EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D2121

Cinneadh (AE) 2021/2121 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2020 maidir le bainistíocht taifead agus cartlanna

C/2020/4482

IO L 430, 2.12.2021, p. 30–41 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2121/oj

2.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 430/30


CINNEADH (AE) 2021/2121 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Iúil 2020

maidir le bainistíocht taifead agus cartlanna

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 354/83 ón gComhairle gComhairle an 1 Feabhra 1983 maidir le cartlanna stairiúla Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a oscailt don phobal (1), agus go háirithe Airteagal 9(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is iad na taifid atá i seilbh an Choimisiúin is bonn lena fheidhmiú agus lena obair ó lá go lá. Is cuid de shócmhainní an Choimisiúin iad agus is leo a chomhlíontar na feidhmeanna malartú faisnéise a éascú, fianaise ar na bearta a rinneadh a sholáthar, oibleagáidí dlíthiúla na hinstitiúide a chomhlíonadh agus a stair a chaomhnú. Dá bhrí sin, ní mór na taifid sin a bhainistiú i gcomhréir le rialacha éifeachtacha is infheidhme maidir le gach ardstiúrthóireacht agus gach roinn choibhéiseach.

(2)

Coinníonn an Coimisiún taifid a chruthaítear, a fhaightear agus a bhainistítear le linn a chuid gníomhaíochtaí. Déantar gach taifead a ghabháil agus a choinneáil i stóras leictreonach oifigiúil taifead, gan beann ar a bhformáid agus ar an timpeallacht theicneolaíoch ina ndéantar iad a bhailiú, a chruthú nó a ghiniúint.

(3)

Le forálacha maidir le bainistíocht taifead agus cartlanna leagtar amach prionsabail chun an méid seo a leanas a áirithiú: cruthú, fáil agus caomhnú nó díchur cuí taifead mar aon le ceadú agus cur ar fáil na dtaifead sin; barántúlacht, iontaofacht, ionracas agus inléiteacht taifead agus na meiteashonraí a ghabhann leo, le himeacht ama; sainaithint gach taifid mar aon le hasbhaint agus leithdháileadh meiteashonraí, ionas gur féidir é a chomhdú, a chuardach agus a rianú go héasca; forbairt, cothabháil agus nuashonrú struchtúr na gcóras bainistíochta taifead agus cartlann atá ag an gCoimisiún, mar aon leis na stórais leictreonacha agus na stórais le haghaidh na meán analógach atá aige.

(4)

Leis na prionsabail sin tá sé beartaithe saolré thaifid an Choimisiúin a chumhdach, is cuma cén meán ina bhfuil siad, ionas go ndéanfar sonraí, faisnéis agus taifid a chur ar fáil, a mhalartú, a chomhroinnt, a athúsáid agus a scaipeadh i gcomhréir le beartas, socruithe rialachais agus cleachtas an Choimisiún i leith bainistíocht sonraí agus faisnéise.

(5)

Taifid a bhainistiú agus a chartlannú go héifeachtach cuí, is cuidiú é sin chun oibleagáidí trédhearcachta an Choimisiúin a chomhlíonadh, go háirithe rochtain phoiblí ar dhoiciméid a éascú agus prionsabal na cuntasachta i leith gníomhartha poiblí a chur chun feidhme.

(6)

Ba cheart na forálacha maidir le bainistíocht taifead agus cartlanna a ailíniú leis an oibleagáid rochtain a sholáthar ar dhoiciméid atá i seilbh an Choimisiúin i gcomhréir leis na prionsabail, na socruithe agus na teorainneacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(7)

Le Cinneadh 2002/47/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún (3), rinne an Coimisiún leasú ar a Rialacha Nós Imeachta chun forálacha maidir le bainistiú doiciméad a áireamh agus le Cinneadh 2004/563/CE, Euratom ón gCoimisiún (4), rinne sé leasú ar na Rialacha Nós Imeachta chun forálacha maidir le doiciméid leictreonacha agus dhigitithe a chur san áireamh d’fhonn bainistíocht agus cartlannú leictreonach doiciméad a chur ar bun, lena leagtar síos sraith choiteann rialacha agus nósanna imeachta is infheidhme maidir le gach roinn.

(8)

Na rialacha lena gcinntear na coinníollacha faoina mbeidh doiciméid leictreonacha, doiciméid dhigitithe agus doiciméid a tharchuirtear go leictreonach bailí agus na coinníollacha faoina stóráiltear na doiciméid sin chun críocha an Choimisiúin, is gá na rialacha sin a thabhairt cothrom le dáta.

(9)

Ba cheart clár um athrú digiteach an Choimisiúin a chur san áireamh sa bheartas maidir le bainistíocht taifead agus cartlannú (5). Dá bhrí sin, ba cheart béim láidir a leagan ar an bprionsabal go gcruthaítear taifid i bhformáid leictreonach, agus san fhormáid sin amháin, cé gur cheart eisceachtaí ón bprionsabal sin a bheith indéanta mar sin féin.

(10)

Spreagtar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais aitheantas a thabhairt do sheirbhísí ríomh-shainaitheantais agus iontaoibhe a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) chun leas a bhaint as comhar riaracháin, go háirithe as dea-chleachtas atá ann cheana agus as torthaí na dtionscadal atá ar bun sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(11)

Ba cheart rialacha agus nósanna imeachta an Choimisiúin maidir le bainistíocht taifead agus cartlanna a thabhairt cothrom le dáta go rialta, agus forbairtí i dtaighde acadúil agus eolaíoch agus torthaí an taighde sin á gcur san áireamh, lena n-áirítear teacht chun cinn caighdeán ábhartha agus forbairtí sa teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide.

(12)

Ní hamháin go gcláraítear taifid le córas bainistíochta taifead, ach déantar iad a ghabháil ar bhonn níos leithne chun iad a shainaithint go soiléir agus go hiontaofa, chun a n-inrianaitheacht a áirithiú agus chun iad a chur ar fáil le haghaidh úsáideoirí eile trí chomhdú nó trí mhodhanna eile chun taifid a chomhbhailiú ar feadh a saolré.

(13)

Ba cheart cosaint a dhéanamh ar chórais faisnéise, gréasáin agus saoráidí tarchurtha a úsáidtear le haghaidh chórais taifead an Choimisiúin trí bhearta slándála iomchuí i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme maidir le faisnéis a chosaint.

(14)

Ba cheart sonraí agus faisnéis a bheith ar fáil agus a chomhroinnt chomh forleathan agus is féidir laistigh den Choimisiún chun dlúthchomhar a bhall foirne a éascú mar aon le hin-aisghabhálacht agus athúsáid sonraí agus faisnéise agus chun sineirge a acmhainní a chur chun cinn agus éifeachtúlacht a fheabhsú.

(15)

Cruthaíonn agus coinníonn gach institiúid de chuid an Aontais a cartlanna stairiúla agus osclaíonn sí don phobal iad i gcomhréir le Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 354/83. Ina theannta sin, glacann gach institiúid rialacha inmheánacha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin.

(16)

Faoi Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ceanglaítear ar an gCoimisiún faisnéis a chur ar fáil le haghaidh ábhair sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leo agus a gcearta mar ábhair sonraí a urramú. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún cothromaíocht a bhaint amach idir na cearta sin agus na cuspóirí maidir le cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir leis an dlí um chosaint sonraí.

(17)

Déantar foráil in Airteagal 16(5) agus in Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le heisceachtaí ó cheart na n-ábhar sonraí chun faisnéise agus maidir leis an gceart go ndéanfaí sonraí a léirscriosadh i ndáil le sonraí a phróiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail. Níor cheart feidhm a bheith ag na cearta sin i bprionsabal sa chomhthéacs ar leith a bhaineann le cartlanna stairiúla an Choimisiúin, agus méid na hinstitiúide agus a taifid á gcur san áireamh mar aon le cineál an chartlannaithe ar mhaithe le leas an phobail. Dá ndéanfaí sonraí pearsanta atá sna taifid sin a léirscriosadh, go háirithe, bhainfí an bonn ó bhailíocht, ó shláine agus ó bharántúlacht chartlanna an Choimisiúin agus, dá bhrí sin, is dócha go gcuirfeadh sé isteach go mór ar bhaint amach na gcuspóirí maidir le cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail.

(18)

D’fhéadfadh sé nach mbeadh an Coimisiún in ann ná go mbeadh air iarracht dhíréireach a dhéanamh faisnéis maidir le próiseáil a chur ar fáil a luaithe a aistreofar a chomhaid agus a thaifid a roghnaíodh le haghaidh buanchoimeád chuig a chartlann stairiúil. Ba cheart na hábhair sonraí a chur ar an eolas go bhféadfar taifid ina bhfuil a gcuid sonraí pearsanta a aistriú chuig cartlanna stairiúla an Choimisiúin ag deireadh na tréimhse coinneála a sainaithníodh le haghaidh na dtaifead sin mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725. Cuirtear an fhaisnéis sin ar fáil i ndáil leis na hoibríochtaí próiseála bunaidh ar bailíodh na sonraí pearsanta ina leith ar dtús.

(19)

Le hAirteagal 25(4) de Rialachán (AE) 2018/1725 tugtar an deis don Choimisiún foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar na cearta dá dtagraítear in Airteagail 17, 18, 20, 21, 22 agus 23 den Rialachán sin, a mhéid is dócha go bhfágfadh na cearta sin nach bhféadfaí cuspóirí cartlannaithe a bhaint amach ar chor ar bith ar mhaithe le leas an phobail ná go gcuirfí isteach go mór orthu agus is gá maoluithe chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh. Mura ndéantar foráil maidir le maoluithe i ngníomh dlí arna ghlacadh ar bhonn na gConarthaí, ní mór rialacha inmheánacha a ghlacadh faoina mbeidh an Coimisiún i dteideal maolú ar na cearta sin.

(20)

D‘fhéadfadh iarracht dhíréireach riaracháin a bheith i gceist le rochtain a thabhairt ar shonraí pearsanta i gcás iarraidh ó ábhar sonraí nach gcuireann faisnéis shonrach ar fáil maidir leis an bpróiseáil lena mbaineann an iarraidh nó d’fhéadfadh sé a bheith dodhéanta go praiticiúil, i bhfianaise mhéid agus chineál chartlanna stairiúla an Choimisiúin.

(21)

Dá ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú, bhainfeadh sé an bonn ó shláine agus ó bharántúlacht chartlanna an Choimisiúin agus níorbh fhiú a bheith ag déanamh cartlannú ar mhaithe le leas an phobail. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht go bhféadfaidh an Coimisiún, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo ina bhfuil sonraí pearsanta míchruinne, a chinneadh ráiteas forlíontach nó nóta anótáilte a chur isteach sa taifead ábhartha.

(22)

Cuid dhílis fhíor-riachtanach de thaifid a roghnaítear lena gcaomhnú go buan is ea iad sonraí pearsanta. Dá bhrí sin, dá dtabharfaí an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne sonraí pearsanta atá i dtaifid den sórt sin a phróiseáil, ní fhéadfaí na cuspóirí maidir le cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail a bhaint amach.

(23)

Ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh maidir le maoluithe faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/1725.

(24)

Agus prionsabal na cuntasachta á chur i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún taifead a choinneáil ar chur i bhfeidhm na maoluithe.

(25)

Chun an chosaint is mó is féidir a thabhairt do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí agus i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiún a chur ar an eolas chomh luath agus is féidir faoi aon srian atá á chur i bhfeidhm faoi chur i bhfeidhm na maoluithe faoin gCinneadh.

(26)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir leis na rialacha sin agus thug sé tuairim uaidh lena mholtaí an 3 Márta 2020.

(27)

Ba cheart na baill foirne uile a bheith freagrach as cruthú agus as ceart-bhainistiú taifead a bhaineann le beartais, próisis agus nósanna imeachta a bhfuil siad freagrach astu,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an gCinneadh seo, leagtar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

bainistíocht taifead agus chartlainne an Choimisiúin;

(b)

caomhnú chartlanna an Choimisiúin agus oscailt don phobal agus taisceadh chartlanna stairiúla an Choimisiúin i gCartlanna Stairiúla an Aontais Eorpaigh san Institiúid Ollscoile Eorpach (IOE) i bhFlórans.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an gCinneadh seo maidir le taifid atá i seilbh an Choimisiúin agus lena chartlann, gan beann ar an bhfoirm, ar an meán, ar an aois agus ar an suíomh a bhaineann leo.

Féadfaidh sé feidhm a bheith aige, trí chomhaontú sonrach, maidir le taifid atá i seilbh eintiteas eile atá freagrach as beartais áirithe de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm nó maidir le taifid arna malartú trí líonraí tarchurtha sonraí idir údaráis riaracháin agus an Coimisiún.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “taifead” faisnéis, ar faisnéis í a fhaightear agus a chruthaítear i bhfoirm doiciméid (8), bailiúchán sonraí nó foirm eile i meán digiteach nó analógach a ghabhtar i stóras oifigiúil agus a dhéantar a bhainistiú agus a choinneáil mar fhianaise agus mar shócmhainn (9);

(2)

ciallaíonn “meiteashonraí” aon fhaisnéis lena dtugtar tuairisc ar chomhthéacs, inneachar agus struchtúr taifead agus ar a mbainistíocht le himeacht ama chun críocha aisghabhála, inrochtaineachta agus athúsáide, inter alia;

(3)

ciallaíonn “digitiú” próiseas arb é atá ann taifead ar páipéar nó ar aon mheán traidisiúnta eile a iompú ina leagan leictreonach;

(4)

ciallaíonn “stóras oifigiúil taifead” córas, ar córas é atá aitheanta agus formheasta ag an Ardrúnaíocht, ina ndéantar taifid atá i seilbh an Choimisiúin a bhailiú, a eagrú agus a chatagóiriú chun aisghabháil, dáileadh, úsáid, diúscairt nó caomhnú taifead a éascú;

(5)

ciallaíonn “gabháil” doiciméad a chur isteach i stóras leictreonach oifigiúil trí aitheantóir uathúil agus meiteashonraí uathúla a chomhcheangal (10);

(6)

ciallaíonn “sainaitheantóir uathúil” seicheamh de dhigití nó de litreacha, nó den dá rud, a rinne meaisín nó duine a shannadh gan débhrí do thaifead agus lena sainaithnítear an taifead sin a bheith uathúil agus éagsúil le gach taifead eile;

(7)

ciallaíonn “clárú” taifead a ghabháil i gclár, a shuí go bhfuil sé iomlán agus comhdhéanta mar is ceart ó thaobh an riaracháin agus/nó an dlí de agus a dheimhniú gur sheol údar é chuig seolaí ar dháta áirithe, mar phost isteach nó mar phost amach, nó gur corpraíodh é i gceann de stórais oifigiúla an Choimisiúin;

(8)

ciallaíonn “comhad” comhbhailiúchán taifead a eagraítear i gcomhréir le gníomhaíochtaí an Choimisiúin, ar chúiseanna cruthúnais, údair chuí nó faisnéise agus chun éifeachtúlacht san obair a ráthú; eagraítear an grúpa taifead a bhfuil an comhad comhdhéanta díobh ar bhealach a chruthóidh aonad comhleanúnach ábhartha i dtéarmaí na ngníomhaíochtaí a chuireann an Coimisiún nó a ranna i gcrích;

(9)

ciallaíonn “plean comhdúcháin” ionstraim a bhfuil struchtúr ordlathach agus loighciúil aici, i bhfoirm struchtúr crainn ag a bhfuil roinnt ceannteidil idirnasctha, lenar féidir comhaid (nó comhbhailiúcháin eile de thaifid) a eagrú ar bhonn intleachtúil agus a nascadh leis an gcomhthéacs inar tarraingíodh suas iad, ar bhonn na bhfeidhmeanna, na ngníomhaíochtaí agus na bpróiseas oibre;

(10)

ciallaíonn “barántúlacht” gur féidir a chruthú gurb éard atá i dtaifead an rud a mhaítear a bheith ann, gurbh é an duine a chruthaigh nó a sheol é an duine a mhaítear a chruthaigh nó a sheol é agus gur cruthaíodh nó gur seoladh é an tráth a mhaítear (11);

(11)

ciallaíonn “iontaofacht” gur féidir a bheith muiníneach as taifead gur léiriú iomlán agus cruinn é ar na hidirbhearta, ar na gníomhaíochtaí nó ar na fíorais a fhianaítear leis agus gur féidir a bheith ag brath ar an taifead le linn idirbheart nó gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin (12);

(12)

ciallaíonn “sláine” go bhfuil taifead iomlán agus neamhathraithe (13);

(13)

ciallaíonn “bailíocht” go bhfuil ag doiciméad na saintréithe intreacha agus eistreacha uile a cheanglaítear de réir chomhthéacs a tháirgthe, ar saintréithe iad is gá chun glacadh leis gur léiriú de chuid an údair é maille leis na hiarmhairtí dlí go léir a ghabhann leis sin;

(14)

ciallaíonn “inghlacthacht” go bhfuil ag doiciméad na saintréithe intreacha agus eistreacha go léir a cheanglaítear de réir chomhthéacs a fhála, ar saintréithe iad is gá chun glacadh leis gur léiriú ar an údar é maille leis na hiarmhairtí dlí go léir a ghabhann leis sin;

(15)

ciallaíonn “caomhnú” gach próiseas teicniúil agus gach oibríocht theicniúil a fhágann gur féidir taifid a choinneáil le himeacht ama, a sláine agus a mbarántúlacht a choinneáil agus rochtain ar a n-inneachar a ráthú.

CAIBIDIL II

BAINISTÍOCHT TAIFEAD

Airteagal 4

Cruthú

1.   Déanfaidh údar aon fhaisnéise a cruthaítear as an nua an fhaisnéis sin a anailísiú chun an córas leictreonach bainistíochta a chinneadh lena ndéanfar an fhaisnéis a bhainistiú, más rud é go bhfuil sí le gabháil agus an córas stórais oifigiúil ina bhfuil sí le caomhnú.

2.   Cruthófar taifid i gcomhréir leis na ceanglais fhoirmiúla a leagtar amach le haghaidh an chineáil ábhartha taifead.

3.   Cruthófar taifid an Choimisiúin mar thaifid leictreonacha agus coimeádfar ina stórais leictreonacha oifigiúla iad.

Sna cásanna seo a leanas, áfach, d’fhéadfaí taifid a chruthú i meán éagsúil nó a choinneáil ar bhealach éagsúil:

(a)

i gcás ina gceanglófar amhlaidh le foráil de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta,

(b)

i gcás inar gá meán páipéir mar gheall ar áisiúlacht prótacail,

(c)

i gcás ina gcuirfear bac ar dhigitiú an doiciméid de bharr cúiseanna praiticiúla,

(d)

i gcás ina mbeidh breisluach ann de bharr chaomhnú an doiciméid analógaigh bhunaidh, mar gheall ar a fhoirm nó ar an ábhar as a ndearnadh é nó ar chúiseanna stairiúla.

Airteagal 5

Digitiú

1.   Déanfar faisnéis i meáin analógacha a chruthaigh agus a fuair an Coimisiún a dhigitiú go córasach. Cuirfear na leaganacha leictreonacha sin, nuair a ghabhfar i stóras leictreonach oifigiúil iad, in ionad na ndoiciméad analógach comhfhreagrach, mura gceanglaítear, le foráil de dhlí an Aontais nó de dhlí an Bhallstáit nó an tríú tír lena mbaineann, síniú lámhscríofa a chur leo.

2.   Leagfar amach sna rialacha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 22 na mionsonraí nós imeachta agus teicniúla a bhaineann leis an digitiú, na heisceachtaí is infheidhme agus díchur na dtaifead analógach tar éis a ndigitithe.

Airteagal 6

Gabháil

1.   Déanfaidh gach ardstiúrthóireacht nó roinn choibhéiseach athbhreithniú rialta ar na cineálacha faisnéise a cruthaíodh nó a fuarthas le linn a cuid gníomhaíochtaí chun a shainaithint cé na cineálacha atá le gabháil i stóras leictreonach oifigiúil agus, an comhthéacs inar táirgeadh an fhaisnéis sin á chur san áireamh, chun bainistíocht na gcineálacha faisnéise sin a eagrú feadh a saolré.

2.   Ní athrófar na taifid a gabhadh. Féadfar iad a bhaint nó leaganacha ina dhiaidh sin a chur ina n-ionad go dtí go ndúnfar an comhad lena mbaineann siad.

Airteagal 7

Clárú

1.   Clárófar doiciméid más rud é go bhfuil faisnéis thábhachtach iontu nach bhfuil gearrshaolach nó más féidir go mbeidh gníomhaíocht nó obair leantach de chuid an Choimisiúin nó ceann dá chuid ranna ag baint leo.

2.   Cuirfear cláir ar bun chun aitheantóirí uathúla a ghiniúint do na taifid chláraithe.

Beidh gach clár nasctha le stóras leictreonach amháin nó níos mó. Féadfar eisceachtaí a dhéanamh ar chúiseanna slándála.

Airteagal 8

Plean comhdúcháin

I bplean comhdúcháin an Choimisiúin bainfear úsáid as aicmiúchán comhad coiteann i ranna uile an Choimisiúin. Beidh an t-aicmiúchán sin ina chuid de bhainistíocht an Choimisiúin atá bunaithe ar a chuid gníomhaíochtaí.

Airteagal 9

Próisis agus córais ríomhairithe

Déanfaidh na hardstiúrthóireachtaí agus na ranna coibhéiseacha a gcuid taifead a choinneáil agus a bhainistiú trí phróisis ríomhairithe agus córais agus struchtúir ríomhairithe ag a bhfuil comhéadain lena n-áirithítear go ndéanfar taifid a stóráil, a rochtain agus a aisghabháil, mura gceanglaítear a mhalairt le foráil de chuid an Choimisiúin.

Airteagal 10

Éifeachtaí dlíthiúla ríomhshínithe, ríomhshéalaí, ríomhstampaí ama agus ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe

1.   Beidh ríomhshíniú cáilithe (14) ar aon éifeacht dhlíthiúil le síniú lámhscríofa.

2.   Maidir le ríomhshéala cáilithe (15), toimhdeofar gur slán na sonraí agus gur beacht tionscnamh na sonraí sin a mbaineann an ríomhshéala cáilithe leo.

3.   Maidir le ríomhstampa cáilithe ama (16), toimhdeofar gur cruinn an dáta agus an t-am a léiríonn sé agus gur slán na sonraí lena mbaineann an dáta agus an t-am.

4.   Maidir le sonraí a sheolfar agus a ghlacfar trí ríomhsheirbhís seachadta chláraithe (17) a úsáid, toimhdeofar gur slán na sonraí sin, gurb é an seoltóir sainaitheanta a sheol na sonraí sin agus gurb é an seolaí sainaitheanta a fuair na sonraí sin agus gur cruinn dáta agus am seolta agus fála na sonraí a shonróidh an ríomhsheirbhís seachadta chláraithe.

Airteagal 11

Bailíocht doiciméad agus nósanna imeachta

1.   Measfar go gcomhlíonann doiciméad a chruthaíonn nó a fhaigheann an Coimisiún na critéir bhailíochta nó inghlacthachta i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

sainaithnítear an duine óna dtagann sé;

(b)

is comhthéacs iontaofa é an comhthéacs ina ndearnadh an doiciméad a thabhairt ar aird agus comhlíonann an doiciméad na coinníollacha lena ráthaítear a shláine;

(c)

comhlíonann an doiciméad na ceanglais fhoirmiúla a leagtar amach i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta is infheidhme;

(d)

i gcás doiciméad leictreonach, cruthaítear an doiciméad ar bhealach a ráthaíonn sláine, iontaofacht agus inúsáidteacht a inneachair agus na meiteashonraí a ghabhann leis.

2.   Leagan leictreonach a chruthaigh nó a fuair an Coimisiún, ar leagan é a cruthaíodh trí dhoiciméad analógach a dhigitiú, measfar go gcomhlíonann an leagan sin na critéir bhailíochta nó inghlacthachta i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach gceanglaítear aon síniú le foráil de chuid dhlí an Aontais ná de chuid dhlí an Bhallstáit nó an tríú tír lena mbaineann;

(b)

mar gheall ar a fhormáid, gurb ann do ráthaíochtaí sláine, iontaofachta, marthanachta, inléiteachta le himeacht ama agus éascaíochta rochtana ar an bhfaisnéis atá istigh ann.

I gcás nach gceanglófar doiciméad analógach sínithe, féadfar leagan leictreonach den sórt sin a úsáid le haghaidh aon mhalartú faisnéise agus le haghaidh aon nós imeachta inmheánach laistigh den Choimisiún.

3.   I gcás ina gceanglófar le foráil de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta bunchóip shínithe de dhoiciméad, sásóidh doiciméad a tharraing an Coimisiún suas nó a fuair sé an ceanglas sin más rud é go bhfuil aon cheann de na nithe seo a leanas sa doiciméad:

(a)

ríomhshíniú lámhscríofa nó cáilithe amháin nó níos mó,

(b)

ríomhshíniú amháin nó níos mó, seachas ríomhshínithe cáilithe, lena dtugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir le sainaithint an tsínitheora agus maidir lena thoil a chur in iúl sa doiciméad sínithe.

4.   I gcás ina n-éileofar le nós imeachta a bhaineann go sonrach leis an gCoimisiún síniú duine údaraithe nó formheas duine ag céim amháin nó níos mó den nós imeachta, féadfar an nós imeachta a bhainistiú le córais ríomhaireachta, ar choinníoll go ndéantar gach duine a shainaithint go soiléir agus go cinnte agus go bhfuil ag gabháil leis an gcóras i gceist ráthaíochtaí nach n-athraítear an t-inneachar le linn nós imeachta.

5.   I gcás ina mbainfidh nós imeachta leis an gCoimisiún agus le heintitis eile agus go n-éilíonn sé síniú duine údaraithe nó formheas duine ag céim amháin nó níos mó den nós imeachta, féadfar an nós imeachta a bhainistiú le córais ríomhaireachta a chomhlíonann coinníollacha agus a bhfuil dearbhuithe teicniúla ag gabháil leo a cinneadh trí chomhaontú comhpháirteach.

Airteagal 12

Sonraí agus faisnéis a sholáthar laistigh den Choimisiún

1.   Cuirfear sonraí agus faisnéis ar fáil agus comhroinnfear iad chomh forleathan agus is féidir laistigh den Choimisiún, ach amháin más gá an rochtain a bheith teoranta de bharr oibleagáidí dlíthiúla.

2.   Ar mhaithe le comhroinnt faisnéise, áiritheoidh na hardstiúrthóireachtaí agus na ranna coibhéiseacha go mbeidh an rochtain ar a gcomhaid chomh forleathan agus is féidir i bhfianaise íogaireacht an inneachair sna comhaid sin.

Airteagal 13

Slándáil agus cosaint faisnéise

Déanfar taifid a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha slándála de chuid an Choimisiúin is infheidhme maidir le cosaint faisnéise. Chuige sin, déanfar taifid, comhaid, córais faisnéise agus cartlanna, lena n-áirítear a líonraí agus a modhanna tarchurtha a chosaint trí bhearta iomchuí slándála chun faisnéis rúnaicmithe, faisnéis neamh-rúnaicmithe íogair agus sonraí pearsanta a bhainistiú (18).

Próiseálfar faisnéis rúnaicmithe i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm maidir leis an tslándáil.

CAIBIDIL III

CAOMHNÚ AGUS CARTLANNA STAIRIÚLA

Airteagal 14

Stóráil agus caomhnú

1.   Déanfar stóráil agus caomhnú faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

stórálfar taifid san fhoirm inar cruthaíodh, inar seoladh nó ina bhfuarthas iad nó i bhfoirm ina gcaomhnófar barántúlacht, iontaofacht agus sláine a n-inneachair agus na meiteashonraí a ghabhann leo;

(b)

ní mór inneachar na dtaifead agus na meiteashonraí ábhartha a bheith inléite ar feadh a dtréimhse stórála ag aon duine atá údaraithe le rochtain a bheith aige orthu;

(c)

i gcás ina seolfar nó ina bhfaighfear taifid go leictreonach, beidh an fhaisnéis is gá chun tionscnamh nó ceann scríbe an taifid a chinneadh, mar aon le dáta agus am na gabhála nó an chláraithe, mar chuid de na meiteashonraí íosta a bheidh le stóráil;

(d)

maidir le nósanna imeachta leictreonacha arna mbainistiú ag córais ríomhairí, ní mór faisnéis a bhaineann le céimeanna foirmiúla an nós imeachta a stóráil faoi chúinsí a fhágfaidh go n-áiritheofar gur féidir na céimeanna agus na húdair agus na rannpháirtithe sin a shainaithint.

2.   Áiritheoidh an tArd-Rúnaí cur chun feidhme straitéise maidir leis an gcaomhnú digiteach chun rochtain fhadtéarmach ar ríomhthaifid a áirithiú ar bhonn na liostaí coinneála dá dtagraítear in Airteagal 15(1). Déanfar an straitéis a tharraingt suas i gcomhar le Seirbhís an Choimisiúin um Chartlanna Stairiúla agus áiritheofar léi go bhfuil próisis, uirlisí agus acmhainní i bhfeidhm chun barántúlacht, iontaofacht agus sláine taifead agus a n-inrochtaineacht a áirithiú.

Airteagal 15

Coinneáil, aistriú agus díchur

1.   Déanfar an tréimhse choinneála le haghaidh na catagóirí éagsúla comhad agus, i gcásanna áirithe, le haghaidh na taifid a leagan síos don Choimisiún ina iomláine trí bhíthin ionstraimí rialála, amhail an liosta coiteann coinneála, nó trí liosta coinneála sonrach amháin nó níos mó a tarraingíodh suas ar bhonn an chomhthéacs eagraíochtúil, ar bhonn na reachtaíochta atá ann cheana agus oibleagáidí dlíthiúla an Choimisiúin.

2.   Déanfaidh na hardstiúrthóireachtaí agus na ranna coibhéiseacha breithmheas rialta ar na taifid agus ar na comhaid atá á mbainistiú acu chun a mheas an n-aistreofar iad chuig cartlanna stairiúla an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 16 nó an ndéanfar iad a dhíchur.

Mar sin féin, coinneofar tacar meiteashonraí i dtaifid agus i gcomhaid sa stóras leictreonach bunaidh mar fhianaise ar na taifid agus ar na comhaid sin agus mar fhianaise ar a n-aistriú nó ar a ndíchur.

3.   Faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais a bhfuil an t-aicmiú CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó níos airde aici, ní dhéanfar í a aistriú chuig Seirbhís an Choimisiúin um Chartlanna Stairiúla.

Airteagal 16

Seirbhís an Choimisiúin um Chartlanna Stairiúla

Is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh ar Sheirbhís an Choimisiúin um Chartlanna Stairiúla:

(a)

taifid, comhaid agus cartlanna an Choimisiúin a aistríodh chuig na Cartlanna, rochtain orthu sin a ráthú agus a mbarántúlacht, a n-iontaofacht agus a sláine a ráthú chomh maith;

(b)

cosaint ábhartha agus sláine mheiteashonraí na dtaifead agus na gcomhad a sholáthraíonn na ranna aistrithe a áirithiú;

(c)

taifid agus comhaid a chur ar fáil do na hardstiúrthóireachtaí nó do na ranna coibhéiseacha arna n-iarraidh sin;

(d)

an dara hathbhreithniú a dhéanamh ar gach taifead, comhad agus cartlanna arna n-aistriú, i gcás inar gá agus i gcomhar leis an ardstiúrthóireacht tionscnaimh nó le roinn choibhéiseach nó lena comharba;

(e)

an scaoileadh ó rúnaicmiú a thionscnamh i dtaca le doiciméad rúnaicmithe, dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 5 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 354/1983 ón gComhairle;

(f)

cartlanna stairiúla an Choimisiúin a oscailt don phobal nuair atá tréimhse 30 bliana istigh, seachas na taifid sin a chumhdaítear le heisceachtaí a bhaineann le príobháideacht agus sláine daoine aonair, nó leasanna tráchtála duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, lena n-áirítear maoin intleachtúil;

(g)

cartlanna stairiúla an Choimisiúin a osclaíodh don phobal a thaisceadh i gCartlanna Stairiúla an Aontais Eorpaigh in IOE.

Airteagal 17

Próiseáil sonraí pearsanta atá i gcartlanna stairiúla an Choimisiúin

1.   Na maoluithe seo a leanas ar na cearta atá ag ábhair sonraí, beidh feidhm acu i gcomhréir le hAirteagal 25(4) de Rialachán (AE) 2018/1725, de réir mar is gá chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail agus chun sláine chartlann stairiúla an Choimisiúin a chaomhnú, go háirithe:

(a)

an ceart rochtana (19), a mhéid nach féidir, leis an iarraidh ón ábhar sonraí, taifid shonracha a shainaithint gan iarracht riaracháin dhíréireach. Agus measúnú á dhéanamh ar an ngníomhaíocht atá le déanamh maidir leis an iarraidh ón ábhar sonraí agus maidir leis an iarracht riaracháin is gá, tabharfar aird ar leith ar an bhfaisnéis arna soláthar ag an ábhar sonraí agus ar chineál, scóip agus méid na dtaifead a d’fhéadfadh a bheith i gceist;

(b)

an ceart go ndéanfaí ceartúcháin (20), a mhéid a fhágann an ceartúchán go bhfuil sé dodhéanta sláine agus barántúlacht a chaomhnú i leith taifid a roghnaíodh lena gcaomhnú go buan i gcartlanna stairiúla an Choimisiúin, gan dochar don fhéidearthacht ráiteas forlíontach nó anótáil a chur leis an taifead lena mbaineann, mura rud é go bhfuil sé dodhéanta nó más rud é go mbeadh iarracht dhíréireach ag baint leis;

(c)

an oibleagáid fógra a thabhairt faoi cheartú nó faoi léirscriosadh sonraí pearsanta (21) a mhéid atá sé dodhéanta nó atá iarracht dhíréireach ag baint leis;

(d)

an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála (22), a mhéid atá na sonraí pearsanta i dtaifid a roghnaíodh lena gcaomhnú go buan i gcartlanna stairiúla an Choimisiúin mar chuid dhílis agus riachtanach de na taifid sin.

2.   Cuirfidh an Coimisiún coimircí leordhóthanacha chun feidhme chun a áirithiú go bhfuil hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/1725 á chomhlíonadh. Ar na coimircí sin áireofar bearta teicniúla agus eagraíochtúla, go háirithe, chun a áirithiú go ndéanfar prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a urramú. Beidh an méid seo a leanas sna coimircí:

(a)

roghnófar na comhaid a bheidh le haistriú chuig cartlanna stairiúla an Choimisiúin tar éis measúnú cás ar chás de réir liostaí coinneála an Choimisiúin. Déanfar na comhaid eile uile, lena n-áirítear comhaid struchtúrtha sonraí pearsanta, amhail comhaid phearsanta agus comhaid leighis, a dhíchur ag deireadh na tréimhse coinneála riaracháin;

(b)

déanfar foráil sna liostaí coinneála maidir le díchur riaracháin a dhéanamh ar chineálacha áirithe taifead roimh dheireadh na tréimhse coinneála riaracháin. Dá bhrí sin, ní dhéanfar na cineálacha sin taifead a phróiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail;

(c)

roimh an bpróiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, tuairisceoidh an ardstiúrthóireacht nó an roinn choibhéiseach aon taifid atá sna comhaid atá le haistriú chuig cartlanna stairiúla an Choimisiúin a d’fhéadfadh a bheith cumhdaithe le hAirteagal 2(1) de Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 354/83;

(d)

sula n-osclófar aon chomhad de chuid an Choimisiúin don phobal, athbhreithneoidh Seirbhís an Choimisiúin um Chartlanna Stairiúla é chun a fhíorú an bhfuil aon taifead ann a d’fhéadfadh a bheith cumhdaithe leis na heisceachtaí a shonraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 354/83, lena n-áirítear ar bhonn na comharthaíochta dá dtagraítear i bpointe (c) d’fhonn sonraí pearsanta a chosaint.

3.   Déanfaidh an Coimisiún taifeadadh ar na cúiseanna atá leis na maoluithe a chuirfear i bhfeidhm de bhun an Chinnidh seo. Déanfar an taifead agus, i gcás inarb infheidhme, na doiciméid a bhaineann leis an gcomhthéacs fíorasach nó dlíthiúil a chlárú. Cuirfear ar fáil iad don Mhaoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí arna n-iarraidh sin.

4.   Cuirfear Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin ar an eolas, a luaithe is féidir, faoi chur i bhfeidhm maoluithe ar chearta an ábhair sonraí i gcomhréir leis an gCinneadh seo. Arna iarraidh sin, tabharfar rochtain don Oifigeach Cosanta Sonraí ar na taifid lena mbaineann agus ar aon doiciméad ina leagtar amach an comhthéacs fíorasach nó dlíthiúil.

Airteagal 18

Cartlanna stairiúla an Choimisiúin a thaisceadh in IOE

1.   Tabharfaidh Seirbhís an Choimisiúin um Chartlanna Stairiúla rochtain do IOE, i gcás inar féidir, ar chóipeanna digitithe de thaifid atá ar coinneáil i meán analógach.

2.   Beidh IOE ar an bpríomhphointe rochtana ar chartlanna stairiúla an Choimisiúin atá oscailte don phobal.

3.   Seolfaidh Seirbhís an Choimisiúin um Chartlanna Stairiúla tuairiscí chuig IOE ar na cartlanna arna taisceadh. I gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus chun malartú meiteashonraí a éascú, cuirfidh an Coimisiún an idir-inoibritheacht chun cinn idir a chórais chartlainne agus córais chartlainne IOE.

4.   Gníomhaíonn IOE ina phróiseálaí (23) i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1725, faoi threoracha ón gCoimisiún arb é an rialaitheoir (24) é ar shonraí pearsanta atá ina chartlann stairiúil, arna taisceadh in IOE. Cuireann Seirbhís an Choimisiúin um Chartlanna Stairiúla, thar ceann an Choimisiúin, na treoracha riachtanacha ar fáil chun sonraí pearsanta atá sna cartlann arna dtaisceadh ag an gCoimisiún a phróiseáil agus déanann sé faireachán ar a feidhmíocht.

5.   Ní thaiscfear faisnéis rúnaicmithe in IOE.

CAIBIDIL IV

RIALACHAS AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 19

Rialachas ar leibhéal an Choimisiúin

1.   Cuirfidh gach ardstiúrthóir nó ceann roinne an struchtúr eagraíochtúil, riaracháin agus fisiceach atá riachtanach i bhfeidhm agus cuirfidh sé na baill foirne a bheidh ag teastáil ar fáil chun go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme agus go mbeidh na rialacha cur chun feidhme á gcur chun feidhme ag a gcuid rann.

2.   Beidh an Ardrúnaíocht freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo agus a rialacha cur chun feidhme i bhfeidhm.

3.   Beidh Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta freagrach as an mbonneagar teicneolaíoch a chur ar fáil chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme.

Airteagal 20

Líonra oifigeach bainistíochta doiciméad

1.   Ainmneoidh gach ardstiúrthóir nó gach ceann roinne oifigeach bainistíochta doiciméad chun córas bainistíochta taifead atá nua-aimseartha agus éifeachtúil a choinneáil ar bun ina roinn féin agus chun comhordú a áirithiú laistigh dá roinn, leis an Ardrúnaíocht agus le ranna eile de chuid an Choimisiúin.

2.   Is é an méid seo a leanas a bheidh i gceist le ról líonra na n-oifigeach bainistíochta doiciméad, faoi chathaoirleacht na hArd-Rúnaíochta:

(a)

a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo i bhfeidhm i gceart agus go haonfhoirmeach laistigh de na hardstiúrthóireachtaí agus de na ranna coibhéiseacha;

(b)

déileáil le haon saincheist a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar gheall ar a cur i bhfeidhm,

(c)

riachtanais na hardstiúrthóireachtaí agus na ranna coibhéiseacha a chomhroinnt maidir le bearta oiliúna agus tacaíochta.

Airteagal 21

Faisnéis, oiliúint agus tacaíocht

Déanfaidh an Ardrúnaíocht, i ndlúthchomhar le hArd-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta, leis an Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil agus le Seirbhís an Choimisiúin um Chartlanna Stairiúla, na bearta faisnéise, oiliúna agus tacaíochta a chur i bhfeidhm is gá chun cur i bhfeidhm an Chinnidh seo laistigh den Ard-Stiúrthóireacht agus de na ranna coibhéiseacha a áirithiú.

Airteagal 22

Rialacha cur chun feidhme

Déanfaidh an tArd-Rúnaí na rialacha cur chun feidhme a tharraingt suas i gcomhar leis na hardstiúrthóireachtaí agus leis na ranna coibhéiseacha agus áiritheoidh sé cur chun feidhme na rialacha sin.

Déanfar iad a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus aird á tabhairt go háirithe ar an méid seo a leanas:

(a)

forbairtí maidir le bainistíocht taifead agus cartlann agus torthaí taighde acadúil agus eolaíoch, lena n-áirítear caighdeáin ábhartha atá ag teacht chun cinn;

(b)

forbairtí i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide;

(c)

na rialacha is infheidhme maidir le luach fianaiseach taifead leictreonach;

(d)

oibleagáidí an Choimisiúin maidir le trédhearcacht, rochtain an phobail ar dhoiciméid agus oscailt na gcartlann don phobal;

(e)

aon oibleagáid nua a d’fhéadfadh a bheith ina ceangal ar an gCoimisiún;

(f)

comhchuibhiú i gcur i láthair na dtaifead arna dtarraingt suas ag an gCoimisiún agus ag a gcuid rann.

Airteagal 23

Foráil chríochnaitheach

Níl éifeacht ag Cinneadh 2002/47/CE, CEGC, Euratom ná ag Cinneadh 2004/563/CE, Euratom a thuilleadh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Iúil 2020.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 43, 15.2.1983, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(3)  Cinneadh 2002/47/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2002 lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta (IO L 21, 24.1.2002, lch. 23).

(4)  Cinneadh 2004/563/CE, Euratom ón gCoimisiún an 7 Iúil 2004 lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta (IO L 251, 27.7.2004, lch. 9).

(5)  Teachtaireacht chuig an gCoimisiún C(2018) 7118 maidir le Straitéis Dhigiteach an Choimisiúin Eorpaigh. Féach freisin Teachtaireacht C(2016) 6626 ón gCoimisiún, ina leagtar amach treo ginearálta an bheartais inmheánaigh maidir le bainistíocht sonraí, faisnéise agus eolais sa Choimisiún.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)  tuigtear “doiciméad” de réir bhrí Airteagal 3(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

(9)  ISO 15489-1:2016, pointe 3.14.

(10)  ISO 15489-1:2016, pointe 9.3.

(11)  ISO 15489-1:2016, pointe 5.2.2.1.

(12)  ISO 15489-1:2016, pointe 5.2.2.2.

(13)  ISO 15489-1:2016, pointe 5.2.2.3.

(14)  tuigtear “ríomhshíniú” de réir bhrí Airteagal 3(10) go (12) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

(15)  tuigtear “ríomhshéala” de réir bhrí Airteagal 3(25) go (27) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

(16)  tuigtear “ríomhstampa” de réir bhrí Airteagal 3(33) agus (34) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

(17)  tuigtear “ríomhsheirbhís seachadta chláraithe” de réir bhrí Airteagal 3(36) agus (37) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

(18)  tuigtear “sonraí pearsanta” de réir bhrí Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2018/1725.

(19)  Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1725.

(20)  Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2018/1725.

(21)  Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2018/1725.

(22)  Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2018/1725.

(23)  tuigtear “próiseálaí” de réir bhrí Airteagal 3(12) de Rialachán (AE) 2018/1725.

(24)  tuigtear “rialaitheoir” de réir bhrí Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) 2018/1725.


Top