Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0949

    Cinneadh (AE) 2020/949 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2020 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstáit, Prótacail lena leasaítear an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh

    ST/12227/2014/INIT

    IO L 212, 3.7.2020, p. 5–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/949/oj

    Related international agreement

    3.7.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 212/5


    CINNEADH (AE) 2020/949 ÓN gCOMHAIRLE

    an 26 Meitheamh 2020

    maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstáit, Prótacail lena leasaítear an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,

    Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais na Cróite, agus go háirithe don dara fomhír d’Airteagal 6(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le Cinneadh 2014/928/AE ón gComhairle (2), síníodh an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (3), chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (“an Prótacal”), faoi réir a thabhairt i gcrích.

    (2)

    Ba cheart an Prótacal a fhormheas,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An Prótacal lena leasaítear an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (4), formheastar é leis seo thar ceann an Aontais agus a Bhallstáit.

    Airteagal 2

    Déantar Uachtarán na Comhairle a údarú leis seo chun an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh de chumhacht aige nó aici nó acu an ionstraim formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 3 den Phrótacal a thaisceadh thar ceann an Aontais agus a Bhallstáit.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Meitheamh 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A.METELKO-ZGOMBIĆ


    (1)  Toiliú an 28 Aibreán 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Cinneadh 2014/928/AE ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais agus a Bhallstáit, agus cur i bhfeidhm sealadach Prótacail lena leasaítear an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (IO L 365, 19.12.2014, lch. 1).

    (3)  Tá téacs an Chomhaontaithe foilsithe in IO L 321, 20.11.2012, lch. 3.

    (4)  Foilsíodh téacs an Phrótacail in IO L 365, 19.12.2014, lch. 3, in éineacht leis an gcinneadh maidir lena shíniú.


    Top