Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019D1938

    Cinneadh (AE) 2019/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2019 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2019/000 TA 2019 — Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)

    IO L 305, 26.11.2019, p. 57–58 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/1938/oj

    26.11.2019   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 305/57


    CINNEADH (AE) 2019/1938 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 18 Meán Fómhair 2019

    maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2019/000 TA 2019 — Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 1927/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

    Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais (2), agus go háirithe pointe 13 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is é an aidhm atá leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíochtaí i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hath-imeascadh na n-oibrithe sin sa mhargadh saothair.

    (2)

    Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (3).

    (3)

    Foráiltear i Rialachán Uimh. 1309/2013 go bhféadfar uasmhéid 0,5 % de mhéid uasta bliantúil CED a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

    (4)

    Ba cheart CED a shlógadh chun suim EUR 610 000 a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2019, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh chun suim EUR 610 000 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe íocaíochta.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Meán Fómhair 2019.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    T. TUPPURAINEN


    (1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.

    (2)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

    (3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).


    Top