Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0275

    Cinneadh (CBES) 2020/275 ón gComhairle an 27 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir

    ST/6017/2020/INIT

    IO L 56I, 27.2.2020, p. 5–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/275/oj

    27.2.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 56/5


    CINNEADH (CBES) 2020/275 ÓN GCOMHAIRLE

    an 27 Feabhra 2020

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid a leanas:

    (1)

    Ar an 11 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1894 (1) maidir le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir.

    (2)

    Ar an 12 Nollaig 2019, mheabhraigh an Chomhairle Eorpach di féin na conclúidí a ghlac sí an 22 Márta agus an 20 Meitheamh 2019 maidir leis an Tuirc. D’athdhearbhaigh sí na conclúidí uaithi an 17-18 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíochtaí druileála neamhdhleathacha na Tuirce i limistéar eacnamaíoch eisiach na Cipire agus d’athdheimhnigh sí a dlúthpháirtíocht leis an gCipir go neamhbhalbh.

    (3)

    Sa chomhthéacs sin, agus i bhfianaise gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe leanúnacha na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir, ba cheart beirt a chur ar an liosta de dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus de chomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1894.

    (4)

    Ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1894 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1894 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Feabhra 2020.

    Ar son na Comhairle

    An tUachtarán

    D. HORVAT


    (1)  Cinneadh (CBES) 2019/1894 ón gComhairle an 11 Samhain 2019 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir (IO L 291, 12.11.2019, lch. 47).


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear na daoine a leanas ar an liosta de dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus de chomhlachtaí san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1894:

     

    Ainm

    Faisnéis sainaitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    "1.

    Mehmet Ferruh AKALIN

    Dáta breithe: 9.12.1960

    Uimhir Phas nó Aitheantais: 13571379758

    Náisiúntacht: Turcach

    Inscne: fireann

    Tá Mehmet Ferruh Akalin ina Leas-Uachtarán (Bainisteoir Cúnta Ginearálta) agus ina chomhalta ar Bhord Stiúrthóirí Chorparáid Pheitriliam na Tuirce (TPAO). Tá sé ina cheann ar na Ranna Taiscéalaíochta, Taighde agus Forbartha agus Teicneolaíochtaí Faisnéise de chuid TPAO.

    Ina cháil mar Leas-Uachtarán TPAO agus mar cheann na Roinne Taiscéalaíochta, tá Mehmet Ferruh Akalin freagrach as gníomhaíochtaí taiscéalaíochta hidreacarbóin amach ón gcósta de chuid TPAO a phleanáil, a stiúradh agus a chur chun feidhme. Áirítear orthu siúd gníomhaíochtaí druileála TPAO nár údaraigh Poblacht na Cipire iad, mar a leagtar amach thíos.

    Rinne na soithí seo a leanas na gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe sin:

    (a)

    soitheach druileála TPAO Yavuz i bhfarraige theorann Phoblacht na Cipire idir mí Iúil agus mí Mheán Fómhair 2019;

    (b)

    soitheach druileála TPAO Yavuz i limistéar den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe agus atá teormharcáilte i gcomhaontú leis an Éigipt, idir mí Dheireadh Fómhair 2019 agus mí Eanáir 2020;

    (c)

    soitheach druileála TPAO Fatih sa limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe, an‐ghar dá farraige theorann, ó mhí na Samhna 2019 i leith;

    (d)

    soitheach druileála TPAO Fatih i limistéar thiar den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra do na Náisiúin Aontaithe ina leith, idir mí na Bealtaine agus mí na Samhna 2019.

    Tá sé fógartha ag TPAO freisin go bhfuil tuilleadh gníomhaíochtaí druileála beartaithe le cur i gcrích, gan údarú ó Phoblacht na Cipire, ag an soitheach druileála TPAO Yavuz i limistéar den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra do na Náisiúin Aontaithe ina leith agus atá teormharcáilte i gcomhaontuithe leis an Éigipt agus le hIosrael, idir mí Eanáir agus mí na Bealtaine 2020.

    27.2.2020

    2.

    Ali Coscun NAMOGLU

    Dáta breithe: 27.11.1956

    Uimhir Phas nó Aitheantais: 11096919534

    Náisiúntacht: Turcach

    Inscne: fireann

    Tá Ali Coscun Namoglu ina Leas-stiúrthóir ar Roinn Taiscéalaíochta Chorparáid Pheitriliam na Tuirce (TPAO).

    Sa cháil sin, tá Ali Coscun Namoglu páirteach i ngníomhaíochtaí taiscéalaíochta hidreacarbóin amach ón gcósta de chuid TPAO a phleanáil, a stiúradh agus a chur chun feidhme. Áirítear orthu siúd gníomhaíochtaí druileála TPAO nár údaraigh Poblacht na Cipire iad, mar a leagtar amach thíos.

    Rinne na soithí seo a leanas na gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe sin:

    (a)

    soitheach druileála TPAO Yavuz i bhfarraige theorann Phoblacht na Cipire idir mí Iúil agus mí Mheán Fómhair 2019;

    (b)

    soitheach druileála TPAO Yavuz i limistéar den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe agus atá teormharcáilte i gcomhaontú leis an Éigipt, idir mí Dheireadh Fómhair 2019 agus mí Eanáir 2020;

    (c)

    soitheach druileála TPAO Fatih i sa limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe, an‐ghar dá farraige theorann, ó mhí na Samhna 2019;

    (d)

    soitheach druileála TPAO Fatih i limistéar thiar den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra do na Náisiúin Aontaithe ina leith, idir mí na Bealtaine agus mí na Samhna 2019.

    Tá sé fógartha ag TPAO freisin go bhfuil tuilleadh gníomhaíochtaí druileála beartaithe le cur i gcrích, gan údarú ó Phoblacht na Cipire, ag an soitheach druileála TPAO Yavuz i limistéar den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra do na Náisiúin Aontaithe ina leith agus atá teormharcáilte i gcomhaontuithe leis an Éigipt agus le hIosrael, idir mí Eanáir agus mí na Bealtaine 2020."

    27.2.2020


    Top