EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0765

Rialachán (Euratom) 2021/765 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach don tréimhse 2021-2025 lena gcomhlánaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus lena leasaítear Rialachán (Euratom) 2018/1563

ST/5215/2021/INIT

IO L 167I, 12.5.2021, p. 81–100 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/765/oj

12.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 167/81


RIALACHÁN (Euratom) 2021/765 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Bealtaine 2021

lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach don tréimhse 2021-2025 lena gcomhlánaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus lena leasaítear Rialachán (Euratom) 2018/1563

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe an chéad mhír d'Airteagal 7 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíoch agus Teicniúil,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ar cheann d'aidhmeanna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach ('an Comhphobal'), tá rannchuidiú leis an gcaighdeán maireachtála sna Ballstáit a árdú, lena n-áirítear trí thaighde núicléach a chur chun cinn agus a éascú sna Ballstáit agus é a chomhlánú trí chlár taighde agus oiliúna don Chomhphobal a chur i gcrích.

(2)

Is féidir leis an taighde núicléach rannchuidiú leis an bhfolláine shóisialta, an rathúnas eacnamaíoch agus an inbhuanaitheacht comhshaoil trí fheabhas a chur ar an tsábháilteacht núicléach, ar an tslándáil núicléach agus ar an gcosaint ar radaíocht. Mar gheall ar thaighde ar an gcosaint ar radaíocht, tá feabhas tagtha ar theicneolaíochtaí leighis a théann chun tairbhe do go leor saoránach agus is féidir leis an taighde sin a bheith ina chúis le feabhsuithe ar earnálacha eile amhail tionscal, talmhaíocht, comhshaol agus slándáil.

(3)

Agus lánurraim á tabhairt do cheart na mBallstát cinneadh a dhéanamh faoin meascán fuinnimh a bheidh acu, d'fhéadfadh torthaí taighde an chláir a bhunaítear leis an Rialachán seo cur le haistriú chuig córas fuinnimh, atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de, ar bhealach sábháilte, éifeachtach, slán.

(4)

D'fhonn an leanúnachas a áirithiú sa taighde núicléach ar leibhéal an Chomhphobail, ní mór Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail a bhunú don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2025 ('Clár Euratom'). Le Clár Euratom, ba cheart leanúint de phríomhghníomhaíochtaí taighde na gclár a bhí ann roimhe a chur i gcrích, cuspóirí sonracha nua a thabhairt isteach, agus úsáid a bhaint as an modh cur chun feidhme céanna.

(5)

Sa Tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an meastóireacht eatramhach ar Chlár Taighde agus Oiliúna Euratom 2014-18, tá sraith de threoirphrionsabail do Chlár Euratom. Ar na treoirphrionsabail sin, tá: leanúint de bheith ag tacú leis an taighde núicléach atá dírithe ar an tsábháilteacht núicléach, ar choimircí núicléacha, ar an tslándáil núicléach, ar bhainistíocht dramhaíola, ar an gcosaint ar radaíocht agus ar fhorbairt an chomhleá; in éineacht le tairbhithe, breis feabhais a chur ar eagrú agus bainistiú Clár Comhpháirteach Eorpach sa réimse núicléach; leanúint de ghníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna Euratom i dtaca le forbairt a dhéanamh ar inniúlachtaí ábhartha atá mar bhonn is mar thaca le gach gné den taighde núicléach, den tslándáil núicléach, agus den chosaint ar radaíocht; breis sochair a bhaint as sineirgí idir cláir Euratom agus réimsí téamacha eile Chreatchlár an Aontais; agus breis tairbhe a bhaint as sineirgí idir bearta díreacha agus indíreacha faoi chlár Euratom.

(6)

Déantar Clár Euratom a cheapadh agus a dhearadh in aghaidh an ghá atá le mais chriticiúil a bhunú de ghníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh. Déantar amhlaidh trí líon teoranta de chuspóirí sonracha atá dírithe ar úsáid shábháilte a bhaint as eamhnú núicléach i gcomhair feidhmeanna cumhachtacha agus neamhchumhachta, ar shaineolas riachtanach a fhorbairt agus a choinneáil, ar fhuinneamh comhleá a chothú agus ar thacaíocht a thabhairt do bheartais an Aontais agus a Bhallstáit maidir le sábháilteacht núicléach, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach.

(7)

Is cuid ríthábhachtach é Clár Euratom d'iarrachtaí an Aontais ceannaireacht theicneolaíoch a fhorbairt a thuilleadh agus barr feabhais sa taighde agus nuálaíocht núicléach a chur chun cinn, agus a áirithiú go mbaintear amach go háirithe na caighdeáin is airde i dtaca le sábháilteacht, slándáil, coimircí, cosaint ar radaíocht, breosla spíonta sábháilte, bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnú sa réimse núicléach, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach don chlár sa Rialachán seo.

(8)

Ós rud é go mbaineann na Ballstáit uile úsáid as ábhair radaighníomhacha, chun críocha leighis mar shampla, nó go bhfuil suiteálacha núicléacha acu, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú ar bhealach freagrach agus sábháilte, mar a cheanglaítear le Treoir 2011/70/Euratom (1) ón gComhairle, ionas nach bhforchuirtear ualaí míchuí ar na nglúnta a thiocfaidh inár ndiaidh. Le Clár Euratom, ba cheart leanúint de bheith ag feabhsú agus ag tacú le taighde agus le forbairt teicneolaíochtaí agus inniúlachtaí i réimse an bhainistithe ar bhreosla spíonta agus ar dhramhaíl radaighníomhach.

(9)

I gcomhthéacs an Rialacháin seo, tá an taighde ar an bhfuinneamh comhleá á chur chun feidhme i gcomhréir leis an Treochlár Comhleá Eorpach, ina leagtar amach an taighde agus na forbairtí a theastaíonn chun bonn a chur ar fáil do ghléasra cumhachta leictrighinte, agus i gcomhréir le Cinneadh 2007/198/Euratom ón gComhairle (2). Sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, is é is tábhachtaí go dtabharfaí chun críche tógáil agus oibriú tosaigh ITER agus ba cheart le clár bríomhar taighde ar an gcomhleá gníomhaíochtaí na hEorpa maidir le ITER a chomhlánú d'fhonn tacú leis na hoibríochtaí ITER a bheidh ann amach anseo agus leis an ullmhúchán don imoibreoir taispeána DEMO.

(10)

Trí thacú leis an taighde núicléach, le Clár Euratom, ba cheart rannchuidiú le cuspóirí Chlár Fís Eorpach- an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht ('Fís Eorpach') a bhaint amach, ar clár réime é a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ba cheart freisin go n-éascódh sé cur chun feidhme straitéis Eoraip 2030 agus neartú an limistéir Eorpaigh taighde.

(11)

Ba cheart, le Clár Euratom, sineirgí a lorg le Fís Eorpach agus le cláir eile de chuid an Aontais, óna ndearadh agus pleanáil straitéise, trí roghnú tionscadal, bainistiú, cumarsáid, leathadh agus saothrú torthaí, go faireachán, iniúchadh agus rialachas.

(12)

Ba cheart gníomhaíochtaí Chlár Euratom a bheith comhréireach, gan maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú agus breisluach soiléir a bheith acu don Eoraip. Áiritheoidh an méid sin an chomhsheasmhacht idir gníomhaíochtaí Chlár Euratom agus rialacha státchabhrach an Aontais, agus seachnófar saobhadh míchuí iomaíochta sa mhargadh inmheánach.

(13)

Bíodh is gur faoi gach Ballstát a roghnú úsáid a bhaint nó gan a bhaint as an gcumhacht núicléach, aithnítear freisin go mbíonn róil dhifriúla ag an bhfuinneamh núicléach sna Ballstáit éagsúla. Beidh Clár Euratom ina rannchuidiú freisin trí bhíthin a chuid gníomhaíochtaí taighde chun plé leathan a chothú i measc na ngeallsealbhóirí ábhartha go léir maidir leis na deiseanna agus na rioscaí a bhaineann leis an bhfuinneamh núicléach.

(14)

D'fhonn aghaidh a thabhairt ar na riachtanais atá do réimsí an oideachais agus na hoiliúna, ba cheart le Clár Euratom tacaíocht a thairiscint trí bhíthin ranníocaíochtaí airgeadais chun go mbeidh taighdeoirí sa réimse núicléach incháilithe, ar comhchéim le taighdeoirí i réimsí eile, chun tairbhe a bhaint as Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (GMSC).

(15)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán Chlár Euratom arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (4), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(16)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ('an Rialachán Airgeadais') maidir le Clár Euratom. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(17)

Maidir leis na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, ba cheart iad a roghnú ar bhonn a n-oiriúnacht cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a chur ar fáil, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar na costais rialuithe, ar an ualach riaracháin agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Maidir le deontais, ba cheart a áireamh leis sin breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus ar chostais aonaid.

(18)

Ba cheart go dtabharfaí aird ar leith ar rannpháirtíocht leordhóthanach na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) agus na hearnála príobháidí i gcoitinne a áirithiú. Ba cheart measúnuithe cainníochtúla agus cáilíochtúla a dhéanamh ar rannpháirtíocht FBManna mar chuid de na socruithe meastóireachta agus faireacháin.

(19)

Ba cheart é a bheith d'aidhm ag na gníomhaíochtaí arna bhforbairt faoi Chlár Euratom deireadh a chur le neamhionannas inscne agus comhionannas idir fir agus mná sa taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn, i gcomhréir le hAirteagal 2 agus Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 8 CFAE. Ba cheart an ghné inscne a chomhtháthú sa taighde agus nuálaíocht agus cloí leis ag gach céim den timthriall taighde.

(20)

D'fhonn an caidreamh idir an eolaíocht agus an tsochaí a láidriú agus muinín an phobail san eolaíocht a neartú, ba cheart go dtabharfaí tús áite faoi chlár Euratom do rannpháirtíocht eolach saoránach agus na sochaí sibhialta i ndáil le hábhair thaighde agus nuálaíocha trí oideachas eolaíochta a chur chun cinn, trí rochtain níos fusa a sholáthar ar eolas eolaíoch, trí chláir oibre fhreagracha maidir le taighde agus le nuálaíocht a fhorbairt lena bhfreastalaítear ar imní agus ionchas na saoránach agus na sochaí sibhialta agus trína n-éascaítear rannpháirtíocht na saoránach agus na sochaí sibhialta i ngníomhaíochtaí faoi Chlár Euratom.

(21)

Le gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Chlár Euratom, ba cheart na cearta bunúsacha a urramú agus cloí leis na prionsabail atá luaite i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go háirithe.

(22)

Is den tábhacht go leanfaí den éascú ar shaothrú na maoine intleachtúla a fhorbróidh na rannpháirtithe, agus leasanna dlisteanacha rannpháirtithe eile agus an Chomhphobail a chosaint ag an am céanna i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 2 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach ('Conradh Euratom').

(23)

Chun an tionchar is fearr is féidir a bhaint as an gcistiú ó Euratom a áirithiú, féadfaidh an Comhphobal, i gcás inarb iomchuí, breithniú a dhéanamh ar Chomhpháirtíochtaí Eorpacha le comhpháirtithe ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach ar choinníoll gur féidir an tionchar inmhianaithe a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí i gcomhpháirtíocht ná a dhéanfadh an Comhphobal leis féin, nuair a chuirtear i gcomparáid iad le cineálacha eile tacaíochta de chuid Chlár Euratom. Ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo go mbeidh cur chuige soiléir ag baint le comhpháirtíochtaí den sórt sin bunaithe ar shaolré na gComhpháirtíochtaí Eorpacha agus go leanfaidh siad próiseas trédhearcach roghnúcháin agus cinnteoireachta i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/695.

(24)

Ba cheart freisin go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar chuspóirí Chlár Euratom trí bhíthin ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha faoi chláir atá bunaithe ar CFAE, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na gníomhaíochtaí cuspóirí agus rialacha na gclár sin.

(25)

D'fhonn an cur chun feidhme is éifeachtaí a áirithiú agus creat comhleanúnach cuimsitheach trédhearcacha bheith ann do na tairbhithe, ba cheart an rannpháirtíocht i gclár Euratom mar aon le scaipeadh na dtorthaí taighde, a bheith faoi réir rialacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/695, maille le roinnt modhnuithe agus eisceachtaí. Ba cheart feidhm a bheith maidir le clár Euratom ag sainmhínithe ábhartha agus ag na príomhchineálacha gníomhaíochta a leagtar amach sa Rialachán sin.

(26)

Tá sé léirithe gur sásra tábhachtach cosanta atá sa chiste um ráthaíocht rannpháirtithe a bunaíodh faoi Chlár Fís 2020 arna bhunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus a ndéanann an Coimisiún bainistiú air, agus maolaítear leis na rioscaí a bhaineann leis na méideanna atá dlite agus nár aisíoc rannpháirtithe mainneachtana. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint leis an sásra coimirce sin. Ba cheart don sásra árachais fhrithpháirtigh, a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) 2021/695, gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chuimsiú an Rialacháin seo a chumhdach.

(27)

Ba cheart don Airmheán Comhpháirteach Taighde ('JRC') leanúint d'fhianaise neamhspleách eolaíochta, a bheidh dírithe ar chustaiméirí, agus tacaíocht theicniúil a sholáthar don Aontas agus do na Ballstát, mar is iomchuí, ar feadh thimthriall iomlán na mbeartas. Ba cheart gníomhaíochtaí díreacha de chuid JRC a chur chun feidhme ar dhóigh sholúbtha, éifeachtúil, thrédhearcach, agus riachtanais ábhartha úsáideoirí JRC agus riachtanais bheartais an Aontais, go háirithe i réimse na sábháilteachta núicléiche, na gcoimircithe núicléacha agus na slándála núicléiche, a chur san áireamh, agus an chosaint ar leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú. De réir conclúidí ón gComhairle an 26 Aibreán 1994 maidir le ról JRC, ba cheart don JRC leanúint d'acmhainní breise a ghiniúint trí ghníomhaíochtaí iomaíocha tacaíochta do bheartais an Aontais nó thar ceann tríú páirtithe. Ba cheart go bhféadfaidh an JRC a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí indíreacha, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa chlár oibre ábhartha.

(28)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (8), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (9) agus (AE) 2017/1939 (10) ón gComhairle, ní mór leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

Tugtar de chumhacht d'Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ('OIPE'), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas ní mór dó comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha.

(29)

Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach ar bhonn na n-ionstraimí dlí faoi seach. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

(30)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun na gníomhaíochtaí faoi Chlár Euratom a chur chun feidhme agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(31)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (13), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar Chlár Euratom ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír Chlár Euratom.

(32)

Rinneadh comhairliúchán le Bord Gobharnóirí JRC, a bunaíodh le Cinneadh 96/282/Euratom ón gCoimisiún (14), maidir le hinneachar eolaíoch agus teicneolaíoch ghníomhaíochtaí díreacha de chuid JRC.

(33)

Chuathas i mbun comhairliúcháin le Parlaimint na hEorpa ar bhonn saorálach agus tugadh tuairim ina leith (15).Chuathas i gcomhairle le Coiste Eolaíoch agus Teicniúil ar bhonn saorálach chomh maith agus tugadh tuairim ina leith (16).

(34)

Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, ba cheart Rialachán (Euratom) 2018/1563 (17) ón gComhairle a aisghairm.

(35)

Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht sa réimse beartais ábhartha a sholáthar agus chun cur chun feidhme a cheadú ó thús an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm go práinneach agus ba cheart feidhm a bheith aici, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2025 ('Clár Euratom') agus na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh i ngníomhaíochtaí indíreacha faoi Chlár Euratom, de chomhlánú ar an gclár Fís Eorpach.

Leagtar síos leis cuspóirí Chlár Euratom, an buiséad don tréimhse 2021-2025, na foirmeacha cistiúcháin a bheidh ann agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe ábhartha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/695 Forléirorfar tagairtí don Aontas agus do Fís Eorpach sna sainmhínithe sin mar thagairtí don Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach ('an Comhphobal') agus do Chlár Euratom, faoi seach. Chun críocha an Rialacháin seo, áfach, ciallaíonn 'clár oibre' an doiciméad a ghlacfaidh an Coimisiún chun clár Euratom a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo.

Gach tagairt dá ndéantar sa Rialachán seo do Rialachán (AE) 2021/695, is tagairt sin don leagan atá i bhfeidhm an 12 Bealtaine 2021.

Airteagal 3

Cuspóirí an chláir

1.   Is é cuspóir ginearálta Chlár Euratom taighde núicléach agus gníomhaíochtaí oiliúna núicléacha a shaothrú agus béim á cur ar fheabhsú leanúnach na sábháilteachta núicléiche, na slándála núicléiche agus na cosanta ar radaíocht, mar aon le baint amach chuspóirí Fís Eorpach a chomhlánú inter alia i gcomhthéacs an aistrithe fuinnimh.

2.   Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag Clár Euratom:

(a)

feabhas a chur ar an tsábháilteacht núicléach, slándáil núicléach, coimircí núicléacha, cosaint ar radaíocht, breosla spíonta sábháilte agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnú, lena n-airítear úsáid shábháilte, shlán, éifeachtúil an fhuinnimh núicléach agus feidhmeanna neamhchumhachtacha radaíochta ianúcháin;

(b)

saineolas agus inniúlacht sa réimse núicléach laistigh den Chomhphobal a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh;

(c)

forbairt an fhuinnimh chomhleá a chothú mar fhoinse fhéideartha fuinnimh do tháirgeadh an leictreachais agus rannchuidiú le cur chun feidhme an treochláir comhleá Eorpaigh;

(d)

tacaíocht a thabhairt do bheartas an Aontais agus a Bhallstáit maidir le sábháilteacht núicléach, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach.

3.   Déanfar na cuspóirí a liostaítear i mír 1 agus i mír 2 a chur chun feidhme i gcomhréir le hIarscríbhinn I. Féadfaidh freagairtí ar dheiseanna, ar ghéarchéimeanna agus ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn, a bheith san áireamh i gcur chun feidhme na gcuspóirí sin, ach údar cuí a bheith leis.

Airteagal 4

Buiséad

1.   Is é EUR 1 382 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme Chlár Euratom don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2025.

2.   Is é seo as leanas a bheidh i ndáileadh táscach na suime dá dtagraítear i mír 1:

(a)

EUR 583 273 000 le haghaidh gníomhaíochtaí indíreacha i ndáil le taighde agus forbairt comhleá;

(b)

EUR 266 399 000 le haghaidh gníomhaíochtaí indíreacha i ndáil le heamhnú núicléach, an tsábháilteacht núicléach, agus an chosaint ar radaíocht;

(c)

EUR 532 328 000 le haghaidh gníomhaíochtaí díreacha arna ndéanamh ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde.

Ní fhéadfaidh an Coimisiún diall ó na méideanna dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo.

3.   Féadfar a chumhdach freisin leis an méid dá dtagraítear i mír 1 speansais maidir le hullmhúchán, faireachán, rialú, iniúchóireacht, meastóireacht agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann le bainistiú agus cur chun feidhme Chlár Euratom, lena n-áirítear caiteachas riaracháin uile, chomh maith le meastóireacht a dhéanamh ar ghnóthú a chuspóirí. Ní rachaidh na speansais riaracháin a bhaineann le gníomhaíochtaí indíreacha os cionn 6 % den mhéid a dháileadh ar ghníomhaíochtaí indíreacha Chlár Euratom dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 2. Ina theannta sin, féadfar a chumhdach freisin leis an méid dá dtagraítear i mír 1:

(a)

a fhad a bhaineann siad sin le cuspóirí Chlár Euratom, speansais a bhaineann le staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide;

(b)

speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is fócas dóibh próiseáil agus malartú faisnéise, lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leo i ndáil le bainistiú Chlár Euratom.

4.   I gcás inar gá ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2025 a bhainistiú, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2025 chun na speansais dá bhforáiltear i mír 3 a chumhdach.

5.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

6.   Gan dochar don Rialachán Airgeadais, féadfaidh caiteachas ar bhearta a d'eascraigh as tionscadail a áirítear sa chéad chlár oibre a bheith incháilithe ón 1 Eanáir 2021.

7.   Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoi bhainistíocht roinnte a aistriú, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, chuig Chlár Euratom, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bhforálacha ábhartha Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste um Aistriú Chóir agus leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Talmhaícoht agus maidir le rialacha airgeadais dóibh siúd agus don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, don Chiste Slándala Inmheánaí agus don Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorann agus don Bheartas Víosaí ('Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027'). Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 5

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár Euratom

1.   Beidh Clár Euratom in ann comhlachas a dhéanamh leis na tríú tíortha seo a leanas:

(a)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Chomhphobail arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an Comhphobal agus na tíortha sin;

(b)

tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Chomhphobail arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó chomhairlí comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an Comhphobal agus na tíortha sin;

(c)

tríú tíortha agus críocha a chomhlíonann gach ceann de na critéir seo a leanas:

(i)

acmhainneacht mhaith eolaíochta, teicneolaíochta agus nuálaíochta a bheith acu;

(ii)

gealltanas a bheith tugtha acu maidir le geilleagar margaidh oscailte bunaithe ar rialacha, lena n-áirítear a bheith ag caitheamh ar bhealach cóir agus cothrom le cearta maoine intleachtúla, cearta an duine a bheith á n-urramú acu, faoi choimirce institiúidí daonlathacha;

(iii)

beartais lena ndéantar dea-bhail eacnamaíoch agus sóisialta na saoránach a fheabhsú a bheith á gcur chun cinn acu.

2.   Aon chomhlachas le Clár Euratom a dhéanfar le gach ceann de na tríú tíortha faoi phointe (c) de mhír 1, déanfar é i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon Chlár de chuid an Chomhphobail nó an Aontais, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an gcomhaontú:

(a)

áirithítear leis cothromaíocht chóir a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach i gcláir an Chomhphobail nó an Aontais;

(b)

leagtar síos leis na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i gcláir an Chomhphobail nó an Aontais, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus costais riaracháin na gclár;

(c)

ní thugtar don tríú tír leis aon chumhacht chinnteoireachta i ndáil le Clár Euratom;

(d)

ráthaítear leis cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

Ioncaim shannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo;

3.   I raon feidhme an chomhlachais le gach tríú tír i gClár Euratom, cuirfear san áireamh an cuspóir maidir le fás eacnamaíoch a thiomáint san Aontas trí bhíthin na nuálaíochta. Dá réir sin, diomaite de chomhaltaí tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, d'fhéadfaí codanna de Chlár Euratom a eisiamh de chomhaontú comhlachais i dtaca le tír shonrach.

4.   Déanfaidh an comhaontú comhlachais, i gcás inarb iomchuí, foráil maidir le rannpháirtíocht chómhalartach eintiteas dlítheanch atá bunaithe san Aontas i gcláir chomhchosúla i dtíortha comhlachais i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna cláir sin.

5.   I gcás inarb iomchuí, áireofar leis na coinníollacha lena gcinnfear leibhéal na ranníocaíochta airgeadais go ndéanfar ceartú go tráthrialta ar aon mhíchothromaíocht shuntasach i gcomparáid leis an méid a fhaigheann eintitis atá bunaithe sa tír chomhlachaithe trína bheith rannpháirteach i gClár Euratom, agus costais maidir le bainistiú, cur i bhfeidhm agus oibriú Chlár Euratom á gcur san áireamh.

Airteagal 6

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin

1.   Is trí bhíthin bainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó trí bhíthin bainistíocht indíreach ag na comhlachtaí cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais a chuirfear Clár Euratom chun feidhme.

2.   Féadfar cistiú faoin Chlár Euratom a sholáthar in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, ach beidh deontais mar phríomhfhoirm tacaíochta do ghníomhaíochtaí indíreacha faoi Chlár Euratom. Féadfar cistiú faoi Chlár Euratom a sholáthar freisin trí dhuaiseanna, soláthair agus ionstraimí airgeadais laistigh d'oibríochtaí measctha.

3.   Na príomhchineálacha gníomhaíochta atá le húsáid faoi Chlár Euratom, leagtar amach agus sainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/695 iad, amhail gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, gníomhaíochtaí nuálaíochta, gníomhaíochtaí nuálaíochta agus imlonnaithe margaidh, gníomhaíochtaí oiliúna agus soghluaisteachta, gníomhaíochtaí comhchistithe cláir, gníomhaíochtaí soláthair réamhthráchtála, soláthar poiblí gníomhaíochtaí réitigh nuálacha, gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta, duaiseanna dreasachta agus duaiseanna aitheantais.

Úsáidfear na foirmeacha cistiúcháin, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar dhóigh sholúbtha síos trí gach cuspóir de Chlár Euratom agus cinnfear an úsáid a bheidh leo bunaithe ar riachtanais agus saintréithe na gcuspóirí ar leith.

4.   Le Clár Euratom, tacófar freisin le gníomhaíochtaí díreacha a dhéanfaidh JRC chomh maith.

Airteagal 7

Comhpháirtíochtaí Eorpacha

1.   Féadfar codanna de Chlár Euratom a chur chun feidhme trí Chomhpháirtíochtaí Eorpacha.

2.   Is in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas a bheidh rannpháirtíocht an Chomhphobail i gComhpháirtíochtaí Eorpacha:

(a)

rannpháirtíocht i gcomhpháirtíochtaí a bhunaítear ar bhonn meabhrán tuisceana nó socruithe conarthacha idir an Coimisiún agus comhpháirtithe poiblí nó príobháideacha, lena sonraítear cuspóirí na Comhpháirtíochta Eorpaí, gealltanais ghaolmhara ó na gcomhpháirtithe eile maidir lena ranníocaíochtaí airgeadais nó ranníocaíochtaí comhchineáil, eochairtháscairí feidhmíochta agus tionchair, na torthaí atá le soláthar agus socruithe tuairiscithe. Áirítear orthu sin gníomhaíochtaí comhlántacha taighde agus nuálaíochta a chuireann na comhpháirtithe agus Clár Euratom chun feidhme (Comhpháirtíochtaí Eorpacha Comh-chlársceidealaithe);

(b)

rannpháirtíocht i gclár ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus ranníocaíocht airgeadais leis, lena sonraítear na cuspóirí, eochairtháscairí feidhmíochta agus tionchair, agus na torthaí atá le soláthar, bunaithe ar ghealltanas na gcomhpháirtithe maidir lena ranníocaíochtaí airgeadais nó ranníocaíochtaí comhchineáil agus maidir lena gcuid gníomhaíochtaí ábhartha a chomhtháthú trí ghníomhaíocht chomhchistiúcháin le haghaidh Chlár Euratom a úsáid (Comhpháirtíochtaí Eorpacha Comhchistithe).

3.   Maidir le Comhpháirtíochtaí Eorpacha:

(a)

bunófar iad sna cásanna ina mbainfaí cuspóirí Chlár Euratom amach ar bhealach níos éifeachtaí ná mar a d'éireodh leis an gComhphobal ina aonar agus i gcomparáid le foirmeacha eile tacaíochta faoi Chlár Euratom; déanfar scair iomchuí de bhuiséad Chlár Euratom a leithdháileadh ar na codanna sin;

(b)

cloífidh siad leis na prionsabail a bhaineann le breisluach Aontais, trédhearcacht agus oscailteacht, agus le tionchair a bheith acu laistigh den Eoraip agus ar son na hEorpa, an éifeacht láidir ghiarála ar scála leordóthanach, ghealltanais fhadtéarmacha na gcomhpháirtithe páirteacha uile lena mbaineann, solúbthacht ó thaobh cur chun feidhme de, comhleanúnachas, chomhordú agus comhlántacht le tionscnaimh de chuid an Aontais agus tionscnaimh áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, idirnáisiúnta nó Comhpháirtíochtaí Eorpacha eile;

(c)

beidh cur chuige soiléir maidir le saolré acu, beidh siad teoranta ó thaobh ama de agus beidh coinníollacha iontu maidir le cistiú Chlár Euratom a chéimniú amach.

4.   Na forálacha agus na critéir maidir le Comhpháirtíochtaí Eorpacha a roghnú, a chur chun feidhme, maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu agus maidir lena gcéimniú amach, leagtar amach iad in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/695.

Airteagal 8

An eolaíocht Oscailte

Tá feidhm ag na forálacha maidir leis an eolaíocht oscailte a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/695 maidir le Clár Euratom.

Airteagal 9

Gníomhaíochtaí incháilithe agus rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh torthaí taighde

1.   Níl incháilithe chun cistiú a fháil ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 chun feidhme.

2.   Faoi réir mír 3 agus 4 den Airteagal seo, tá feidhm ag Teideal II maidir le rialacha i ndáil le rannpháirtíocht agus scaipeadh Rialachán (AE) 2021/695 maidir le gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi Chlár Euratom. Déanfar tagairtí don Aontas agus do Fís Eorpach i Rialachán (AE) 2021/695 a fhorléiríu mar thagairtí don Chomhphobal agus do Chlár Euratom, i gcás inarb iomchuí. Déanfar tagairtí do 'rialacha slándála' i Rialachán (AE) 2021/695 a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn leasanna cosanta na mBallstát de réir bhrí Airteagal 24 de Chonradh Euratom.

3.   De mhaolú ar Airteagal 40(4) de Rialachán (AE) 2021/695, féadfar an ceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh aistrithe úinéireachta torthaí nó in aghaidh ceadúnas eisiach a dheonú maidir le torthaí a leathnú chuig deonú ceadúnas neamheisiach.

4.   De mhaolú ar Airteagal 41(9) de Rialachán (AE) 2021/695, aon tairbhí ar tugadh maoiniú Comhphobail dó, tabharfaidh sé rochtain saor ó ríchíosanna ar a thorthaí d'institiúidí an Chomhphobail, do na comhlachtaí cistiúcháin nó don Chomhghnóthas Eorpach i gcomhair ITER agus Fuinneamh Comhleá a Fhorbairt (Fuinneamh Comhleá) arna bhunú le Cinneadh 2007/198/Euratom ('an Comhghnóthas um Fhuinneamh Comhleá'), d'fhonn beartais agus cláir nó oibleagáidí Comhphobail a fhorbairt, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu faoi chomhar idirnáisiúnta le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Áireofar leis na cearta rochtana sin an ceart a údarú do thríú páirtithe na torthaí a úsáid chun críocha soláthair phoiblí agus an ceart chun focheadúnas a dheonú. Beidh cearta rochtana teoranta d'úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch.

5.   Cumhdófar leis an sásra árachais fhrithpháirtigh, arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2021/695, an riosca a bhaineann le suimeanna dlite nach ngnóthaítear ó na tairbhithe don Choimisiún nó do chomhlachtaí cistiúcháin faoin Rialachán seo.

Airteagal 10

Maoiniú carnach, malartach agus comhcheangailte

1.   Cuirfear Clár Euratom chun feidhme i sineirgíocht le Fís Eorpach agus le cláir eile de chuid an Aontais.

2.   Chun cuspóirí Chlár Euratom a bhaint amach agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is coiteann do Chlár Euratom agus Fís Eorpach, féadfaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis na cuspóirí a leagtar amach i gClár Euratom nó leo siúd a chuireann Fís Eorpach chun feidhme, nó leo araon, tairbhe a bhaint as ranníocaíocht airgeadais an Chomhphobail, faoi réir Airteagal 9. Go háirithe, le Clár Euratom, féadfar ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil do Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (GMSC) chun tacú le gníomhaíochtaí atá ábhartha don taighde núicléach.

3.   Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di ó chlár eile de chuid an Aontais, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di faoi Chlár Euratom freisin, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha an chláir ábhartha maidir lena ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

4.   Féadfaidh gníomhaíochtaí tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó ó Chiste Sóisialta na hEorpa+ i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 más gníomhaíochtaí iad ar bronnadh deimhniú an tSéala Barr Feabhais orthu faoi Chlár Euratom má chomhlíonann an ghníomhaíocht na coinníollacha carnacha seo a leana:

(a)

rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoi Chlár Euratom;

(b)

comhlíonann siad íoscheanglais cháilíochta an ghlao sin ar thograí;

(c)

ní mhaoinítear iad faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha.

CAIBIDIL II

Clársceidealú, faireachán, meastóireacht agus rialú

Airteagal 11

Cláir oibre

1.   Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear gníomhaíochtaí indíreacha Chlár Euratom chun feidhme. Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na cláir oibre. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(4).

2.   Sa bhreis ar cheanglais Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais, áireofar sna cláir oibre, , an méid seo a leanas, de réir mar is iomchuí:

(a)

sonrú an méid a leithdháiltear ar gach gníomhaíocht agus clár ama táscach maidir le cur chun feidhme;

(b)

maidir le deontais, na tosaíochtaí, na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana agus an t-ualú coibhneasta a bhaineann leis na critéir dhámhachtana éagsúla agus an t-uasráta cistiúcháin le haghaidh shuim iomlán na gcostas incháilithe;

(c)

aon oibleagáidí breise le haghaidh tairbhithe, i gcomhréir le hAirteagal 39 agus 41 de Rialachán (AE) 2021/695;

(d)

cur chuige ilbhliantúil agus treoshuímh straitéiseacha do na blianta cur chun feidhme ina dhiaidh sin.

3.   Tarraingeoidh an Coimisiún suas clár oibre ilbhliantúil maidir le gníomhaíochtaí díreacha arna ndéanamh ag JRC i gcomhréir le Cinneadh 96/282/Euratom.

Airteagal 12

Faireachán agus tuairisciú

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar bhainistíú agus ar chur chun feidhme Chlár Euratom. Chun an trédhearcacht a fheabhsú, cuirfear na sonraí sin ar fáil go poiblí ar bhealach inrochtana ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin de réir an nuashonraithe is déanaí do na sonraí sin.

Leagtar amach in Iarscríbhinn II táscairí a bheidh le tuairisciú ar bhonn bliantúil maidir le dul chun cinn Chlár Euratom chun na cuspóirí a bhunaítear in Airteagal 3 a bhaint amach ar feadh na gconairí tionchair.

2.   Chun an measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn Chlár Euratom maidir le baint amach a chuspóirí a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le cur chun feidhme an chreata faireacháin agus meastóireachta, go háirithe trí bhonnlínte agus spriocanna a leagan síos i gcomhréir le hIarscríbhinn II. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

3.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go ndéanfar na sonraí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí Chlár Euratom a bhailiú ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil gan an t-ualach riaracháin a mhéadú do thairbhithe. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón gComhphobal agus, i gcás inarb iomchuí, ar Bhallstáit.

Airteagal 13

Faisnéis, cumarsáid, poiblíocht agus scaipeadh agus saothrú

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe ó Chlár Euratom aitheantas d'fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón gComhphobal, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do luch spéise iomadúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le Clár Euratom, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun Chlár Euratom agus leis na torthaí a baineadh amach. Sa bhreis air sin, soláthróidh sé faisnéis chríochnaitheach agus thráthúil do na Ballstáit agus do na tairbhithe. Déanfar seirbhísí fianaise-bhunaithe meaitseála bunaithe ar an ailísíocht agus finíochtaí líonraí a sholáthar do na heintitis leasmhara chun cuibhreannais a bhunú i ndáil le tionscadail chomhoibríocha, agus aird ar leith á tabhairt ar na deiseanna líonraithe a shainaithint le haghaidh eintitis dhlítheanacha ó Bhallstáit arb íseal a bhfeidhmíocht maidir le taighde agus nuálaíocht. Ar bhonn na hanailíse sin, féadfar imeachtaí meaitseála a eagrú ar bhonn glaonna sonracha ar thograí.

3.   Bunóidh an Coimisiún straitéis maidir le scaipeadh agus saothrú chun infhaighteacht agus scaipeadh thorthaí agus eolas Chlár Euratom maidir le taighde agus nuálaíocht a mhéadú chun dlús a chur le saothrú chun cur leis an nglacadh sa mhargadh agus borradh a chur faoi thionchar Chlár Euratom.

4.   Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar Chlár Euratom ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Chomhphobail, chomh maith le gníomhaíochtaí faisnéise, cumarsáide, poiblíochta, scaipthe agus saothraithe a mhéid a bhaineann siad leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 14

Meastóireacht

1.   Déanfar meastóireachtaí ar Chlár Euratom go tráthúil chun fónamh do phróiseas cinnteoireachta Clár Euratom, a chéad chlár réime eile agus do thionscnaimh eile is ábhartha maidir le taighde agus nuálaíocht.

2.   Déanfar meastóireacht eatramhach ar Chlár Euratom le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha a roghnófar ar bhonn próiseas trédhearcach a luaithe agus a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme Chlár Euratom, tráth nach déanaí ná 3 bliana ó thús chur chun feidhme Chlár Euratom. Áireofar uirthi sin measúnú ar thionchar fadtéarmach na gclár taighde agus oiliúna de chuid Euratom a chuaigh roimhe agus úsáidfear í mar bhonn chun chur chun feidhme Chlár Euratom a choigeartú nó chun athbhreithniú a dhéanamh ar Chlár Euratom, de réir mar is iomchuí. Leis an meastóireacht, déanfar measúnú ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht Chlár Euratom agus ar a bhreisluach Chomhphobail.

3.   Ag deireadh chur chun feidhme Chlár Euratom, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh a thabhairt i gcrích ar Chlár Euratom. Áireofar uirthi sin measúnú ar thionchar fadtéarmach na gclár taighde agus oiliúna de chuid Euratom a chuaigh roimhe.

4.   Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí i dteanna a bharúlacha féin a fhoilsiú agus a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal 15

Iniúchtaí

1.   Áiritheofar leis an gcóras rialaithe le haghaidh Chlár Euratom go mbeidh cothromaíocht iomchuí ann idir iontaoibh agus rialú, agus costais riaracháin agus costais eile a bhaineann le rialú ar gach leibhéal á gcur san áireamh, go háirithe i dtaca le tairbhithe. Beidh na rialacha iniúchóireachta soiléir, comhsheasmhach agus comhleanúnach le linn Chlár Euratom.

2.   Gníomhaíochtaí a fhaigheann comhchistiú ó chláir éagsúla de chuid an Aontais, ní dhéanfar ach iniúchadh amháin orthu sin, lena gcumhdófar na cláir uile lena mbaineann agus a rialacha is infheidhme faoi seach.

3.   Ina dteannta sin, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha brath ar iniúchtaí ar chórais chomhcheangailte ar leibhéal na dtairbhithe. Beidh na hiniúchtaí comhcheangailte sin roghnach maidir le cineálacha áirithe tairbhithe agus scrúdófar leo córais agus próisis tairbhí, rud a bheidh á chomhlánú le hiniúchadh ar idirbhearta. Is iniúchóir neamhspleách inniúil atá cáilithe chun iniúchtaí reachtúla a dhéanamh ar dhoiciméid cuntasaíochta i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) a dhéanfaidh iniúchadh ar idirbhearta den sórt sin. Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha na hiniúchtaí ar chórais agus ar phróisis a úsáid chun an chinnteacht fhoriomlán a chinneadh maidir le bainistíocht fhónta airgeadais an chaiteachais agus chun leibhéal na n-iniúchtaí ex post agus na deimhnithe maidir le ráitis airgeadais a athmheas.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 127 den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin brath ar iniúchtaí maidir le húsáid ranníocaíochtaí an Chomhphobail arna ndéanamh ag daoine nó eintitis eile atá neamhspleách agus inniúil, lena n-áirítear daoine nach bhfuil sainordú tugtha dóibh chuige ó Institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais.

5.   Féadfar iniúchtaí a dhéanamh suas le 2 bhliain i ndiaidh íocaíocht an iarmhéid.

6.   Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte iniúchóireachta, a mbeidh sé mar aidhm leo cur i bhfeidhm agus léiriú iontaofa agus aonfhoirmeacha na nósanna imeachta agus rialacha iniúchóireachta le linn ré Chlár Euratom.

Airteagal 16

Nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Tiocfaidh an Coiste le chéile in dhá fhoirmíocht éagsúla, a bhaineann le gnéithe a bhaineann le heamhnú agus le comhleá faoi seach de Chlár Euratom.

D'fhonn cur chun feidhme Chlár Euratom a éascú, maidir le gach cruinniú den Choiste mar a shainítear sa chlár oibre, aisíocfaidh an Coimisiún speansais aon ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit, agus speansais aon saineolaí nó aon chomhairleora in aghaidh an Bhallstáit do na míreanna cláir oibre sin i gcás ina dteastóidh saineolas sonrach ó Bhallstát i gcomhréir le treoirlínte bunaithe an Choimisiúin.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

5.   I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an Choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é go gcinneann cathaoirleach an Choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an Choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt.

6.   Cuirfidh an Coimisiún an Coiste ar an eolas ar bhonn rialta faoin dul chun cinn foriomlán a bhaineann le cur chun feidhme an Chlár Euratom agus tabharfaidh an Coimisiún faisnéis thráthúil don Choiste faoi na gníomhaithe uile a mholtar nó a chistítear faoi Chlár Euratom.

Airteagal 17

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach i gClár Euratom trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraime dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áiritheofar leis na cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

Caibidil III

Forálacha idirthréimsheacha agus críochnaitheacha

Airteagal 18

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (Euratom) 2018/1563.

Airteagal 19

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí sin, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí arna dtionscnamh de bhun Rialachán (Euratom) 2018/1563 , a leanfaidh d'fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   I gcás inar gá, is é an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán seo a dhéanfaidh aon chúraimí eile de chuid an Choiste arna bhunú le Rialachán (Euratom) 2018/1563.

3.   Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais Chlár Euratom costais theicniúla agus cúnaimh riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir Clár Euratom agus na bearta a glacadh de bhun Rialachán (Euratom) 2018/1563 a áirithiú.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear Creat Comhphobail maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte ar bhreosla spíonta agus ar dhramhaíl radaighníomhach (IO L 199, 2.8.2011, lch. 48).

(2)  Cinneadh 2007/198/Euratom ón gComhairle an 27 Márta 2007 lena mbunaítear Comhghnóthas Eorpach i gcomhair ITER agus Fuinneamh Comhleá a Fhorbairt agus lena dtugtar buntáistí dó (IO L 90, 30.3.2007, lch. 58).

(3)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021 , lch. 1).

(4)  IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28.

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104)

(7)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch. 1).

(9)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(10)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ('OIPE') (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(11)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(14)  Cinneadh 96/282/Euratom ón gCoimisiún an 10 Aibreán 1996 maidir le hatheagar a chur ar an Airmheán Comhpháirteach Taighde (IO L 107, 30.4.1996, lch. 12).

(15)  Tuairim an 16.1.2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(16)  Tuairim an 12.12.2018 (IO C 110, 22.3.2019, lch. 132).

(17)  Rialachán (Euratom) 2018/1563 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 maidir le Clár Taighde agus Traenála an Chomhphobail Eorpaigh d'Fhuinneamh Adamhach (2019-2020) lena gcomhlánaitear Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena leasítear Rialachán (Euratom) Uimh 1314/2013 (IO L 262, 19.10.2018, lch. 1).

(18)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).


IARSCRÍBHINN I

NA GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Saothrófar na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2) trí Chlár Euratom ina iomláine, de réir phríomhairíonna na ngníomhaíochtaí a bhfuil tuairisc orthu san Iarscríbhinn seo. Trí na cuspóirí sonracha sin a chur chun feidhme, le Clár Euratom, tacófar leis na Ballstáit reachtaíocht Euratom a chur chun feidhme (1) agus treisítear leis iarrachtaí taighde na mBallstát sin mar aon le hiarrachtaí taighde na hearnála príobháidí. Ba cheart, leis na cuspóirí sonracha sin, rannchuidiú le ceannaireacht theicneolaíoch sa réimse núicléach a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh.

Chun na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a bhaint amach, le Clár Euratom tacófar le gníomhaíochtaí trasearnálacha lena n-áirithítear sineirge na n-iarrachtaí taighde maidir le dúshláin chomhchoiteanna a réiteach. Déanfar naisc agus idirphlé iomchuí, amhail glaonna comhpháirteacha, a áirithiú trí bhíthin Chlár Fís Eorpach. Féadfaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta gaolmhara tairbhe a bhaint as tacaíocht airgeadais arna soláthar ag na cistí faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 ach iad a bheith i gcomhréir le cuspóirí agus rialacháin na gcistí sin.

Ar na gníomhaíochtaí a liostaítear san Iarscríbhinn seo, áirítear comhar idirnáisiúnta sa taighde agus nuálaíocht núicléach le húsáid shíochánta, bunaithe ar spriocanna comhroinnte agus ar mhuinín fhrithpháirteach d'fhonn tairbhí soiléire suntasacha a chur ar fáil don Aontas, dá shaoránaigh agus don chomhshaol. Áirítear leis sin comhar idirnáisiúnta trí chreataí iltaobhacha. Leanfaidh JRC, mar an Gníomhaire Cur Chun Feidhme Euratom don Fhóram Idirnáisiúnta maidir le Glúin IV (GIF) (2) a aithnítear go foirmiúil, le rannchuidiú Chomhphobal Euratom le gníomhaíochtaí taighde agus oiliúna GIF, mar aon lena rannpháirtíocht, a éascú agus a chomhordú. Tá an rannchuidiú le gníomhaíochtaí GIF faoi raon feidhme Chlár Euratom dírithe ar shábháilteacht, ar chosaint ar radaíocht, ar choimircí agus ar thaighde i ndáil le neamhleathadh agus gníomhaíochtaí oiliúna a bhaineann go sonrach le córais Ghlúin IV.

Déanfaidh Bord Gobharnóirí JRC anailís ar aon ghníomhaíocht nua a shannfar don JRC d'fhonn a chomhsheasmhacht le gníomhaíochtaí atá ann cheana sna Ballstáit a sheiceáil agus dúbailt taighde agus forbartha sa réimse núicléach a sheachaint san Aontas.

Beidh tosaíochtaí na gclár oibre le bunú ag an gCoimisiún bunaithe ar ionchuir ó údaráis phoiblí náisiúnta agus ó gheallsealbhóirí taighde núicléach nó eagraíocht nó fóram ábhartha ar bith eile de chuid na ngeallsealbhóirí núicléacha.

Beidh taighde agus oiliúint sna réimsí seo a leanas incháilithe do chistiú ó Chlár Euratom:

(a)

feabhas a chur ar an tsábháilteacht núicléach, slándáil núicléach, coimircí núicléacha, cosaint ar radaíocht, breosla spíonta sábháilte agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnú, lena n-áirítear úsáid shábháilte, shlán, éifeachtúil an fhuinnimh núicléach agus feidhmeanna neamhchumhachtacha radaíochta ianúcháin (3):

(i)

sábháilteacht núicléach: sábháilteacht córas imoibritheora agus timthriall breosla, atá in úsáid sa Chomhphobal, a mhéid is gá chun saineolas leathan maidir le sábháilteacht núicléach sa Chomhphobal a chothabháil, na cineálacha imoibritheoirí sin agus a dtimthriall breosla iomlána amhail scaradh agus claochlú, a fhéadfar a úsáid amach anseo;

(ii)

breosla spíonta sábháilte agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí: an bainistiú go háirithe na gníomhaíochtaí réamhdhiúscartha, agus an diúscairt a ghabhann le dramhaíl radaighníomhach agus le breosla núicléach spíonta idirmheánach, ardleibhéil agus fadsaolach, agus bainistiú sruthanna dramhaíola radaighníomhaí agus le cineálacha eile nach ann do phróisis faoi láthair ina leith atá aibí go tionsclaíoch nó a bhféadfaí iad a fheabhsú; dramhaíl radaighníomhach a íoslaghdú agus radaitocsaineacht na dramhaíola sin a laghdú; an bainistiú agus aistriú eolais agus inniúlachtaí idir glúine agus ar fud chlár na mBallstát maidir le dramhaíl radaighníomhach agus bainistiú breosla spíonta;

(iii)

díchoimisiúnú: taighde chun críocha forbairt agus meastóireacht a dhéanamh ar theicneolaíochtaí um dhíchoimisiúnú agus feabhsúchán comhshaoil saoráidí núicléacha; tacaíocht a thabhairt maidir le dea-chleachtais agus eolas ar an díchoimisiúnú a mhalartú;

(iv)

eolaíocht núicléach agus feidhmeanna radaíochta ianúcháin, cosaint ar radaíocht, ullmhacht i gcomhair éigeandála:

eolaíocht núicléach agus feidhmeanna radaíochta ianúcháin a chur i bhfeidhm i réimsí taighde leighis, tionsclaíocha agus eile;

éifeachtaí agus rioscaí ó dháileoga ísle a eascraíonn ó nochtadh tionsclaíoch, leighis nó comhshaoil;

ullmhacht éigeandála i gcás tionóiscí lena mbaineann radaíocht, agus taighde ar an raidi-éiceolaíocht;

soláthar agus úsáid raidiseatóp atá slán agus sábháilte;

samhlacha d'easrú raideolaíoch sa chomhshaol, agus tacaíocht do mhalartú sonraí, córais foláirimh agus comhar maidir le teicnící tomhais (4) (atá le cur chun feidhme trí ghníomhaíochtaí díreacha);

(v)

slándáil núicléach, coimircí núicléacha agus neamhleathadh (atá le cur chun feidhme trí ghníomhaíochtaí díreacha):

modhanna agus teicneolaíocht chun tacú le coimircí an Chomhphobail agus coimircí idirnáisiúnta agus chun iad a neartú;

tacaíocht agus oiliúint oibríochtúil do chóras coimirce Euratom;

tacaíocht theicniúil do chur chun feidhme an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach i réimse na gcoimircí núicléacha lena n-áirítear tacaíocht chun córas rialaithe onnmhairí an Aontais a neartú;

taighde agus tacaíocht chun an tsábháilteacht núicléach agus raideolaíoch agus an tslándáil a fheabhsú i gcomhthéacs an chreat domhanda CBRN (Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch agus Núicléach) agus straitéisí gaolmhara an Aontais;

modhanna agus teicneolaíocht chun ábhair núicléacha agus radaighníomhacha a bhrath nach ndéantar rialú rialála orthu agus chun teagmhais a bhaineann le hábhair den chineál sin, lena n-áirítear fóiréinsic núicléach, a chosc agus chun freagairt orthu;

tacaíocht don fhothú acmhainní ar shlándáil núicléach trí úsáid a bhaint as Ionad Oiliúna na hEorpa um Shlándáil Núicléach;

(b)

saineolas agus inniúlacht sa réimse núicléach laistigh den Chomhphobal a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh:

(i)

oideachas, oiliúint agus soghluaisteacht, lena n-áirítear scéimeanna oideachais agus oiliúna amhail Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (GMSC);

(ii)

nuálaíocht, bainistiú eolais, eolaíocht agus teicneolaíocht núicléach a scaipeadh agus a shaothrú, go háirithe ar mhaithe le sábháilteacht núicléach, slándáil núicléach, coimircí núicléacha agus cosaint ar radaíocht;

(iii)

tacaíocht don teicneolaíocht a aistriú ón taighde go dtí an tionscal;

(iv)

tacaíocht d'acmhainn tionsclaíoch comhleá na hEorpa atá iomaíoch a ullmhú agus a fhorbairt;

(v)

tacaíocht do bhonneagair taighde Eorpacha agus idirnáisiúnta a sholáthar, a chur ar fáil agus rochtain iomchuí a thabhairt orthu, lena n-áirítear bonneagair JRC (5);

(vi)

chun eolaíocht núicléach a chothú mar bhonn chun tacú leis an gcaighdeánú, tabharfaidh gníomhaíochtaí díreacha sonraí tagartha, ábhair agus tomhais úrscothacha a bhaineann le sábháilteacht núicléach, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach, chomh maith le feidhmeanna amhail leigheas núicléach;

(c)

forbairt fuinnimh comhleá a chothú agus rannchuidiú le cur chun feidhme an treochláir comhleá Eorpaigh:

cuirfidh Comhpháirtíocht Eorpach Chomhchistithe i dtaighde comhleá an treochlár i dtreo na sprice maidir le táirgeadh leictreachais comhleá chun feidhme faoin dara leath den chéad seo. Féadfar a áireamh leis sin, inter alia:

(i)

saoráidí comhleá atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a shaothrú, lena n-áirítear deontais oibriúcháin a leithdháileadh ar bhonneagair taighde comhleá nuair is iomchuí;

(ii)

ullmhúchán do ghléasraí cumhachta comhleá sa todhchaí trí gach gné ábhartha, lena n-áirítear ábhair, teicneolaíochtaí agus dearaí a fhorbairt;

(iii)

clár dírithe oideachais agus oiliúna a chur chun feidhme chomh maith le gníomhaíochtaí faoi (b)(i);

(iv)

gníomhaíochtaí comhchoiteanna a chomhordú leis an gComhghnóthas um Fhuinneamh Comhleá;

(v)

comhoibriú leis an eagraíocht ITER;

(vi)

comhoibriú eolaíoch faoi chuimsiú chomhaontuithe idirnáisiúnta Euratom;

cuirfear an Chomhpháirtíocht Eorpach Chomhchistithe i dtaighde chomhleá chun feidhme trí dheontas a bhronnfar ar na heintitis dhlítheanacha arna bhunú nó arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus ag aon tríú tír atá comhlachaithe le Clár Euratom. Féadfaidh acmhainní comhchineáil ón gComhphobal, nó foireann an Choimisiúin ar iasacht, a bheith san áireamh sa deontas;

(d)

tacaíocht a thabhairt do bheartas an Aontais gona Bhallstáit maidir le sábháilteacht núicléach, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach:

leis na gníomhaíochtaí díreacha, tacófar leis an mbeartas maidir le sábháilteacht núicléach, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach agus le cur chun feidhme na reachtaíochta ábhartha trí fhianaise agus saineolas neamhspleách eolaíoch agus teicniúil a sholáthar.


(1)  Go háirithe, Treoir 2006/117/Euratom ón gComhairle an 20 Samhain 2006 maidir le maoirseacht agus rialú loingsithe ar dhramhaíl radaighníomhach agus breosla spíonta (IO L 337, 5.12.2006, lch. 21); Treoir 2009/71/Euratom an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 172, 2.7.2009, lch. 18).; Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle; Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos na ceanglais maidir le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce a ceapadh lena chaitheamh ag an duine (IO L 296, 7.11.2013, lch. 12); Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta maidir le cosaint i gcoinne na contúirte a eascraíonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1), agus Rialachán (Euratom) 2016/52 ón gComhairle an 15 Eanáir 2016 lena leagtar síos uasleibhéil cheadaithe éilliúcháin radaighníomhaigh ar bhia agus ar bheatha tar éis tionóisc núicléach nó i ndiaidh aon cháis eile ina dtarlaíonn éigeandáil raideolaíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 3954/87 agus Rialacháin (Euratom) Uimh. 944/89 agus (Euratom) Uimh. 770/90 ón gCoimisiún (IO L 13, 20.1.2016, lch. 2).

(2)  I gcomhréir le hAirteagal III.2 den Chreat-Chomhaontú maidir le Comhoibriú Idirnáisiúnta ar an Taighde agus ar Fhorbairt Ghlúin IV de Chórais Fuinnimh Núicléacha.

(3)  Seachas an tsábháilteacht núicléach, na coimircí núicléacha agus neamhleathadh núicléach, féadfar na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme trí ghníomhaíochtaí díreacha agus indíreacha.

(4)  Airt. 35, 36, 38 Chonradh Euratom; Cinneadh 87/600/Euratom ón gComhairle an 14 Nollaig 1987 maidir le socruithe an Chomhphobail maidir le malartú luath faisnéise i gcás éigeandáil raideolaíoch (IO L 371, 30.12.1987, lch. 76).

(5)  Ar bhonn an phlean infheistíochta leanúnaigh do bhonneagair JRC.


IARSCRÍBHINN II

EOCHAIRTHÁSCAIRÍ NA GCONAIRÍ TIONCHAIR

Déanfaidh conairí tionchair, agus eochairtháscairí na gconairí tionchair gaolmhara, struchtúrú ar an bhfaireachán ar fheidhmíocht Chlár Euratom i dtreo a chuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2). Beidh na conairí tionchair spleách ar an am: déantar idirdhealú leo idir an gearrthéarma, an meántéarma agus an fadtéarma. Feidhmíonn táscairí na gconairí tionchair mar tháscairí ionadaíocha ar an dul chun cinn a rinneadh i dtreo na gcuspóirí sonracha a bhaint amach. Baileofar na micreashonraí atá taobh thiar d'eochairtháscairí na gconairí tionchair, a chomhroinntear le Fís Eorpach, ar dhóigh a bheidh bainistithe go lárnach agus comhchuibhithe, agus a fhágfaidh go mbeidh an t-ualach tuairiscithe ar na tairbhithe chomh beag agus is féidir.

Táscairí na gconairí tionchair eolaíocha

Táthar ag súil go ndéanfar dul chun cinn le Clár Euratom maidir le heolas chun an tsábháilteacht núicléach agus an tslándáil núicléach a threisiú; feidhmeanna sábháilte na radaíochta ianúcháin; breosla spíonta agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí; cosaint ar radaíocht; agus fuinneamh comhleá a fhorbairt. Déanfar dul chun cinn sa réimse seo a thomhas le táscairí a bhaineann le foilseacháin eolaíocha, dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an treochláir comhleá, saineolais agus scileanna a fhorbairt, agus rochtain ar bhonneagair taighde.

I dtreo tionchair eolaíochta

Gearrthéarmach

Meántéarmach

Fadtéarmach

Feabhas a chur ar úsáid shábháilte agus shlán fuinnimh núicléach agus feidhmeanna neamhchumhachtacha radaíochta ianúcháin, lena n-áirítear sábháilteacht núicléach, slándáil núicléach, coimircí núicléacha, cosaint ar radaíocht, breosla spíonta sábháilte agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnú

Foilseacháin -

líon na bhfoilseachán eolaíochta a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu faoi Euratom

Luanna -

Innéacs na luanna ualaithe de réir réimse do na foilseacháin a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu faoi Euratom

Eolaíocht de scoth an domhain – Líon agus sciar na bhfoilseachán a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu ó Chlár Euratom a rannchuidíonn a leibhéal bunúsach le réimsí eolaíochta

Eolas comhroinnte -

An sciar d'aschuir taighde (sonraí oscailte/foilseacháin/bogearraí srl.) arna gcomhroinnt faoi bhonneagar um eolas oscailte)

Scaipeadh eolais - An sciar d'aschuir taighde faoi rochtain oscailte arna n-úsáid go gníomhach/arna lua

Comhoibriú nua - Sciar na dtairbhithe ó Euratom a d'fhorbair comhoibriú nua trasdisciplíneach/trasearnálacha le húsáideoirí a n-aschuir T&N oscailte ó Euratom

Fuinneamh comhleá a fhorbairt

Dul chun cinn maidir leis an treochláir chomhleá a chur chun feidhme -

Céatadán de gharspriocanna an treochláir comhleá a bhunaíodh don tréimhse 2021-2025 atá bainte amach ag Clár Euratom

Saineolas agus barr feabhais san Aontas a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh

Scileanna -

Líon na dtaighdeoirí a bhain tairbhe as gníomhaíochtaí uas-scilithe Chlár Euratom (trí oiliúint, soghluaisteacht agus rochtain ar bhonneagar)

Gairmréimeanna -

Líon agus sciar na dtaighdeoirí uas-scilithe a imríonn níos mó tionchair ina réimse T&N

Dálaí oibre -

Líon agus sciar na dtaighdeoirí uas-scilithe a bhfuil dálaí oibre feabhsaithe acu

Líon na dtaighdeoirí a bhfuil rochtain acu ar bhonneagar taighde trí thacaíocht ó Chlár Euratom

Ábhair thagartha arna seachadadh agus tomhais tagartha arna n-ionchorprú i leabharlann

Líon na gcaighdeán idirnáisiúnta arna modhnú

Táscairí na gconairí tionchair sochaíocha

Tá Clár Euratom ina chabhair chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach agus slándáil núicléach, cosaint ón radaighníomhaíocht, agus feidhmeanna radaíochta ianúcháin trí thaighde agus nuálaíocht, mar a léiríonn punanna na dtionscadal lena ngintear aschuir a rannchuidíonn le dul i ngleic le dúshláin sna réimsí sin. Déantar tionchar sochaíoch a thomhas freisin i dtéarmaí na forbartha sonraí i réimse na slándála núicléiche agus na gcoimircí núicléacha.

I dtreo tionchair shochaíocha

Gearrthéarmach

Meántéarmach

Fadtéarmach

Feabhas a chur ar úsáid shábháilte agus shlán fuinnimh núicléach agus feidhmeanna neamhchumhachtacha radaíochta ianúcháin, lena n-áirítear sábháilteacht núicléach, slándáil núicléach, coimircí núicléacha, cosaint ar radaíocht, breosla spíonta sábháilte agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnú

Aschuir -

Líon agus sciar na n-aschur arb é is aidhm leo aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais sonracha

Réitigh -

Líon agus sciar na nuálaíochtaí agus na dtorthaí eolaíochta a thugann aghaidh ar thosaíochtaí beartais sonracha

Sochair -

Éifeachtaí measta comhiomlána ó úsáid torthaí arna gcistiú ó Euratom, maidir le dul i ngleic le tosaíochtaí beartais sonracha, lena n-áirítear rannchuidiú leis an timthriall déanta beartas agus dlíthe

Líon na seirbhísí arna soláthar chun tacú le coimircí

Líon na gcóras teicniúil arna soláthar agus arna n-úsáid

 

Líon na seisiún oiliúna arna dtabhairt d'oifigigh túslíne

Comhchruthú -

Líon agus sciar na dtionscadal ó Euratom ina rannchuidíonn saoránaigh an Aontais agus úsáideoirí deiridh le hinneachar T&N a chomhchruthú

Rannpháirtíocht -

Líon agus sciar na n-eintiteas atá ina dtairbhithe ó CR a bhfuil sásraí rannpháirtíochta acu le saoránaigh agus úsáideoirí deiridh tar éis thionscadal Euratom

Glacadh T&N sa tsochaí

Glacadh agus for-rochtain na dtorthaí eolaíochta agus réiteach nuálach arna gcomhchruthú faoi CR

Táscairí nuálaíochta na gconairí tionchair

Táthar ag súil go soláthróidh Clár Euratom tionchair nuálaíochta a thacaíonn le dul chun cinn i dtreo a chuspóirí sonracha. Déanfar dul chun cinn sa réimse sin a thomhas trí tháscairí a bhaineann le cearta maoine intleachtúla (CMIanna), táirgí, modhanna agus próisis nuálacha agus a n-úsáid, mar aon le cruthú post.

I dtreo tionchar eacnamaíoch/nuálaíochta

Gearrthéarmach

Meántéarmach

Fadtéarmach

Feabhas a chur ar úsáid shábháilte agus shlán fuinnimh núicléach agus feidhmeanna neamhchumhachtacha radaíochta ianúcháin, lena n-áirítear sábháilteacht núicléach, slándáil núicléach, coimircí núicléacha, cosaint ar radaíocht, breosla spíonta sábháilte agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnú

Fuinneamh comhleá a fhorbairt

Saineolas agus barr feabhais san Aontas a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh

Aschuir nuálacha -

Líon na dtáirgí, na bpróiseas nó na modhanna nuálacha ó Chlár Euratom (de réir cineál nuálaíochta) agus feidhmeanna ó thaobh CMIanna de

Nuálaíochtaí -

Líon na nuálaíochtaí ó thionscadail Euratom (de réir cineál nuálaíochta) lena n-áirítear cinn ó CMIanna a dhámhachtain

Fás eacnamaíoch -

Cruthú, fás agus scaireanna margaidh cuideachtaí a d'fhorbair nuálaíochtaí arna maoiniú ag Euratom

Fostaíocht a dtacaítear léi -

Líon na bpost FTE arna gcruthú, agus líon na bpost arna gcoimeád sna heintitis atá ina dtairbhithe don tionscadal Euratom (de réir cineál poist)

Fostaíocht arna coinneáil ar bun -

An méadú ar phoist FTE sna heintitis atá ina dtairbhithe tar éis thionscadal Euratom (de réir cineál poist)

Fostaíocht iomlán – Líon na bpost díreach agus indíreach arna gcruthú nó arna gcoinneáil ar bun i ngeall ar thorthaí ó Euratom a scaipeadh (de réir cineál poist)

Méid na hinfheistíochta poiblí agus príobháidí arna cur chun tairbhe a bhuí leis an infheistíocht tosaigh ó Euratom

Méid na hinfheistíochta poiblí agus príobháidí arna cur chun tairbhe chun torthaí ó Euratom a shaothrú nó a mhéadú ó scála

Dul chun cinn an Aontais i dtreo na sprice 3 % de OTI de bharr de bharr Chlár Euratom

Táscairí beartais na gconairí tionchair

Tugann Clár Euratom fianaise eolaíoch le haghaidh ceapadh beartas. Baineann sé sin go háirithe le tacaíocht eolaíoch do sheirbhísí eile de chuid an Choimisiúin, amhail tacaíocht do choimircí Euratom, nó do chur chun feidhme Treoracha a bhaineann leis an radaíocht núicléach agus ianúcháin ag na Ballstáit (1).

I dtreo tionchar beartais

Gearrthéarmach

Meántéarmach

Fadtéarmach

Tacú le beartas maidir le sábháilteacht núicléach, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach

Líon agus sciar thionscadail Euratom lena dtáirgtear torthaí is ábhartha ó thaobh beartais de

Líon na n-aschur a bhfuil tionchar inléirithe acu ar am mbeartas

Líon agus sciar na dtorthaí ar thionscadail Euratom a luaitear i ndoiciméid bheartais/chlársceidealaithe

Déanfar spriocanna a shainiú i ndáil le gníomhaíochtaí indíreacha agus díreacha araon chun na torthaí a bhfuiltear ag súil leo i ngach cuid de Chlár Euratom a léiriú.


(1)  Rialachán (Euratom) Uimh. 302/2005 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2005 maidir le cur i bhfeidhm choimircí Euratom (IO L 54, 28.2.2005, lch. 1); Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle agus Treoir 2014/87/Euratom an 8 Iúil 2014 lena leasítear Treoir 2009/71/Euratom lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 219, 25.7.2014, lch. 42).


Top