EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017R2226R(01)

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017)

ST/10215/2018/REV/3

IO L 258, 15.10.2018, p. 5–6 (BG, ES, CS, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, MT, NL, PT, RO, SK, SV)
IO L 258, 15.10.2018, p. 5–8 (GA)
IO L 258, 15.10.2018, p. 5–7 (DE, HU, PL, SL, FI)
IO L 258, 15.10.2018, p. 5–5 (DA, ET)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2226/corrigendum/2018-10-15/oj

15.10.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

5


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 327 Eagrán Speisialta Gaeilge an 9 Nollaig 2017 )

Ar leathanach 25, in aithris 32, sa seachtú habairt:

in ionad:

“Maidir le náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh de chuid an Aontais, saoránach a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir leis …agus nach bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE aige, is iomchuí ….

léitear:

“Maidir le náisiúnaigh tríú tír ar baill teaghlaigh iad le saoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir leo …agus nach bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE ná cead cónaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle (3) ina seilbh acu, is iomchuí ….

Ar leathanach 29, i bpointe (i) de phointe (b) d’Airteagal 2(1):

in ionad:

“ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis, nó ar baill iad de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach de chuid an Aontais …”,

léitear:

“ar baill teaghlaigh iad le saoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo nó ar baill teaghlaigh iad le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais …”.

Ar leathanach 30, i bpointe (a) d’Airteagal 2(3):

in ionad:

“náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis …;”,

léitear:

“náisiúnaigh tríú tír ar baill teaghlaigh iad le saoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo …;”.

Ar leathanach 30, i bpointe (i) de phointe (b) d’Airteagal 2(3):

in ionad:

“go bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta ag an náisiúnach tríú tír sin atá coibhéiseach le ceart saoránach de chuid an Aontais …;”,

léitear:

“go bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta ag an náisiúnach tríú tír sin atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais …;”.

Ar leathanach 30, i bpointe (f) d’Airteagal 2(3):

in ionad:

“sealbhóirí pas arna eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine;”,

léitear:

“sealbhóirí pas arna eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine nó ag an Suí Naofa;”.

Ar leathanach 30, i bpointe (a) d’Airteagal 2(4):

in ionad:

“ar baill iad de theaghlach saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis, nó baill de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach de chuid an Aontais …”,

léitear:

“ar baill teaghlaigh iad le saoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo nó ar baill teaghlaigh iad le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais …”.

Ar leathanach 31, i bpointe (6) d’Airteagal 3(1):

in ionad:

“ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine nach saoránach den Aontas é nó í de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE, cé is moite de dhaoine ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach de chuid an Aontais …”,

léitear:

“ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine nach saoránach den Aontas é nó í de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE, cé is moite de dhaoine ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais …”.

Ar leathanach 36, i bpointe (a) sa dara fomhír d’Airteagal 11(1):

in ionad:

“ar baill iad de theaghlach saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis, nó ar baill iad de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach de chuid an Aontais …”,

léitear:

“ar baill teaghlaigh iad le saoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo nó ar baill teaghlaigh iad le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais …”.

Ar leathanach 37, in Airteagal 12(1):

in ionad:

“[…] inar sáraíodh an uasfhad an fhanachta údaraithe ….”,

léitear:

“[…] inar sáraíodh uasfhad an fhanachta údaraithe ….”.

Ar leathanach 40, i bpointe (i) de phointe (c) sa chéad fhomhír d’Airteagal 16(2):

in ionad:

“ar ball é nó í de theaghlach saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis nó léi, nó ar ball é nó í de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach de chuid an Aontais …”,

léitear:

“ar ball teaghlaigh é nó í le saoránach den Aontas, ball a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis nó léi, nó ar ball é nó í de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais …”.

Ar leathanach 40, i bpointe (d) sa chéad fhomhír d’Airteagal 16(2):

in ionad:

“uimhir greamáin na víosa gearrfhanachta …agus an dáta a rachaidh bailíocht na víosa gearrfhanachta in éag, i gcás inarb infheidhme;”,

léitear:

“i gcás inarb infheidhme, uimhir greamáin na víosa gearrfhanachta …agus an dáta a rachaidh bailíocht na víosa gearrfhanachta in éag;”.

Ar leathanach 45, Airteagal 23(2), an dara fomhír:

in ionad:

“… ceadóidh siad VIS i gcomhréir le hAirteagal 18(2a) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”,

léitear:

“… ceadóidh siad VIS i gcomhréir le hAirteagal 18(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”.

Ar leathanach 49, i bpointe (a) d’Airteagal 32(1):

in ionad:

“… chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú …;”,

léitear:

“…chun cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú …;”.

Ar leathanach 52, sa chéad abairt den dara fomhír d’Airteagal 35(6):

in ionad:

“…nó i gcás ina bhfuil ag an náisiúnach tríú tír sin pas arna eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine, cuirfidh an náisiúnach an t-athrú sin in iúl ….”,

léitear:

“…nó i gcás ina bhfuil ag an náisiúnach tríú tír sin pas arna eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine nó ag an Suí Naofa, cuirfidh an náisiúnach an t-athrú sin in iúl ….”.

Ar leathanach 67, i bpointe (b) d’Airteagal 61(1):

in ionad:

“…:

‘(l)

i gcás inarb infheidhme, stádas an duine lena dtugtar le fios gur ball de theaghlach saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) maidir leis nó náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach de chuid an Aontais …

léitear:

“]:

‘(l)

i gcás inarb infheidhme, stádas an duine lena dtugtar le fios gur ball teaghlaigh le saoránach den Aontas an náisiúnach tríú tír, ball a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) maidir leis nó léi nó gur ball teaghlaigh é nó í le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais …



Top