EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D2316

Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/81/2021/REV/1

IO L 462, 28.12.2021, p. 1–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2316/oj

28.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 462/1


CINNEADH (AE) 2021/2316 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Nollaig 2021

maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4) agus Airteagal 166(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 165 (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil gníomhaíocht an Aontais le bheith dírithe, inter alia, ar dhaoine óga a spreagadh chun bheith rannpháirteach i saol daonlathach na hEorpa.

(2)

I dTreochlár na Bratasláive an 16 Meán Fómhair 2016, thug na 27 gCeann Stáit nó Rialtais gealltanas i leith “deiseanna níos fearr a chur ar fáil don óige”, go háirithe trí bhíthin thacaíocht an Aontais do chomhrac na mBallstát i gcoinne na dífhostaíochta i measc na hóige agus cláir fheabhsaithe de chuid an Aontais atá tiomnaithe don óige.

(3)

I nDearbhú na Róimhe an 25 Márta 2017, gheall ceannairí na 27 mBallstát agus ceannairí na Comhairle Eorpaí, Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin go n-oibreoidís i dtreo “Aontas ina gcuirfear scoth an oideachais agus na hoiliúna ar dhaoine óga agus inar féidir leo staidéar a dhéanamh agus poist a aimsiú ar fud na mór-roinne”.

(4)

I Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027, bunaithe ar Rún ón gComhairle an 26 Samhain 2018 (3), aithnítear gurb iad na daoine óga ailtirí a saoil féin, a rannchuidíonn le hathrú dearfach sa tsochaí agus a dhéanann saibhriú ar uaillmhianta an Aontais. Aithnítear freisin gur féidir le beartas óige rannchuidiú a dhéanamh le spás a chruthú ina mbeidh daoine óga in ann deiseanna a thapú agus baint a bheith acu le luachanna an Aontais. Leis na Blianta Eorpacha a bhí ann roimhe seo, amhail Bliain Eorpach an Iarnróid 2021, Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018, Bliain Eorpach na Saoránach 2013-2014 agus Bliain Eorpach na hOibre Deonaí 2011, tugtar taithí luachmhar ar cheart di a bheith mar bhonn eolais do na hiarrachtaí a dhéanfar sa todhchaí chun daoine óga a mhealladh agus a chumhachtú i dtaca lena dtodhchaí agus le todhchaí na hEorpa a mhúnlú.

(5)

Le hIonstraim NextGenerationEU, arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), áirithítear go gcuirfear dlús leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht teacht as paindéim COVID-19 ar bhonn níos láidre i dteannta a chéile. Le hIonstraim NextGenerationEU déantar ionchais lán de dheiseanna do dhaoine óga a athoscailt, lena n-áirítear poist ardcháilíochta agus dul in oiriúint don athrú sóisialta. Tá sé d’aidhm ag an Aontas go mbeidh daoine óga go hiomlán rannpháirteach i bhfeidhmiú céimneach NextGenerationEU, lena bhfeabhsófar an ról a bheidh acu san aistriú glas agus digiteach.

(6)

An 15 Meán Fómhair 2021, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin ina haitheasc ar Staid an Aontais go molfadh an Coimisiún gur Bliain Eorpach na hÓige a bheadh sa bhliain 2022 (“an Bhliain Eorpach”). Agus í ag tabhairt chun suntais an muinín atá aici i dtodhchaí na hEorpa as an inspioráid a thugann daoine óga na hEorpa, dúirt Uachtarán an Choimisiúin “má táimid lenár nAontas a mhúnlú ar bhealach a bheidh oiriúnach do dhaoine óga, caithfidh daoine óga a bheith in ann todhchaí na hEorpa a mhúnlú”. Teastaíonn fís, rannpháirteachas agus rannpháirtíocht na n-óg uile ón Eoraip chun todhchaí níos fearr a thógáil, agus is gá don Eoraip deiseanna a thabhairt do dhaoine óga don todhchaí, todhchaí a bheidh níos glaise, níos digití agus níos cuimsithí. Is é sin an chúis gur mhol an tUachtarán “bliain a thiomnófar do chumhachtú na ndaoine a bhfuil oiread sin tiomnaithe acu féin do dhaoine eile”.

(7)

Ba cheart go dtionscnódh an Bhliain Eorpach próiseas machnaimh ar todhchaí na hóige agus ar a rannpháirtíocht ghníomhach i bhforbairt thodhchaí na hEorpa. Ar an gcúis sin, ba cheart beartais óige a phríomhshruthú trí bheartais ábhartha uile an Aontais.

(8)

Tá rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga i bpróisis dhaonlathacha ríthábhachtach don am i láthair agus do thodhchaí na hEorpa agus a sochaithe daonlathacha. I gcomhréir le conclúidí ón gComhairle an 1 Nollaig 2020 maidir le feasacht dhaonlathach agus rannpháirtíocht dhaonlathach a chothú i measc daoine óga san Eoraip (5) agus an 21 Meitheamh 2021 maidir le rialachas il-leibhéil a neartú agus rannpháirtíocht daoine óga sna próisis chinnteoireachta á cur chun cinn (6), an teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2020 maidir leis an bplean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach, agus an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2015 maidir leis an athchóiriú ar dhlí toghcháin an Aontais Eorpaigh (7), is é is aidhm, dá bhrí sin, don Bhliain Eorpach ná borradh a chur faoi rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga i saol daonlathach na hEorpa, lena n-áirítear trí thacú le gníomhaíochtaí rannpháirtíochta do dhaoine óga ó chúlraí éagsúla i bpróisis amhail an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, rannpháirtíocht shibhialta agus tionscnaimh shaorálaíochta a chur chun cinn, agus feasacht á hardú, dá bhrí sin, faoi luachanna agus cearta bunúsacha an Aontais agus faoi stair agus cultúr na hEorpa, lena dtabharfar daoine óga agus cinnteoirí le chéile ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena rannchuideofar le próiseas na lánpháirtíochta Eorpaí.

(9)

Rún ó na Náisiúin Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015 dar teideal Transforming our World: the 2030 Agenda for Sustainable Development (the “2030 Agenda”) [I mbun athraithe: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe “Clár Oibre 2030”)] inar aithníodh an ról ríthábhachtach atá ag daoine óga mar lucht déanta athruithe ar an leibhéal idirnáisiúnta agus inar dúradh gur gá tacú le daoine óga “chun a n-acmhainneachtaí gan teorainn don ghníomhaíochas a dhíriú i dtreo domhan níos fearr”. Is rannchuidiú nithiúil í an Bhliain Eorpach le Clár Oibre 2030, ina dtugtar chun suntais gur “gníomhaithe ríthábhachtacha don athrú iad leanaí agus mná óga agus fir óga”, agus ar cheart go ndéanfaí léi spreagadh sa bhreis a thabhairt do chur chun feidhme Chlár Oibre 2030, don bhealach i dtreo forbairt inbhuanaithe, agus d’acmhainneacht daoine óga chun an t-am i láthair agus an todhchaí a mhúnlú, ní hamháin todhchaí an Aontais, ach todhchaí thíortha comhpháirtíochta an Aontais agus todhchaí ár bpláinéid ina iomláine.

(10)

I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 5 Meitheamh 2020 maidir leis an Óige i mbun gníomhaíochta seachtraí, agus béim á leagan ar rannchuidiú glúnta óga le sochaithe níos láidre, níos dlisteanaí, níos síochánta agus níos daonlathaí a thógáil, leis an mBliain Eorpach, ba cheart rannchuidiú le rannpháirtíocht na hóige i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais a neartú ar fud na mbeartas uile, le deiseanna nua don oideachas, don fhoghlaim agus do mhalartuithe a chruthú, comhpháirtíochtaí agus idirphlé a fhorbairt idir daoine óga ón Aontas agus ó thíortha comhpháirtíochta an Aontais, lena n-áirítear Comhpháirtíocht an Oirthir, na Balcáin Thiar agus comharsanacht an Deiscirt, le leas a bhaint as na hardáin atá ann cheana le haghaidh idirphlé agus comhpháirtíochtaí don óige amhail an Mol um Chomhar don Óige idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach, agus Bonn Braite Óige an Aontais agus le méadú a dhéanamh ar ról rannpháirteachas na hóige i gcumarsáid straitéiseach agus i ngníomhaíocht taidhleoireachta poiblí.

(11)

Na Spriocanna Eorpacha don Óige, atá ina gcuid lárnach de Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027, agus a d’fhorbair daoine óga chun leasa daoine óga faoi phróiseas Idirphlé an Aontais i leith na hÓige, ar léiriú iad ar an díocas a bhíonn ar go leor Eorpaigh óga a bheith rannpháirteach i sainmhíniú a thabhairt ar an treo is ceart d’fhorbairt an Aontais aghaidh a thabhairt.

(12)

Ba cheart go gcuirfeadh an Bhliain Eorpach borradh faoi chur chun feidhme rathúil Phrionsabal 1 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (8), lena dtugtar chun suntais “go bhfuil an ceart chun oideachais, oiliúna agus foghlama ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán agus cuimsitheach ag gach duine”. Ina leith sin, ba cheart an Bhliain Eorpach a bheith ina cabhair le dul chun cinn suntasach a dhéanamh i dtreo an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025, a bhfuil sé d’aidhm aige daoine óga a spreagadh ina sástacht phearsanta, shóisialta agus ghairmiúil agus oideachas saoránachta a chothú trí fhíorspás Eorpach foghlama a chruthú agus deireadh a chur le bacainní ar an aitheantas frithpháirteach uathoibríoch a thabhairt do dhioplómaí, do cháilíochtaí agus do thréimhsí foghlama san Aontas. Ba cheart, leis an mBliain Eorpach, staid shóisialta agus dea-bhail daoine óga a bhreithniú. Ba cheart, leis an mBliain Eorpach, rannchuidiú le cur chun feidhme rathúil Phrionsabal 3 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ina dtugtar chun suntais “go bhfuil ceart chun córa comhionainne agus chun deiseanna comhionanna ag gach duine a mhéid a bhaineann le fostaíocht, cosaint shóisialta, oideachas, agus rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí atá ar fáil don phobal”.

(13)

Leis an mBliain Eorpach, ba cheart tacú le hiarrachtaí an Aontais i leith deiseanna fostaíochta don aos óg a leathnú mar chuid den phlean téarnaimh i ndiaidh phaindéim COVID-19 mar a dhearbhaítear i rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an Ráthaíocht don Aos Óg (9), ina gcuirtear i bhfios go láidir gur cuireadh isteach go tobann ar oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil daoine óga, mar aon le foghlaim neamhfhoirmiúil, ar thréimhsí oiliúna, ar intéirneachtaí agus ar phrintíseachtaí agus ar phoist mar gheall ar bhearta dianghlasála, rud a dhéanann difear d’ioncam, d’acmhainneacht tuillimh agus do dhea-bhail daoine óga, lena n-áirítear a sláinte, go háirithe a meabhairshláinte. Sa rún sin agus i rún uaithi an 17 Nollaig 2020 maidir le hEoraip shóisialta láidir d’Aistrithe Córa (10), cháin Parlaimint na hEorpa an cleachtas i dtaobh intéirneachtaí neamhíoctha nuair nach mbaineann sé le cáilíochtaí oideachais a fháil mar chineál dúshaothraithe ar oibrithe óga agus mar shárú ar a gcearta. I rún uaithi an 17 Nollaig 2020, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún creat dlíthiúil a chur ar aghaidh le haghaidh toirmeasc éifeachtach agus infhorfheidhmithe ar na hintéirneachtaí, na tréimhsí oiliúna agus na printíseachtaí neamhíoctha sin.

(14)

Leis an mBliain Eorpach, ba cheart tuilleadh spreagtha a thabhairt chun deiseanna fostaíochta ardcháilíochta don aos óg a chruthú faoin Tionscnamh Tacaíochta um Fhostaíocht don Aos Óg, lena n-áirítear tríd an Moladh ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Ráthaíocht don Aos Óg atreisithe (11) agus an tionscnamh nua Aimsigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh (ALMA) a mhol an Coimisiún a chur chun feidhme faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba cheart gur scéim soghluaisteachta trasteorann don óige a bheadh i dtionscnamh ALMA le haghaidh daoine faoi mhíbhuntáiste nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna.

(15)

Leis an mBliain Eorpach, ba cheart rannchuidiú leis an obair óige a aithint agus le cuspóirí an rúin ón gComhairle an 1 Nollaig 2020 maidir leis an gCreat chun Clár Oibre Eorpach don Obair Óige (13) (“an Clár Oibre Eorpach don Obair Óige”) agus próiseas Bonn a bhunú, agus, dá bhrí sin, rannchuidiú le struchtúir na hoibre óige a neartú chun iad a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos athléimní ar fud an Aontais, agus comhar trasteorann. Ba cheart freisin bailíochtú na n-inniúlachtaí a fuarthas trí fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta a chur chun cinn leis an mBliain Eorpach, lena n-áirítear trí obair óige, agus aitheantas á thabhairt ag an am céanna do luach ard na foghlama san obair óige in éineacht leis an oideachas foirmiúil agus don ghá atá ann leis an gcomhpháirtíocht atá idir an obair óige agus an t-oideachas foirmiúil a neartú.

(16)

I rún uaithi an 10 Feabhra 2021 maidir le tionchar COVID-19 ar an óige agus ar an spórt (14), chuir Parlaimint na hEorpa i bhfios go láidir an tionchar géar a bhí ag paindéim COVID-19 ar dhaoine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna agus thug sí chun suntais an gá atá ann le dul i ngleic leis na fadhbanna a bhfuil ar dhaoine óga ó ghrúpaí leochaileacha aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear daoine óga faoi mhíchumas. Thug sí faoi deara freisin gur tháinig ardú leanúnach ar an dífhostaíocht agus ar an mbochtaineacht i measc na hóige ó thús ráig phaindéim COVID-19 agus thathantaigh sí ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh chun na héifeachtaí tromchúiseacha ar an bhfostaíocht le haghaidh daoine óga a chomhrac. Mheabhraigh sí freisin ról na saorálaíochta i dtaca le scileanna saoil agus oibre a fhorbairt do dhaoine óga agus mheas sí go bhféadfadh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), cabhair a thabhairt do dhaoine óga a ndeiseanna a leathnú thar mar atá amhlaidh ina saol áitiúil.

(17)

Bhí tionchar domhain ar bhonn sóisialta agus eacnamaíoch ag paindéim COVID-19 ar ár sochaí ina hiomláine, as ar tháinig méadú nach bhfacthas riamh cheana ar shaincheisteanna meabhairshláinte, go háirithe i measc daoine óga. Dá bhrí sin, leis an mBliain Eorpach, ba cheart an plé agus forbairt ar réiteach inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear bearta coisctheacha, chun cabhrú le dul i ngleic leis na dúshláin sin.

(18)

Leis an mBliain Eorpach, ba cheart tacú le héifeacht a thabhairt do Chlár Oibre Eorpach don Obair Óige agus do na conclúidí ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le Daoine Óga agus Todhchaí na hOibre (16), an 10 Nollaig 2019 maidir le hobair óige dhigiteach (17) agus an 7 Nollaig 2017 maidir le hobair óige chliste (18).

(19)

Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le géarchéimeanna aeráide agus dúlra i gcomhréir le gealltanais an Aontais i leith chur chun feidhme Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (19) (“Comhaontú Pháras”), agus chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach agus an Comhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt, leis an mBliain Eorpach, ba cheart rannchuidiú le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra a phríomhshruthú agus leis na cuspóirí a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal “An Comhaontú Glas don Eoraip” a chur chun feidhme ar bhealach cothrom agus cuimsitheach, sna misin Fís Eorpach, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), agus sa phacáiste “Oiriúnach do 55” a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 dar teideal “Fit for 55”: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality [“Oiriúnach do 55”: Sprioc Aeráide 2030 AE i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach] go háirithe trí dhaoine óga a spreagadh a dtionscnaimh féin agus a smaointe cruthaitheacha a cheapadh maidir leis na spriocanna ábhartha a bhaint amach agus dá bhrí sin aitheantas a thabhairt d’acmhainneacht chruthaitheach agus nuálach agus cumais na ndaoine óga.

(20)

Leis an mBliain Eorpach, ba cheart ugach sa bhreis a thabhairt do rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le bearta éifeachta chun Erasmus+, Eoraip na Cruthaitheachta agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach (21) a “ghlasú”, lena gcuirtear i bhfios go láidir go bhfuil Erasmus+, trína thacaíocht d’oideachas, foghlaim agus oiliúint fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil agus do ghníomhaíochtaí rannpháirtíochta don aos óg, ríthábhachtach chun cur leis an bhfeasacht i measc na nEorpach, go háirithe i measc na nglúnta óga, chun iad a spreagadh chun seasamh gníomhach agus eolach a bheith acu maidir le beartais inbhuanaitheachta agus beartais ábhartha agus chun go n-éireoidh siad rannpháirteach agus comhfhiosach mar shaoránaigh amach anseo. Thug Parlaimint na hEorpa chun suntais freisin, sa rún sin, an ról tábhachtach atá ag eagraíochtaí na hóige agus na sochaí sibhialta ina leith sin, i ndea-chleachtais a chomhroinnt agus i gcur chun feidhme tionscadal lena gcuirtear le feasacht na nglúnta níos óige faoin inbhuanaitheacht.

(21)

Leis an mBliain Eorpach, ba cheart sineirgí a fhorbairt agus a lorg le himeachtaí agus tionscnaimh Eorpacha, amhail Cruinniú Eorpach um an Óige, Seachtain Eorpach na hÓige, Príomhchathair Óige na hEorpa, Príomhchathair Chultúir na hEorpa, Lá na hEorpa agus Laethanta Eorpacha na hOidhreachta agus le feachtas Chomhairle na hEorpa “an Óige ar son an Daonlathais, an Daonlathas don Óige”.

(22)

Ina haitheasc ar Staid an Aontais, thug Uachtarán an Choimisiúin chun suntais go bhfuil “an óige ina hiomláine de dhíth ar an Eoraip”. Agus a cuspóirí á gcomhlíonadh, ba cheart an Bhliain Eorpach a bheith go hiomlán cuimsitheach agus ba cheart rannpháirtíocht daoine óga ó chúlraí éagsúla agus daoine óga a bhfuil níos lú deiseanna acu agus daoine óga ó na réigiúin is forimeallaí a chur chun cinn go gníomhach, i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún (AE) 2021/1877 (22).

(23)

Tá sé tábhachtach go rannchuidítear, leis an mBliain Eorpach, le spéis agus le rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga sa saol daonlathach agus i bpróisis toghcháin, go háirithe ar leibhéal an Aontais. De réir Eorabharaiméadar Iarthoghcháin 2019 Pharlaimint na hEorpa, le linn thoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2019, bhí an ráta vótála i measc daoine óga i bhfad níos airde (42 %) i gcomparáid leis an ráta le linn thoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2014 (28 %). Ba cheart an ráta vótála i measc daoine óga a spreagadh tuilleadh.

(24)

Tá an Bhliain Eorpach daingnithe go docht sna prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”). Go háirithe, féachann an Bhliain Eorpach, ina gníomhú agus ina gníomhaíochtaí, le comhionannas inscne agus neamh-idirdhealú iomlán bunaithe ar fhorais inscne, ar bhunadh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a áirithiú, agus chun cur i bhfeidhm na Cairte a chur chun cinn. I Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh, a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 dar teideal EU strategy on the rights of the child [straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh] agus sa Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, arna bunú le Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle (23), socraíodh caighdeán nua d’ionadaíocht leanaí agus déagóirí agus aithnítear leanaí agus daoine óga mar shaoránaigh ghníomhacha agus mar ghníomhairí don athrú.

(25)

Chun a áirithiú go gcuirfear an Bhliain Eorpach chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil, leis an mBliain Eorpach, ba cheart an úsáid is mó is féidir a bhaint as na sásraí seachadta atá i bhfeidhm cheana. Chun breisluach na Bliana Eorpaí a bharrfheabhsú agus tionchar dearfach breise ar dhaoine óga san Eoraip a bhaint amach, ba cheart sineirgí agus comhlántacht a lorg, go háirithe, idir an Bhliain Eorpach agus cláir de chuid an Aontais, lena n-áirítear na cláir a mbaineann for-rochtain idirnáisiúnta atá spriocdhírithe ar dhaoine óga leo, na cláir gan gné thrasnáisiúnta ná idirnáisiúnta, go háirithe na cláir a bhaineann leis an oideachas agus an oiliúint, leis an spórt, le cultúr agus na meáin, leis an óige agus lena sláinte, lena n-áirítear a meabhairshláinte, chomh maith leis an dlúthpháirtíocht, le hobair dheonach, leis an bhfostaíocht agus cuimsiú sóisialta, le taighde agus nuálaíocht, leis an tionscal agus fiontar, leis an mbeartas digiteach, le talmhaíocht agus forbairt tuaithe i gcás ina leagtar béim leis na cláir sin ar fheirmeoirí óga, leis an gcomhshaol agus an aeráid, leis an mbeartas comhtháthaithe, le himirce, le slándáil agus le comhar agus forbairt idirnáisiúnta. Ba cheart sineirgí agus comhlántacht a lorg idir an Bhliain Eorpach agus gníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit. Le sineirgí agus comhlántacht, ba cheart cur le cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais a dhéanann na Ballstáit.

(26)

Trí thimpeallacht a chruthú chun cuspóirí na Bliana Eorpaí a chur chun cinn go comhuaineach ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, is féidir sineirgí níos mó agus úsáid níos fearr acmhainní a bhaint amach. I ndáil leis sin, ba cheart don Choimisiún faisnéis a sholáthar go tráthúil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do na Ballstáit, do Choiste na Réigiún, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do chomhlachtaí agus comhlachais atá gníomhach i réimse na hóige ar leibhéal an Aontais agus comhoibriú go dlúth leo. Chun a áirithiú go bhfuil gné Eorpach ag baint le gníomhaíochtaí a fhorbrófar le haghaidh na Bliana Eorpaí, tá sé tábhachtach na Ballstáit a spreagadh chun comhoibriú le chéile.

(27)

Le comhordú na Bliana Eorpaí ar leibhéal an Aontais, ba cheart an chomhchruthú a lamháil. Ba cheart don Choimisiún comhchruinnithe nó cruinnithe ar leith a thionól le geallsealbhóirí agus ionadaithe eagraíochtaí nó comhlachtaí i réimse na hóige agus le comhordaitheoirí náisiúnta, chun cuidiú leis an mBliain Eorpach a chomhchruthú agus a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais. Ba cheart ról lárnach a bheith ag Comhordaitheoir Eorpach na hÓige sna cruinnithe sin agus i dtaca le teagmháil a dhéanamh leis na geallsealbhóirí agus ionadaithe eagraíochtaí nó comhlachtaí éagsúla i réimse na hóige.

(28)

Leis an mBliain Eorpach, ba cheart díriú chomh maith ar ghníomhuithe agus gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh breisluach Eorpach a bheith ag baint leo. Tá coincheap “an bhreisluacha Eorpaigh” le tuiscint ar bhealach leathan agus is féidir é a léiriú ar bhealaí éagsúla, amhail i gcás ina mbaineann gné thrasnáisiúnta le gníomhuithe nó gníomhaíochtaí, go háirithe a mhéid a bhaineann le comhar arb é is aidhm dó tionchar sistéamach inbhuanaithe a bhaint amach nó rannchuidiú le féiniúlacht Eorpach agus le feasacht daoine óga agus lena n-úinéireacht ar luachanna coiteanna agus cearta bunúsacha de chuid an Aontais, lena n-áirítear comhionannas inscne, agus lena gcumas páirt a ghlacadh i ndaonlathas ionadaíoch agus rannpháirteach an Aontais.

(29)

Leis an mBliain Eorpach, ba cheart scaipeadh dea-chleachtais, dul i mbun staidéar agus taighde agus bailiú sonraí, staidrimh agus faisnéise cáilíochtúla nó cainníochtúla eile ar staid na ndaoine óga san Aontas a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir le héifeachtaí phaindéim COVID-19, ag baint úsáid as foinsí amhail an Vicí don Óige, Tuarascáil an Aontais um an Óige agus an tInnéacs maidir le Dul chun cinn na hÓige.

(30)

Ar leibhéal an Aontais, ba cheart an leithdháileadh airgeadais is gá chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme a shainaithint laistigh de chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027. Ba cheart EUR 8 milliún a bheith san íosbhuiséad oibríochtúil le haghaidh chur chun feidhme an Chinnidh seo. Le cláir agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais, faoi réir cistiú a bheith ar fáil, agus i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, ba cheart tacaíocht airgeadais bhreise a sholáthar don Bhliain Eorpach. Le maoiniú na Bliana Eorpaí, níor cheart dochar a dhéanamh do mhaoiniú tionscadal i gcláir reatha an Aontais agus ba cheart é a bheith d’aidhm aige leagáid fhadmharthanach a áirithiú don Bhliain Eorpach i ndiaidh 2022. Gan dochar do chumhachtaí an údaráis bhuiséadaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 314 CFAE, ba cheart maoiniú don leagáid sin a aithint laistigh de chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027.

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Chinnidh seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(32)

I bhfianaise thionchar phaindéim COVID 19 ar dhaoine óga agus, dá réir sin, i bhfianaise an ghéarghá atá le cuspóir na Bliana Eorpaí i dtaca le honóir a thabhairt do dhaoine óga, tacú leo agus dul i dteagmháil leo agus dearcadh iar-phaindéim COVID-19 i gceist, meastar gur iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(33)

Tar éis iarmhairtí phaindéim COVID-19, is gá an Cinneadh seo a chur i bhfeidhm go tráthúil ar mhaithe le cur chun feidhme gasta na Bliana Eorpaí a áirithiú. Ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2022,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Ainmneofar an bhliain 2022 ina “Bliain Eorpach na hÓige” (“an Bhliain Eorpach”).

Airteagal 2

Cuspóirí

I gcomhréir le cuspóirí Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 agus na Spriocanna Eorpacha don Óige, mar a shainmhínítear i Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 agus san Iarscríbhinn a ghabhann léi, a bhfuil cur chuige trasearnála i gceist leo, a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú go gcuirtear leasanna agus riachtanais daoine óga san áireamh go cuí i ngníomhaíocht pholaitiúil ar gach leibhéal, is éard a bheidh i gcuspóir foriomlán na Bliana Eorpaí borradh a chur faoi iarrachtaí an Aontais, na mBallstát agus na n-údarás réigiúnach agus áitiúil, mar aon le gníomhaithe ón tsochaí shibhialta, chun cumhacht, onóir agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga agus dul i dteagmháil leo, lena n-áirítear daoine óga a bhfuil níos lú deiseanna acu, le dearcadh iar-phaindéim COVID-19, d’fhonn tionchar fadtéarmach dearfach a bheith ann do dhaoine óga. Go háirithe, beidh sé d’aidhm ag an mBliain Eorpach na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

dearcthaí dearfacha a athnuachan do dhaoine óga, le béim ar leith ar an tionchar diúltach a bhí ag paindéim COVID-19 orthu, agus béim á leagan ar an gcaoi lena ndéantar an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus beartais eile an Aontais deiseanna a thairiscint do dhaoine óga agus don tsochaí i gcoitinne, agus inspioráid á fáil ó ghníomhaíochtaí, ó fhís agus ó thuiscint daoine óga chun tionscadal coiteann na hEorpa a neartú agus a spreagadh tuilleadh agus a riachtanais agus a n-ábhar imní á gcur san áireamh, agus tacaíocht á tabhairt do dhaoine óga i dtaca le deiseanna agus réitigh nithiúla chuimsitheacha a fhorbairt, agus an úsáid is fearr á baint as ionstraimí an Aontais ag an am céanna;

(b)

tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga agus iad a chumhachtú, lena n-áirítear trí obair óige, go háirithe daoine óga a bhfuil níos lú deiseanna acu, daoine óga ó chúlraí atá faoi mhíbhuntáiste agus ó chúlraí éagsúla, daoine óga a bhaineann le grúpaí leochaileacha agus imeallaithe, daoine óga ó cheantair thuaithe, iargúlta, fhorimeallacha agus bheagfhorbartha agus daoine óga ó na réigiúin is forimeallaí, le heolas agus inniúlachtaí ábhartha a fháil agus, ar an gcaoi sin, le bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus rannpháirteacha agus ina ngníomhaithe ar son an athraithe, arna spreagadh ag an muintearas Eorpach, lena n-áirítear iarrachtaí breise maidir le fothú acmhainneachta i ndáil le rannpháirtíocht óige agus rannpháirtíocht saoránach i measc daoine óga agus i measc na ngeallsealbhóirí uile a oibríonn chun ionadaíocht a dhéanamh ar a leasanna agus le rannchuidiú daoine óga ó chúlraí éagsúla a chur san áireamh i bpróisis chomhairliúcháin ríthábhachtacha, amhail an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus próiseas Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh;

(c)

tacú le daoine óga chun tuiscint níos fearr a fháil ar na deiseanna éagsúla atá ar fáil dóibh agus iad a chur chun cinn go gníomhach, ar deiseanna iad a bhaineann le beartais phoiblí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, ar mhaithe le tacú lena bhforbairt phearsanta, shóisialta, eacnamaíoch agus ghairmiúil i ndomhan glas, digiteach agus cuimsitheach, agus é mar aidhm leis sin na bacainní atá fós ann a bhaint;

(d)

beartas na hóige a phríomhshruthú i réimsí beartais ábhartha uile an Aontais i gcomhréir le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 chun tabhairt isteach dhearcadh na hóige ar gach leibhéal den cheapadh beartas a spreagadh.

Airteagal 3

Cineálacha beart

1.   Áireofar na gníomhaíochtaí seo a leanas ar leibhéal an Aontais agus, ag cur leis na féidearthachtaí atá ann cheana, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus, i gcás inarb ábhartha, i dtíortha comhpháirtíochta, atá nasctha le cuspóirí na Bliana Eorpaí, sna bearta a dhéanfar chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach:

(a)

comhdhálacha, imeachtaí, idir imeachtaí cultúrtha agus imeachtaí eile agus tionscnaimh bheartais a spriocdhíríonn ar dhaoine óga chun díospóireacht chuimsitheach agus inrochtana maidir le dúshláin a chur chun cinn, lena n-áirítear tionchar phaindéim COVID-19, ar dúshláin iad atá le sárú ag daoine óga, lena n-áirítear daoine óga a bhfuil níos lú deiseanna acu agus a bhaineann le grúpaí leochaileacha, agus ar dúshláin iad amhail a staid shóisialta, rochtain ar oideachas agus ar oiliúint, agus dálaí oibre, agus maidir leis an mbealach is féidir le geallsealbhóirí ar leibhéil éagsúla dul i mbun gníomhaíochta;

(b)

rannpháirtíocht na hóige a chur chun cinn agus feabhas a chur ar úsáid na n-uirlisí, na mbealaí agus na gclár atá ann cheana, mar aon le cinn nua nuálacha lena gcuirtear ar chumas gach duine óig dul i dteagmháil le lucht ceaptha beartas trí thaithí agus dea-chleachtas a shainaithint, a bhailiú agus a roinnt agus trí fheasacht ar na huirlisí, na bealaí agus na cláir sin a mhúscailt i measc lucht ceaptha beartas;

(c)

smaointe a bhailiú trí mhodhanna rannpháirtíochta a úsáid mar iarracht chun an Bhliain Eorpach a chomhchruthú agus a chur chun feidhme;

(d)

feachtais faisnéise, oideachais agus múscailte feasachta chun luachanna a chur in iúl amhail urraim, comhionannas, ceartas, dlúthpháirtíocht, obair dheonach, muintearas agus sábháilteacht, an bhraistint a bheith ag daoine go bhfuiltear ag éisteacht leo agus go bhfuiltear ag tabhairt urraim dóibh, ionas go spreagfar daoine óga chun rannchuidiú go gníomhach le sochaí níos cuimsithí, níos glaise agus níos digití a thógáil;

(e)

spásanna agus uirlisí a chruthú le haghaidh malartuithe maidir le deiseanna a dhéanamh de dhúshláin agus gníomhaíochtaí a dhéanamh de smaointe de mheon fiontraíochta, agus cruthaitheacht, pobal agus comhar á gcothú ag an am céanna;

(f)

staidéir agus taighde a dhéanamh ar staid dhaoine óga an Aontais, agus aird ar leith á tabhairt ar éifeachtaí phaindéim COVID-19, staidreamh comhchuibhithe Eorpach agus sonraí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais a tháirgeadh agus a úsáid, agus na torthaí sin a chur chun cinn agus a scaipeadh ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach;

(g)

cláir, deiseanna cistiúcháin, tionscadail, gníomhaíochtaí agus líonraí atá ábhartha do dhaoine óga a chur chun cinn, lena n-áirítear trí bhíthin na meán sóisialta agus pobail ar líne.

2.   Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit gníomhaíochtaí eile a shainaithint a d’fhéadfadh rannchuidiú le cuspóirí na Bliana Eorpaí agus a cheadú go ndéanfaí tagairtí don Bhliain Eorpach le húsáid mar lipéad agus na gníomhaíochtaí sin á gcur chun cinn, a mhéid a rannchuidíonn siad leis na cuspóirí sin a bhaint amach. Féadfaidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais agus na Ballstáit gníomhaíochtaí eile den sórt sin a shainaithint agus iad a mholadh don Choimisiún.

Airteagal 4

Comhordú ar an leibhéal náisiúnta

Beidh na Ballstáit freagrach as rannpháirtíocht sa Bhliain Eorpach a eagrú ar an leibhéal náisiúnta. Ceapfaidh na Ballstáit comhordaitheoirí náisiúnta chun na críche sin. Áiritheoidh na comhordaitheoirí náisiúnta go ndéanfar comhordú ar na gníomhaíochtaí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta. Áiritheoidh siad freisin go mbeidh daoine óga, eagraíochtaí óige agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, lena n-áirítear, i gcás inarb ann dóibh, comhairlí náisiúnta don óige, agus geallsealbhóirí ábhartha eile, rannpháirteach go gníomhach i gcomhchruthú, cur chun feidhme agus athbhreithniú ar chur chun feidhme ghníomhaíochtaí na Bliana Eorpaí ar an leibhéal náisiúnta agus áiritheoidh siad go rachaidh siad ina mbun go gníomhach freisin.

Airteagal 5

Comhordú ar leibhéal an Aontais

1.   Tionólfaidh an Coimisiún cruinnithe de chuid na gcomhordaitheoirí náisiúnta chun comhordú a dhéanamh ar reáchtáil na Bliana Eorpaí. Feidhmeoidh na cruinnithe sin freisin mar dheis chun faisnéis a mhalartú maidir le cur chun feidhme na Bliana Eorpaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Féadfaidh ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa a bheith rannpháirteach sna cruinnithe sin mar bhreathnóirí agus rannchuidiú leis na cruinnithe seo.

2.   Beidh cur chuige trasnach ag comhordú na Bliana Eorpaí ar leibhéal an Aontais d’fhonn sineirgí idir cláir agus tionscnaimh éagsúla an Aontais atá ábhartha maidir le daoine óga a chruthú agus cuirfear é sin san áireamh go cuí ar an leibhéal náisiúnta.

3.   Tionólfaidh an Coimisiún cruinnithe le haghaidh geallsealbhóirí agus ionadaithe eagraíochtaí nó comhlachtaí i réimse na hóige, lena n-áirítear Fóram Eorpach na nÓg agus eagraíochtaí óige eile, chun cuidiú leis an mBliain Eorpach a chomhchruthú agus a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 6

Comhar ar an leibhéal idirnáisiúnta

Chun críocha na Bliana Eorpaí, i gcás inar gá, oibreoidh an Coimisiún i gcomhar le páirtithe idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí inniúla idirnáisiúnta, agus infheictheacht rannpháirtíocht an Aontais á háirithiú aige ag an am céanna. Áiritheoidh an Coimisiún, go háirithe, go mbeidh comhar ann le An Chomhairle Eorpach, lena n-áirítear trí Chomhpháirtíocht Óige AE-Chomhairle na hEorpa, agus trí naisc láidre a bhunú le feachtas Chomhairle na hEorpa “An Óige ar son an Daonlathais, an Daonlathas ar son na hÓige”, agus le líonraí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta óige chomh maith.

Airteagal 7

Faireachán agus meastóireacht

Faoin 31 Nollaig 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme, torthaí agus measúnú foriomlán na mbeart dá bhforáiltear sa Chinneadh seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Áireofar sa tuarascáil sin smaointe le haghaidh iarrachtaí coiteanna breise i réimse na hóige chun leagáid fhadmharthanach a chruthú don Bhliain Eorpach.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Nollaig 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  Tuairim an 8 Nollaig 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2021(nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2021

(3)  IO C 456, 18.12.2018, lch. 1.

(4)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(5)  IO C 415, 1.12.2020, lch. 16.

(6)  IO C 241, 21.6.2021, lch. 3.

(7)  IO C 366, 27.10.2017, lch. 7.

(8)  IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.

(9)  IO C 395, 29.9.2021, lch. 101.

(10)  IO C 445, 29.10.2021, lch. 75.

(11)  Moladh an 30 Deireadh Fómhair 2020 ón gComhairle maidir le Droichead chun na Fostaíochta – Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú agus a chuirtear in ionad Mholadh an 22 Aibreán 2013 ón gComhairle maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú (IO C 372, 4.11.2020, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

(13)  IO C 415, 1.12.2020, lch. 1.

(14)  IO C 465, 17.11.2021, lch. 82.

(15)  Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014 (IO L 202, 8.6.2021, lch. 32).

(16)  IO C 189, 5.6.2019, lch. 28.

(17)  IO C 414, 10.12.2019, lch. 2.

(18)  IO C 418, 7.12.2017, lch. 2.

(19)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(20)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(21)  IO C 385, 22.9.2021, lch. 2.

(22)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1877 ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an an gcreat i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú de chuid chlár Erasmus+ agus chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 2021-2027 (IO L 378, 26.10.2021, lch. 15).

(23)  Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14).


Top