This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D1031
Council Decision (CFSP) 2021/1031 of 24 June 2021 amending Council Decision 2012/642/CFSP concerning restrictive measures in view of the situation in Belarus
Cinneadh (CBES) 2021/1031 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis
Cinneadh (CBES) 2021/1031 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis
ST/9982/2021/INIT
IO L 224I, 24.6.2021, p. 15–20
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32012D0642 | Scriosadh | airteagal 2 mír 3 | 25/06/2021 | |
Modifies | 32012D0642 | Scriosadh | airteagal 2 mír 4 | 25/06/2021 | |
Modifies | 32012D0642 | Scriosadh | airteagal 2 mír 5 | 25/06/2021 | |
Modifies | 32012D0642 | Cur le | iarscríbhinn II | 25/06/2021 | |
Modifies | 32012D0642 | Cur le | iarscríbhinn III | 25/06/2021 | |
Modifies | 32012D0642 | Cur le | airteagal 2b | 25/06/2021 | |
Modifies | 32012D0642 | Cur le | airteagal 2c | 25/06/2021 | |
Modifies | 32012D0642 | Cur le | airteagal 2d | 25/06/2021 | |
Modifies | 32012D0642 | Cur le | airteagal 2e | 25/06/2021 | |
Modifies | 32012D0642 | Cur le | airteagal 2f | 25/06/2021 | |
Modifies | 32012D0642 | Cur le | airteagal 2g | 25/06/2021 | |
Modifies | 32012D0642 | Cur le | airteagal 2h | 25/06/2021 | |
Modifies | 32012D0642 | Cur le | airteagal 2i | 25/06/2021 | |
Modifies | 32012D0642 | Cur le | airteagal 2j | 25/06/2021 | |
Modifies | 32012D0642 | Cur le | airteagal 2k | 25/06/2021 | |
Modifies | 32012D0642 | Cur le | airteagal 2l | 25/06/2021 | |
Modifies | 32012D0642 | Cur le | airteagal 2m | 25/06/2021 | |
Modifies | 32012D0642 | Leasú | iarscríbhinn I | 25/06/2021 |
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Corrected by | 32021D1031R(01) | (ES) |
24.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 224/15 |
CINNEADH (CBES) 2021/1031 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2021
lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1), maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise. |
(2) |
An 24 agus an 25 Bealtaine 2021, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí inar cháin sí go láidir tuirlingt éigeantach eitilte de chuid Ryanair i Mionsc na Bealarúise an 23 Bealtaine 2021, a chuir an tsábháilteacht eitlíochta i mbaol, agus coinneáil an iriseora Raman Pratasevich agus Sofia Sapega ag údaráis na Bealarúise. D’iarr sí ar an gComhairle tuilleadh smachtbhannaí eacnamaíocha spriocdhírithe a ghlacadh. |
(3) |
I bhfianaise thromchúis na heachtra sin, agus i bhfianaise an ghéaraithe atá tagtha ar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Bhealarúis, agus an chos ar bolg foréigneach atá á ndéanamh ar an tsochaí shibhialta, ar an bhfreasúra daonlathach agus ar iriseoirí mar aon le daoine ar de mhionlaigh náisiúnta iad, ba cheart bearta eacnamaíocha spriocdhírithe breise a ghlacadh. |
(4) |
Sa chomhthéacs sin, is iomchuí tuilleadh srianta a thabhairt isteach maidir le trádáil arm. |
(5) |
Is iomchuí freisin toirmeasc a chur ar dhíol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú trealaimh, teicneolaíochta nó bogearraí a bheartaítear go príomha lena n-úsáid ag údaráis na Bealarúise nó thar a gceann, chun faireachán a dhéanamh ar chumarsáid idirlín agus teileafóin ar líonraí soghluaiste nó seasta nó chun í a idircheapadh. |
(6) |
Thairis sin, ba cheart toirmeasc a chur ar ítimí dé-úsáide le haghaidh úsáid mhíleata a dhíol le daoine, eintitis nó comhlachtaí sonraithe sa Bhealarúis nó a sholáthar dóibh nó a aistriú chucu. |
(7) |
Ina theannta sin, is iomchuí tuilleadh srianta trádála a thabhairt isteach a bhaineann le táirgí peitriliam, clóiríd photaisiam (“potais”) agus earraí a úsáidtear chun táirgí tobac a tháirgeadh nó a mhonarú. |
(8) |
Ina theannta sin, ba cheart srianta ar rochtain ar mhargaí caipitil an Aontais a fhorchur i ndáil le Rialtas na Bealarúise, chomh maith le hinstitiúidí agus eintitis airgeadais na Bealarúise atá faoi úinéireacht stáit. Ba cheart toirmeasc a thabhairt isteach freisin maidir le hárachas agus athárachas a sholáthar do Rialtas na Bealarúise agus do chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí poiblí na Bealarúise. |
(9) |
Ba cheart toirmisc áirithe a chur ar an mBanc Eorpach Infheistíochta i ndáil le tionscadail san earnáil phoiblí. Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit gníomhaíochtaí a dhéanamh d’fhonn rannpháirtíocht na mbanc forbartha iltaobhacha a bhfuil siad ina gcomhaltaí díobh a theorannú sa Bhealarúis. |
(10) |
Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2, scriostar míreanna 3, 4 agus 5; |
(2) |
cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: “Airteagal 2b 1. Toirmeascfar trealamh, teicneolaíocht nó bogearraí a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú díreach nó indíreach chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, nó lena n-úsáid sa Bhealarúis, a bheartaítear go príomha lena n-úsáid ag údaráis na Bealarúise nó thar a gceann, chun faireachán a dhéanamh ar chumarsáid idirlín agus teileafóin ar líonraí soghluaiste nó seasta nó chun í a idircheapadh, lena n-áirítear soláthar aon seirbhísí faireacháin nó idircheaptha teileachumarsáide nó idirlín de chineál ar bith, chomh maith le soláthar cúnaimh airgeadais agus theicniúil chun trealamh, teicneolaíocht nó bogearraí den sórt sin a shuiteáil, a oibriú nó a nuashonrú, ag náisiúnaigh de Bhallstáit nó ó chríocha na mBallstát. 2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú an trealaimh, na teicneolaíochta nó na mbogearraí a údarú, lena n-áirítear soláthar aon seirbhísí faireacháin nó idircheaptha teileachumarsáide nó idirlín de chineál ar bith, chomh maith le soláthar gaolmhar cúnaimh airgeadais agus theicniúil, dá dtagraítear i mír 1, má tá forais réasúnacha acu lena chinneadh nach n-úsáidfeadh Rialtas na Bealarúise, comhlachtaí poiblí, corparáidí nó gníomhaireachtaí, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon eintiteas nádúrtha nó dlítheanach a bheadh ag gníomhú thar a gceann nó faoina dtreoir, an trealamh, an teicneolaíocht nó na bogearraí sin le haghaidh diansmachta. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú. 3. Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na gnéithe ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh. Airteagal 2c 1. Toirmeascfar díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú díreach nó indíreach na n-earraí dé-úsáide agus na teicneolaíochta dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle (2) le haghaidh úsáid mhíleata sa Bhealarúis nó le haghaidh aon úsáideoir deiridh míleata sa Bhealarúis ag náisiúnaigh na mBallstát nó ó chríocha na mBallstát nó ag a bhfuil bratárthaí nó aerárthaí in úsáid acu, cibé a thionscnaítear nó nach dtionscnaítear na hearraí agus an teicneolaíocht sin ar a gcríoch. 2. Toirmeascfar:
3. Beidh na toirmisc i míreanna 1 agus 2 gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021 ná do chonarthaí coimhdeacha atá riachtanach chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú. Airteagal 2d 1. Toirmeascfar díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú díreach nó indíreach na n-earraí dé-úsáide agus na teicneolaíochta dé-úsáide a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II den Chinneadh seo ag náisiúnaigh na mBallstát nó ó chríoch na mBallstát nó a úsáideann a soithí brataí nó a n-aerárthaí, cibé a thionscnaítear nó nach dtionscnaítear na hearraí agus an teicneolaíocht sin ar a gcríoch. 2. Toirmeascfar:
3. Beidh na toirmisc i míreanna 1 agus 2 gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021 ná do chonarthaí coimhdeacha atá riachtanach chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú, ná do sholáthar an chúnaimh riachtanaigh chun na cumais atá ann cheana laistigh den Aontas a chothabháil agus a choinneáil slán. 4. I gcás úsáid neamh-mhíleata nó i gcás úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir le honnmhairiú, díol, soláthar nó aistriú earraí agus teicneolaíochta dé-úsáide, ná maidir le soláthar gaolmhar cúnaimh theicniúil nó airgeadais chun na cumais núicléacha sibhialta atá ann cheana a chothabháil agus a choinneáil slán. Airteagal 2e 1. Toirmeascfar earraí a úsáidtear i dtáirgeadh nó monarú táirgí tobac a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht i mBealarúis nó le húsáid i mBealarúis, ag náisiúnaigh na mBallstát nó ó chríoch na mBallstát nó toirmeascfar a soithí brataí nó aerárthaí a úsáid, cibé an dtionscnaítear nó nach dtionscnaítear na hearraí sin ar a gcríoch. 2. Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na nithe ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh. 3. Beidh na toirmisc i mír 1 gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú. Airteagal 2f 1. Toirmeascfar ceannach, allmhairiú nó aistriú táirgí peitriliam ó Bhealarúis. 2. Toirmeascfar cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta, cúnamh airgeadais nó maoiniú a sholáthar go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear díorthaigh airgeadais, mar aon le hárachas agus athárachas, a bhaineann leis na toirmisc dá dtagraítear i mír 1. 3. Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na nithe ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh. 4. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i mír 1 maidir le ceannach táirgí peitriliam sa Bhealarúis a theastaíonn chun freastal ar bhunriachtanais an cheannaitheora sa Bhealarúis nó ar riachtanais tionscadal daonnúil sa Bhealarúis. 5. Beidh na toirmisc i míreanna 1 agus 2 gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú. Airteagal 2g 1. Toirmeascfar ceannach, allmhairiú nó aistriú táirgí clóiríde potaisiam (‘potais’) ó Bhealarúis. 2. Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na nithe ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh. 3. Beidh na toirmisc i mír 1 gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú. Airteagal 2h Maidir le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí don mhargadh airgid a bhfuil aibíocht nach mó ná 90 lá acu, toirmeascfar iad a cheannach, a dhíol, seirbhísí infheistíochta nó cúnamh a sholáthar i gcás a n-eisiúint, go díreach nó go hindíreach, nó déileáil leo ar bhealach ar bith eile, ar urrúis nó ionstraimí iad arna n-eisiúint tar éis an 29 Meitheamh 2021 ag:
Airteagal 2i 1. Toirmeascfar aon socrú a dhéanamh go díreach nó go hindíreach, nó a bheith ina chuid de, chun iasachtaí nua nó creidmheas a dhéanamh ag a mbeidh aibíocht is faide ná 90 lá, tar éis an 29 Meitheamh 2021 chuig:
2. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear i mír 1 maidir le hiasachtaí ná creidmheasanna a bhfuil cuspóir sonrach agus doiciméadaithe acu chun maoiniú a sholáthar le haghaidh allmhairiú nó onnmhairiú neamhthoirmiscthe earraí agus seirbhísí neamhairgeadais idir an tAontas agus aon tríú stát, lena n-áirítear an caiteachas le haghaidh earraí agus seirbhísí ó thríú stát eile is gá chun conarthaí onnmhairiúcháin nó allmhairiúcháin a fhorghníomhú. 3. Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit údarú a dheonú freisin, faoi cibé téarmaí a mheasann sé a bheith iomchuí, chun na hiasachtaí nó na creidmheasanna dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt nó chun bheith mar chuid díobh más rud é gur chinn an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:
Agus na coinníollacha faoi phointí (a)agus (b) á gcur i bhfeidhm, éileoidh an t-údarás inniúil faisnéis leordhóthanach maidir le húsáid an údaraithe a deonaíodh, lena n-áirítear faisnéis maidir le cuspóir na ngníomhaíochtaí lena mbaineann agus maidir lena gcontrapháirtithe. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú. 4. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le tarraingt anuas ná le heisíocaíochtaí a rinneadh faoi chonradh a tugadh i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021 ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
Airteagal 2j Toirmeascfar árachas nó athárachas a sholáthar do:
Airteagal 2k Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon turas, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh, go díreach nó go hindíreach, dul timpeall ar na toirmisc a leagtar amach in Airteagail 2c, 2d, 2e, 2f, 2g, 2h, 2i agus 2j. Airteagal 2l De bhreis ar na toirmisc atá leagtha amach in Airteagal 2i, toirmeascfar an méid seo a leanas:
Airteagal 2m Déanfaidh na Ballstáit an beart is gá chun rannpháirtíocht na mbanc forbartha iltaobhacha, ar comhaltaí díobh iad, sa Bhealarúis a theorannú, go háirithe an Banc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, lena n-áirítear trí vóta a chaitheamh in aghaidh iasachtaí nua nó cineálacha eile maoinithe do na heintitis a luaitear in Airteagal 2i, cé is moite díobh siúd a luaitear i míreanna (2) agus (3) de, agus gan difear a dhéanamh do thionscadail lena maoinítear tacaíocht ón earnáil phríobháideach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.”; |
(3) |
leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
1.
Athainmnítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar Iarscríbhinn I;
2.
cuirtear isteach na hIarscríbhinní seo a leanas:“IARSCRÍBHINN II
LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS NÓ NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2d
IARSCRÍBHINN III
LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS NÓ NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 2h AGUS 2i
Belarusbank
Belinvestbank (Banc Athfhoirgníochta agus Forbartha na Bealarúise)
Belagroprombank