Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0685

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/685 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 lena gceartaítear an leagan Polainnise de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, páirteanna agus fearas aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/2664

IO L 143, 27.4.2021, p. 6–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO L 143, 27.4.2021, p. 6–8 (PL)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/685/oj

27.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 143/6


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/685 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Aibreán 2021

lena gceartaítear an leagan Polainnise de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, páirteanna agus fearas aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa leagan Polainnise de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún (2) tá earráid i bpointe M.A.201(a)(1) d’Iarscríbhinn I agus i bpointe ML.A.201(a)(1) d’Iarscríbhinn Vb a mhéid a bhaineann le raon feidhme na gceanglas is gá a chomhlíonadh sular féidir aon eitilt a dhéanamh; tá earráid i bpointe M.A.201(a)(3) d’Iarscríbhinn I, sa fhrása réamhráiteach de phointe M.A.901 d’Iarscríbhinn I, i bpointe ML.A.201(a)(3) d’Iarscríbhinn Vb agus sa fhrása réamhráiteach de phointe ML.A.901 d’Iarscríbhinn Vb a mhéid a bhaineann leis an deimhniú aeracmhainneachta; tá earráid i bpointe M.A.302(e) d’Iarscríbhinn I a mhéid a bhaineann le heatraimh fhormhéadaithe a fhéadfaidh an t-úinéir nó an eagraíocht atá ag bainistiú aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh a mholadh; tá earráid i bpointe M.A.402(e) d’Iarscríbhinn I agus i bpointe ML.A.402(b)(5) d’Iarscríbhinn Vb a mhéid a bhaineann leis na teorainneacha a ndéantar cothabháil dá réir; tá earráid i bpointe M.A.901(f) d’Iarscríbhinn I a mhéid a bhaineann le raon feidhme an chumais chun síneadh a chur le bailíocht deimhnithe ar athbhreithniú aeracmhainneachta; tá earráidí i bhfoirmeacha 15a EASA, 15b EASA agus 15c EASA i bhFoscríbhinn III d’Iarscríbhinn I agus i bhFoscríbhinn IV d’Iarscríbhinn Vb a mhéid a bhaineann leis an dáta ar faoina threoir a dhéantar an deimhniú; agus tá earráid sa dara habairt de phointe 145.A.55(c) d’Iarscríbhinn II a mhéid a bhaineann le raon feidhme na hoibleagáide atá ar an eagraíocht chothabhála cóip de na taifid a choinneáil.

(2)

Thairis sin, tá earráidí i bpointe M.A.201(b) d’Iarscríbhinn I sa leagan Polainnise de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, sa dara fleasc de phointe 3 d’Fhoscríbhinn I d’Iarscríbhinn I, i bpointe ML.1(c)(3)(ii) d’Iarscríbhinn Vb, i bpointe ML.A.201(b) d’Iarscríbhinn Vb, i bpointe (c)(2) d’Fhoscríbhinn I d’Iarscríbhinn Vb, agus i bpointe CAO.1(2)(ii) d’Iarscríbhinn Vd a mhéid a bhaineann leis na tagairtí do léasú aerárthaí agus léasaí aerárthaí.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, an leagan Polainnise de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 127(1) de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, páirteanna agus fearas aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1).


Top