This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0584
Council Implementing Regulation (EU) 2021/584 of 12 April 2021 implementing Regulation (EU) No 359/2011 concerning restrictive measures directed against certain persons, entities and bodies in view of the situation in Iran
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/584 ón gComhairle An 12 Aibreán 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/584 ón gComhairle An 12 Aibreán 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
ST/6041/2021/INIT
IO L 124I, 12.4.2021, p. 1–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32011R0359 | Cur le | iarscríbhinn I Téacs | 12/04/2021 |
12.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 124/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/584 ÓN gCOMHAIRLE
An 12 Aibreán 2021
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 359/2011. |
(2) |
An 8 Nollaig 2019, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais inar cháin sé an lámh láidir a bheith á húsáid go forleathan díréireach ag fórsaí slándála na hIaráine, as ar eascair líon ard básanna agus gortuithe le linn na freagartha ar léirsithe mhí na Samhna 2019. Cuireadh in iúl go soiléir sa dearbhú freisin go bhfuil an tAontas ag súil go dtabharfar déantóirí uile an fhoréigin chun cuntais agus iarradh ar údaráis na hIaráine imscrúduithe trédhearcacha inchreidte a áirithiú chun líon na ndaoine a maraíodh agus a gabhadh a shoiléiriú, agus chun próis chuí a chur ar fáil do gach cimí. Ina theannta sin, mar fhreagairt ar chinneadh na hIaráine deireadh a chur le rochtain idirlín ar líonraí domhanda ar feadh seachtaine agus cumarsáid agus saorshreabhadh faisnéise do shaoránaigh na hIaráine a chosc, cuireadh in iúl go láidir sa dearbhú nach mór cearta bunúsacha, amhail saoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse comhthionóil, a urramú i gcónaí. |
(3) |
Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna uile is ábhar imní leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, ba cheart ochtar agus trí eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Aibreán 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011:
|
Daoine
|
|
Eintitis
|