EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0471

Cinneadh (CBES) 2020/471 ón gComhairle an 31 Márta 2020 lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/778 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh i nDeisceart na Meánmhara Láir (EUNAVFOR MED oibríocht SOPHIA)

ST/5868/2020/INIT

IO L 101, 1.4.2020, p. 3–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/471/oj

1.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 101/3


CINNEADH (CBES) 2020/471 ÓN gCOMHAIRLE

an 31 Márta 2020

lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/778 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh i nDeisceart na Meánmhara Láir (EUNAVFOR MED oibríocht SOPHIA)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe d’Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Bealtaine 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/778. (1)

(2)

An 26 Meán Fómhair 2019, chuir an Chomhairle síneadh le Cinneadh (CBES) 2015/778 go dtí an 31 Márta 2020 trí Chinneadh (CBES) 2019/1595 (2).

(3)

An 17 Feabhra 2020, d’aontaigh an Chomhairle gur cheart deireadh a chur le EUNAVFOR MED oibríocht SOPHIA. Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2015/778 a aisghairm agus mar thoradh air sin, tiocfaidh deireadh le EUNAVFOR MED oibríocht SOPHIA tar éis aisghairm an Chinnidh sin.

(4)

Le Cinneadh (CBES) 2015/528 ón gComhairle (3) lena mbunaítear sásra chun na costais choiteanna a bhaineann le hoibríochtaí an Aontais Eorpaigh, a mbíonn impleachtaí míleata nó cosanta leo (Athena), a mhaoiniú, cinntear na nósanna imeachta maidir le cuntais na hoibríochta a iniúchadh agus a thíolacadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/778 leis seo.

2.   Beidh aisghairm Chinneadh (CBES) 2015/778 gan dochar do na nósanna imeachta a leagtar síos i gCinneadh (CBES) 2015/528 maidir le cuntais EUNAVFOR MED oibríocht SOPHIA a iniúchadh agus a thíolacadh.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Márta 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh (CBES) 2015/778 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2015 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh i nDeisceart na Meánmhara Láir (EUNAVFOR MED oibríocht Sophia) (IO L 122, 19.5.2015, lch. 31).

(2)  Cinneadh (CBES) 2019/1595 ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/778 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh i nDeisceart na Meánmhara Láir (EUNAVFOR MED oibríocht SOPHIA) (IO L 248, 27.9.2019, lch. 73).

(3)  Cinneadh (CBES) 2019/528 ón gComhairle an 27 Márta 2015 lena mbunaítear sásra riartha chun na costais choiteanna a bhaineann le hoibríochtaí an Aontais Eorpaigh, a mbíonn impleachtaí míleata nó cosanta leo (Athena), a mhaoiniú agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/871/CBES (IO L 84, 28.3.2015, lch. 39).


Top