EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019L0884

Treoir (AE) 2019/884 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le malartú faisnéise faoi náisiúnaigh tríú tír agus a mhéid a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2009/316/CGB ón gComhairle

PE/87/2018/REV/1

IO L 151, 7.6.2019, p. 143–150 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/884/oj

7.6.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

143


TREOIR (AE) 2019/884 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

lena leasaítear Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le malartú faisnéise faoi náisiúnaigh tríú tír agus a mhéid a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2009/316/CGB ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1), an dara fomhír, pointe (d) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá sé leagtha síos mar chuspóir ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur ar fáil dá shaoránaigh, gan teorainneacha inmheánacha, ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine. Ba cheart an cuspóir sin a bhaint amach trí úsáid a bhaint, i measc nithe eile, as bearta iomchuí chun an choireacht a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht.

(2)

Leis an gcuspóir sin, éilítear faisnéis faoi chiontuithe a tugadh sna Ballstáit a chur san áireamh lasmuigh den Bhallstát ciontaitheach, le linn imeachtaí nua coiriúla, mar a leagtar síos i gCinneadh Réime 2008/675/CGB ón gComhairle (2) agus, ina theannta sin, d’fhonn cionta nua a chosc.

(3)

Leis an gcuspóir sin, glactar leis roimh ré go ndéanfar faisnéis arna baint as taifid choiriúla a mhalartú idir údaráis inniúla na mBallstát. Eagraítear agus éascaítear an malartú faisnéise sin leis na rialacha a leagtar amach i gCinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle (3) agus leis an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS), a bunaíodh i gcomhréir le Cinneadh 2009/316/CGB ón gComhairle (4).

(4)

Ní thugtar aghaidh go leordhóthanach, áfach, ar chreat dlí ECRIS atá ann cheana, sainghnéithe na n-iarrataí a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír. Cé gur féidir anois faisnéis faoi náisiúnaigh tríú tír a mhalartú trí ECRIS, níl aon nós imeachta ná sásra comhchoiteann de chuid an Aontais ann chun é sin a dhéanamh go héifeachtúil, go mear agus go beacht.

(5)

Laistigh den Aontas, ní bhailítear faisnéis faoi náisiúnaigh tríú tír mar a bhailítear i gcás náisiúnaigh de chuid Ballstát — i mBallstáit na náisiúnachta — ní dhéantar ach í a stóráil sna Ballstáit inar tugadh na ciontuithe. Ní féidir, dá bhrí sin, forléargas iomlán a fháil ar stair choiriúil náisiúnaigh tríú tír ar leith gan faisnéis den sórt sin a iarraidh ar na Ballstáit go léir.

(6)

Le “hiarrataí ginearálta” den sórt sin, forchuirtear ualach riaracháin díréireach ar na Ballstáit uile, lena n-áirítear na Ballstáit sin nach mbíonn faisnéis acu faoin náisiúnach tríú tír sin. Sa chleachtas, leis an ualach sin, díspreagtar na Ballstáit ó fhaisnéis faoi náisiúnaigh tríú tír a iarraidh ar Bhallstáit eile, rud a chuireann bac mór ar an malartú faisnéise eatarthu, agus lean dteorannaítear a rochtain ar fhaisnéis i dtaobh taifid choiriúla chuig an fhaisnéis atá á stóráil ina gclár náisiúnta. Mar thoradh air sin, méadaítear ar an mbaol go mbeidh an malartú faisnéise idir na Ballstáit mí-éifeachtach agus neamhiomlán.

(7)

Chun feabhas a chur ar an gcás sin, thíolaic an Coimisiún togra, rud ba chúis le glacadh Rialachán (AE) 2019/816ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) lena mbunaítear córas láraithe ar leibhéal an Aontais, ina bhfuil sonraí pearsanta náisiúnach tríú tír arna gciontú chun go bhféadfar na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe a rinne na daoine sin roimhe seo (“ECRIS-TCN”) a shainaithint.

(8)

Le córas ECRIS-TCN, ligfear d’údarás lárnach Ballstáit a fháil amach go pras agus go héifeachtúil cé na Ballstáit eile a bhfuil faisnéis ó thaifid choiriúla an náisiúnaigh tríú tír á stóráil acu ionas go bhféadfaí leas a bhaint as creat ECRIS atá ann cheana chun faisnéis faoi thaifid choiriúla a iarraidh ar na Ballstáit sin i gcomhréir le Cinneadh Réime 2009/315/CGB.

(9)

Tá an malartú faisnéise faoi chiontuithe coiriúla tábhachtach in aon straitéis chun an choireacht a chomhrac agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Leis an malartú sin, chuirfí le freagairt an cheartais choiriúil ar an radacú a mbíonn sceimhlitheoireacht agus antoisceachas foréigneach mar thoradh air dá ndéanfadh na Ballstáit an poitéinseal iomlán atá ag baint le ECRIS a úsáid.

(10)

Chun gur fearr an fóntas faisnéise i dtaca le ciontuithe agus dícháiliúcháin a eascraíonn as ciontuithe maidir le cionta gnéasacha i gcoinne leanaí, le Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), leagadh síos an oibleagáid atá ar na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar, chun críche duine a earcú chuig post lena mbaineann teagmháil dhíreach agus rialta le leanaí, faisnéis a bhaineann le ciontuithe coiriúla a bheith ann maidir le cionta gnéasacha i gcoinne leanaí arna n-iontráil sna taifid choiriúla, nó a bhaineann le dícháiliúcháin a bheith ann a eascraíonn as na ciontuithe coiriúla sin, a tharchur i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i gCinneadh Réime 2009/315/JHA. Is é is aidhm don sásra sin a áirithiú nach mbeidh an té a ciontaíodh as cion gnéasach a dhéanamh i gcoinne leanaí in ann an ciontú nó an dícháiliúchán sin a cheilt d’fhonn gníomhaíocht ghairmiúil a dhéanamh lena mbaineann teagmháil díreacha agus rialta le leanaí i mBallstát eile.

(11)

Leis an Treoir seo, féachtar leis na modhnuithe is gá a thabhairt isteach ar Chinneadh Réime 2009/315/CGB chun go bhféadfar faisnéis maidir le ciontuithe náisiúnach tríú tír a mhalartú go héifeachtach trí ECRIS. Cuirtear oibleagáid léi ar na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go ngabhfaidh faisnéis faoi náisiúntacht nó náisiúntachtaí an duine chiontaithe leis na ciontuithe, a mhéid a bheadh an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit. Tugtar isteach léi freisin nósanna imeachta chun iarrataí ar fhaisnéis a fhreagairt, áirithítear léi go ndéantar an sliocht as taifid choiriúla a iarrann náisiúnach tríú tír a fhorlíonadh le faisnéis ó Bhallstáit eile, agus déantar foráil léi do na hathruithe teicniúla is gá chun go n-oibreoidh an córas malartaithe faisnéise.

(12)

Ba cheart feidhm a bheith ag Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag na húdaráis náisiúnta inniúla chun críocha cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin. Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag na húdaráis náisiúnta nuair nach dtagann an phróiseáil sin laistigh de raon feidhme Threoir (AE) 2016/680.

(13)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Cinneadh Réime 2009/315/CGB a chur chun feidhme, ba cheart prionsabail Chinneadh 2009/316/CGB a ionchorprú sa Chinneadh Réime sin agus ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(14)

Ba cheart na Seirbhísí daingne Tras-Eorpacha le haghaidh Teileamaitic idir Riaracháin (sTESTA), aon fhorbairt bhreise air nó aon líonra malartach atá slán a bheith mar bhonneagar coiteann cumarsáide chun faisnéis ó thaifid choiriúla a mhalartú.

(15)

D’ainneoin go bhféadfaí cláir airgeadais an Aontais a úsáid i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, ba cheart do gach Ballstát a chostais féin a sheasamh a eascraíonn as a bhunachar sonraí um thaifid choiriúla a chur chun feidhme, a riar, a úsáid agus a chothabháil, agus a eascraíonn as cur chun feidhme, riar, úsáid agus cothabháil na n-athruithe teicniúla is gá a dhéanamh chun go mbeifí in ann ECRIS a úsáid.

(16)

Urramaítear leis an Treoir seo cearta agus saoirsí bunúsacha a chumhdaítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint, na cearta chun sásamh breithiúnach agus sásamh riaracháin a fháil, prionsabal an chomhionannais os comhair an dlí, an ceart chun triail chóir a fháil, toimhde na neamhchiontachta agus an toirmeasc ginearálta ar idirdhealú. Ba cheart an Treoir seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(17)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon faisnéis ó thaifid choiriúla chruinne an náisiúnaigh tríú tír a mhalartú go mear agus go héifeachtach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr comhrialacha Aontais a chur ar bun, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(18)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(19)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(20)

I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.

(21)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus thug sé tuairim uaidh an 13 Aibreán 2016 (11).

(22)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Réime 2009/315/CGB a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Chinneadh Réime 2009/315/CGB

Leasaítear Cinneadh Réime 2009/315/CGB mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Ábhar

Leis an gCinneadh Réime seo

(a)

sainítear na coinníollacha ar fúthu a dhéanann Ballstát ciontaitheach faisnéis faoi chiontuithe a roinnt le Ballstáit eile.

(b)

sainítear na hoibleagáidí don Bhallstát ciontaitheach agus don Bhallstát a bhfuil an duine ciontaithe ina náisiúnach de (“Ballstát náisiúnacht an duine”), agus sonraítear na modhanna a bheidh le leanúint agus freagra á thabhairt ar iarraidh ar fhaisnéis arna baint as taifid choiriúla;

(c)

bunaítear córas teicneolaíochta faisnéise díláraithe le haghaidh malartú faisnéise faoi chiontuithe, bunaithe ar na bunachair sonraí um thaifid choiriúla i ngach Ballstát, an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS).”.

(2)

in Airteagal 2, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(d)

ciallaíonn ‘Ballstát ciontaitheach’ an Ballstát inar tugadh ciontú;

(e)

ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ duine nach saoránach den Aontas é nó í de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE, nó duine gan stát, nó duine nach eol an náisiúntacht atá aige nó aici;

(f)

ciallaíonn ‘sonraí méarlorg’ na sonraí a bhaineann le méarloirg, idir loirg shimplí agus loirg rollta, gach ceann de mhéara duine;

(g)

ciallaíonn ‘íomhá den aghaidh’ íomhá dhigiteach d’aghaidh duine;

(h)

ciallaíonn ‘cur chun feidhme thagairt ECRIS’ na bogearraí arna bhforbairt ag an gCoimisiún agus arna gcur ar fáil do na Ballstáit chun faisnéis ó thaifid choiriúla a mhalartú trí ECRIS.”;

(3)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh gach Ballstát ciontaitheach na bearta uile is gá chun a áirithiú go mbeidh faisnéis faoi náisiúntacht nó náisiúntachtaí an duine chiontaithe ag gabháil leis na ciontuithe a tugadh laistigh dá chríoch más náisiúnach de Bhallstát eile nó náisiúnach tríú tír an duine sin. Murar eol náisiúntacht an duine chiontaithe nó más duine gan stát an duine ciontaithe, léireofar an méid sin sa taifead coiriúil.”;

(4)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcás ina n-iarrfaidh náisiúnach de chuid Ballstáit faisnéis faoina thaifead coiriúil féin nó faoina taifead coiriúil féin ar údarás lárnach Ballstáit eile, déanfaidh an t-údarás lárnach sin iarraidh ar fhaisnéis agus sonraí ábhartha atá le baint as na taifid choiriúla a chur faoi bhráid údarás lárnach an Bhallstáit ina bhfuil an duine ina náisiúnach de, agus áireoidh sé an fhaisnéis agus na sonraí gaolmhara sin sa sliocht a sholáthrófar don duine lena mbaineann.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.   I gcás ina n-iarrfaidh náisiúnach tríú tír faisnéis faoina thaifead coiriúil féin nó faoina taifead coiriúil féin ar údarás lárnach Ballstáit, cuirfidh an t-údarás lárnach sin iarraidh ar fhaisnéis agus sonraí ábhartha atá le baint as na taifid choiriúla faoi bhráid údaráis lárnacha sin na mBallstát a bhfuil faisnéis acu faoi thaifead coiriúil an duine sin, agus faoi bhráid na n-údarás sin amháin, agus áireoidh sé an fhaisnéis agus na sonraí gaolmhara sin sa sliocht a sholáthrófar don duine lena mbaineann.”;

(5)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   I gcás ina ndéantar faisnéis arna baint as an taifead coiriúil faoi chiontuithe a tugadh i gcoinne náisiúnach de chuid Ballstáit a iarraidh faoi Airteagal 6 ar údarás lárnach Ballstáit seachas Ballstát a bhfuil an duine ina náisiúnach de, déanfaidh an Ballstát iarrtha an fhaisnéis sin a tharchur a mhéid chéanna a fhoráiltear dó sin in Airteagal 13 den Choinbhinsiún Eorpach ar Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“4a.   I gcás ina ndéantar faisnéis arna baint as na taifid choiriúla faoi chiontuithe a tugadh i gcoinne náisiúnach tríú tír a iarraidh faoi Airteagal 6 chun críocha imeachtaí coiriúla, tarchuirfidh an Ballstát iarrtha faisnéis faoi aon chiontú a tugadh sa Bhallstát iarrtha agus a iontráladh sna taifid choiriúla agus faoi aon chiontú a tugadh i dtríú tíortha agus a tarchuireadh chuige ina dhiaidh sin agus a iontráladh sna taifid choiriúla.

Má dhéantar faisnéis den sórt sin a iarraidh chun aon chríche seachas chun críocha imeachtaí coiriúla, beidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo dá réir.”;

(6)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Déanfar na freagraí ar na hiarrataí dá dtagraítear in Airteagal 6(2), (3) agus (3a) a tharchur laistigh d’fhiche lá oibre ón iarraidh a fháil.”;

(7)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear “Airteagal 7(1), (4) agus (4a)” in ionad na bhfocal “Airteagal 7(1) agus (4)”;

(b)

i mír 2, cuirtear “Airteagal 7(2), (4) agus (4a)” in ionad na bhfocal “Airteagal 7(2) agus (4)”;

(c)

i mír 3, cuirtear “Airteagal 7(1), (2), (4) agus (4a)” in ionad na bhfocal “Airteagal 7(1), (2) agus (4)”.

(8)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(iv)

íomhá den aghaidh.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 go mír 7:

“3.   Déanfaidh údaráis lárnacha na mBallstát an fhaisnéis seo a leanas a tharchur go leictreonach agus úsáid á baint as ECRIS agus as leagan amach caighdeánaithe i gcomhréir leis na caighdeáin atá le leagan síos i ngníomhartha cur chun feidhme:

(a)

faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4,

(b)

iarrataí dá dtagraítear in Airteagal 6;

(c)

freagraí dá dtagraítear in Airteagal 7; agus

(d)

aon fhaisnéis ábhartha eile.

4.   Mura mbeidh an modh tarchurtha dá dtagraítear i mír 3 ar fáil, tarchuirfidh údaráis lárnacha na mBallstát an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 3, trí aon mheán atá ábalta taifead i scríbhinn a sholáthar faoi chúinsí faoinar féidir le húdarás lárnach an Bhallstáit ghlactha barántúlacht na faisnéise a shuí, agus an tslándáil tarchuir á cur san áireamh.

Mura bhfuil fáil ar an modh tarchurtha dá dtagraítear i mír 3 ar feadh tréimhse fadaithe ama, an Ballstát lena mbaineann fógra do na Ballstáit eile agus don Choimisiún.

5.   Déanfaidh gach Ballstát na hathruithe teicniúla is gá chun go mbeidh siad in ann úsáid a bhaint as an leagan amach caighdeánaithe chun an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 3 a tharchur go leictreonach chuig na Ballstáit eile trí ECRIS. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis an dáta óna mbeidh sé in ann an fhaisnéis a tharchur.”;

(9)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 11a

An Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS)

1.   D’fhonn faisnéis arna baint as taifid choiriúla a mhalartú go leictreonach i gcomhréir leis an gCinneadh Réime seo, bunaítear córas teicneolaíochta faisnéise díláraithe bunaithe ar na bunachair shonraí um thaifid choiriúla atá i ngach Ballstát, an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS). Tá sé comhdhéanta de na heilimintí seo a leanas:

(a)

cur chur chun feidhme thagairt ECRIS;

(b)

bonneagar coiteann cumarsáide idir na húdaráis lárnacha lena soláthraítear líonra criptithe.

Chun rúndacht agus sláine na faisnéise ó thaifid choiriúla a tharchuirtear chuig Ballstáit eile a áirithiú, bainfear úsáid as bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí, agus aird á tabhairt ar an úrscothacht, ar an gcostas a bhaineann le cur chun feidhme agus ar na rioscaí a bhaineann le próiseáil sonraí.

2.   Is i mbunachair sonraí arna n-oibriú ag na Ballstáit agus iontu siúd amháin a dhéanfar sonraí na dtaifead coiriúil a stóráil.

3.   Ní bheidh rochtain dhíreach ag údaráis lárnacha na mBallstát ar na bunachair sonraí um thaifid choiriúla atá ag Ballstáit eile.

4.   Is faoi fhreagracht an Bhallstáit lena mbaineann a oibreoidh cur chun feidhme thagairt ECRIS agus na bunachair sonraí lena ndéanfar faisnéis arna baint as taifid choiriúla a stóráil, a sheoladh agus a fháil. Tacóidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA) arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) leis na Ballstáit i gcomhréir lena cúraimí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

5.   Is faoi fhreagracht an Choimisiúin a oibreofar an bonneagar coiteann cumarsáide. Comhlíonfar na ceanglais slándála is gá leis agus comhlíonfar riachtanais ECRIS go hiomlán leis.

6.   Déanfaidh eu-LISA cur chun feidhme thagairt ECRIS a sholáthar, a fhorbairt tuilleadh agus a chothabháil.

7.   Seasfaidh gach Ballstát a chostais féin a eascraíonn as a bhunachar sonraí um thaifid choiriúla a chur chun feidhme, a riaradh, a úsáid agus a chothabháil agus as cur chun feidhme thagairt ECRIS a shuiteáil agus a úsáid.

Seasfaidh an Coimisiún na costais a eascraíonn as bunachar coiteann cumarsáide ECRIS a chur chun feidhme, a riaradh, a úsáid, a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh.

8.   Maidir leis na Ballstáit sin a úsáideann a mbogearraí náisiúnta féin do chur chun feidhme ECRIS, i gcomhréir le mír 4 go mír 8 d’Airteagal 4 de Rialachán AE 2019/816, féadfaidh siad leanúint dá mbogearraí náisiúnta féin do chur chun feidhme ECRIS a úsáid in ionad cur chun feidhme thagairt ECRIS, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach sna míreanna sin.

Airteagal 11b

Gníomhartha cur chun feidhme

1.   Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a leagan síos i ngníomhartha cur chun feidhme:

(a)

an fhormáid caighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 11(3), lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le faisnéis faoin gcion as ar eascair an ciontú agus faisnéis faoi ábhar an chiontaithe;

(b)

na rialacha a bhaineann le cur chun feidhme teicniúil ECRIS agus le malartú sonraí méarlorg;

(c)

aon mheán teicniúil eile chun malartuithe faisnéise faoi chiontuithe a eagrú agus a éascú idir údaráis lárnacha na mBallstát, lena n-áirítear:

(i)

na slite chun tuiscint ar an bhfaisnéis a tarchuireadh agus aistriúchán uathoibríoch uirthi a éascú;

(ii)

na slite trínar féidir faisnéis a mhalartú go leictreonach, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí teicniúla a bheidh le húsáid, agus, más gá, aon nósanna imeachta malartaithe is infheidhme.

2.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12a(2).

(*1)  Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2019 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99)."

(*2)  Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019. lch. 1)”;"

(10)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 12a

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”;

(11)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 13a

Tuairisciú ag an gCoimisiún agus athbhreithniú

1.   Faoin 29 Meitheamh 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Chinnidh Réime seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar a mhéid a ghlac na Ballstáit na bearta is gá chun an Cinneadh Réime seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear a chur chun feidhme teicniúil.

2.   I gcás inarb iomchuí, beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil leis an tuarascáil.

3.   Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil go rialta maidir leis an malartú faisnéise arna baint as an taifead coiriúil trí ECRIS agus maidir le húsáid ECRIS-TCN, bunaithe go háirithe ar an staidreamh arna soláthar ag eu-LISA agus na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/816. Foilseofar an tuarascáil den chéad uair bliain tar éis thíolacadh na tuarascála dá dtagraítear i mír 1.

4.   Cumhdófar go sonrach i dtuarascáil an Choimisiúin, dá dtagraítear i mír 3, a mhéid a mhalartófar faisnéis idir na Ballstáit, lena n-áirítear a mhéid a bhainfidh le náisiúnaigh tríú tír, mar aon le cuspóir agus líon na n-iarrataí, lena n-áirítear líon na n-iarrataí chun críocha seachas imeachtaí coiriúla amhail seiceálacha cúlra agus iarrataí ar fhaisnéis na ndaoine lena mbaineann faoina dtaifead coiriúil féin.”.

Airteagal 2

Treoir a chur in ionad Chinneadh 2009/316/CGB

Cuirtear an Treoir seo in ionad Chinneadh 2009/316/CGB maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát sin maidir leis an dáta chun an Cinneadh sin a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 28 Meitheamh 2022. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí don Chinneadh a ionadaítear leis an Treoir seo i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na hathruithe teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 11(5) de Chinneadh Réime 2009/315/CGB, arna leasú leis an Treoir seo, faoin 28 Meitheamh 2022.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 28 Meitheamh 2022.

Airteagal 5

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna déanamh in Strasbourg an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(2)  Cinneadh Réime 2008/675/CGB ón gComhairle an 24 Iúil 2008 maidir le ciontuithe i mBallstáit an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh i gcúrsa imeachtaí nua coiriúla (IO L 220, 15.8.2008, lch. 32).

(3)  Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le heagrú agus le hábhar an mhalartaithe faisnéise a bhaintear as an taifead coiriúil idir na Ballstáit (IO L 93, 7.4.2009, lch. 23).

(4)  Cinneadh 2009/316/CGB ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 maidir le bunú an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla (ECRIS) agus Airteagal 11 de Chinneadh Réime 2009/315/CGB (IO L 93, 7.4.2009, lch. 33).

(5)  Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS-TCN) a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019. lch. 1).

(6)  Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).

(7)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(8)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(11)  IO C 186, 25.5.2016, lch. 7.


Top