Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021C1206(01)

    Ráitis ar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1.) 2021/C 488/01

    IO C 488, 6.12.2021, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    6.12.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 488/1


    Ráitis ar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (1)

    (2021/C 488/01)

    Ráiteas ón gComhairle maidir le simpliú CBT

    Leis an tsamhail nua seachadta, ba cheart a bheith in ann imréiteach caiteachais feidhmíochtbhunaithe a chur in ionad imréiteach caiteachais atá bunaithe ar chomhlíonadh, rud a d’fhágfadh go bhfágfaí ceapadh na gcóras rialaithe agus smachtbhannaí ar an leibhéal náisiúnta, ar rud é, ó thaobh na mBallstát de, a thagann faoi chuimsiú phrionsabal na coimhdeachta.

    Iarrann an Chomhairle go dtabharfar, leis na forálacha atá le heisiúint ag an gCoimisiún sna treoirlínte amach anseo, aird iomlán ar an réasúnaíocht atá taobh thiar den tsamhail nua seachadta. Níor cheart, i ngeall orthu, ceanglais maidir le comhlíonadh a théann thar an raon feidhme a shainítear le hAirteagal 37 den Rialachán Cothrománach a thabhairt isteach an athuair.

    Ba cheart dóibh, go háirithe, creat níos fearr a chur ar fáil don nós imeachta lena gcinntear na méideanna atá le heisiamh ó mhaoiniú an Aontais, i gcomhréir leis an gclársceidealú reatha, agus cineál an tsáraithe á chur san áireamh chun a áirithiú go bhfuil siad comhréireach le leibhéal an damáiste airgeadais a dhéantar don Aontas, go háirithe i ndáil leis an tionchar a bhíonn ag aimhrialtachtaí a bhaineann le coinníollacht. I ndáil leis an méid sin, mholfaimis go ndéanfaí an sainmhíniú ar easnaimh thromchúiseacha sna córais rialachais a shoiléiriú a thuilleadh. Is féidir easnamh a bhrath agus measúnú á dhéanamh ar fheidhmiú na gcomhlachtaí rialachais agus ar cheanglais bhunúsacha an Aontais lena n-áirítear na córais tuairiscithe. Féadfar sin a dhéanamh trí athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear tástáil chomhlíontachta. Ba cheart ceartuithe airgeadais a theorannú do chásanna ina mbraitear easnaimh thromchúiseacha chórasacha sna córais rialachais. Ba cheart baint a bheith ag an méid atá le heisiamh leis an méid a caitheadh go míchuí nó leis na smachtbhannaí riaracháin a chuirfí i bhfeidhm. Níor cheart ceartuithe ar ráta comhréidh a úsáid ach amháin i gcásanna nach féidir an méid cruinn a caitheadh go míchuí a ríomh.

    Ina theannta sin, ní mór foráil a dhéanamh sna treoirlínte go mbeidh na fíoruithe a bhfuiltear ag súil leo ó na comhlachtaí deimhniúcháin teoranta, maidir le meastóireacht a dhéanamh ar na córais rialachais, do bhainistiú rialacha an Aontais ag na córais sin gan é a leathnú go dtí na coinníollacha incháilitheachta do thairbhithe aonair a leagtar síos sna Pleananna Straitéiseacha CBT.

    Iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún a áirithiú, i gcomhréir leis na cuspóirí a fógraíodh, nach dtiocfadh de thoradh na samhla nua seachadta méadú suntasach ar an ualach ar na Ballstáit, ach go ndéanfaí simpliú foriomlán agus, san am céanna, go ráthófaí cosaint leasanna airgeadais an Aontais, go háirithe trí nós imeachta formheasa na bPleananna Straitéiseacha CBT agus Airteagal 59 den Rialachán Cothrománach a chur chun feidhme. Chomh maith leis sin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún gan na gnóthachain riaracháin a leanann as tabhairt isteach na samhla nua seachadta a chur ar ceal trí thuairisciú breise a éileamh le haghaidh faireacháin agus meastóireachta.

    Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an ngné shóisialta den chomhbheartas talmhaíochta

    Iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún faireachán, trí staidéar a bheidh le déanamh dhá bhliain tar éis an chéad dá bhliain de chur i bhfeidhm na coinníollachta sóisialta ag na Ballstáit uile, ar thionchar an tsásra ar dhálaí oibrithe agus ar fheidhmiú an chórais pionós agus, i gcás inarb iomchuí, tograí a chur ar aghaidh chun gné shóisialta CBT a fheabhsú.

    Faoi 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta atá sé Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le saorghluaiseacht oibrithe a áireamh in Iarscríbhinn XX agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé tograí ar aghaidh chuige sin.

    Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an bhféidearthacht don Bheilg dhá Phlean Straitéiseacha CBT a thíolacadh

    I bhfianaise fhorálacha Airteagal 104 de Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT a chomhaontaigh na comhreachtóirí agus freisin ar chur chreat bunreachtúil ar leith na Beilge san áireamh, deimhníonn an Coimisiún go bhfuil sé inghlactha aige go dtíolacfadh an Bheilg Plean Straitéiseach CBT ar leith le haghaidh gach ceann dá heintitis chónasctha ábhartha. Ní dhéanann sin difear d’oibleagáidí dlíthiúla na Beilge faoi Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT ná ní athraíonn sé na hoibleagáidí sin.

    Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir le ról na Comhairle Eorpaí i ndáil le gnéithe reachtacha den chomhbheartas talmhaíochta

    Is saoth le Parlaimint na hEorpa gur ghlac an Chomhairle Eorpach cinntí, ina conclúidí an 21 Iúil 2020, maidir le gnéithe reachtacha den chomhbheartas talmhaíochta ba cheart a chinneadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach i gcomhréir leis na Conarthaí. Measann Parlaimint na hEorpa nach bhfuil na cinntí aontaobhacha réamhghabhálacha sin inghlactha agus go gcuireann siad isteach ar chearta Pharlaimint na hEorpa mar chomhreachtóir atá ag gníomhú ar chomhchéim leis an gComhairle.

    Is saoth le Parlaimint na hEorpa nach raibh an Chomhairle toilteanach, dá bhrí sin, dul i mbun caibidlíocht fhónta le Parlaimint na hEorpa maidir leis na heilimintí sin ar an bhforas go raibh cinneadh ina leith déanta cheana ag an gComhairle Eorpach.

    Go háirithe, tugann Parlaimint na hEorpa dá haire nach ndeachaigh an Chomhairle i mbun caibidlíocht fhónta maidir leis na forálacha uasteorannaithe agus céimlaghdaitheachta a leagtar síos in Airteagal 17 agus maidir leis an tsolúbthacht idir leithdháiltí íocaíochtaí díreacha agus leithdháiltí CETFT a leagtar síos in Airteagal 96, agus measann sí nach bhfuil toradh na caibidlíochta ar na hAirteagail sin sásúil.

    Is oth le Parlaimint na hEorpa go mór cur chuige na Comhairle agus measann sí go mbaineann sé an bonn d’fheidhmiú cuí an ghnáthnós imeachta reachtaigh. Dá bhrí sin, áitíonn Parlaimint na hEorpa nár cheart é sin a dhéanamh arís in aon chaibidlíocht amach anseo i gcomhthéacs an ghnáthnós imeachta reachtaigh.


    (1)  IO L 435, 6.12.2021, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas (IO L 141, 27.5.2011, lch. 1).


    Top