per se de bhun na Treorach réamhráite (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/1794

    IO L 241, 8.7.2021, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1118/oj

    8.7.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 241/1


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1118 ÓN gCOIMISIÚN

    an 26 Márta 2021

    lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an mhodheolaíocht atá le húsáid ag údaráis réitigh chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas i dtaca le heintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh i gcás nach mbíonn an grúpa réitigh faoi réir na gceanglas sin per se de bhun na Treorach réamhráite

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, (1) agus go háirithe Airteagal 45c(4) di,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is éard atá sa cheanglas cistí dílse breise dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus sa cheanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) den chéad fhomhír d’Airteagal 128 den Treoir sin ionchuir chun na méideanna ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin a leagtar amach in Airteagal 45c(3) de Threoir 2014/59/AE a ríomh. Tá na ceanglais sin le húsáid ag údaráis réitigh chun an t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) dá dtagraítear in Airteagal 45(1) den Treoir sin a shocrú.

    (2)

    De réir Airteagal 45e(1) de Threoir 2014/59/AE, ní mór d’eintitis réitigh ICDI a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite ar leibhéal an ghrúpa réitigh. D’fhéadfadh sé nach mbeadh grúpa réitigh mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(1), (83b) de Threoir 2014/59/AE comhionann i gcónaí le grúpa mar a shainmhínítear é i bpointe (26) d’Airteagal 2(1) den Treoir sin, go háirithe nuair atá níos mó ná grúpa réitigh amháin sa ghrúpa sin. De réir Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá feidhm ag an gceanglas cistí dílse breise agus leis an gceanglas maoláin chomhcheangailte maidir leis an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa. D’fhéadfadh sé, áfach, nach mbeadh feidhm ag na ceanglais sin maidir leis an eintiteas réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh mar d’fhéadfadh sé nach gcumhdódh an grúpa réitigh an grúpa iomlán. Is gá, dá bhrí sin, modheolaíocht a shonrú chun na ceanglais sin a mheas don chás sin.

    (3)

    Más ionann méid iomlán na risíochta ar phriacal atá ag grúpa réitigh agus beagnach iomlán mhéid na risíochta ar phriacal atá ag grúpa, is léiriú é nach bhfuil difríocht ábhartha idir na priacail ná na heilimintí priacail atá sa ghrúpa réitigh sin agus na cinn atá sa ghrúpa. Sa chás sin, ba cheart don údarás réitigh an ceanglas cistí dílse breise a bhfuil feidhm aige maidir leis an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa a úsáid mar mheastachán ar an gceanglas cistí dílse breise agus ICDI a bhfuil feidhm aige maidir leis an eintiteas réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh á chinneadh.

    (4)

    Mar an gcéanna, más féidir méid iomlán na risíochta ar phriacal atá ag grúpa réitigh a shannadh beagnach go hiomlán d’eintiteas amháin de chuid an ghrúpa réitigh sin, is léiriú é nach bhfuil difríocht ábhartha idir na priacail ná na heilimintí priacail atá sa ghrúpa réitigh sin agus na cinn atá san eintiteas sin de chuid an ghrúpa réitigh. Dá réir sin, i gcás nach bhfuil difríocht shuntasach idir méid iomlán na risíochta ar phriacal atá ag an ngrúpa réitigh agus méid iomlán na risíochta ar phriacal atá ag an eintiteas is mó de chuid an ghrúpa réitigh sin, ba cheart don údarás réitigh ceanglas cistí dílse breise an eintitis is mó sin a úsáid mar mheastachán ar an gceanglas cistí dílse breise agus ICDI don eintiteas réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh á chinneadh.

    (5)

    I gcás ina bhfuil grúpa réitigh níos casta agus nach féidir a shainiúlachtaí a chuimsiú go hiomlán trí fhreagairt don cheanglas cistí dílse breise a bhfuil feidhm aige maidir leis an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa nó maidir leis an eintiteas is mó de chuid an ghrúpa réitigh, ba cheart do na húdaráis réitigh meastacháin éagsúla a úsáid le haghaidh cheanglas cistí dílse breise an eintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh. I gcás ina bhfuil an ceanglas cistí dílse breise a bhfuil feidhm aige maidir leis an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa níos airde ná ceanglas cistí dílse breise gach eintitis de chuid an ghrúpa réitigh, ba cheart an ceanglas cistí dílse breise a bhfuil feidhm aige maidir leis an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa a bheith mar bhonn le meastachán a dhéanamh ar cheanglas cistí dílse breise an eintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh. Sa chás sin, ba cheart do na húdaráis réitigh, ar bhonn na faisnéise a chuirfidh an t-údarás inniúil ar fáil, féachaint leis an meastachán sin a choigeartú chun priacail shonracha an ghrúpa réitigh a léiriú i gcomparáid le priacail na máthairinstitiúide Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa. Ba cheart a chur san áireamh leis an gcoigeartú sin go bhféadfadh sé nach mbeadh priacail áirithe an ghrúpa réitigh in eintitis eile de chuid an ghrúpa nach cuid den ghrúpa réitigh iad nó go bhféadfadh sé nach mbeadh priacail áirithe atá sna heintitis sin de chuid an ghrúpa sa ghrúpa réitigh féin.

    (6)

    Más airde ceanglas aonair amháin nó níos mó sa ghrúpa réitigh ná an ceanglas cistí dílse breise a bhfuil feidhm aige maidir leis an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa, is léiriú é gurb ann do phriacail nó d’eilimintí priacail neamhghnácha laistigh den ghrúpa réitigh. D’fhéadfadh níos lú tábhacht a bheith ag baint leis na priacail nó na heilimintí priacail neamhghnácha sin nuair a mheastar iad sa ghrúpa ar an leibhéal comhdhlúite, mar shampla de bhrí go bhféadfaí iad a fhritháireamh le fachtóirí priacail frithchúitimh lasmuigh den ghrúpa réitigh. Chun ceanglas cistí dílse breise an eintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh a mheas, ba cheart don údarás réitigh, dá bhrí sin, nuair a thagann an cás seo chun cinn, meastachán atá bunaithe ar choigeartuithe ar an gceanglas cistí dílse breise, a bhfuil feidhm aige maidir leis an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa, a chur i gcomparáid le meastachán atá bunaithe ar mheán ualaithe cheanglais cistí dílse breise na n-eintiteas uile de chuid an ghrúpa réitigh. Ba cheart don údarás réitigh úsáid a bhaint as an meastachán lena soláthraítear an ceanglas níos airde mar ionchur chun ICDI a chinneadh don eintiteas réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh.

    (7)

    Chun ceanglas cistí dílse breise an eintitis réitigh a mheas ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh le haghaidh grúpaí níos casta, ba cheart do na húdaráis réitigh, i gcás inar féidir, ar bhonn na faisnéise a chuirfidh an t-údarás inniúil ar fáil, ceanglas cistí dílse breise na máthairinstitiúide Aontais a choigeartú ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa lena léiriú nach mbaineann roinnt priacal nó eilimintí priacail a chumhdaítear leis an gceanglas cistí breise sin leis an ngrúpa réitigh lena mbaineann, mar shampla mar gheall ar a gcineál nó ar a suíomh geografach. Ba cheart do na húdaráis réitigh, freisin, i gcás inar féidir, ar bhonn na faisnéise a chuirfidh an t-údarás inniúil ar fáil, coigeartuithe a dhéanamh ar an gceanglas sin chun a chur san áireamh nach léirítear priacail nó eilimintí priacail áirithe de chuid an ghrúpa réitigh go hiomlán sa cheanglas sin nó go nglanluacháiltear iad laistigh de, ach go bhfuil siad ábhartha, mar sin féin, maidir leis an ngrúpa réitigh sin. Ba cheart na coigeartuithe go léir a bheith bunaithe ar fhaisnéis a chuirfidh na húdaráis inniúla ábhartha ar fáil, i gcás ina bhfuil sí ar fáil, ós rud é go bhfuil na húdaráis sin freagrach as meastachán a dhéanamh ar na priacail leanúnacha a bhfuil na heintitis i ngrúpa neamhchosanta orthu. I gcás nach féidir na coigeartuithe sin a dhéanamh, ba cheart don údarás réitigh úsáid a bhaint as ceanglas cistí dílse breise gan choigeartú na máthairinstitiúide Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa chun meastachán a dhéanamh ar cheanglais cistí dílse breise an eintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh.

    (8)

    Ní athraíonn ráta an chaipitil mhaolánaigh caomhantais ó institiúid go hinstitiúid. Ba cheart an ráta sin a úsáid, dá bhrí sin, mar mheastachán ar chaipiteal maolánach caomhantais an eintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh.

    (9)

    Chun struchtúr pleanáilte an ghrúpa a léiriú tar éis chur chun feidhme na straitéise réitigh tosaíochta, ba cheart ceanglais maoláin arb é is aidhm leo aghaidh a thabhairt ar phriacal sistéamach, eadhon, maolán na n-institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo, maolán na n-institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach ag gabháil leo agus an maolán maidir le priacal sistéamach, a mheas, mar réamhshocrú, a bheith comhionann leis na ceanglais arna socrú don eintiteas is gaire, ó thaobh mhéid iomlán na risíochta ar phriacal de, don ghrúpa réitigh.

    (10)

    De réir phointe (a) (ii) den chéad fhomhír d’Airteagal 45c(3) de Threoir 2014/59/AE, is é an méid athchaipitliúcháin an méid a chuireann ar chumas an ghrúpa réitigh a d’eascair as réiteach comhlíonadh an cheanglais cistí dílse breise, i measc ceanglais eile, a athbhunú ar leibhéal an ghrúpa réitigh chomhdhlúite, tar éis chur chun feidhme na straitéise réitigh tosaíochta. De réir an seachtú fomhír d’Airteagal 45c(3) de Threoir 2014/59/AE, beidh an méid is gá chun a áirithiú, tar éis réitigh, go mbeidh an t-eintiteas réitigh in ann muinín leordhóthanach sa mhargadh a chaomhnú ar feadh tréimhse iomchuí cothrom leis an gceanglas maoláin chomhcheangailte a mbeidh feidhm aige tar éis chur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh lúide an cúlchiste fritimthriallach. Is cuid de ICDI é an méid athchaipitliúcháin, lena n-áirítear an méid is gá chun muinín sa mhargadh a chaomhnú, agus féadfar é a choigeartú síos nó suas faoi mhíreanna 3 agus 7 d’Airteagal 45c de Threoir 2014/59/AE chun na hathruithe ar an ngrúpa réitigh tar éis chur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh a léiriú. Dá réir sin, níor cheart a mheas ach an ceanglas cistí dílse breise agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte, arna gcur i bhfeidhm ar an eintiteas réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh, a úsáidtear chun ICDI a chalabrú. Ba cheart an meastachán sin a bheith gan dochar, áfach, d’aon choigeartuithe ar an méid athchaipitliúcháin, lena n-áirítear an méid is gá chun muinín sa mhargadh a chaomhnú, agus ICDI á shocrú faoi Threoir 2014/59/AE.

    (11)

    Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach.

    (12)

    Tá comhairliúcháin oscailte phoiblí seolta ag an Údarás Baincéireachta Eorpach maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, agus tá comhairle iarrtha aige ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An ceanglas cistí dílse breise a mheas

    1.   I gcás nach raibh eintiteas réitigh faoi réir ceanglas cistí dílse breise dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh, déanfaidh na húdaráis réitigh an ceanglas sin a mheas i gcomhréir le míreanna 2 go 7 chun íoscheanglas cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) an eintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh a chinneadh.

    2.   I gcás ina mbeidh difríocht 5 % nó níos lú idir méid iomlán na risíochta ar phriacal atá ag an eintiteas réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh agus méid iomlán na risíochta ar phriacal atá ag an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa, bainfidh na húdaráis réitigh úsáid as an gceanglas cistí dílse breise arna fhorchur ar an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa mar mheastachán ar an gceanglas sin chun ICDI an eintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh a chinneadh.

    3.   Mar mheastachán ar cheanglas cistí dílse breise an eintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh, úsáidfidh na húdaráis réitigh ceanglas cistí dílse breise an eintitis atá freagrach as an gcion is mó de mhéid iomlán comhdhlúite na risíochta ar phriacal atá ag an ngrúpa réitigh i gcás ina mbeidh feidhm ag an méid a leanas ar fad:

    (a)

    tá difríocht níos mó ná 5 % idir méid iomlán na risíochta ar phriacal atá ag an eintiteas réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh agus méid iomlán na risíochta ar phriacal atá ag an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa;

    (b)

    tá méid iomlán na risíochta ar phriacal atá ag an eintiteas réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh comhionann le méid iomlán aonair na risíochta ar phriacal atá ag an eintiteas atá freagrach as an gcion is mó de mhéid iomlán comhdhlúite na risíochta ar phriacal atá ag an ngrúpa réitigh nó tá difríocht níos lú ná 5 % eatarthu;

    (c)

    tá ceanglas cistí dílse breise an eintitis atá freagrach as an gcion is mó de mhéid iomlán comhdhlúite na risíochta ar phriacal atá ag an ngrúpa réitigh os cionn nialas.

    4.   I gcás nach mbeidh feidhm ag míreanna 2 ná 3 agus nach mbeidh aon cheann de na heintitis atá mar chuid den ghrúpa réitigh faoi réir ceanglas cistí dílse breise atá níos airde ná an ceanglas cistí dílse breise arna fhorchur ar an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa, úsáidfidh na húdaráis réitigh, mar mheastachán ar cheanglas cistí dílse breise an eintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh, an ceanglas cistí dílse breise arna fhorchur ar an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa, faoi réir na gcoigeartuithe dá dtagraítear in Airteagal 2.

    5.   I gcás nach mbeidh feidhm ag míreanna 2 ná 3 agus go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na heintitis atá mar chuid den ghrúpa réitigh faoi réir ceanglas cistí dílse breise atá níos airde ná an ceanglas cistí dílse breise arna fhorchur ar an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa, úsáidfidh na húdaráis réitigh, mar mheastachán ar cheanglas cistí dílse breise an eintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh an méid is airde díobh seo a leanas:

    (a)

    an ceanglas cistí dílse breise arna fhorchur ar an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa faoi réir na gcoigeartuithe dá dtagraítear in Airteagal 2;

    (b)

    suim na n-iolrach a gheofar trí cheanglais cistí dílse breise eintitis an ghrúpa réitigh agus méideanna iomlána aonair risíochtaí ar phriacal na n-eintiteas sin faoi seach a roinnt ar shuim mhéideanna iomlána aonair risíochtaí ar phriacal na n-eintiteas sin.

    6.   Chun críocha phointe (b) de mhír 5, i gcás nár forchuireadh aon cheanglas cistí dílse breise ar eintiteas ar bhonn aonair, beidh ceanglas cistí dílse breise an eintitis sin cothrom le nialas.

    7.   Chun críocha an Airteagail seo, ríomhfar méid iomlán na risíochta ar phriacal i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 d’Airteagal 92 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ar bhonn aonair nó comhdhlúite, de réir mar is infheidhme.

    Airteagal 2

    Coigeartuithe chun an ceanglas cistí dílse breise a mheas

    1.   Chun críocha Airteagal 1(4) agus phointe (a) d’Airteagal 1(5) déanfaidh na húdaráis réitigh, bunaithe ar fhaisnéis a chuirfidh an t-údarás inniúil ábhartha ar fáil, a meastachán ar cheanglas cistí dílse breise an eintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh a choigeartú in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    (a)

    roinnt de na priacail nó de na heilimintí priacail ar ar mhaithe lena gcumhdach a d’fhorchuir an t-údarás inniúil an ceanglas cistí dílse breise ar an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa i gcomhréir le hAirteagal 104a de Threoir 2013/36/AE, níl siad sa ghrúpa réitigh lena mbaineann;

    (b)

    roinnt de na priacail nó de na heilimintí priacail ar ar mhaithe lena gcumhdach nár fhorchuir an t-údarás inniúil aon cheanglas cistí dílse breise ar an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa i gcomhréir le hAirteagal 104a de Threoir 2013/36/AE, tá siad sa ghrúpa réitigh sin.

    2.   Ní dhéanfar na coigeartuithe dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina measfaidh an t-údarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil agus tar éis dó an fhaisnéis a chuir an t-údarás inniúil sin ar fáil a chur san áireamh, nach bhfuil aon phriacal suntasach ann a bhaineann le heintitis nó le gníomhaíochtaí de chuid an ghrúpa nach cuid den ghrúpa réitigh iad.

    Airteagal 3

    Modheolaíocht chun ceanglas maoláin chomhcheangailte eintiteas réitigh a mheas

    1.   Is é a bheidh sa mheastachán ar cheanglas maoláin chomhcheangailte an eintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh suim na gceanglas maoláin dá dtagraítear in Airteagal 129(1), i míreanna 4 agus 5 d’Airteagal 131 agus in Airteagal 133(4) de Threoir 2013/36/AE, de réir mar is infheidhme, mar a mheastar iad i gcomhréir le míreanna 2 go 4 den Airteagal seo.

    2.   Úsáidfidh na húdaráis réitigh ceanglas an chaipitil mhaolánaigh caomhantais arna fhorchur ar an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh mar mheastachán ar cheanglas an chaipitil mhaolánaigh caomhantais dá dtagraítear in Airteagal 129(1) de Threoir 2013/36/AE i dtaca leis an eintiteas réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh.

    3.   I gcás inarb é an t-eintiteas réitigh an máthairghnóthas Aontais freisin, úsáidfidh na húdaráis réitigh, mar mheastachán ar cheanglas maoláin na n-institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo (G-SII) dá dtagraítear in Airteagal 131(4) de Threoir 2013/36/AE i dtaca leis an eintiteas réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh, ceanglas maoláin G-SII arna fhorchur ar an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa.

    4.   Mar mheastachán ar cheanglas maoláin na n-institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach ag gabháil leo (O-SII) dá dtagraítear in Airteagal 131(5) de Threoir 2013/36/AE i dtaca leis an eintiteas réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh, úsáidfidh na húdaráis réitigh ceanglas maoláin O-SII arna fhorchur ar an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa. I gcás inar socraíodh ceanglas maoláin O-SII ar leibhéal eile comhdhlúthaithe, freisin, seachas ar leibhéal an ghrúpa, úsáidfidh na húdaráis réitigh, mar mheastachán ar an gceanglas sin, ceanglas maoláin O-SII arna shocrú ar an leibhéal comhdhlúthaithe is gaire, i dtéarmaí mhéid iomlán na risíochta ar phriacal, don ghrúpa réitigh.

    5.   Úsáidfidh na húdaráis réitigh an ceanglas maoláin maidir le priacal sistéamach arna fhorchur ar an máthairinstitiúid Aontais ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa, mar mheastachán ar an gceanglas maoláin maidir le priacal sistéamach dá dtagraítear in Airteagal 133(4) de Threoir 2013/36/AE i dtaca leis an eintiteas réitigh ar leibhéal an ghrúpa réitigh chomhdhlúite. I gcás inar socraíodh maolán maidir le priacal sistéamach ar leibhéal eile comhdhlúthaithe, freisin, seachas ar leibhéal an ghrúpa, úsáidfidh na húdaráis réitigh, mar mheastachán ar an gceanglas sin, an ceanglas maoláin maidir le priacal sistéamach arna shocrú ar an leibhéal comhdhlúthaithe is gaire, i dtéarmaí mhéid iomlán na risíochta ar phriacal, don ghrúpa réitigh.

    Airteagal 4

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Márta 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 173, 12.6.2014, lch. 190.

    (2)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa agus cistí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


    Top