Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0655

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/655 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic

    C/2021/2900

    IO L 137, 22.4.2021, p. 10–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/655/oj

    22.4.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 137/10


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/655 ÓN gCOIMISIÚN

    an 21 Aibreán 2021

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle an 7 Iúil 2003 maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2465/96 (1), agus go háirithe Airteagal 11(b) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 liostaítear comhlachtaí poiblí, corparáidí agus gníomhaireachtaí agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, comhlachtaí agus eintitis de chuid rialtas na hIaráice a bhí ann roimhe sin, ar comhlachtaí agus eintitis iad a chumhdaítear le reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha a bhí lonnaithe lasmuigh den Iaráic an 22 Bealtaine 2003 faoin Rialachán sin.

    (2)

    An 15 Aibreán 2021, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe sé eintiteas a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Aibreán 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Thar ceann an Uachtaráin

    Ard-Stiúrthóir

    An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais,

    Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


    (1)  IO L 169, 8.7.2003, lch. 6.


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:

    “41.

    GENERAL ESTABLISHMENT FOR BAKERIES AND OVENS (alias GENERAL ESTABLISHMENT OF BAKERIES AND OVENS). Seoltaí: (a) Al Nidhal Street, near Saddoun Park, P.O. Box 109, Baghdad, Iraq; (b) Milla, Iraq; (c) Basrah, Iraq; (d) Kerbala, Iraq; (e) Diwaniya, Iraq; (f) Najaf, Iraq; (g) Mosul, Iraq; (h) Arbil, Iraq; (i) Kirkuk, Iraq; (j) Nasiriya, Iraq; (j) Samawa, Iraq; (k) Baquba, Iraq; (m) Amara, Iraq; (n) Sulaimaniya, Iraq; (o) Dohuk, Iraq.”

    “43.

    GENERAL ESTABLISHMENT FOR FLOUR MILLS (alias STATE ENTERPRISE OF FLOUR MILLS). Seoltaí: (a) P.O. Box 170, entrance to Hurriyah City, Baghdad, Iraq; (b) P.O. Box 17011, entrance of Huriah City, Baghdad, Iraq.”

    “68.

    IRAQI STATE EXPORT ORGANISATION. Seoladh: P.O. Box 5670, Sadoon Street, Baghdad, Iraq.”

    “69.

    IRAQI STATE IMPORT ORGANISATION (alias IRAQI STATE ORGANISATION OF IMPORTS). Seoladh: P.O. Box 5642, Al Masbah, Hay Babile Area, 29 Street 16 Building no. 5, Baghdad, Iraq.”

    “196.

    STATE TRADING ENTERPRISE FOR EQUIPMENT AND HAND TOOLS. Seoltaí: (a) Khalid Al Bin Al Waleed St., P.O. Box 414, Baghdad, Iraq; (b) Camp Sarah, New Baghdad St., Baghdad, Iraq.”

    “197.

    STATE TRADING ENTERPRISE FOR MACHINERY. Seoladh: P.O. Box 2218, Camp Sarah, Baghdad, Iraq.”


    Top