Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1843

    Cinneadh (AE) 2021/1843 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992

    ST/12197/2021/INIT

    IO L 373, 21.10.2021, p. 90–90 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1843/oj

    21.10.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 373/90


    CINNEADH (AE) 2021/1843 ÓN gCOMHAIRLE

    an 15 Deireadh Fómhair 2021

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rinne an tAontas an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992 (1) (“ISA”) a thabhairt i gcrích le Cinneadh 92/580/CEE (2) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1993. Tugadh ISA i gcrích le haghaidh tréimhse 3 bliana go dtí an 31 Nollaig 1995.

    (2)

    Tugtar de chumhacht don Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta (“ISC”), a bunaíodh faoi Airteagail 3 agus 8 den Chomhaontú, de bhun Airteagal 45(2) de ISA, chun síneadh a chur le ISA, trí vóta speisialta, le haghaidh tréimhsí comhleanúnacha nach rachaidh thar 2 bhliain gach uair. Ó tugadh ISA i gcrích, cuireadh síneadh leis go tráthrialta le haghaidh tréimhsí breise 2 bhliain. Cuireadh an síneadh deireanach le ISA le cinneadh ó ISC i mí Iúil 2019 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2021.

    (3)

    Le linn an 59ú seisiún a bheidh aici an 26 Samhain 2021, glacfaidh ISC cinneadh maidir le síneadh a chur le ISA le haghaidh tréimhse eile 2 bhliain, go dtí an 31 Nollaig 2023.

    (4)

    Is iomchuí a bhunú an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in ISC, le linn a 59ú seisiún, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le ISA. Is chun leas an Aontais é síneadh a chur le ISA,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Vótáil i bhfabhar síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992, le haghaidh tréimhse eile suas le 2 bhliain go dtí an 31 Nollaig 2023, is é sin an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta, le linn a 59ú seisiún.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 15 Deireadh Fómhair 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. CIGLER KRALJ


    (1)  An Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992 (IO L 379, 23.12.1992, lch. 16).

    (2)  Cinneadh 92/580/CEE ón gComhairle an 13 Samhain 1992 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Siúcra 1992 (IO L 379, 23.12.1992, lch. 15).


    Top