Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R1124

    Rialachán Cur Chun Feidhme (ae) 2020/1124 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo

    ST/9329/2020/INIT

    IO L 246, 30.7.2020, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1124/oj

    30.7.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 246/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (ae) 2020/1124 ÓN gCOMHAIRLE

    an 30 Iúil 2020

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL/(Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/1686.

    (2)

    I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus ó Al-Qaeda agus ó dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo, ba cheart duine amháin a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CBES) 2016/1686.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/1686 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. ROTH


    (1)  IO L 255, 21.9.2016, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear an iontráil seo a leanas leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686:

    “6.

    Bryan D’ANCONA; dáta breithe: 26 Eanáir 1997; áit bhreithe: Nice (An Fhrainc); náisiúntacht: Francach.”.

    Top