EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016R2030

Rialachán (AE, Euratom) 2016/2030 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, a mhéid a bhaineann le rúnaíocht Choiste Maoirseachta na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF)

IO L 317, 23.11.2016, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2030/oj

23.11.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE, Euratom) 2016/2030 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Deireadh Fómhair 2016

lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, a mhéid a bhaineann le rúnaíocht Choiste Maoirseachta na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 325 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá sé de chúram ar Choiste Maoirseachta na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (“an Oifig”) faireachán rialta a dhéanamh ar an Oifig agus a feidhm imscrúdaitheach á cur chun feidhme aici, chun go ndéanfar neamhspleáchas na hOifige a threisiú.

(2)

An creat maidir le cur chun feidhme na leithreasaí buiséadacha a bhaineann le comhaltaí an Choiste Maoirseachta, ba cheart é a bhunú sa chaoi nach mbeidh aon dealramh ann go bhféadfadh an Oifig a bheith ag cur isteach ar dhualgais na gComhaltaí. Ba cheart Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 a oiriúnú chun go bhféadfaidh creat den sórt sin a bheith ann, agus fós trédhearcacht chéanna na leithreasaí a ráthú d'oibriú an Choiste Maoirseachta, mar a rinneadh roimhe seo.

(3)

Chun feidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil an Choiste Maoirseachta a áirithiú, ba cheart don Choimisiún a rúnaíocht a sholáthar go díreach, neamhspleách ar an Oifig, agus ba cheart don Choimisiún na bealaí iomchuí a sholáthar don rúnaíocht chun a feidhm a chomhlíonadh. Ba cheart don Choimisiún staonadh ó chur isteach ar fheidhmeanna faireacháin an Choiste Maoirseachta ionas go gcosnófar neamhspleáchas an Choiste Maoirseachta.

(4)

I gcás ina gceapfaidh an Oifig Oifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 10(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, ba cheart go leanfadh an tOifigeach Cosanta Sonraí sin de bheith inniúil as sonraí arna bpróiseáil ag rúnaíocht an Choiste Maoirseachta.

(5)

Ba cheart go leanfadh oibleagáidí rúndachta d'fhoireann rúnaíocht an Choiste Maoirseachta de bheith i bhfeidhm.

(6)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus chinn sé gan aon tuairim a eisiúint an 18 Márta 2016.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

i mír 4, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Beidh an tOifigeach Cosanta Sonraí inniúil as sonraí arna bpróiseáil ag an Oifig agus ag rúnaíocht an Choiste Maoirseachta.”;

(b)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne, staonfaidh foireann na hOifige agus foireann rúnaíocht an Choiste Maoirseachta ó aon nochtadh neamhúdaraithe maidir leis an bhfaisnéis a gheobhaidh siad agus a gcuid feidhmeanna á gcomhlíonadh acu ach amháin i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin foilsithe go dleathach cheana nó go mbeidh teacht ag an bpobal uirthi, agus leanfaidh siad de bheith faoi cheangal na hoibleagáide sin tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil.

Beidh comhaltaí an Choiste Maoirseachta faoi cheangal na hoibleagáide céanna de rúndacht ghairmiúil i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna dóibh, agus leanfaidh siad de bheith faoi cheangal na hoibleagáide sin tar éis dheireadh a sainordaithe.”.

(2)

In Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Ceapfaidh an Coiste Maoirseachta a chathaoirleach. Glacfaidh sé a rialacha nós imeachta féin, a chuirfear mar fhaisnéis faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí sula nglacfar iad. Comórfar cruinnithe an Choiste Maoirseachta ar thionscnamh an chathaoirligh nó ar thionscnamh an Ard-Stiúrthóra. Beidh ar a laghad 10 gcruinniú aige in aghaidh na bliana. Déanfaidh an Coiste Maoirseachta a chinntí trí thromlach a chomhaltaí. Is é an Coimisiún a sholáthróidh a rúnaíocht, go neamhspleách ar an Oifig agus i ndlúthchomhar leis an gCoiste Maoirseachta. Sula gceapfar aon duine den fhoireann chuig an rúnaíocht, rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Maoirseachta agus cuirfear a thuairimí san áireamh. Gníomhóidh an rúnaíocht de réir threoracha an Choiste Maoirseachta agus go neamhspleách ón gCoimisiún. Gan dochar dá rialú ar bhuiséad an Choiste Maoirseachta agus ar a rúnaíocht, ní chuirfidh an Coimisiún isteach ar fheidhmeanna faireacháin an Choiste Maoirseachta.

Ní iarrfaidh nó ní ghlacfaidh oifigigh arna sannadh chuig rúnaíocht an Choiste Maoirseachta aon treoir ó aon rialtas ná ó aon institiúid, comhlacht, oifig ná gníomhaireacht a bhaineann le feidhmeanna faireacháin an Choiste Maoirseachta.”.

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

“Airteagal 18

Maoiniú

Iontrálfar iomlán na leithreasaí don Oifig faoi líne shonrach buiséid laistigh den roinn de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an gCoimisiún, agus leagfar amach go mionsonraithe iad in Iarscríbhinn a bheidh ag gabháil leis an roinn sin. Iontrálfar na leithreasaí don Choiste Maoirseachta agus dá rúnaíocht faoin roinn de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an gCoimisiún.

Cuirfear plean bunaíochta na hOifige i gceangal le plean bunaíochta an Choimisiúin. Beidh rúnaíocht an Choiste Maoirseachta san áireamh i bplean bunaíochta an Choimisiúin.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2017.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 26 Deireadh Fómhair 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

I. LESAY


(1)  IO C 150, 27.4.2016, lch. 1.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1)

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).


Top