This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D0918
Council Decision (EU) 2021/918 of 3 June 2021 on the position to be taken on behalf of the European Union within the ACP-EU Committee of Ambassadors as regards the amendment of Decision No 3/2016 of the ACP-EU Committee of Ambassadors on the Centre for the Development of Enterprise
Cinneadh (AE) 2021/918 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE, a mhéid a bhaineann le leasú ar Chinneadh Uimh. 3/2016 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE maidir leis an Ionad um Fhorbairt Fiontraíochta
Cinneadh (AE) 2021/918 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE, a mhéid a bhaineann le leasú ar Chinneadh Uimh. 3/2016 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE maidir leis an Ionad um Fhorbairt Fiontraíochta
ST/8521/2021/INIT
IO L 201, 8.6.2021, p. 25–26
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
8.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 201/25 |
CINNEADH (AE) 2021/918 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Meitheamh 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE, a mhéid a bhaineann le leasú ar Chinneadh Uimh. 3/2016 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE maidir leis an Ionad um Fhorbairt Fiontraíochta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 (1),
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Luaitear in Airteagal 15(4) den Chomhaontú Comhpháirtíochta idir Comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 (2) (“Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE”) go bhféadfaidh Comhairle Airí ACC-AE cumhachtaí a tharmligean chuig Coiste Ambasadóirí ACC-AE. |
(2) |
Ag an 39ú seisiún de Chomhairle Airí ACC-AE, a reáchtáladh an 19 agus an 20 Meitheamh 2014 in Nairobi, chomhaontaigh siad, i nDearbhú Comhpháirteach, chun leanúint le dúnadh ordúil an Ionaid um Fhorbairt Fiontraíochta (CDE). Chun na críche sin, chinn Comhairle Airí ACC-AE cumhachtaí a tharmligean chuig Coiste Ambasadóirí ACC-AE chun an t-ábhar a thabhairt chun cinn d’fhonn na cinntí is gá a ghlacadh. |
(3) |
An 12 Iúil 2016, ghlac Comhairle Airí ACC-AE Cinneadh Uimh. 3/2016 (3) lena leasítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE chun na hathruithe is gá a thabhairt isteach, chun an creat dlíthiúil nua CDE a bhunú ón 1 Eanáir 2017, agus chun pearsantacht dhlítheanach CDE a choimeád, chun críocha a leachtaithe agus chun na gcríoch sin amháin, amhail ón dáta sin. |
(4) |
De bhun Airteagal 2(1) de Chinneadh Uimh. 3/2016, tá Coimeádaí le cur chun feidhme na céime éighníomhaí a áirithiú, ar ann do CDE chun críocha a leachtaithe agus chun na gcríoch sin amháin, ón 1 Eanáir 2017 go ceann tréimhse ceithre bliana, nó go dtí go mbeidh a dhliteanais go léir socraithe ag CDE agus go dtí go mbeidh a shócmhainní go léir réadaithe aige, cibé acu is túisce a tharlóidh. |
(5) |
Faoin 31 Nollaig 2020, ní raibh a dhliteanais go léir socraithe ag CDE ná a shócmhainní go léir réadaithe aige. Dá bhrí sin, is gá Cinneadh Uimh. 3/2016 a leasú chun cur chun feidhme cuí na céime éighníomhaí faoi bhainistíocht an Choimeádaí a áirithiú agus chun an chéim sin a dhúnadh. Chun leanúnachas na céime éighníomhaí a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an leasú ar Chinneadh Uimh. 3/2016 ón 1 Eanáir 2021. |
(6) |
Tá Coiste Ambasadóirí ACC-AE chun an leasú ar Chinneadh Uimh. 3/2016 a ghlacadh ag ceann dá chuid cruinnithe, nó trí nós imeachta i scríbhinn. |
(7) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE a bhunú, ós rud é go mbeidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar an Aontas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE a mhéid a bhaineann le CDE:
— |
an méid seo a leanas a chur in ionad Airteagal 2(1) de Chinneadh Uimh. 3/2016 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE: “1. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach conrú do Choimeádaí chun cur chun feidhme na céime éighníomhaí a áirithiú ón 1 Eanáir 2017 go dtí go mbeidh a dhliteanais go léir socraithe ag CDE agus go mbeidh a shócmhainní uile go léir réadaithe aige”; |
— |
go mbeidh feidhm ag cinneadh Choiste Ambasadóirí ACC-AE lena leasaítear Cinneadh Uimh. 3/2016 ón gCoiste sin ón 1 Eanáir 2021. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Tar éis a ghlactha, foilseofar an Cinneadh ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 3 Meitheamh 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. N. SANTOS
(1) IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.
(2) Comhaontú Comhpháirtíochta idir Comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 (IO L 317, 15.12.2000, lch. 3).
(3) Cinneadh Uimh. 3/2016 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 12 Iúil 2016 maidir leis an athbhreithniú ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE [2016/1163] (IO L 192, 16.7.2016, lch. 77).