EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0790

Cinneadh (AE) 2020/790 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste agus san Fhochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht a bunaíodh leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile, maidir le glacadh cinntí i ndáil le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus rialacha nós imeachta an Fhochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht

ST/14677/2019/INIT

IO L 193, 17.6.2020, p. 5–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/790/oj

17.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 193/5


CINNEADH (AE) 2020/790 ÓN GCOMHAIRLE

an 9 Meitheamh 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste agus san Fhochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht a bunaíodh leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile, maidir le glacadh cinntí i ndáil le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus rialacha nós imeachta an Fhochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 207 agus 209, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Creat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile (1) (an “Comhaontú”), i bhfeidhm an 1 Samhain 2017.

(2)

Bunaítear le hAirteagal 56(1) den Chomhaontú Comhchoiste chun feidhmiú agus cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú (an “Comhchoiste”).

(3)

Foráiltear le hAirteagal 56(6) den Chomhaontú go bhfuil an Comhchoiste chun a rialacha nós imeachta féin a ghlacadh agus foráiltear le hAirteagal 56(4) den Chomhaontú go bhféadfaidh sé meithleacha speisialaithe a chur ar bun chun cabhrú leis a chuid cúraimí a chomhlíonadh.

(4)

Bunaítear le hAirteagal 28(1) den Chomhaontú Fochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht.

(5)

Foráiltear le hAirteagal 28(3) den Chomhaontú go bhfuil an Fochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht chun a rialacha nós imeachta a ghlacadh.

(6)

Chun cur chun feidhme éifeachtach an Chomhaontaithe a áirithiú, ba cheart rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus an Fhochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht a ghlacadh a luaithe is féidir.

(7)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste agus san Fhochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht a bhunú.

(8)

Ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhchoiste agus san Fhochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht a bhunú, dá bhrí sin, ar na dréachtChinntí ón gComhchoiste agus ón bhFochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile (an “Comhaontú”), bunófar é ar an dréachtChinneadh ón gComhchoiste (2).

2.   Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Fhochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht a bhunaítear leis an gComhaontú, bunófar é ar an dréachtChinneadh ón bhFochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht (2).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  IO L 326, 9.12.2017, lch. 7.

(2)  Féach doiciméad ST 6856/20 ar http://register.consilium.europa.eu.


Top