Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R1505

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1505 ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

    IO L 342I, 16.10.2020, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1505/oj

    16.10.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 342/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1505 ÓN gCOMHAIRLE

    an 16 Deireadh Fómhair 2020

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/201 (1), agus go háirithe Airteagal 32(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

    (2)

    I bhfianaise thromchúis na staide mar atá sa tSiria, agus aird againn ar na hairí rialtais a ceapadh le déanaí, ba cheart seachtar a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. Chomh maith leis sin, ba cheart an fhaisnéis a bhaineann le 18 duine a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a thabhairt cothrom le dáta.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Deireadh Fómhair 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M.ROTH


    (1)  IO L 16, 19.1.2012, lch. 1


    IARSCRÍBHINN

    I.   

    Cuirtear na daoine seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (“Daoine”) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “296.

    Talal AL-BARAZI (dá ngairtear freisin Barazi)

    (طلال البرازي)

    Dáta breithe: 1963;

    Áit bhreithe: cathair Hama, Siria;

    Inscne: Fireann

    An tAire Trádála Inmheánaí agus Cosanta Tomhaltóirí. I mBealtaine 2020 a ceapadh.

    Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

    16.10.2020

    297.

    Loubana MOUCHAWEH

    (dá ngairtear freisin Lubana, Mshaweh)

    (لبانة مشوّح)

    Dáta breithe: 1955;

    Áit bhreithe: Damaisc, Siria;

    Inscne: Baineann

    An tAire Cultúir. I Lúnasa 2020 a ceapadh.

    Ina cáil mar Aire Rialtais, tá freagracht uirthi as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

    16.10.2020

    298.

    Darem TABA’A

    (دارم طباع)

    Dáta breithe: 1958;

    Áit bhreithe: Damaisc, Siria;

    Inscne: Fireann

    An tAire Oideachais. I Lúnasa 2020 a ceapadh.

    Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

    16.10.2020

    299.

    Ahmad SAYYED (dá ngairtear freisin Alsyed, al-Sayyed, al-Sayed)

    (أحمد السيد)

    Dáta breithe: 1965;

    Áit bhreithe: Ouneitra, Siria;

    Inscne: Fireann

    An tAire Dlí agus Cirt. I Lúnasa 2020 a ceapadh.

    Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

    16.10.2020

    300.

    Tammam RA’AD (dá ngairtear freisin; Tamam; Raad)

    (تمام رعد)

    Dáta breithe: 1965;

    Áit bhreithe: Al-Qusayr, Siria; nó Homs, Siria;

    Inscne: Fireann

    An tAire Acmhainní Hiodrálacha. I Lúnasa 2020 a ceapadh.

    Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

    16.10.2020

    301.

    Kinan YAGHI (dá ngairtear freisin Yagi)

    (كنان ياغي)

    Dáta breithe: 1976;

    Áit bhreithe: Salmiya, ceantar tuaithe Hama, Siria;

    Inscne: Fireann

    An tAire Airgeadais I Lúnasa 2020 a ceapadh.

    Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

    16.10.2020

    302.

    Zuhair KHAZIM

    (dá ngairtear freisin Zouhair)

    (زهير خزيم)

    Dáta breithe: 1963;

    Áit bhreithe: Ain al-Tinah, Siriach ó Lattakia, Siria;

    Inscne: Fireann

    An tAire Iompair. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh.

    Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.”

    16.10.2020

    II.   

    I Roinn A (“Daoine”) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n‐iontrálacha a bhaineann leis na daoine seo a leanas:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “56.

    Ali (

    Image 1

    ) Abdullah (

    Image 2

    ) (dá ngairtear freisin Abdallah) AYYUB (

    Image 3

    ) (dá ngairtear freisin Ayyoub, Ayub, Ayoub, Ayob)

    Dáta breithe: 1952

    Áit bhreithe: Lattakia, Siria;

    Inscne: fireann

    Leas-Uachtarán ar Chomhairle na nAirí agus an tAire Cosanta. In Eanáir 2018 a ceapadh.

    Oifigeach atá ina Ghinearál in Arm na Siria, sa phost tar éis mhí Bealtaine 2011. IarCheannaire ar an General Staff of the Syrian Armed Forces. Duine a thacaíonn le réimeas na Siria agus atá freagrach as cur faoi chois agus foréigean i gcoinne an phobail sibhialtach sa tSiria.

    14.11.2011

    109.

    Imad (Image 4) Mohammad

    (Image 5) (dá ngairtear freisin Mohamed, Muhammad, Mohammed) Deeb (Image 6) KHAMIS (Image 7)

    (dá ngairtear freisin Imad Mohammad Dib Khamees)

    Dáta breithe: 1.8.1961;

    Áit bhreithe: gar do Damaisc, Siria;

    Inscne: fireann

    IarPhríomh-Aire agus Iar-Aire Leictreachais.

    Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.

    23.3.2012

    178.

    Nizar Wahbeh YAZAJI

    (dá ngairtear freisin Nizar Wehbe Yazigi)

    (نزار وهبه يازجي)

    Dáta breithe: 1961;

    Áit bhreithe: Damaisc, Siria;

    Inscne: fireann

    Iar-Aire Sláinte.

    Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.

    21.10.2014

    180.

    Ahmad AL‐QADRI

    (أحمد القادري)

    Dáta breithe: 1956;

    Inscne: fireann

    IarAire Talmhaíochta agus um Athriar Talúntais.

    Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

    24.6.2014

    190.

    Hussein ARNOUS (dá ngairtear freisin Arnus)(حسين عرنوس)

    Dáta breithe: 1953;

    Áit bhreithe: Idleh, Siria; Inscne: fireann

    An Príomh-Aire. I Lúnasa 2020 a ceapadh.

    Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

    24.6.2014

    217.

    Atef NADDAF

    (Image 8)

    Dáta breithe: 1956;

    Áit bhreithe: ceantar tuaithe Dhamaisc, Siria;

    Inscne: fireann

    IarAire Trádála Inmheánaí agus Cosanta Tomhaltóirí.

    Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.

    14.11.2016

    218.

    Hussein MAKHLOUF

    (dá ngairtear freisin Makhluf)

    (Image 9)

    Dáta breithe: 1964;

    Áit bhreithe: Lattakia, Siria;

    Inscne: fireann

    An tAire Riaracháin Áitiúil agus Comhshaoil.

    IarGhobharnóir Ghobharnóireacht na Damaisce.

    Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

    Col ceathrar le Rami Makhlouf.

    14.11.2016

    220.

    Ali GHANEM

    (Image 10)

    Dáta breithe: 1963;

    Áit bhreithe: Damascus, Siria;

    Inscne: fireann

    IarAire Peitriliam agus Acmhainní Mianra.

    Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.

    14.11.2016

    222.

    Mohammed (dá ngairtear freisin Mohamed, Muhammad, Mohammad) AL-AHMED (dá ngairtear freisin al-Ahmad)

    (Image 11)

    Dáta breithe: 1961;

    Áit bhreithe: Lattakia, Siria;

    Inscne: fireann

    IarAire Cultúir.

    Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.

    14.11.2016

    223.

    Ali HAMOUD

    (dá ngairtear freisin Hammoud)

    (Image 12)

    Dáta breithe: 1964;

    Áit bhreithe: Tartus, Siria;

    Inscne: fireann

    IarAire Iompair.

    Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.

    14.11.2016

    224.

    Mohammed Zuhair (dá ngairtear freisin Zahir) KHARBOUTLI

    (Image 13)

    Áit bhreithe: Damaisc, Siria;

    Inscne: fireann

    IarAire Leictreachais.

    Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

    14.11.2016

    225.

    Maamoun (dá ngairtear freisin Ma’moun) HAMDAN

    (Image 14)

    Dáta breithe: 1958;

    Áit bhreithe: Damaisc, Siria;

    Inscne: fireann

    IarAire Airgeadais.

    Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.

    14.11.2016

    229.

    Abdullah ABDULLAH

    (Image 15)

    Dáta breithe: 1956;

    Inscne: fireann

    IarAire Stáit.

    Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.

    14.11.2016

    230.

    Salwa ABDULLAH

    (Image 16)

    Dáta breithe: 1953;

    Áit bhreithe: Quneitra, Siria;

    Inscne: baineann

    An tAire Gnóthaí Sóisialta agus Saothair. I Lúnasa 2020 a ceapadh.

    IarAire Stáit.

    Ina cáil mar Aire Rialtais, tá freagracht uirthi as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

    14.11.2016

    231.

    Rafe’a Abu SA’AD (dá ngairtear freisin Saad)

    (Image 17)

    Dáta breithe: 1954;

    Áit bhreithe: sráidbhaile Habran, dúiche Sweida, Siria;

    Inscne: fireann

    IarAire Stáit.

    Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.

    14.11.2016

    239.

    Hisham Mohammad Mamdouh AL‐SHA’AR

    (هشام محمد ممدوح الشعار)

    Dáta breithe: 1958;

    Áit bhreithe: Damaisc, Siria;

    Inscne: fireann

    IarAire Dlí agus Cirt.

    Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.

    30.5.2017

    277.

    Imad Muwaffaq AL‐AZAB

    (عماد موفق العزب)

    Dáta breithe: 1970;

    Áit bhreithe: ceantar tuaithe Dhamaisc, Siria;

    Inscne: fireann

    IarAire Oideachais.

    Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.

    4.3.2019

    281.

    Mohammad Maen Zein Jazba AL-ABIDIN

    (ar a dtugar freisin Mohammad Maen Zein Jazba Al-Abidin)

    (محمد معن زين العابدين)

    Dáta breithe: 1962;

    Áit bhreithe: Aleppo, Siria;

    Inscne: fireann

    IarAire Tionscail.

    Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach.

    4.3.2019”


    Top