Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019L0983

    Treoir (AE) 2019/983 Ó Pharlaimint na hEorpa Agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

    PE/42/2019/REV/1

    IO L 164, 20.6.2019, p. 23–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/983/oj

    20.6.2019   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    23


    TREOIR (AE) 2019/983 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 5 Meitheamh 2019

    lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (b) d’Airteagal 153(2), i gcomhar le pointe (a) d’Airteagal 153(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is freagracht agus gealltanas comhroinnte polaitiúil é an gealltanas faoi Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (3), arna fhógairt ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta do Phoist Chóra agus d’Fhás in Göteborg an 17 Samhain 2017, a chomhlíonadh. Foráiltear le Prionsabal 10 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil an ceart ag oibrithe chun timpeallacht oibre atá folláin, sábháilte agus curtha in oiriúint i gceart. Maidir leis an gceart ag oibrithe chun ardleibhéal cosanta sláinte agus sábháilteachta ag an obair agus leis an gceart chun timpeallacht oibre atá curtha in oiriúint dá riachtanais ghairmiúla, cuirtear cosaint ar charcanaiginí agus ar shó-ghineacha ag an láthair oibre san áireamh freisin, beag beann ar fhad na fostaíochta nó fad an nochta.

    (2)

    Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun na beatha agus an ceart chun dálaí oibre cothroma agus córa dá bhforáiltear in Airteagail 2 agus 31 de faoi seach.

    (3)

    Is é is aidhm le Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) oibrithe a chosaint ar rioscaí dá sláinte agus dá sábháilteacht a thagann as nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha sa láthair oibre. Leis an Treoir sin, déantar foráil do leibhéal comhsheasmhach cosanta ar na rioscaí a bhaineann le carcanaiginí nó le só-ghineacha trí bhíthin chreat na bprionsabal ginearálta ionas gur féidir leis na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear ceanglais íosta i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach. Is é is aidhm leis na ceanglais íosta sin oibrithe a chosaint ar leibhéal an Aontais agus cur leis na difríochtaí a laghdú idir na leibhéil chosanta a bhíonn ag oibrithe ar fud an Aontais agus chun cothroime iomaíochta a áirithiú. Is gnéithe tábhachtacha iad teorainnluachanna ceangailteacha nochta ceirde de na socruithe ginearálta a bhaineann le hoibrithe a chosaint a bunaíodh le Treoir 2004/37/CE. Ba cheart do na teorainnluachanna sin a bheith fianaisebhunaithe, comhréireach agus intomhaiste agus ba cheart iad a bhunú ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla atá nuashonraithe, indéantacht eacnamaíoch an chur chun feidhme agus an chomhlíonta, measúnú críochnúil ar an tionchar socheacnamaíoch agus prótacail agus teicnící maidir le nochtadh a thomhas a bheith ar fáil ag an láthair oibre. Féadfaidh na Ballstáit teorainnluachanna nochta ceirde níos déine a leagan síos i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta. Ina theannta sin, le Treoir 2004/37/CE ní chuirtear aon chosc ar na Ballstáit bearta breise, amhail teorainnluach bitheolaíoch, a chur i bhfeidhm.

    (4)

    Is é is aidhm le Treoir 2004/37/CE na substaintí nó meascáin a chumhdach a chomhlíonann na critéir lena gcur in aicme mar chatagóir charcanaigin 1A nó 1B nó mar chatagóir shó-ghineach 1A nó 1B atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) chomh maith le substaintí, meascáin nó próisis dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/37/CE. Is iad na substaintí a chomhlíonann na critéir lena gcur in aicme mar chatagóir charcanaigin 1A nó 1B nó mar chatagóir shó-ghineach 1A nó 1B atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 na substaintí sin ag a bhfuil aicmiú comhchuibhithe nó a dhéantar a aicmiú i gcomhréir le hAirteagail 4 nó 36 den Rialachán sin agus ar tugadh fógra ina leith don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) de bhun Airteagal 40 den Rialachán sin. Liostaítear na substaintí sin san Fhardal Aicmithe agus an Lipéadaithe poiblí arna choinneáil ag ECHA. Chun substaintí nua a chur le liosta na substaintí, meascán agus próiseas dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/37/CE i gcomhréir le pointe (a)(ii) d’Airteagal 2 den Treoir sin, ba cheart fianaise eolaíoch stóinsithe de charcanaigineacht na substainte iomchuí a léiriú, ar bhonn foinsí eolaíocha bailí amhail an Coiste um Measúnú Riosca (RAC) de chuid ECHA, an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse (IARC), agus comhlachtaí náisiúnta, agus aird ar leith á tabhairt ar an litríocht fhoilsithe ar a ndearnadh athbhreithniú piaraí maidir leis an tsubstaint sin.

    (5)

    Is cuid de na bearta bainistithe riosca faoi Threoir 2004/37/CE na teorainnluachanna céanna sin um nochtadh ag an láthair oibre. Ba cheart na teorainnluachanna sin a athbhreithniú go rialta i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim agus prionsabal na cosanta d’oibrithe, agus i bhfianaise na sonraí eolaíocha agus teicniúla fónta atá ar fáil maidir le carcanaiginí agus só-ghineacha. Ba cheart aird chuí a thabhairt freisin ar theicnící tomhaiste, bearta bainistithe riosca agus tosca ábhartha eile a fheabhsú. Ní dochar comhlíonadh na dteorainnluachanna sin do na hoibleagáidí eile a chuirtear ar fhostóirí de bhun na Treorach sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le laghdú ar úsáid carcanaiginí agus só-ghineacha ag an láthair oibre, le nochtadh na n-oibrithe do charcanaiginí nó só-ghineacha a chosc nó a laghdú, agus leis na bearta is ceart a chur chun feidhme chun na críche sin. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin, a mhéid is féidir go teicniúil, substaint, meascán nó próiseas a chur in ionad na carcanaigine nó an tsó-ghinigh nach bhfuil contúirteach nó a bhfuil an chontúirt is lú ag baint leis do shláinte oibrithe, córas dúnta a úsáid, agus bearta eile arb é is aidhm leo leibhéal nochta oibrithe a laghdú.

    (6)

    D’fhéadfadh airíonna géineatocsaineacha, carcanaigineacha nó só-ghineacha a bheith i ndrugaí guaiseacha, lena n-áirítear drugaí cíteatocsaineacha a úsáidtear go príomha le haghaidh cóireáil ailse. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach oibrithe a nochtar do dhrugaí den sórt sin mar thoradh ar an obair a bhaineann le: riaradh nó diúscairt drugaí guaiseacha, lena n-áirítear drugaí cíteatocsaineacha; obair a bhaineann le seirbhísí atá bainteach le glanadh, iompar, níochán nó diúscairt dramhaíola drugaí guaiseacha nó ábhair atá éillithe ag drugaí den sórt sin; cúram pearsanta d’othair ar cuireadh cóireáil orthu le drugaí guaiseacha a chosaint. Tá drugaí guaiseacha, lena n-áirítear drugaí cíteatocsaineacha, faoi réir bhearta de chuid an Aontais lena bhforáiltear i leith ceanglais íosta maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint, go háirithe iad sin dá bhforáiltear i dTreoir 98/24/CE ón gComhairle (6). Tá drugaí guaiseacha ina bhfuil substaintí ar carcanaiginí nó só-ghineacha iad chomh maith, faoi réir Threoir 2004/37/CE. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ionstraim is iomchuí chun sábháilteacht cheirde na n-oibrithe a nochtar do dhrugaí guaiseacha, lena n-áirítear drugaí cíteatocsaineacha, a áirithiú. Agus an méid sin á dhéanamh aige, níor cheart rochtain na n-othar ar an gcóireáil is fearr atá ar fáil a chur i mbaol.

    (7)

    I dtaca le formhór na gcarcanaiginí agus na só-ghineach, ní acmhainn don eolaíocht leibhéil a shainaithint nach mbeadh éifeachtaí díobhálacha faoina mbun i gcás nochtadh. Bíodh is nach féidir na rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht na n-oibrithe as nochtadh do charcanaiginí agus do shó-ghineacha ag an obair (amhail riosca iarmharach) a dhíothú trí theorainnluachanna a leagan síos don láthair oibre de bhun na Treorach seo, ní beag an cúnamh sin, mar sin féin, mar go laghdaítear go mór na rioscaí a eascraíonn ó nochtadh dá leithéid, a bhuí leis an gcur chuige céim ar chéim agus cuspóir-dhírithe de bhun Threoir 2004/37/CE. Maidir le carcanaiginí agus só-ghineacha eile, is acmhainn don eolaíocht leibhéil a shainaithint nár dhóigh go dtarlódh éifeachtaí díobhálacha faoina mbun i gcás nochtadh.

    (8)

    I dtaca le huasleibhéil do nochtadh oibrithe do charcanaiginí nó do shó-ghineacha áirithe, is le luachanna a bhunaítear iad agus, de bhun Threoir 2004/37/CE, ní ceart na luachanna sin a shárú.

    (9)

    Leis an Treoir seo, neartaítear cosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe ina láthair oibre. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2004/37/CE ar bhonn rialta agus tograí reachtacha a dhéanamh, más iomchuí. Ba cheart teorainnluachanna nua a leagan amach sa Treoir sin i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla nua agus dea-chleachtais, teicnící agus prótacail fhianaise-bhunaithe maidir le leibhéil nochta ar an láthair oibre a thomhas. Ba cheart más féidir, sonraí maidir le rioscaí iarmharacha do shláinte oibrithe, moltaí ón gCoiste Eolaíoch um Theorainneacha Nochta Ceirde (SCOEL) agus tuairimí RAC agus tuairimí ón gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH) agus monagraif IARC a chuimsiú san fhaisnéis sin. Is uirlis choisctheach í trédhearcacht na faisnéise sa chomhthéacs sin agus ba cheart í a áirithiú. Tá luach ag baint le faisnéis a bhaineann le riosca iarmharach i ndáil lena ndéanfar amach anseo ar mhaithe le teorainn a chur leis na rioscaí a eascraíonn as nochtadh ceirde do charcanaiginí agus do shó-ghineacha, agus ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí ar leibhéal an Aontais. Tá an Treoir seo i gcomhréir leis na moltaí sonracha ó SCOEL, RAC agus ACSH, ar cuireadh a dtábhacht in iúl i leasuithe a rinneadh ar Threoir 2004/37/CE roimhe seo.

    (10)

    Ina theannta sin, i bhfianaise na sonraí eolaíocha, is gá breithniú ar chonairí ionsúcháin na gcarcanaiginí agus na só-ghineach seachas ionanálú, lena n-áirítear go bhféadfaidís dul tríd an gcraiceann, agus i gcásanna den sórt sin, nodaireacht craicinn maidir leis na substaintí ábhartha a shannadh, chun an leibhéal cosanta is fearr agus is féidir a áirithiú. Is céim bhreise iad na leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE dá bhforáiltear sa Treoir seo i bpróiseas fadtéarmach ar cuireadh tús leis chun an Treoir sin a thabhairt cothrom le dáta.

    (11)

    Bunaíodh an measúnú ar éifeachtaí sláinte carcanaiginí faoi réir na Treorach seo ar shaineolas eolaíoch ábhartha ó SCOEL agus RAC.

    (12)

    Tugann SCOEL, a cuireadh ar bun le Cinneadh 2014/113/AE ón gCoimisiún (7), cúnamh don Choimisiún, go háirithe leis na sonraí eolaíocha is déanaí dá bhfuil ar fáil a shainaithint, a mheas agus a anailísiú go mion, agus le teorainnluachanna nochta ceirde a mholadh ar mhaithe le hoibrithe a chosaint ar rioscaí ceimiceacha, a leagfar síos ar leibhéal an Aontais de bhun Threoracha 98/24/CE agus 2004/37/CE.

    (13)

    I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), tarraingíonn RAC tuairimí ECHA suas i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le substaintí ceimiceacha do shláinte an duine agus don chomhshaol. I gcomhthéacs na Treorach seo, d’ullmhaigh RAC a thuairim arna iarraidh sin i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 77(3) den Rialachán sin.

    (14)

    Is dea-shampla an feachtas 2018-go-2019 dar teideal “Healthy Workplaces Manage Dangerous Substances” (“An Láthair Shláintiúil Oibre: Bainistigh Substaintí Contúirteacha”) den chaoi a bhféadfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) tacú le cur chun feidhme na reachtaíochta maidir le sábháilteacht agus sláinte cheirde ar leibhéal an Aontais. Tá sé inmhianaithe go n-oibreodh EU-OSHA i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun faisnéis shaincheaptha agus samplaí den dea-chleachtas a thabhairt d’oibrithe a bhíonn i dteagmháil le substaintí áirithe, lena leagfaí béim ar fhorbairtí beartais agus ar an gcreat reachtach atá ann cheana.

    (15)

    Sásaíonn caidmiam agus a lán dá chomhdhúile neamhorgánacha na critéir lena gcur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaiginí de réir bhrí Threoir 2004/37/CE iad. Is iomchuí, dá bhrí sin, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, teorainnluach a bhunú le haghaidh caidmiam agus a chomhdhúl neamhorgánach sa Treoir sin. Ina theannta sin, rinneadh caidmiam, níotráit chaidmiam, hiodrocsaíd chaidmiam agus carbónáit chaidmiam a shainaithint mar shubstaintí arb údar mór imní iad de bhun phointe (a) d’Airteagal 57 de Rialachán CE Uimh. 1907/2006 agus cuirtear san áireamh sa liosta iarrthóirí iad dá dtagraítear in Airteagal 59(1) den Rialachán sin.

    (16)

    Maidir le caidmiam, foráiltear go mbeidh deacrachtaí cloí le teorainnluach 0,001 mg/m3 sa ghearrthéarma. Is iomchuí, dá bhrí sin, idirthréimhse 8 mbliana a thabhairt isteach ar lena linn ba cheart feidhm a bheith ag an teorainnluach 0,004 mg/m3 (codán in-ion-análaithe). D’fhonn ionchais dhlisteanacha a chosaint agus chun a sheachaint go bhféadfaí cur as do chleachtais atá ann cheana sna Ballstáit a chuirfidh córas bithfhaireacháin i bhfeidhm, ar dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ag a mbeidh teorainnluach bitheolaíoch nach mó ná 0,002 mg Cd/g créitínín san fhual, ba cheart an teorainnluach 0,004 mg/m3 a thomhas, sna Ballstáit sin, mar chodán inanálaithe le linn na hidirthréimhse, i bhfianaise thuairimí SCOEL agus ACSH maidir le caidmiam agus a chomhdhúile neamhorgánacha.

    (17)

    Ar bhonn na bhfoinsí eolaíocha bailí atá ar fáil, amhail iad siúd arna soláthar ag SCOEL, RAC agus comhlachtaí ábhartha náisiúnta, ba cheart don Choimisiún, tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, measúnú a dhéanamh ar cheart Treoir 2004/37/CE a leasú trí fhorálacha a chur isteach maidir le teorainn nochta ceirde aeriompartha agus teorainnluach bitheolaíoch le haghaidh caidmiam agus a chomhdhúl neamhorgánach.

    (18)

    Chosnófaí oibrithe i gcoinne na tocsaineachta sistéamaí a bhaineann le caidmiam agus a chomhdhúile, a théann i gcion ar na duáin agus cnámha go príomha, agus teorainnluach bitheolaíoch a leagan síos lena n-aghaidh. Dá bhrí sin, féadfaidh faireachán bitheolaíoch cur le cosaint oibrithe ag an láthair oibre ach ní dhéanfar é sin ach amháin tríd an bhfaireachán a dhéantar ar thiúchan caidmiam agus a chomhdhúile neamhorgánacha san aer, agus dá réir sin laistigh de limistéar análaithe na n-oibrithe. Ba cheart don Choimisiún treoirlínte praiticiúla maidir le faireachán bitheolaíoch a eisiúint.

    (19)

    Sásaíonn beirilliam agus formhór na gcomhdhúl beirilliam neamhorgánach na critéir lena gcur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaiginí de réir bhrí Threoir 2004/37/CE iad. I dteannta airíonna carcanaigineacha, tagann galar beirilliam ainsealach (CBD) agus íogrú beirilliam (BeS) as beirilliam. Is iomchuí dá bhrí sin, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, teorainnluach a bhunú le haghaidh beirilliam agus comhdhúile beirilliam neamhorgánacha sa Treoir sin agus nodaireacht a shannadh d’íogrú craicinn agus riospráide.

    (20)

    Maidir le beirilliam, foráiltear go mbeidh sé deacair cloí le teorainnluach 0,0002 mg/m3 sa ghearrthéarma. Is iomchuí, dá bhrí sin, idirthréimhse 7 mbliana a thabhairt isteach ar lena linn ba cheart feidhm a bheith ag an teorainnluach de 0,0006 mg/m3.

    (21)

    Sásaíonn aigéad arsanaice agus a shalainn, chomh maith le formhór na gcomhdhúl arsanaice neamhorgánach, na critéir lena gcur in aicme charcanaigineach (catagóir 1A) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaiginí de réir bhrí Threoir 2004/37/CE iad. Is iomchuí, mar sin, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, teorainnluach a bhunú le haghaidh aigéad arsanaice agus a shalainn, chomh maith leis na comhdhúile arsanaice neamhorgánacha sa Treoir sin. Ina theannta sin, déantar aigéad arsanaice, peantocsaíd dé-arsanaice agus trí-ocsaíd dé-arsanaice a shainaithint mar shubstaintí arb údar mór imní iad de bhun phointe (a) d’Airteagal 57de Rialachán CE Uimh. 1907/2006 agus cuirtear san áireamh in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin iad, lena gceanglaítear údarú a fháil sula féidir iad a úsáid.

    (22)

    Maidir le haigéad arsanaice, foráiltear go mbeidh deacrachtaí ag earnáil an bhruithnithe copair cloí le teorainnluach 0,01 mg/m3. Dá bhrí sin, ba cheart idirthréimhse 4 bliana a thabhairt isteach.

    (23)

    Sásaíonn formaildéad na critéir lena cur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin é de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Is carcanaigin ghéineatocsaineach é formaildéad a oibríonn go háitiúil agus tá fianaise eolaíoch leordhóthanach ann maidir lena charcanaigineacht i ndaoine. Is ailléirgin i dteagmháil leis an gcraiceann (íogróir craicinn) é formaildéad freisin. Is iomchuí, dá bhrí sin, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, teorainnluach fadtéarmach agus gearrthéarmach a bhunú le haghaidh formaildéid sa Treoir sin agus nodaireacht a shannadh d’íogrú craicinn. Ina theannta sin, arna iarraidh sin don Choimisiún, tá faisnéis atá anois ann á bailiú ag ECHA freisin chun measúnú a dhéanamh ar nochtadh ó fhormaildéad agus ó scaoilteoirí formaildéid a d’fhéadfadh a bheith i gceist ag an láthair oibre, lena n-áirítear úsáidí tionsclaíocha agus gairmiúla.

    (24)

    Úsáidtear daingneáin formaildéid go rialta in earnáil an chúraim sláinte ar fud an Aontais i ngeall ar a áisiúil atá siad a láimhseáil, an leibhéal ard cruinnis agus an oll-inoiriúnaitheacht a bhaineann leo. I roinnt Ballstát, foráiltear go mbeidh deacrachtaí ag earnáil an chúraim sláinte maidir leis an teorainnluach 0,37 mg/m3 nó 0,3 ppm a chomhlíonadh sa ghearrthéarma. Is iomchuí, dá bhrí sin, idirthréimhse 5 bliana a thabhairt isteach don earnáil sin, ar lena linn a mbeadh feidhm ag an teorainnluach 0,62 mg/m3 nó 0,5 ppm. Ba cheart don earnáil cúram sláinte, áfach, an nochtadh don fhormaildéad a íoslaghdú, agus moltar di an teorainnluach 0,37 mg/m3 nó 0,3 ppm a urramú le linn na hidirthréimhse a mhéid is féidir.

    (25)

    I roinnt Ballstát, úsáidtear formaildéad go rialta chun críocha daoine marbha a bhalsamú mar chuid dá gcleachtais chultúrtha nó reiligiúnacha. Foráiltear go mbeidh deacrachtaí ag earnáil na sochraidí an teorainnluach 0,37 mg/m3 nó 0,3 ppm a chomhlíonadh sa ghearrthéarma. Is iomchuí, dá bhrí sin, idirthréimhse 5 bliana a thabhairt isteach don earnáil sin ar lena linn a mbeadh feidhm ag an teorainnluach 0,62 mg/m3 nó 0,5 ppm.

    (26)

    Is chun an cás a shoiléiriú a thugtar isteach na nodaireachtaí d’íogrú atá leagtha amach sa Treoir seo le haghaidh beirilliam agus formaildéad. Nuair a shocrófar nodaireachtaí den chineál sin le linn Treoir 2004/37/CE a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart comhleanúnachas le dlí ábhartha an Aontais a áirithiú. Féadfar a áireamh leis sin nodaireachtaí d’íogarú le haghaidh substaintí dá bhfuil iontráil ar leith atá ann cheana in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, i gcás inarb ábhartha.

    (27)

    Comhlíonann 4,4′-Meitiléin-bis(2-clóranailín) (MOCA) na critéir lena chur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin de réir bhrí Threoir 2004/37/CE é. De bharr charcanaigineacht agus shaintréithe follasacha géineatocsaineacha na substainte sin, is féidir í a aicmiú mar shubstaint atá carcanaigineach do dhaoine. Sainaithníodh go bhféadfadh MOCA dul tríd an gcraiceann. Dá bhrí sin, is iomchuí teorainnluach a bhunú le haghaidh MOCA agus nodaireacht craicinn a shannadh dó. Ina theannta sin, sainaithníodh mar shubstaint arb údar mór imní é de bhun phointe (a) d’Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus cuirtear san áireamh in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin é, lena gceanglaítear údarú a fháil sula féidir é a chur ar an margadh nó a úsáid. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, féadfar teorainnluach a leagan síos do MOCA.

    (28)

    Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le ACSH. Chomh maith leis sin, rinne sé comhairliúchán dhá chéim leis an lucht bainistíochta agus saothair ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ghlac ACSH tuairimí le haghaidh na substaintí a chumhdaítear leis an Treoir seo agus mhol sé teorainnluach ceangailteach nochta ceirde le haghaidh gach ceann díobh, ag tacú leis na nodaireachtaí ábhartha maidir le cuid díobh.

    (29)

    Beidh na teorainnluachanna a bhunaítear sa Treoir seo á ngrinnscrúdú agus á n-athbhreithniú go rialta chun comhsheasmhacht le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a áirithiú, go háirithe chun an idirghníomhaíocht a chur san áireamh idir na teorainnluachanna a bhunaítear le Treoir 2004/37/CE agus leibhéil gan éifeacht a dhíorthaítear do cheimiceáin ghuaiseacha faoin Rialachán sin chun oibrithe a chosaint go héifeachtach.

    (30)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, amhail oibrithe a chosaint ar rioscaí dá sláinte agus dá sábháilteacht, lena n-áirítear rioscaí den sórt sin a chosc, a thiocfadh chun cinn, nó ar dóigh go dtiocfaidh siad chun cinn mar iarmhairtí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair, a bhaint amach go leordhóthanach, agus de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

    (31)

    Agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó shrianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur ar bhealach lena gcuirfí bac ar bhunú agus ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide. I ndáil leis an méid sin, moltar do na Ballstáit agus do chomhlachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta dreasachtaí, treoir agus comhairle a sholáthar do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun comhlíonadh na Treorach seo a éascú. Sa chomhthéacs sin, ba dhíol mór sásaimh comhaontuithe comhpháirtíochta sóisialta, treoir agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha eile lena saineofaí agus lena bhforbrófaí dea-chleachtais.

    (32)

    Ó tharla gur le cosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe ar an láthair oibre a bhaineann an Treoir seo, ba cheart í a thrasuí laistigh de 2 bhliain ó dháta a teacht i bhfeidhm.

    (33)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2004/37/CE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Treoir 2004/37/CE mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 18a, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

    “Tráth nach déanaí ná an 11 Iúil 2022, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar an Treoir seo a leasú chun forálacha a chur isteach maidir le teorainn nochta ceirde aeriompartha agus teorainnluach bitheolaíoch le haghaidh caidmiam agus a chomhdhúl neamhorgánach.

    Tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2020, déanfaidh an Coimisiún, agus na forbairtí is déanaí san eolas eolaíoch á gcur san áireamh aige, agus tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le cleachtóirí sláinte agus gairmithe sláinte, measúnú ar an rogha leasú a dhéanamh ar an Treoir chun drugaí guaiseacha a chur san áireamh, lena n-áirítear drugaí cíteatocsaineacha, nó cibé acu a mholfaidh nó nach molfaidh sé ionstraim níos iomchuí chun sábháilteacht cheirde oibrithe ó nochtadh do dhrugaí den sórt sin a áirithiú. Ar an mbonn sin, tíolacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an lucht bainistíochta agus leis an lucht saothair, togra reachtach.”;

    (2)

    leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

    Airteagal 2

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 11 Iúil 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 4

    Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 5 Meitheamh 2019.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    A. TAJANI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    G. CIAMBA


    (1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 145.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019.

    (3)  IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.

    (4)  Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (an séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

    (6)  Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).

    (7)  Cinneadh ón gCoimisiún 2014/113/AE an 3 Márta 2014 maidir le Coiste Eolaíoch um Theorainneacha Nochta Ceirde d’Oibreáin Cheimiceacha a bhunú agus lena n-aisghairtear Cinneadh 95/320/CE (IO L 62, 4.3.2014, lch. 18).

    (8)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    I bpointe A d'Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE, cuirtear na rónna seo a leanas leis:

    Ainm an oibreáin

    Uimh. CE (1)

    Uimh. CAS (2)

    Teorainnluachanna

    Nodaireacht

    Bearta idirthréimhseacha

    8 n-uaire an chloig (3)

    Gearrthéarmach (4)

    mg/m3 (5)

    ppm (6)

    f/ml (7)

    mg/m3 (5)

    Ppm (6)

    f/ml (7)

    ‘Caidmiam agus a chomhdhúile neamhorgánacha

    0,001 (11)

     

    Teorainnluach 0,004 mg/m3  (12) go dtí an 11 Iúil 2027.

    Beirilliam agus comhdhúile beirilliam neamhorgánacha

    0,0002 (11)

    íogrú craicinn agus riospráide (13)

    Teorainnluach 0,0006 mg/m3 go dtí an 11 Iúil 2026.

    Aigéad arsanaice agus a shalainn chomh maith le formhór na gcomhdhúl arsanaice neamhorgánach

    0,01 (11)

    I gcás earnáil an bhruithnithe copair, beidh feidhm ag an teorainnluach ón 11 Iúil 2023.

    Formaildéad

    200-001-8

    50-00-0

    0,37

    0,3

    0,74

    0,6

    íogrú craicinn (14)

    Teorainnluach 0,62 mg/m3 nó 0,5 ppm (3) d'earnálacha an chúraim sláinte, na sochraidí agus an bhalsamaithe go dtí an 11 Iúil 2024.

    4,4′-Meitiléin-bis-(2 chloraniline)

    202-918-9

    101-14-4

    0,01

    craiceann (10)

     


    (11)  Codán in-ionanálaithe.

    (12)  Codán in-ionanálaithe. Codán inanálaithe sna Ballstáit sin a chuirfidh córas bithfhaireacháin i bhfeidhm, ar dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ag a mbeidh teorainnluach bitheolaíoch nach mó ná 0,002 mg Cd/g créitínín san fhual.

    (13)  D'fhéadfadh íogrú craicinn agus na conaire riospráide teacht as nochtadh don tsubstaint seo.

    (14)  D'fhéadfadh íogrú craicinn teacht as nochtadh don tsubstaint seo.’.


    Top