This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D1026
Council Decision (EU) 2020/1026 of 24 April 2020 on the signing, on behalf of the Union, and provisional application of the Agreement on civil aviation safety between the European Union and Japan
Cinneadh (AE) 2020/1026 ón gComhairle an 24 Aibreán 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta
Cinneadh (AE) 2020/1026 ón gComhairle an 24 Aibreán 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta
ST/15259/2019/INIT
IO L 229, 16.7.2020, p. 1–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1026/oj
16.7.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 229/1 |
CINNEADH (AE) 2020/1026 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Aibreán 2020
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) i gcomhar le hAirteagal 218(5) agus Airteagal 218(7) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rinne an Coimisiún, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Comhaontú maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a chaibidil idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin (“an Comhaontú”) i gcomhréir le Cinneadh an 7 Márta 2016 ón gComhairle . Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur leis an gComhaontú ar an 25 Iúil 2019. |
(2) |
Is é cuspóir an Chomhaontaithe comhar déthaobhach maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a chothú agus trádáil agus infheistíocht i dtáirgí aerloingseoireachta sibhialta idir an tAontas agus an tSeapáin a éascú. |
(3) |
Is gá socruithe nós imeachta a leagan síos maidir le rannpháirtíocht an Aontais sna comhchomhlachtaí arna mbunú faoin gComhaontú, maidir le bearta coimirce a ghlacadh, iarrataí ar chomhairliúcháin agus bearta chun oibleagáidí glactha a chur ar fionraí, agus maidir le cinntí a ghlacadh i ndáil le leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú. |
(4) |
Ba cheart an Comhaontú a shíniú, agus a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go dtabharfar i gcrích ana nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údaraítear leis seo síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (1).
Airteagal 2
Leis seo, údaraítear Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a ainmniú a dtugtar de chumhacht dó/dóibh an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
1. Is é an Coimisiún, le cabhair ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh agus i dteannta údaráis eitlíochta na mBallstát mar ionadaithe na mBallstát, a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an Aontais ar Chomhchoiste na bPáirtithe (“an Comhchoiste”) a bunaíodh de bhun Airteagal 11 den Chomhaontú.
2. Is í Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, le cabhair ó údaráis eitlíochta na mBallstát a bhfuil baint dhíreach acu le clár oibre gach cruinnithe, a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an Aontais ar an mBord Maoirseachta um Dheimhniúchán a bunaíodh de bhun Airteagal 3 d’Iarscríbhinn 1 den Chomhaontú.
Airteagal 4
1. Féadfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
bearta coimirce a ghlacadh i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 5(1) den Chomhaontú; |
(b) |
comhairliúcháin a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 16(3) den Chomhaontú, |
(c) |
bearta a ghlacadh chun oibleagáidí cómhalartacha maidir le glacadh a chur ar fionraí agus chun fionraíocht den sórt sin a chealú i gcomhréir le hAirteagal 17 den Chomhaontú. |
2. Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Chomhairle, luath go leor roimh ré, go bhfuil sé ar intinn aige aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo.
Airteagal 5
Beidh údarás ag an gCoimisiún, thar ceann an Aontais, leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú arna nglacadh ag an gComhchoiste i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 11(2) den Chomhaontú a fhormheas, a mhéid atá leasuithe den sórt sin i gcomhréir le gníomhartha ábhartha dlí an Aontais agus nach bhfuil aon mhodhnú ar na gníomhartha sin i gceist, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a) |
Áiritheoidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, an méid seo a leanas maidir leis an bhformheas:
|
(b) |
tá na leasuithe atá beartaithe á gcur faoi bhráid na Comhairle ag an gCoimisiún in am tráth sara bhformheasfar iad. |
Déanfaidh an Coiste de Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát measúnú le féachaint an gcomhlíonann na leasuithe atá beartaithe na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) den chéad fhomhír.
Déanfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, na leasuithe atá beartaithe a fhormheas ach amháin i gcás ina ndéanann roinnt Ballstát, arb ionann a líon agus mionlach blocála den Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agóid ina n‐aghaidh. I gcás ina bhfuil mionlach blocála den sórt sin ann, déanfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, na leasuithe atá beartaithe a dhiúltú.
Airteagal 6
Cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach amhail ó dháta a shínithe (2), go dtí go gcuirfear i gcrích na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.
Airteagal 7
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Aibreán 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. GRLIĆ RADMAN
(1) Níl téacs an Chomhaontaithe ann as Gaeilge.
(2) Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta ar uaidh a gcuirfear an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.