This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021L1716
Commission Delegated Directive (EU) 2021/1716 of 29 June 2021 amending Directive 2014/47/EU of the European Parliament and of the Council as regards modifications to the vehicle category designations stemming from amendments to the type-approval legislation (Text with EEA relevance)
Treoir Tarmligthe (AE) 2021/1716 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2021 lena leasaítear Treoir 2014/47/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modhnuithe ar ainmniúcháin catagóirí feithiclí a eascraíonn as leasuithe ar an reachtaíocht maidir le cineálcheadú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Treoir Tarmligthe (AE) 2021/1716 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2021 lena leasaítear Treoir 2014/47/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modhnuithe ar ainmniúcháin catagóirí feithiclí a eascraíonn as leasuithe ar an reachtaíocht maidir le cineálcheadú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/4623
IO L 342, 27.9.2021, p. 45–47
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32014L0047 | Cur le | iarscríbhinn IV pointe 6 pointe (i) | 17/10/2021 | |
Modifies | 32014L0047 | Cur le | iarscríbhinn IV pointe 6 pointe (j) | 17/10/2021 | |
Modifies | 32014L0047 | Cur le | iarscríbhinn IV pointe 6 pointe (k) | 17/10/2021 | |
Modifies | 32014L0047 | Cur le | iarscríbhinn IV pointe 6 pointe (l) | 17/10/2021 | |
Modifies | 32014L0047 | Cur le | iarscríbhinn IV pointe 6 pointe (m) | 17/10/2021 | |
Modifies | 32014L0047 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe 6 pointe (g) | 17/10/2021 | |
Modifies | 32014L0047 | Athchur | iarscríbhinn IV pointe 6 pointe (h) | 17/10/2021 | |
Modifies | 32014L0047 | Athchur | airteagal 2 mír 1 pointe (d) | 17/10/2021 | |
Modifies | 32014L0047 | Athchur | airteagal 2 mír 1 Téacs | 17/10/2021 |
27.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 342/45 |
TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2021/1716 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Meitheamh 2021
lena leasaítear Treoir 2014/47/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modhnuithe ar ainmniúcháin catagóirí feithiclí a eascraíonn as leasuithe ar an reachtaíocht maidir le cineálcheadú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/47/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le cigireacht theicniúil cois bóthair ar ródacmhainneacht feithiclí tráchtála a bhíonn ag gluaiseacht san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/30/CE (1) agus go háirithe Airteagal 21 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá feidhm ag Treoir 2014/47/AE maidir le feithiclí tráchtála a bhfuil luas dearaidh is mó ná 25 km/h acu sna catagóirí a liostaítear in Airteagal 2(1) den Treoir sin. Cinntear na catagóirí sin trí thagairt do Threoir 2003/37/CE (2) agus do Threoir 2007/46/CE (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
(2) |
Rinneadh Treoir 2003/37/CE agus Treoir 2007/46/CE a aisghairm, faoi seach, le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 (4), agus le Rialachán (AE) 2018/858 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
(3) |
I bhfianaise na n-athruithe ar an gcatagóir feithiclí a eascraíonn as aisghairm Threoir 2003/37/CE le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, ba cheart na catagóirí feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2014/47/AE, chomh maith le pointe 6 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin, a nuashonrú. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/47/AE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir 2014/47/AE mar a leanas:
(1) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(2) |
in Iarscríbhinn IV, leasaítear pointe 6 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Trasuí
1. Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 27 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí, na dlíthe, na rialacháin agus na bearta riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na bearta is gá i bhfeidhm chun Airteagal 1 a chomhlíonadh ón 27 Meán Fómhair 2022.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Na modhanna chun tagairt den sórt sin a dhéanamh, leagfaidh na Ballstáit síos iad.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 127, 29.4.2014, lch. 134.
(2) Treoir 2003/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le cineálcheadú tarracóirí talmhaíochta nó tarracóirí foraoiseachta, na leantóirí a ghabhann leo, mar aon le hinnealra idirmhalartaithe ar tarraingt agus a córais a ghabhann leo, lena gcomhpháirteanna agus lena n-aonaid theicniúla leithleacha agus lena n-aisghairtear Treoir 74/150/CEE (IO L 171, 9.7.2003, lch. 1).
(3) Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 maidir le creat a bhunú chun mótarfheithiclí agus a leantóirí a cheadú, mar aon le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla scartha a ceapadh le haghaidh feithiclí dá leithéidí (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).