This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D0470
Council Decision (EU) 2020/470 of 25 March 2020 as regards the extension of the period of entitlement for audiovisual co-productions as provided for in Article 5 of the Protocol on Cultural Cooperation to the Free Trade Agreement between the European Union and its Member States, of the one part, and the Republic of Korea, of the other part
Cinneadh (AE) 2020/470 ón gComhairle an 25 Márta 2020 maidir le síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta i ndáil le comhléiriúcháin closamhairc mar a fhoráiltear in Airteagal 5 den Phrótacal maidir le Comhar Cultúrtha a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile
Cinneadh (AE) 2020/470 ón gComhairle an 25 Márta 2020 maidir le síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta i ndáil le comhléiriúcháin closamhairc mar a fhoráiltear in Airteagal 5 den Phrótacal maidir le Comhar Cultúrtha a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile
ST/6872/2020/INIT
IO L 101, 1.4.2020, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Corrected by | 32020D0470R(01) | (LT) |
1.4.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 101/1 |
CINNEADH (AE) 2020/470 ÓN GCOMHAIRLE
an 25 Márta 2020
maidir le síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta i ndáil le comhléiriúcháin closamhairc mar a fhoráiltear in Airteagal 5 den Phrótacal maidir le Comhar Cultúrtha a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint d'Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (1),
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 1 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2015/2169 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile. |
(2) |
Leis an bPrótacal maidir le Comhar Cultúrtha (2), atá i gceangal leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (3) ("an Prótacal"), bunaítear in Airteagal 1 an creat ina gcomhoibríonn na Páirtithe chun malartuithe a éascú maidir le gníomhaíochtaí cultúrtha, earraí agus seirbhísí, lena n-áirítear san earnáil chlosamhairc. |
(3) |
Áirítear go heisceachtúil sa Phrótacal forálacha maidir le teidlíocht i ndáil le comhléiriúcháin closamhairc chun tairbhe a bhaint as na scéimeanna faoi seach atá forchoimeádta i bprionsabal do thíortha i mbéal forbartha a bhfuil tionscail chlosamhairc atá i mbéal forbartha acu. |
(4) |
De bhun phointe (b) d'Airteagal 5(8) den Phrótacal, tar éis tréimhse thosaigh trí bliana, déanfar an teidlíocht a athnuachan go ceann fad trí bliana agus, dá éis sin, déanfar an teidlíocht sin a athnuachan go huathoibríoch go ceann tréimhsí leantacha eile den fhad céanna, ach amháin má chuireann Páirtí deireadh leis an teidlíocht trí fhógra i scríbhinn a thabhairt ar a laghad trí mhí sula rachaidh an tréimhse thosaigh nó aon tréimhse dá héis sin in éag. Ba cheart don Choiste maidir le Comhar Cultúrtha measúnú a dhéanamh in am trátha ar éifeachtaí iarbhír an Phrótacail i ndáil le comhléiriúcháin chlosamhairc agus ba cheart dó a bheith mar bhonn do chinneadh an Aontais maidir le síneadh a chur leis an teidlíocht nó gan síneadh a chur léi in 2023 ar feadh tréimhse eile trí bliana. |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Phoblacht na Cóiré má bhíonn sé i gceist ag an Aontas gan síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta chun comhléiriúcháin de bhun Airteagal 5 den Phrótacal de réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5(8) den Phrótacal sin, ach amháin má aontaíonn an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, ceithre mhí roimh dheireadh thréimhse na teidlíochta sin, leanúint ar aghaidh leis an teidlíocht. Má aontaíonn an Chomhairle leanúint ar aghaidh leis an teidlíocht sin, beidh an nós imeachta sin infheidhme arís ag deireadh thréimhse athnuaite na teidlíochta. Chun críoch sainiúil cinneadh a dhéanamh maidir le leanúint ar aghaidh le tréimhse na teidlíochta, is d'aon toil a ghníomhaíonn an Chomhairle. |
(6) |
An 17 Deireadh Fómhair 2019, chuathas i gcomhairle leis Grúpa Comhairleach Baile an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 3(5) den Phrótacal maidir le síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta mar a fhoráiltear in Airteagal 5(8) den Phrótacal. |
(7) |
I bhfianaise an dlúthchaidrimh uathúil agus stairiúil idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré Theas, aontaíonn an Chomhairle le síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta i ndáil le comhléiriúcháin chlosamhairc chun tairbhe a bhaint as scéimeanna na bPáirtithe faoi seach chun ábhar cultúrtha áitiúil/réigiúnach a chur chun cinn de réir mar a fhoráiltear i míreanna 4‐7 d'Airteagal 5 den Phrótacal. |
(8) |
Níor cheart an Cinneadh seo difear a dhéanamh d'inniúlachtaí an Aontais ná inniúlachtaí na mBallstát faoi seach. Go háirithe, níor cheart go ndéanfadh sé difear d'inniúlacht na mBallstát comhaontuithe comhléiriúcháin a thabhairt i gcrích, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirfear síneadh le tréimhse na teidlíochta chun go mbainfidh comhléiriúcháin chlosamhairc tairbhe as scéimeanna na bPáirtithe faoi seach chun ábhar cultúrtha áitiúil/réigiúnach a chur chun cinn, de réir mar a fhoráiltear i míreanna 4‐7 d'Airteagal 5 den Phrótacal, go ceann fad trí bliana, ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2023.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Márta 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A.METELKO-ZGOMBIĆ
(1) IO L 307, 25.11.2015, lch. 2.