EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0942

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/942 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2006/112/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunú liosta na dtríú tíortha a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas leo maidir le cúnamh frithpháirteach atá comhchosúil ó thaobh raon feidhme de le Treoir 2010/24/AE ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle

C/2021/4050

IO L 205, 11.6.2021, p. 80–81 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/942/oj

11.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 205/80


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/942 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Meitheamh 2021

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2006/112/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunú liosta na dtríú tíortha a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas leo maidir le cúnamh frithpháirteach atá comhchosúil ó thaobh raon feidhme de le Treoir 2010/24/AE ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 369m(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Mar thoradh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ar an domhandú agus ar athrú teicneolaíochta, tá fás as cuimse tagtha ar ríomhthráchtáil agus, dá bhrí sin, ar chiansoláthairtí earraí agus seirbhísí sna Ballstáit ó sholáthróirí atá bunaithe i mBallstát eile nó ó thríú críocha nó ó thríú tíortha.

(2)

Leasaíodh Treoir 2006/112/CE le Treoir (AE) 2017/2455 (2) agus le Treoir (AE) 2019/1995 (3) chun an córas cánach breisluacha (CBL) a chur in oiriúint don tráchtáil leictreonach trí bhailiú éifeachtach agus éifeachtúil CBL a áirithiú trí íoslaghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin le haghaidh daoine inchánach agus riaracháin chánach araon agus chun nuachóiriú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil CBL le haghaidh ríomhthráchtáil trasteorann idir gnólachtaí agus tomhaltóirí.

(3)

De bhun Airteagal 369m(1)(c), tabharfaidh na Ballstáit cead d’aon duine inchánach atá bunaithe i dtríú tír a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas leis maidir le cúnamh frithpháirteach atá comhchosúil ó thaobh raon feidhme de le Treoir 2010/24/AE ón gComhairle (4) agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle (5), an scéim speisialta a úsáid agus ciandíolacháin earraí á ndéanamh aige ón tríú tír sin, gan gá ionadaíocht a fháil ó idirghabhálaí atá bunaithe san Aontas.

(4)

Tháinig Comhaontú i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2018 idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua i leith comhar riaracháin, chomhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na Cánach Breisluacha (6).

(5)

Tá an comhaontú sin comhchosúil ó thaobh raon feidhme de le Treoir 2010/24/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ó tharla go mbunaítear leis comhchóras le haghaidh comhair, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an malartú faisnéise chun gur féidir leis na húdaráis atá freagrach as reachtaíocht CBL a chur i bhfeidhm cuidiú lena chéile chun comhlíonadh na reachtaíochta a áirithiú agus ioncam CBL a chosaint. Cuireann sé cúnamh ar fáil freisin chun measúnú ceart CBL a áirithiú, calaois CBL a chomhrac agus éilimh a bhaineann le CBL a aisghabháil. Áirítear sa chomhaontú rialacha agus nósanna imeachta le haghaidh comhar riaracháin agus cúnamh téarnaimh atá comhchosúil leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i dTreoir 2010/24/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 agus bunaítear leis na hoibleagáidí ar údaráis inniúla chun cuidiú lena chéile, ar leibhéal is comhionann le leibhéal Threoir 2010/24/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010.

(6)

Ba cheart dá bhrí sin Ríocht na hIorua a liostú mar thríú tír a bhfuil comhaontú maidir le cúnamh frithpháirteach tugtha i gcrích ag an Aontas léi dá dtagraítear in Airteagal 369m(1)(c) de Threoir 2006/112/CE.

(7)

Ós rud é go mbeidh feidhm ag forálacha substainteacha ábhartha Threoir 2006/112/CE ón 1 Iúil 2021, is iomchuí go mbeidh feidhm ag an gCinneadh seo ón dáta sin.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Chomhar Riaracháin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ríocht na hIorua an tríú tír a bhfuil comhaontú maidir le cúnamh frithpháirteach curtha i gcrích ag an Aontas léi atá comhchosúil ó thaobh raon feidhme de le Treoir 2010/24/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

(2)  Treoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2009/132/CE maidir le hoibleagáidí chánach breisluacha áirithe maidir le soláthairtí seirbhísí agus ciandíolacháin earraí (IO L 348, 29.12.2017, lch. 7).

(3)  Treoir (AE) 2019/1995 ón gComhairle an 21 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le forálacha i ndáil le ciandíolacháin earraí agus soláthairtí baile áirithe earraí (IO L 310, 2.12.2019, lch. 1).

(4)  Treoir 2010/24/AE an 16 Márta 2010 ón gComhairle maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile a ghnóthú. (IO L 84, 31.3.2010, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).

(6)  IO L 195, 1.8.2018, lch. 3.


Top