This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32016R0792
Regulation (EU) 2016/792 of the European Parliament and of the Council of 11 May 2016 on harmonised indices of consumer prices and the house price index, and repealing Council Regulation (EC) No 2494/95 (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
IO L 135, 24.5.2016, p. 11–38
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Repeal | 31995R2494 | 01/01/2017 | |||
Implicit repeal | 32003R1882 | Aisghairm pháirteach | iarscríbhinn III pointe 56 | 01/01/2017 |
24.5.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 135/11 |
RIALACHÁN (AE) 2016/792 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Bealtaine 2016
maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Ceapadh an t-innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (ICPT) chun an boilsciú a thomhas ar bhealach comhchuibhithe ar fud na mBallstát. Úsáideann an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE) ICPT ina measúnú ar chobhsaíocht praghsanna sna Ballstáit faoi Airteagal 140 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
(2) |
Úsáidtear innéacsanna comhchuibhithe i gcomhthéacs Nós Imeachta an Choimisiúin um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha (3), mar a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
(3) |
Tá sé bunriachtanach go mbeadh staidreamh praghsanna ar ardchaighdeán agus ar ardleibhéal inchomparáideachta ann dóibh siúd atá freagrach as beartas poiblí san Aontas, do thaighdeoirí agus do shaoránaigh uile na hEorpa. |
(4) |
Úsáideann an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) ICPT mar innéacs chun an tslí a mbaintear amach cuspóir CEBC maidir le cobhsaíocht praghsanna faoi Airteagal 127(1) CFAE a thomhas, rud a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leis maidir le beartas airgeadaíochta an Aontais a shainmhíniú agus a chur chun feidhme faoi Airteagal 127(2) CFAE. De bhun Airteagal 127(4) agus Airteagal 282(5) CFAE, táthar le dul i gcomhairle le BCE, maidir le haon ghníomh Aontais arna bheartú laistigh dá réimsí inniúlachta. |
(5) |
Is é cuspóir an Rialacháin seo creat comhchoiteann a bhunú maidir le forbairt, táirgeadh agus scaipeadh innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus an innéacs praghsanna tithe (IPT) ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ní fhágann sé sin, áfach, nach bhféadfadh an reachtóir, amach anseo, gcur i bhfeidhm an chreata a leathnú, dá mba ghá, chuig an leibhéal fo-náisiúnta chomh maith. |
(6) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 (4) ón gComhairle bunaíodh creat coiteann chun innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí a chur ar bun. Ní mór an creat dlíthiúil sin a chur in oiriúint do riachtanais reatha agus do dhul chun cinn teicniúil, agus tuilleadh feabhais a chur dá bhrí sin ar ábharthacht agus ar inchomparáideacht innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus IPT. Ba cheart, ar bhonn an chreata nua, tús a chur leis an obair ar shraith de tháscairí breise a bhaineann le forás praghsanna. |
(7) |
Cuirtear san áireamh leis an Rialachán seo clár an Choimisiúin um rialáil níos fearr agus, go háirithe, an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2010 dar teideal “Rialáil Chliste san Aontas Eorpach”. I réimse an staidrimh, tá simpliú agus feabhsú na timpeallachta rialála sa staidreamh leagtha mar chuspóir ag an gCoimisiún, dá dtagraítear i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2009 maidir le modh táirgthe staidrimh AE: fís do na deich mbliana atá romhainn. |
(8) |
Ba cheart ICPT agus an t-innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí ag rátaí cánach seasmhacha (ICPT-CS), a mhiondealú i gcatagóirí aicmiú Eorpach an tomhaltais aonair de réir cuspóra (ECOICOP); Ba cheart a áirithiú le haicmiú den sórt sin go mbeadh na staitisticí Eorpacha ar fad a bhaineann leis an tomhaltas príobháideach comhsheasmhach, inchomparáide. Ba cheart do ECOICOP freisin a bheith ag teacht le COICOP NA, arb é an caighdeán idirnáisiúnta é lena n-aicmítear an tomhaltas aonair de réir cuspóra, agus dá bhrí sin, ba cheart ECOICOP a chur in oiriúint chun é a ailíniú leis na hathruithe atá tagtha ar COICOP NA. |
(9) |
Tá ICPT bunaithe ar phraghsanna a chonacthas, lena n-áirítear cánacha ar tháirgí. Mar sin, bíonn tionchar ar an mboilsciú ag athruithe ar rátaí cánach ar tháirgí. Ní mór faisnéis a bhailiú freisin faoi thionchar na n-athruithe cánach ar an mboilsciú chun an boilsciú a anailísiú agus an comhfhogasú a mheasúnú i mBallstáit. Chun na críche sin, ba cheart ICPT a ríomh ar bhonn praghsanna rátaí tairiseacha cánach chomh maith. |
(10) |
Céim mhór i leith tuilleadh feabhais a chur ar ábharthacht agus ar inchomparáideacht ICPT is ea innéacsanna praghsanna a bhunú do theaghaisí agus go háirithe do thithe úinéir-áitithe (TÚÁ). Tá IPT ina bhonn riachtanach do thiomsú an innéacs praghsanna TÚÁ. Ina theannta sin, tá IPT ina tháscaire tábhachtach ina cheart féin. Faoin 31 Nollaig 2018, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a ullmhú agus ba cheart aghaidh a thabhairt inti ar oiriúnacht innéacs praghsanna TÚÁ lena chomhtháthú i gcumhdach ICPT. Ag brath ar thorthaí na tuarascála sin, laistigh de thréimhse ama réasúnach, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú maidir leis an innéacs praghsanna TÚÁ a chomhtháthú i gcumhdach ICPT. |
(11) |
Ó thaobh an bheartais airgeadaíochta sa limistéar euro, tá luathfhaisnéis shealadach i bhfoirm tobmheastacháin ríthábhachtach maidir le hICPT míosúil. Mar sin, ba cheart do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu tobmheastacháin den sórt sin a sholáthar. |
(12) |
Tá ICPT ceaptha chun measúnú a dhéanamh ar chobhsaíocht praghsanna. Níl sé ceaptha a bheith ina innéacs costas maireachtála. Chomh maith le hICPT, ba cheart taighde a chur ar bun ar innéacs comhchuibhithe costas maireachtála. |
(13) |
Ba cheart tréimhse tagartha na n-innéacsanna comhchuibhithe a uasdátú go tréimhsiúil. Ba cheart rialacha a bhunú le haghaidh thréimhsí tagartha na n-innéacsanna comhchoiteanna comhchuibhithe agus a bhfo-innéacsanna, arna gcomhtháthú ag pointí éagsúla ama chun inchomparáideacht agus ábharthacht na n-innéacsanna atá mar thoradh ar an gcomhtháthú sin a áirithiú. |
(14) |
Chun feabhas a chur ar chomhchuibhiú céimnitheach na n-innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus IPT, ba cheart treoirstaidéir a sheoladh chun a mheasúnú an bhféadfaí faisnéis bhunúsach feabhsaithe a úsáid nó cineálacha nua cur chuige modheolaíocha a chur i bhfeidhm. Ba cheart don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh agus teacht ar dhreasachtaí cearta, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, chun treoirstaidéir den sórt sin a spreagadh. |
(15) |
Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) na foinsí agus na modhanna a fhíorú a úsáideann Ballstáit chun innéacsanna comhchuibhithe a ríomh agus ba cheart dó faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chreata dlí ag Ballstáit. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) comhphlé tráthrialta a choimeád ar bun le húdaráis staidrimh na mBallstát. |
(16) |
Tá faisnéis chúlra riachtanach chun a mheasúnú an bhfuil na hinnéacsanna comhchuibhithe mionsonraithe arna soláthar ag na Ballstáit inchomparáide a ndóthain. Chomh maith leis sin, cabhraíonn modhanna agus cleachtais tiomsúcháin trédhearcacha i mBallstáit leis na geallsealbhóirí go léir tuiscint a fháil ar na hinnéacsanna comhchuibhithe agus a gcaighdeán a fheabhsú tuilleadh. Ba cheart, dá bhrí sin, sraith rialacha a bhunú maidir le meiteashonraí comhchuibhithe a thuairisciú. |
(17) |
Chun caighdeán na sonraí staidrimh a chuireann Ballstáit ar fáil a áirithiú, ba cheart don Choimisiún leas a bhaint as na sainchumais agus na cumhachtaí iomchuí dá bhforáiltear in Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
(18) |
D'fhonn a áirithiú go ndéanfar oiriúnú do na hathruithe atá tagtha ar COICOP NA, chun leasú a dhéanamh ar liosta na nithe a rialaítear le gníomhartha cur chun feidhme trí nithe a chur leis an liosta sin chun go gcuirfear san áireamh forbairt theicniúil na modhanna staidrimh agus bunaithe ar mheastóireacht na dtreoirstaidéar, agus chun modhnú a dhéanamh ar an liosta d'fho-innéacsanna ECOICOP nach gceanglaítear ar Bhallstáit iad a thiomsú chun go gcuirfear san áireamh cluichí seansúlachta in ICPT agus in ICPT-CS, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hinnéacsanna comhchuibhithe chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil, iomchuí. |
(19) |
Chun go n-áiritheofar go mbeidh na hinnéacsanna comhchuibhithe go hiomlán inchomparáideach, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha do chur i bhfeidhm ECOIOCP ar mhaithe le ICPT agus ICPT-CS;, don mhiondealú ar an tobmheastachán ar ICPT a sholáthraíonn Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu; agus do mhiondealuithe innéacs praghsanna TÚÁ agus IPT; do cháilíocht ualaí na n-innéacsanna comhchuibhithe; do mhodhanna feabhsaithe bunaithe ar threoirstaidéir dheonacha; don mhodheolaíocht iomchuí; do rialacha mionsonraithe maidir le hathscálú na n-innéacsanna comhchuibhithe; do na caighdeáin malartaithe sonraí agus meiteashonraí; d'athbhreithniú na n-innéacsanna comhchuibhithe agus a bhfo-innéacsanna; agus do cheanglais i leith dearbhú cáilíochta teicniúil a bhaineann le hábhar tuarascálacha bliantúla caighdeánacha ar cháilíocht, an sprioc do sholáthar tuarascálacha don Choimisiún (Eurostat) agus struchtúr na bhfardal agus an sprioc do sholáthar na bhfardal don Choimisiún (Eurostat). Chun coinníollacha aonfhoirmeacha den sórt sin a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
(20) |
Agus bearta cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh ag an gCoimisiún, i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart dó an chost-éifeachtúlacht a chur san áireamh i gcás inarb iomchuí agus a áirithiú nach gcuirfear ualach suntasach breise ar Bhallstáit ná ar na freagróirí leis na bearta agus leis na gníomhartha sin. |
(21) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon caighdeáin chomhchoiteanna staidrimh a chruthú le haghaidh innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus IPT, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
(22) |
I gcomhthéacs Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, iarradh ar an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach a threoir ghairmiúil a thabhairt. |
(23) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 a aisghairm, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo creat comhchoiteann maidir le forbairt, táirgeadh agus scaipeadh innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (ICPT, ICPT-CS, innéacs praghsanna TÚÁ) agus an innéacs praghsanna tithe (IPT) ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn “táirgí” earraí agus seirbhísí mar a shainmhínítear iad i bpointe 3.01 d'Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (“CCE 2010”); |
(2) |
ciallaíonn “praghsanna do thomhaltóirí” na praghsanna ceannaigh a íocann teaghlaigh chun táirgí aonair a cheannach trí bhíthin idirbhearta airgeadaíochta; |
(3) |
ciallaíonn “praghsanna tithe” praghsanna idirbhirt na dteaghaisí a cheannaíonn teaghlaigh; |
(4) |
ciallaíonn “praghsanna ceannaigh” na praghsanna iarbhír a íocann ceannaitheoirí ar tháirgí, lena n-áirítear aon chánacha ar na táirgí, lúide fóirdheontais, tar éis na lascainí a bhaint as na praghsanna caighdeánacha nó as na muirir chaighdeánacha, seachas ús nó seirbhísí táillí breise a cuireadh leis an bpraghas faoi shocruithe creidmheasa nó aon mhuirir bhreise a tabhaíodh toisc nach ndearnadh an íocaíocht laistigh den tréimhse a sonraíodh ag am an cheannaigh; |
(5) |
ciallaíonn “praghsanna riartha” na praghsanna atá leagtha síos go díreach ag an rialtas nó atá go mór faoi thionchar an rialtais; |
(6) |
ciallaíonn “innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí” nó “ICPT” an t-innéacs inchomparáide praghsanna do thomhaltóirí a tháirgeann gach Ballstát; |
(7) |
ciallaíonn “innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí ag rátaí cánach seasmhacha” nó “ICPT-CS” an t-innéacs lena dtomhaistear athruithe ar phraghsanna do thomhaltóirí nach mbíonn éifeacht orthu ag athruithe ar rátaí cánach ar tháirge a tharlaíonn le linn na tréimhse céanna ama; |
(8) |
ciallaíonn “ráta cánach” paraiméadar cánach agus féadfaidh sé a bheith ina chéatadán áirithe den phraghas nó ina mhéid iomlán cánach a ghearrtar ar aonad fisiciúil; |
(9) |
ciallaíonn “innéacs praghsanna tithíochta úinéir-áitithe” nó “innéacs praghsanna TÚÁ” an t-innéacs lena dtomhaistear athruithe ar phraghsanna idirbhirt teaghaisí nua in earnáil na dteaghlach agus ar phraghsanna idirbhirt táirgí eile a fhaigheann na teaghlaigh ina ról mar úinéirí-áititheoirí; |
(10) |
ciallaíonn “innéacs praghsanna tithe” nó “IPT” an t-innéacs lena dtomhaistear athruithe ar phraghsanna idirbhirt na dteaghaisí a cheannaíonn teaghlaigh; |
(11) |
ciallaíonn “fo-innéacs ICPT nó ICPT-CS” an t-innéacs praghsanna d'aon cheann de chatagóirí aicmiú Eorpach an tomhaltais aonair de réir cuspóra, (ECOICOP) mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I iad; |
(12) |
ciallaíonn “innéacsanna comhchuibhithe” ICPT, ICPT-CT, innéacs praghsanna TÚÁ agus IPT; |
(13) |
ciallaíonn “tobmheastachán ar ICPT” meastachán luath ar ICPT a sholáthraíonn Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu, agus ar féidir é a bheith bunaithe ar fhaisnéis shealadach agus, más gá, ar shamhaltú iomchuí; |
(14) |
Ciallaíonn “innéacs de chineál Laspeyres” an t-innéacs praghsanna lena dtomhaistear an t-athrú meánach ar phraghsanna idir tréimhse thagartha na bpraghsanna agus tréimhse chomparáide trí leas a bhaint as scaireanna caiteachais ó thréimhse éigin roimh an tréimhse tagartha, agus sa chás ina ndéantar na scaireanna caiteachais a choigeartú chun léiriú a thabhairt ar phraghsanna sa tréimhse tagartha. Déantar “innéacs de chineál Laspeyres” a shainmhíniú mar a leanas: Cuirtear praghas táirge in iúl le p; cuirtear tréimhse tagartha na bpraghsanna in iúl le 0, agus cuirtear an tréimhse chomparáide in iúl le t. Is ionann ualaí, (w), agus scaireanna caiteachais de thréimhse (b), roimh an tréimhse tagartha, agus déantar iad a choigeartú chun léiriú a thabhairt ar phraghsanna thréimhse tagartha na bpraghsanna, is é sin 0; |
(15) |
ciallaíonn “tréimhse tagartha innéacs” an tréimhse ina bhfuil an t-innéacs socraithe ag 100 pointe innéacs; |
(16) |
ciallaíonn “tréimhse tagartha na bpraghsanna” an tréimhse lena gcuirtear praghas na tréimhse comparáide i gcomparáid; i gcás innéacsanna míosúla, is í mí na Nollag na bliana roimhe sin tréimhse tagartha na bpraghsanna, agus i gcás innéacsanna ráithiúla, is í an ceathrú ráithe den bhliain roimhe sin tréimhse tagartha na bpraghsanna; |
(17) |
ciallaíonn “faisnéis bhunúsach” sonraí lena gcumhdaítear an méid a leanas:
|
(18) |
ciallaíonn “teaghlach” teaghlach faoi mar a thagraítear dó i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2.119 d'Iarscríbhinn A a ghabhann le ESA 2010, beag beann ar stádas náisiúntachta nó stádas cónaitheora; |
(19) |
ciallaíonn “críoch eacnamaíoch an Bhallstáit” an chríoch eacnamaíoch faoi mar a thagraítear dó i mír 2.05 d'Iarscríbhinn A a ghabhann le ESA 2010, ach amháin go gcuimsítear na hiamhchríocha allchríche atá laistigh de theorainneacha an Bhallstáit agus go n-eisiatar na hiamhchríocha críochacha atá lonnaithe sa chuid eile den domhan; |
(20) |
ciallaíonn “caiteachas airgeadaíochta tomhaltais deiridh teaghlach” an chuid sin den chaiteachas tomhaltais deiridh arna thabhú:
|
(21) |
ciallaíonn “athrú suntasach ar an modh táirgthe” athrú a mheastar a mbeidh tionchar aige ar an ráta bliantúil athraithe ar innéacs comhchuibhithe ar leith nó ar chuid de in aon tréimhse, athrú ar mó é ná:
|
Airteagal 3
Tiomsú na n-innéacsanna comhchuibhithe
1. Soláthróidh Ballstáit na hinnéacsanna comhchuibhithe mar a shainmhinítear iad i bpointe (12) d'Airteagal 2 don Choimisiún (Eurostat).
2. Déanfar na hinnéacsanna comhchuibhithe a nascadh go slabhrúil le hinnéacsanna de chineál Laspeyres gach bliain.
3. Beidh ICPT agus ICPT-CS bunaithe ar athruithe ar phraghsanna agus ar ualú na dtáirgí a áirítear sa chaiteachas airgeadaíochta tomhaltais deiridh teaghlaigh.
4. Ní chumhdófar idirbhearta idir teaghlaigh, le hICPT ná le hICPT-CS, ach amháin i gcás cíosanna a íocann tionóntaí le tiarnaí talún príobháideacha, sa chás go mbíonn na tiarnaí talún príobháideacha ag gníomhú mar tháirgeoirí margaidh seirbhísí arna gceannach ag teaghlaigh (tionóntaí).
5. Déanfar an t-innéacs praghsanna TÚÁ a thiomsú, i gcás inar féidir é agus ar choinníoll go mbeidh na sonraí ar fáil, do na 10 mbliana roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
6. Déanfar fo-innéacsanna ICPT agus ICTP-CS a thiomsú do chatagóirí ECOICOP. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur i bhfeidhm ECOICOP chun críche ICPT agus ICPT-CS. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
7. Faoin 31 Nollaig 2018, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a ullmhú, agus tabharfar aghaidh inti ar oiriúnacht an innéacs praghsanna TÚÁ lena chomhtháthú i gcumhdach ICPT. Ag brath ar thorthaí na tuarascála, más iomchuí, tíolacfaidh an Coimisiún togra chun an Rialachán seo a leasú a mhéid a bhaineann leis an innéacs praghsanna TÚÁ a chomhtháthú i gcumhdach ICPT laistigh de thréimhse ama réasúnach. Má shuitear sa tuarascáil gur gá tuilleadh forbairtí modheolaíochta a dhéanamh chun an t-innéacs praghsanna TÚÁ a chomhtháthú i gcumhdach ICPT, rachaidh an Coimisiún ar aghaidh leis an obair mhodheolaíoch agus tabharfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an obair sin, de réir mar is iomchuí.
8. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar miondealú thobmheastachán ICPT a sholáthraíonn Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
9. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na miondealuithe ar an innéacs praghsanna TÚÁ agus na miondealuithe ar IPT. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
10. Gach bliain, déanfaidh Ballstáit nuashonrú ar ualuithe na bhfo-innéacsanna do na hinnéacsanna comhchuibhithe. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cáilíocht ualuithe na n-innéacsanna comhchuibhithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
Airteagal 4
Inchomparáideacht na n-innéacsanna comhchuibhithe
1. Chun go measfar na hinnéacsanna comhchuibhithe a bheith inchomparáide, ní léireoidh aon difríochtaí idir Ballstáit ar gach leibhéal mionsonraí ach na difríochtaí in athruithe ar phraghsanna nó i bpatrúin chaiteachais.
2. Aon fho-innéacsanna de na hinnéacsanna comhchuibhithe a chlaonann ó choincheapa nó ó mhodhanna an Rialacháin seo, measfar iad a bheith inchomparáide má bhíonn de thoradh orthu innéacs a meastar go mbaineann na difríochtaí córasacha seo leis:
(a) |
níos lú ná nó cothrom le 0,1 phointe céatadáin ar an meán ar feadh bliana i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin ó innéacs a tiomsaíodh de réir chur chuige modheolaíochta an Rialacháin seo, i gcás ICPT agus ICPT-CS; |
(b) |
níos lú ná nó cothrom le pointe céatadáin amháin ar an meán ar feadh bliana i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin ó innéacs a tiomsaíodh de réir chur chuige modheolaíochta an Rialacháin seo, i gcás an innéacs TÚA agus innéacs praghsanna IPT. |
I gcás nach féidir na ríomhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh, déanfaidh na Ballstáit na hiarmhairtí a bhaineann le húsáid modheolaíochta a chlaonann ó choincheapa nó ó mhodhanna an Rialacháin seo a leagan amach go mionsonraithe.
3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 chun Iarscríbhinn I a leasú chun inchomparáideacht na n-innéacsanna comhchuibhithe a áirithiú ar an leibhéal idirnáisiúnta agus i gcomhréir le hathruithe ar aicmiú tomhaltais aonair de réir cuspóra COICOP NA.
4. D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú agus innéacsanna comhchuibhithe inchomparáide á gcur le chéile, agus ar mhaithe le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lean sonrófar tuilleadh modhanna feabhsaithe bunaithe ar threoirstaidéir dheonacha dá dtagraítear in Airteagal 8, agus an mhodheolaíocht. Bainfidh na gníomhartha cur chun feidhme sin leis an méid seo:
(i) |
sampláil agus ionadaíochas; |
(ii) |
bailiú praghsanna agus an chóir a chuirtear orthu; |
(iii) |
athsholáthairtí agus ceartú cáilíochta; |
(iv) |
tiomsú innéacsanna; |
(v) |
athbhreithnithe; |
(vi) |
innéacsanna speisialta; |
(vii) |
an chóir a chuirtear ar tháirgí i réimsí ar leith. |
Áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe sin ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
5. Ag féachaint do tháirgeadh na n-innéacsanna comhchuibhithe, d'fhonn forbairtí teicniúla sna modhanna staidrimh a chur san áireamh agus bunaithe ar mheastóireacht na dtreoirstaidéar dá dtagraítear in Airteagal 8(4), tabharfar de chumhacht don Choimisiún an chéad fhomhír de mhír 4 den Airteagal seo a leasú, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 10, trí nithe a chur leis an liosta a leagtar amach ann, ar choinníoll nach bhfuil aon fhorluí idir nithe breise den sórt sin agus cinn atá ann cheana, agus nach n-athraíonn siad raon feidhme ná nádúr na n-innéacsanna comhchuibhithe faoi mar a leagtar amach sa Rialachán seo iad.
Airteagal 5
Ceanglais maidir le sonraí
1. An fhaisnéis bhunúsach a bhaileoidh Ballstáit do na hinnéacsanna comhchuibhithe agus dá bhfo-innéacsanna, beidh sí ionadaíoch ar leibhéal na mBallstát.
2. Gheofar an fhaisnéis ó aonaid staidrimh mar a shainítear iad i Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 (8) ón gComhairle nó ó fhoinsí eile, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na ceanglais chomparáideachta do na hinnéacsanna comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo.
3. Na haonaid staidrimh a sholáthraíonn faisnéis ar tháirgí a áirítear i gcaiteachas airgeadaíochta tomhaltais deiridh teaghlaigh, comhoibreoidh siad chun an fhaisnéis bhunúsach a bhailiú nó a sholáthar de réir mar is gá. Tabharfaidh na haonaid staidrimh faisnéis bhunúsach a bheidh cruinn, iomlán do na comhlachtaí náisiúnta atá freagrach as na hinnéacsanna comhchuibhithe a thiomsú.
4. Arna iarraidh sin do na comhlachtaí náisiúnta atá freagrach as na hinnéacsanna comhchuibhithe a thiomsú, cuirfidh na haonaid staidrimh taifid leictreonacha d'idirbhearta ar fáil, i gcás ina mbíonn fáil orthu, amhail sonraí ó scanóirí, agus iad a mhionsonraithe agus is gá chun innéacsanna comhchuibhithe a chur le chéile agus chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas inchomparáideachta agus ar cháilíocht na n-innéacsanna comhchuibhithe.
5. Is í 2015 a bheidh mar thréimhse tagartha choiteann innéacs do na hinnéacsanna comhchuibhithe. Úsáidfear an tréimhse tagartha innéacs sin d'amsraith iomlán na n-innéacsanna uile comhchuibhithe agus a bhfo-innéacsanna.
6. Déanfar na hinnéacsanna comhchuibhithe agus a bhfo-innéacsanna a athscálú le tréimhse tagartha choiteann innéacs nua i gcás ina ndéantar athrú mór ar an modheolaíocht le haghaidh na n-innéacsanna comhchuibhithe a ghlacfar i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó gach 10 mbliana tar éis an athscálaithe dheireanaigh ó 2015 ar aghaidh. Beidh éifeacht leis an athscálú ar an tréimhse tagartha innéacs nua:
(a) |
d'innéacsanna míosúla, leis an innéacs d'Eanáir na bliana i ndiaidh na tréimhse tagartha innéacs; |
(b) |
d'innéacsanna ráithiúla, leis an innéacs do chéad ráithe na bliana i ndiaidh na tréimhse tagartha innéacs. |
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar rialacha mionsonraithe maidir le hathscálú ar na hinnéacsanna comhchuibhithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
7. Ní cheanglófar ar Bhallstáit an méid a leanas a tháirgeadh agus a tharchur:
(a) |
fo-innéacsanna ICPT agus ICPT-CS a chuimsíonn níos lú ná aon chuid as gach míle den chaiteachas iomlán |
(b) |
fo-innéacsanna praghsanna TÚÁ agus fo-innéacsanna HPI a chuimsíonn níos lú ná aon chuid as gach céad den chaiteachas iomlán tithíocht úinéir-áitithe agus de cheannach iomlán teaghaisí faoi seach. |
8. Ní cheanglófar ar Bhallstáit na fo-innéacsanna seo a leanas de chuid ECOICOP, toisc gan iad bheith san áireamh sa chaiteachas airgeadaíochta tomhaltais deiridh teaghlaigh nó toisc nach leor go fóill an méid comhchuibhithe modheolaíochta:
02.3 |
Támhshuanaigh; |
09.4.3 |
Cluichí seansúlachta; |
12.2 |
Striapachas; |
12.5.1 |
Árachas saoil; |
12.6.1 |
SIATI. |
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 d'fhonn an liosta a leagtar amach sa mhír seo a mhodhnú chun go n-áireofar cluichí seansúlachta in ICPT agus ICPT-CS.
Airteagal 6
Minicíocht
1. Cuirfidh Ballstáit ICPT, ICPT-CS agus a bhfo-innéacsanna faoi seach ar fáil don Choimisiún (Eurostat) ar bhonn míosúil, lena n-áirítear na fo-innéacsanna nach dtáirgtear chomh minic céanna.
2. Cuirfidh Ballstáit an t-innéacs praghsanna TÚÁ agus inneács praghsanna IPT ar fáil don Choimisiún (Eurostat) ar bhonn ráithiúil. Is féidir iad a chur ar fáil ar bhonn míosúil ar bhonn deonach.
3. Ní cheanglófar ar Bhallstáit fo-innéacsanna a tháirgeadh ar bhonn míosúil ná ráithiúil má chomhlíontar ceanglais inchomparáideachta Airteagal 4 agus gan na sonraí a bheith á mbailiú chomh minic sin. Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas faoi chatagóirí ECOICOP, faoin innéacs praghsanna TÚÁ agus faoi na catagóirí IPT nach bhfuil rún acu sonraí a bhailiú ina leith ag eatraimh nach minice ná gach mí.
4. Gach bliain, cuirfidh Ballstáit meáchain fo-innéacsanna nuashonraithe do na hinnéacsanna comhchuibhithe ar fáil don Choimisiún (Eurostat).
Airteagal 7
Spriocdhátaí, caighdeáin mhalairte agus athbhreithnithe
1. Cuirfidh Ballstáit na hinnéacsanna comhchuibhithe agus gach fo-innéacs ar fáil don Choimisiún (Eurostat) tráth nach déanaí ná:
(a) |
15 lá féilire, do na hinnéacsanna ó mhí Feabhra go dtí mí na Nollag agus 20 lá féilire, d'innéacsanna mhí Eanáir, tar éis dheireadh na míosa sin a ríomhtar na hinnéacsanna ina leith; agus |
(b) |
85 lá féilire tar éis dheireadh na ráithe sin a ríomhtar na hinnéacsanna ina leith. |
2. Cuirfidh Ballstáit na hualaí nuashonraithe ar fáil don Choimisiún (Eurostat) tráth nach déanaí ná:
(a) |
an 13 Feabhra gach bliain do na hinnéacsanna míosúla; |
(b) |
an 15 Meitheamh gach bliain do na hinnéacsanna ráithiúla. |
3. Cuirfidh Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu an tobmheastachán ar fáil don Choimisiún (Eurostat) tráth nach déanaí ná an lá féilire leathdheireanach den mhí a dtagraítear di sa tobmheastachán.
4. Cuirfidh Ballstáit ar fáil don Choimisiún (Eurostat) na sonraí agus na meiteashonraí a cheanglaítear a thabhairt leis an Rialachán seo i gcomhréir le caighdeáin maidir le sonraí agus meiteashonraí a mhalartú.
5. Féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar innéacsanna comhchuibhithe agus ar a bhfo-innéacsanna a foilsíodh cheana.
6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar go mion na caighdeáin chun sonraí agus meiteashonraí a mhalartú dá dtagraítear i mír 4 agus na coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh athbhreithniú ar innéacsanna comhchuibhithe agus ar a bhfo-innéacsanna dá dtagraítear i mír 5. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
Airteagal 8
Treoirstaidéir
1. Aon uair a mbeidh faisnéis bhunúsach fheabhsaithe riachtanach chun innéacsanna comhchuibhithe a thiomsú, nó nuair is léir an gá atá le hinchomparáideacht fheabhsaithe na n-innéacsanna comhchuibhithe sna modhanna dá dtagraítear in Airteagal 4(4), féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) treoirstaidéir a sheoladh a bheidh le déanamh ar bhonn deonach ag Ballstáit.
2. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh buiséad ginearálta an Aontais le maoiniú treoirstaidéar den sórt sin.
3. Measúnóidh na treoirstaidéir a indéanta agus a bheadh sé faisnéis bhunúsach fheabhsaithe a fháil nó cineálacha nua cur chuige modheolaíochta a ghlacadh.
4. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) torthaí na dtreoirstaidéar a mheas i ndlúthchomhar le Ballstáit agus le príomh-úsáideoirí na n-innéacsanna comhchuibhithe, agus na buntáistí á gcur san áireamh a bhaineann le faisnéis bhunúsach fheabhsaithe nó le cur chuige nua modheolaíochta i ndáil leis na costais bhreise a bhaineann le hinnéacsanna comhchuibhithe a chur le chéile.
5. Faoin 31 Nollaig 2020 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar meastóireacht, más infheidhme, ar phríomhthorthaí na dtreoirstaidéar.
Airteagal 9
Dearbhú cáilíochta
1. Áiritheoidh Ballstáit cáilíocht na n-innéacsanna comhchuibhithe a sholáthraítear. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir um chaighdeáin cháilíochta atá leagtha síos in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
2. Cuirfidh Ballstáit na nithe seo a leanas ar fáil don Choimisiún (Eurostat):
(a) |
tuarascálacha bliantúla um chaighdeáin cháilíochta a chumhdaíonn na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009; |
(b) |
fardail a nuashonraítear go bliantúil ina dtugtar mionsonraí na bhfoinsí sonraí, na sainmhínithe agus na modhanna a úsáideadh; |
(c) |
tuilleadh faisnéis ghaolmhar atá mionsonraithe a dóthain chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas inchomparáideachta agus cáilíocht na n-innéacsanna comhchuibhithe má iarrann an Coimisiún (Eurostat) sin. |
3. Má tá sé ar intinn ag Ballstát athrú suntasach a dhéanamh ar mhodhanna táirgthe na n-innéacsanna comhchuibhithe nó cuid díobh, cuirfidh an Ballstát an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas faoi trí mhí ar a dhéanaí sula dtiocfadh aon athrú den sórt sin i bhfeidhm. Cuirfidh an Ballstát meastóireacht chainníochtúil ar thionchar an athraithe ar fáil don Choimisiún (Eurostat).
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar ceanglais theicniúla um dhearbhú cáilíochta maidir le hábhar na dtuarascálacha cáilíochta caighdeánacha bliantúla, an spriocdháta chun na tuarascálacha a chur ar fáil don Choimisiún (Eurostat), agus struchtúr na bhfardal agus an sprioc chun na fardail a chur ar fáil don Choimisiún (Eurostat). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
Airteagal 10
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Agus an chumhacht atá tarmligthe in Airteagail 4(3), 4(5) agus 5(8) á feidhmiú aige, áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar Bhallstáit ná ar na freagróirí.
Ina theannta sin, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt cuí leis na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus aird á tabhairt aige, nuair is iomchuí, ar an gcost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear an t-ualach ar fhreagróirí agus na costais táirgthe i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
Leanfaidh an Coimisiún den ghnáth-chleachtas atá aige agus rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe na mBallstát, sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.
3. Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(3), Airteagal 4(5) agus Airteagal 5(8) don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 13 Meitheamh 2016. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle i gcoinne an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
4. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 4(3), 4(5) agus 5 (8) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(3), 4(5) agus 5 (8) i bhfeidhm ach mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 11
An nós imeachta coiste
1. Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 12
Aisghairm
1. Gan dochar do mhír 2, leanfaidh Ballstáit de na hinnéacsanna comhchuibhithe a sholáthar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 go dtí go dtarchuirfear na sonraí a thagraíonn do 2016.
2. Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95, le héifeacht ón 1 Eanáir 2017.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo, agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
3. Agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 3(6), 3(9), 3(10), 4(4), 5(6) agus 7(6) á ghlacadh den chéad uair aige, déanfaidh an Coimisiún, a mhéid is a luíonn sé leis an Rialachán seo, forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 1749/96 ón gCoimisiún (9), Rialachán (CE) Uimh. 2214/96 ón gCoimisiún (10), Rialachán (CE) Uimh. 1687/98 ón gComhairle (11), Rialachán (CE) Uimh. 2646/98 ón gCoimisiún (12), Rialachán (CE) Uimh. 1617/1999 ón gCoimisiún (13), Rialachán (CE) Uimh. 2166/1999 ón gComhairle (14), Rialachán (CE) Uimh. 2601/2000 ón gCoimisiún (15), Rialachán (CE) Uimh. 2602/2000 ón gCoimisiún (16), Rialachán (CE) Uimh. 1920/2001 ón gCoimisiún (17), Rialachán (CE) Uimh. 1921/2001 ón gCoimisiún (18), Rialachán (CE) Uimh. 1708/2005 ón gCoimisiún (19), Rialachán (CE) Uimh. 701/2006 ón gComhairle (20), Rialachán (CE) Uimh. 330/2009 ón gCoimisiún (21), Rialachán (AE) Uimh. 1114/2010 ón gCoimisiún (22), agus Rialachán (AE) Uimh. 93/2013 ón gCoimisiún (23) a glacadh ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 2494/95, a ionchorprú sa Rialachán seo agus, a mhéid is iomchuí, líon iomlán na ngníomhartha cur chun feidhme a laghdú ag an am céanna. Leanfaidh na Rialacháin a glacadh ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 d'fheidhm a bheith acu go ceann idirthréimhse. Tiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse sin ar dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme a glacadh i dtús báire ar bhonn Airteagail 3(6), 3(9), 3(10), 4(4), 5(6) agus 7(6) den Rialachán seo, arb é an dáta céanna é do na gníomhartha cur chun feidhme sin uile.
Airteagal 13
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm leis den chéad uair maidir le sonraí a bhaineann le hEanáir 2017.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Bealtaine 2016.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.A. HENNIS-PLASSCHAERT
(1) IO C 175, 29.5.2015, lch. 2.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Aibreán 2016.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lch. 25).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 1995 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (IO L 257, 27.10.1995, lch. 1).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le córas Eorpach na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1).
(8) Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir le haonaid staidrimh chun an córas táirgeachta sa Chomhphobal a bhreathnú agus a anailísiú (IO L 76, 30.3.1993, lch. 1).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 1749/96 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 1996 maidir le bearta chun chun feidhme tosaigh le haghaidh Rialachán (CE) Uimh.2494/95 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna tomhaltóirí (IO L 229, 10.9.1996, lch. 3).
(10) Rialachán (CE) Uimh. 2214/96 ón gCoimisiún an 20 Samhain 1996 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna tomhaltóirí: tarchur agus scaipeadh fo-innéacsanna de chuid ICPT (IO L 296, 21.11.1996, lch. 8).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 1687/98 ón gComhairle an 20 Iúil 1998 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1749/96 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le cumhdach earraí agus seirbhísí innéacs chomhchuibhithe praghsanna tomhaltóirí (IO L 214, 31.7.1998, lch. 12).
(12) Rialachán (CE) Uimh. 2646/98 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 1998 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcóir a chuirtear ar tharaifí in innéacs chomhchuibhithe praghsanna tomhaltóirí (IO L 335, 10.12.1998, lch. 30).
(13) Rialachán (CE) Uimh. 1617/1999 ón gCoimisiún an 23 Iúil 1999 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle maidir le híoschaighdeáin don chóir a chuirtear ar an árachas in innéacs comhchuibhithe Praghsanna Tomhaltóirí agus lena modhnaítear Rialachán (CE) Uimh. 2214/96 (IO L 192, 24.7.1999, lch. 9).
(14) Rialachán (CE) Uimh. 2166/1999 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 1999 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin maidir leis an gcóir a chuirtear ar tháirgí i réimsí na sláinte, an oideachais agus na cosanta sóisialta in Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna Tomhaltóirí (IO L 266, 14.10.1999, lch. 1).
(15) Rialachán (CE) Uimh. 2601/2000 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2000 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huainiú praghsanna ceannaitheoirí a chur isteach in Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna Tomhaltóirí ((IO L 300, 29.11.2000, lch. 14).
(16) Rialachán (CE) Uimh. 2602/2000 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2000 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin don chóir a chuirtear ar íslithe praghsanna in Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna Tomhaltóirí (IO L 300, 29.11.2000, lch. 1).
(17) Rialachán (CE) Uimh. 1920/2001 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin don chóir a chuirtear ar tháillí seirbhíse atá ar coibhéis le luachanna idirbheart in innéacs comhchuibhithe praghsanna tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2214/96 (IO L 261, 29.9.2001, lch. 46).
(18) Rialachán (CE) Uimh. 1921/2001 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle maidir le híoschaighdeáin d'athbhreithnithe ar an innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2602/2000 (IO L 261, 29.9.2001, lch. 49).
(19) Rialachán (CE) Uimh. 1708/2005 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2005 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle, maidir leis an tréimhse choiteann tagartha le haghaidh innéacs comhchuibhithe praghsanna tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2214/96 (IO L 274, 20.10.2005, lch. 9).
(20) Rialachán (CE) Uimh. 701/2006 ón gComhairle an 25 Aibreán 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle, a mhéid a bhaineann cumhdach uainithe in innéacs comhchuibhithe praghsanna tomhaltóirí (IO L 122, 9.5.2006, lch. 3).
(21) Rialachán (CE) Uimh. 330/2009 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcóir a chuirtear ar tháirgí séasúracha in Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna Tomhaltóirí (ICPT) (IO L 103, 23.4.2009, lch. 6).
(22) Rialachán (AE) Uimh. 1114/2010 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2010 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle maidir le híoschaighdeáin do cháilíocht ualú ICPT agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2454/97 (IO L 316, 2.12.2010, lch. 4).
(23) Rialachán (AE) Uimh. 93/2013 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2013 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí, i dtaca le hinnéacsanna praghsanna tithíochta úinéir-áitithe a bhunú (IO L 33, 2.2.2013, lch. 14).
IARSCRÍBHINN I
AICMIÚ EORPACH AN TOMHALTAIS AONAIR DE RÉIR CUSPÓRA (ECOICOP)
01 |
BIA AGUS DEOCHANNA NEAMH-MHEISCIÚLA |
01.1 |
Bia |
01.1.1 |
Arán agus gránaigh |
01.1.1.1 |
Rís |
01.1.1.2 |
Plúir agus gránaigh eile |
01.1.1.3 |
Arán |
01.1.1.4 |
Táirgí bácúis eile |
01.1.1.5 |
Píotsa agus quiche |
01.1.1.6 |
Táirgí pasta agus cúscúis |
01.1.1.7 |
Gránach bricfeasta |
01.1.1.8 |
Táirgí gránach eile |
01.1.2 |
Feoil |
01.1.2.1 |
Mairteoil agus laofheoil |
01.1.2.2 |
Muiceoil |
01.1.2.3 |
Uaineoil agus feoil ghabhair |
01.1.2.4 |
Éineoil |
01.1.2.5 |
Feoil eile |
01.1.2.6 |
Scairteach inite |
01.1.2.7 |
Feoil dheataithe, shaillte nó thriomaithe |
01.1.2.8 |
Ullmhóidí feola eile |
01.1.3 |
Iasc agus bia mara |
01.1.3.1 |
Iasc úr nó fuaraithe |
01.1.3.2 |
Iasc reoite |
01.1.3.3 |
Bia mara úr nó fuaraithe |
01.1.3.4 |
Bia mara reoite |
01.1.3.5 |
Iasc deataithe, saillte nó triomaithe agus bia mara |
01.1.3.6 |
Iasc leasaithe nó próiseáilte agus ullmhóidí eile arna mbunú ar bhia mara |
01.1.4 |
Bainne, cáis agus uibheacha |
01.1.4.1 |
Bainne úr gan bhearradh |
01.1.4.2 |
Bainne úr beagmhéathrais |
01.1.4.3 |
Bainne leasaithe |
01.1.4.4 |
Iógart |
01.1.4.5 |
Cáis agus gruth |
01.1.4.6 |
Táirgí bainne eile |
01.1.4.7 |
Uibheacha |
01.1.5 |
Olaí agus saillte |
01.1.5.1 |
Im |
01.1.5.2 |
Margairín agus saillte plandúla eile |
01.1.5.3 |
Ola olóige |
01.1.5.4 |
Olaí inite eile |
01.1.5.5 |
Saillte ainmhíocha inite eile |
01.1.6 |
Torthaí |
01.1.6.1 |
Torthaí úra nó fuaraithe |
01.1.6.2 |
Torthaí reoite |
01.1.6.3 |
Torthaí triomaithe agus cnónna |
01.1.6.4 |
Torthaí leasaithe agus táirgí arna mbunú ar thorthaí |
01.1.7 |
Glasraí |
01.1.7.1 |
Glasraí úra nó fuaraithe seachas prátaí agus tiúbair eile |
01.1.7.2 |
Glasraí reoite seachas prátaí agus tiúbair eile |
01.1.7.3 |
Glasraí triomaithe, glasraí leasaithe nó próiseáilte eile |
01.1.7.4 |
Prátaí |
01.1.7.5 |
Criospaí |
01.1.7.6 |
Tiúbair agus táirgí glasraí tiúbair eile |
01.1.8 |
Siúcra, subh, mil, seacláid agus milseogra |
01.1.8.1 |
Siúcra |
01.1.8.2 |
Subha, marmaláidí agus mil |
01.1.8.3 |
Seacláid |
01.1.8.4 |
Táirgí milseogra |
01.1.8.5 |
Reoiteoga agus uachtar reoite |
01.1.8.6 |
Ionadaigh shaorga siúcra |
01.1.9 |
Táirgí bia g.a.e. |
01.1.9.1 |
Anlainn, tarsainn |
01.1.9.2 |
Salann, spíosraí agus luibheanna cócaireachta |
01.1.9.3 |
Bia linbh |
01.1.9.4 |
Béilí réamhdhéanta |
01.1.9.9 |
Táirgí bia eile g.a.e. |
01.2 |
Deochanna neamh-mheisciúla |
01.2.1 |
Caife, tae agus cócó |
01.2.1.1 |
Caife |
01.2.1.2 |
Tae |
01.2.1.3 |
Cócó agus seacláid phúdraithe |
01.2.2 |
Uiscí mianraí, deochanna boga, súnna torthaí agus súnna glasraí |
01.2.2.1 |
Uiscí mianraí nó fíoruiscí |
01.2.2.2 |
Deochanna boga |
01.2.2.3 |
Súnna torthaí agus súnna glasraí |
02 |
DEOCHANNA MEISCIÚLA, TOBAC AGUS TÁMHSHUANAIGH |
02.1 |
Deochanna meisciúla |
02.1.1 |
Biotáillí |
02.1.1.1 |
Biotáillí agus licéir |
02.1.1.2 |
Deochanna boga meisciúla |
02.1.2 |
Fíon |
02.1.2.1 |
Fíon ó fhíonchaora |
02.1.2.2 |
Fíon ó thorthaí eile |
02.1.2.3 |
Fíonta treisithe |
02.1.2.4 |
Deochanna fíonbhunaithe |
02.1.3 |
Beoir |
02.1.3.1 |
Lágar |
02.1.3.2 |
Beoracha meisciúla eile |
02.1.3.3 |
Beoracha ar bheagán alcóil agus beoracha neamh-mheisciúla |
02.1.3.4 |
Deochanna beoirbhunaithe |
02.2 |
Tobac |
02.2.0 |
Tobac |
02.2.0.1 |
Toitíní |
02.2.0.2 |
Todóga |
02.2.0.3 |
Táirgí tobac eile |
02.3 |
Támhshuanaigh |
02.3.0 |
Támhshuanaigh |
02.3.0.0 |
Támhshuanaigh |
03 |
ÉADAÍ AGUS COISBHEART |
03.1 |
Éadaí |
03.1.1 |
Ábhair éadaigh |
03.1.1.0 |
Ábhair éadaigh |
03.1.2 |
Baill éadaigh |
03.1.2.1 |
Baill éadaigh d'fhir |
03.1.2.2 |
Baill éadaigh do mhná |
03.1.2.3 |
Baill éadaigh do naíonáin (0 go dtí 2 bhliain) agus do leanaí (3 go 13 bliana) |
03.1.3 |
Baill éadaigh eile agus oiriúintí éadaigh eile |
03.1.3.1 |
Baill éadaigh eile |
03.1.3.2 |
Oiriúintí éadaigh |
03.1.4 |
Éadaí a ghlanadh, a chóiriú agus fháil ar cíos |
03.1.4.1 |
Éadaí a ghlanadh |
03.1.4.2 |
Éadaí a dheisiú agus a fháil ar cíos |
03.2 |
Coisbheart |
03.2.1 |
Bróga agus coisbheart eile |
03.2.1.1 |
Coisbheart d'fhir |
03.2.1.2 |
Coisbheart do mhná |
03.2.1.3 |
Coisbheart do naíonáin agus do leanaí |
03.2.2 |
Coisbheart a dheisiú agus a fháil ar cíos |
03.2.2.0 |
Coisbheart a dheisiú agus a fháil ar cíos |
04 |
TITHÍOCHT, UISCE, LEICTREACHAS, GÁS AGUS BREOSLAÍ EILE |
04.1 |
Cíosanna iarbhír tithíochta |
04.1.1 |
Cíosanna iarbhír a íocann tionóntaí |
04.1.1.0 |
Cíosanna iarbhír a íocann tionóntaí |
04.1.2 |
Cíosanna iarbhír eile |
04.1.2.1 |
Cíosanna iarbhír a íocann tionóntaí as áiteanna cónaithe tánaisteacha |
04.1.2.2 |
Cíosanna garáiste agus cíosanna eile a íocann tionóntaí |
04.2 |
Cíosanna barúlacha tithíochta |
04.2.1 |
Cíosanna barúlacha úinéirí-áititheoirí |
04.2.1.0 |
Cíosanna barúlacha úinéirí-áititheoirí |
04.2.2 |
Cíosanna barúlacha eile |
04.2.2.0 |
Cíosanna barúlacha eile |
04.3 |
An teaghais a chothabháil agus a dheisiú |
04.3.1 |
Ábhair chun an teaghais a chothabháil agus a dheisiú |
04.3.1.0 |
Ábhair chun an teaghais a chothabháil agus a dheisiú |
04.3.2 |
Ábhair chun an teaghais a chothabháil agus a dheisiú |
04.3.2.1 |
Seirbhísí pluiméirí |
04.3.2.2 |
Seirbhísí leictreoirí |
04.3.2.3 |
Seirbhísí cothabhála do chórais téimh |
04.3.2.4 |
Seirbhísí péintéirí |
04.3.2.5 |
Seirbhísí siúinéirí |
04.3.2.9 |
Seirbhísí eile do chothabháil agus do dheisiú na teaghaise |
04.4 |
Soláthar uisce agus seirbhísí ilghnéitheacha a bhaineann leis an teaghais |
04.4.1 |
Soláthar uisce |
04.4.1.0 |
Soláthar uisce |
04.4.2 |
Bailiú bruscair |
04.4.2.0 |
Bailiú bruscair |
04.4.3 |
Bailiú séarachais |
04.4.3.0 |
Bailiú séarachais |
04.4.4 |
Seirbhísí eile a bhaineann leis an teaghais g.a.e. |
04.4.4.1 |
Táillí cothabhála i bhfoirgnimh il-áitithe |
04.4.4.2 |
Seirbhísí slándála |
04.4.4.9 |
Seirbhísí eile a bhaineann le teaghais |
04.5 |
Leictreachas, gás agus breoslaí eile |
04.5.1 |
Leictreachas |
04.5.1.0 |
Leictreachas |
04.5.2 |
Gás |
04.5.2.1 |
Gás nádúrtha agus gás baile |
04.5.2.2 |
Hidreacarbóin leachtaithe (bútán, própán, etc.) |
04.5.3 |
Breoslaí leachtacha |
04.5.3.0 |
Breoslaí leachtacha |
04.5.4 |
Breoslaí soladacha |
04.5.4.1 |
Gual |
04.5.4.9 |
Breoslaí soladacha eile |
04.5.5 |
Fuinneamh teasa |
04.5.5.0 |
Fuinneamh teasa |
05 |
FEARASTUITHE TÍ, TREALAMH TÍ AGUS GNÁTHCHOTHABHÁIL TÍ |
05.1 |
Troscán agus fearastuithe, cairpéid agus clúdaigh urláir eile |
05.1.1 |
Troscán agus fearastuithe |
05.1.1.1 |
Troscán tí |
05.1.1.2 |
Troscán gairdín |
05.1.1.3 |
Trealamh soilsiúcháin |
05.1.1.9 |
Troscán eile agus fearastuithe |
05.1.2 |
Cairpéid agus clúdaigh urláir eile |
05.1.2.1 |
Cairpéid agus rugaí |
05.1.2.2 |
Clúdaigh urláir eile |
05.1.2.3 |
Seirbhísí chun cairpéid fheistithe agus clúdaigh urláir a leagan |
05.1.3 |
Troscán, fearastuithe agus clúdaigh urláir a dheisiú |
05.1.3.0 |
Troscán, fearastuithe agus clúdaigh urláir a dheisiú |
05.2 |
Teicstílí tí |
05.2.0 |
Teicstílí tí |
05.2.0.1 |
Fabraicí agus cuirtíní fearastaithe |
05.2.0.2 |
Éadaí leapa |
05.2.0.3 |
Éadach boird agus seomra folctha |
05.2.0.4 |
Teicstílí tí a dheisiú |
05.2.0.9 |
Teicstílí tí eile |
05.3 |
Fearais tí |
05.3.1 |
Mórfhearais tí idir leictreach agus eile |
05.3.1.1 |
Cuisneoirí, reoiteoirí agus cuisneoirí-reoiteoirí |
05.3.1.2 |
Meaisíní níocháin éadaí, triomadóirí éadaí agus miasniteoirí |
05.3.1.3 |
Cócaireáin |
05.3.1.4 |
Téitheoirí, aerchóiritheoirí |
05.3.1.5 |
Trealamh glanta |
05.3.1.9 |
Mórfhearais tí eile |
05.3.2 |
Mionfhearais leictreacha tí |
05.3.2.1 |
Fearais próiseála bia |
05.3.2.2 |
Meaisíní caife, déantóirí tae agus fearais den chineál céanna |
05.3.2.3 |
Iarainn |
05.3.2.4 |
Tóstaeir agus gríoscáin |
05.3.2.9 |
Mionfhearais leictreacha tí eile |
05.3.3 |
Fearais tí a dheisiú |
05.3.3.0 |
Fearais tí a dheisiú |
05.4 |
Earraí gloine, earraí boird agus acraí tí |
05.4.0 |
Earraí gloine, earraí boird agus acraí tí |
05.4.0.1 |
Earraí gloine, earraí criostail, earraí ceirmeacha agus earraí poircealláin |
05.4.0.2 |
Sceanra, earraí boird agus earraí airgid |
05.4.0.3 |
Uirlisí agus earraí neamhleictreacha cistine |
05.4.0.4 |
Earraí gloine, earraí boird agus acraí tí a dheisiú |
05.5 |
Uirlisí agus trealamh tí agus gairdín |
05.5.1 |
Móruirlisí agus mórthrealamh |
05.5.1.1 |
Móruirlisí leictreacha agus mórthrealamh mótair leictreach |
05.5.1.2 |
Uirlisí móra agus trealamh a dheisiú, a léasú agus chur amach ar cíos |
05.5.2 |
Mionuirlisí agus ilghabhálais |
05.5.2.1 |
Uirlisí beaga neamhleictreacha |
05.5.2.2 |
Gabhálais ilghnéitheacha d'uirlisí beaga |
05.5.2.3 |
Uirlisí beaga neamhleictreacha agus gabhálais ilghnéitheacha a dheisiú |
05.6 |
Earraí agus seirbhísí gnáthchothabhála tí |
05.6.1 |
Earraí neamh-mharthanacha tí |
05.6.1.1 |
Táirgí glantacháin agus cothabhála |
05.6.1.2 |
Earraí tí beaga neamh-mharthanacha eile |
05.6.2 |
Seirbhísí tís agus seirbhísí tí |
05.6.2.1 |
Seirbhísí tís ag foireann atá á híoc |
05.6.2.2 |
Seirbhísí glantacháin |
05.6.2.3 |
Troscán agus fearastuithe a fháil ar cíos |
05.6.2.9 |
Seirbhísí tís agus seirbhísí tí eile |
06 |
SLÁINTE |
06.1 |
Táirgí, fearais agus trealamh leighis |
06.1.1 |
Táirgí cógaisíochta |
06.1.1.0 |
Táirgí cógaisíochta |
06.1.2 |
Táirgí eile leighis |
06.1.2.1 |
Tástálacha le haghaidh toirchis agus feistí frithghiniúna meicniúla |
06.1.2.9 |
Táirgí eile leighis g.a.e. |
06.1.3 |
Fearais agus trealamh teiripe |
06.1.3.1 |
Spéaclaí súl ceartaitheacha agus lionsaí tadhaill |
06.1.3.2 |
Áiseanna éisteachta |
06.1.3.3 |
Fearas agus trealamh teiripeach a dheisiú |
06.1.3.9 |
Fearais agus trealamh teiripe eile |
06.2 |
Seirbhísí d'othair sheachtracha |
06.2.1 |
Seirbhísí leighis |
06.2.1.1 |
Cleachtadh ginearálta |
06.2.1.2 |
Cleachtadh speisialaithe |
06.2.2 |
Seirbhísí déidliachta |
06.2.2.0 |
Seirbhísí déidliachta |
06.2.3 |
Seirbhísí paraimhíochaine |
06.2.3.1 |
Seirbhísí saotharlann anailíse leighis agus ionaid X-ghathaithe |
06.2.3.2 |
Folcthaí teirmeacha, teiripe gleacaíochta cheartaitheach, seirbhísí otharchairr agus trealamh teiripeach a fháil ar cíos |
06.2.3.9 |
Seirbhísí paraimhíochaine eile |
06.3 |
Seirbhísí ospidéil |
06.3.0 |
Seirbhísí ospidéil |
06.3.0.0 |
Seirbhísí ospidéil |
07 |
IOMPAR |
07.1 |
Feithiclí a cheannach |
07.1.1 |
Gluaisteáin |
07.1.1.1 |
Gluaisteáin nua |
07.1.1.2 |
Gluaisteáin athláimhe |
07.1.2 |
Gluaisrothair |
07.1.2.0 |
Gluaisrothair |
07.1.3 |
Rothair |
07.1.3.0 |
Rothair |
07.1.4 |
Feithiclí ainmhí-tharraingthe |
07.1.4.0 |
Feithiclí ainmhí-tharraingthe |
07.2 |
Oibriú trealaimh iompair phearsanta |
07.2.1 |
Páirteanna breise agus ilghabhálais do threalamh iompair phearsanta |
07.2.1.1 |
Boinn |
07.2.1.2 |
Páirteanna breise do threalamh iompair phearsanta |
07.2.1.3 |
Gabháltais do threalamh iompair phearsanta |
07.2.2 |
Breoslaí agus bealaí do threalamh iompair phearsanta |
07.2.2.1 |
Díosal |
07.2.2.2 |
Peitreal |
07.2.2.3 |
Breoslaí eile do threalamh iompair phearsanta |
07.2.2.4 |
Bealaí |
07.2.3 |
Trealaimh iompair phearsanta a chothabháil agus a dheisiú |
07.2.3.0 |
Trealaimh iompair phearsanta a chothabháil agus a dheisiú |
07.2.4 |
Seirbhísí eile a bhaineann le trealamh iompair phearsanta |
07.2.4.1 |
Garáistí, spásanna páirceála agus trealamh iompair phearsanta a fháil ar cíos |
07.2.4.2 |
Saoráidí dola agus méadair pháirceála |
07.2.4.3 |
Ceachtanna tiomána, tástálacha, ceadúnais agus trialacha ródacmhainneachta |
07.3 |
Seirbhísí iompair |
07.3.1 |
Iompar paisinéirí d'iarnród |
07.3.1.1 |
Iompar paisinéirí d'iarnród |
07.3.1.2 |
Iompar paisinéirí faoi thalamh agus de thram |
07.3.2 |
Iompar paisinéirí de bhóthar |
07.3.2.1 |
Iompar paisinéirí de bhus agus de chóiste |
07.3.2.2 |
Iompar paisinéirí de thacsaí agus de charr ar cíos fara tiománaí |
07.3.3 |
Iompar paisinéirí d'aer |
07.3.3.1 |
Eitiltí intíre |
07.3.3.2 |
Eitiltí idirnáisiúnta |
07.3.4 |
Iompar paisinéirí ar muir agus ar uiscebhealach intíre |
07.3.4.1 |
Iompar paisinéirí ar muir |
07.3.4.2 |
Iompar paisinéirí ar uiscebhealach intíre |
07.3.5 |
Comhiompar paisinéirí |
07.3.5.0 |
Comhiompar paisinéirí |
07.3.6 |
Seirbhísí iompair eile a cheannaítear |
07.3.6.1 |
Iompar d'iarnród cáblach, de chábla-charr agus de chathaoir-ardaitheoir |
07.3.6.2 |
Seirbhísí aistrithe agus stórála |
07.3.6.9 |
Seirbhísí iompair eile a cheannaítear g.a.e. |
08 |
CUMARSÁID |
08.1 |
Seirbhísí poist |
08.1.0 |
Seirbhísí poist |
08.1.0.1 |
Seirbhísí láimhseála litreacha |
08.1.0.9 |
Seirbhísí eile poist |
08.2 |
Trealamh teileafóin agus facs |
08.2.0 |
Trealamh teileafóin agus facs |
08.2.0.1 |
Trealamh teileafóin sheasta |
08.2.0.2 |
Trealamh teileafóin shoghluaiste |
08.2.0.3 |
Trealamh teileafóin eile agus trealamh facs |
08.2.0.4 |
Trealamh teileafón nó facs a dheisiú |
08.3 |
Seirbhísí teileafóin agus facs |
08.3.0 |
Seirbhísí teileafóin agus facs |
08.3.0.1 |
Seirbhísí teileafóin sreangaithe |
08.3.0.2 |
Seirbhísí teileafóin gan sreang |
08.3.0.3 |
Seirbhísí um rochtain ar an idirlíon a sholáthar |
08.3.0.4 |
Seirbhísí teileachumarsáide cuachta |
08.3.0.5 |
Seirbhísí eile tarchuir faisnéise |
09 |
ÁINEAS AGUS CULTÚR |
09.1 |
Trealamh closamhairc, grianghrafadóireachta agus próiseála faisnéise |
09.1.1 |
Trealamh chun fuaim agus pictiúr a ghlacadh, a thaifeadadh agus a atáirgeadh |
09.1.1.1 |
Trealamh chun fuaim a ghlacadh, a thaifeadadh agus a atáirgeadh |
09.1.1.2 |
Trealamh chun fuaim agus pictiúr a ghlacadh, a thaifeadadh agus a atáirgeadh |
09.1.1.3 |
Feistí fuaime agus físe iniompartha |
09.1.1.9 |
Trealamh eile chun fuaim agus pictiúr a ghlacadh, a thaifeadadh agus a atáirgeadh |
09.1.2 |
Trealamh grianghrafadóireachta agus cineamatagrafach agus uirlisí optúla |
09.1.2.1 |
Ceamaraí |
09.1.2.2 |
Gabhálais do threalamh grianghrafadóireachta agus cineamatagrafach |
09.1.2.3 |
Ionstraimí optúla |
09.1.3 |
Trealamh próiseála faisnéise |
09.1.3.1 |
Ríomhairí pearsanta |
09.1.3.2 |
Gabhálais do threalamh próiseála faisnéise |
09.1.3.3 |
Bogearraí |
09.1.3.4 |
Áireamháin agus trealamh próiseála faisnéise eile |
09.1.4 |
Meáin taifeadta |
09.1.4.1 |
Meáin taifeadta réamhthaifeadta |
09.1.4.2 |
Meáin taifeadta neamhthaifeadta |
09.1.4.9 |
Meáin taifeadta eile |
09.1.5 |
Trealamh closamhairc, grianghrafadóireachta agus próiseála faisnéise a dheisiú |
09.1.5.0 |
Trealamh closamhairc, grianghrafadóireachta agus próiseála faisnéise a dheisiú |
09.2 |
Mórearraí marthanacha eile áineasa agus cultúir |
09.2.1 |
Mórearraí marthanacha áineasa faoin aer |
09.2.1.1 |
Veaineanna campála, carbháin agus leantóirí |
09.2.1.2 |
Eitleáin, mionaerárthaí, faoileoirí, faoileoirí crochta agus balúin the |
09.2.1.3 |
Báid, mótair transaim agus feistiú bád |
09.2.1.4 |
Capaill, capaillíní agus gabhálais |
09.2.1.5 |
Earraí móra le haghaidh cluichí agus spóirt |
09.2.2 |
Uirlisí ceoil agus mórearraí marthanacha áineasa faoi dhíon |
09.2.2.1 |
Uirlisí ceoil |
09.2.2.2 |
Mórearraí marthanacha áineasa faoi dhíon |
09.2.3 |
Mórearraí marthanacha eile áineasa agus cultúir a chothabháil agus a dheisiú |
09.2.3.0 |
Mórearraí marthanacha eile áineasa agus cultúir a chothabháil agus a dheisiú |
09.3 |
Earraí agus trealamh eile áineasa, gairdíní agus peataí |
09.3.1 |
Cluichí, bréagáin agus sainchaitheamh aimsire |
09.3.1.1 |
Cluichí agus sainchaitheamh aimsire |
09.3.1.2 |
Bréagáin agus earraí ceiliúrtha |
09.3.2 |
Trealamh spóirt, campála agus áineasa faoin aer |
09.3.2.1 |
Trealamh spóirt |
09.3.2.2 |
Trealamh campála agus áineasa faoin aer |
09.3.2.3 |
Trealamh spóirt, campála agus áineasa faoin aer a dheisiú |
09.3.3 |
Gairdíní, plandaí agus bláthanna |
09.3.3.1 |
Táirgí gairdíní |
09.3.3.2 |
Plandaí agus bláthanna |
09.3.4 |
Peataí agus táirgí a bhaineann leo |
09.3.4.1 |
Peataí a cheannach |
09.3.4.2 |
Táirgí do pheataí |
09.3.5 |
Seirbhísí tréidliachta agus seirbhísí eile do pheataí |
09.3.5.0 |
Seirbhísí tréidliachta agus seirbhísí eile do pheataí |
09.4 |
Seirbhísí áineasa agus cultúrtha |
09.4.1 |
Seirbhísí áineasa agus spóirt |
09.4.1.1 |
Seirbhísí áineasa agus spóirt — Tinreamh |
09.4.1.2 |
Seirbhísí áineasa agus spóirt — Rannpháirteachas |
09.4.2 |
Seirbhísí cultúrtha |
09.4.2.1 |
Pictiúrlanna, amharclanna, ceolchoirmeacha |
09.4.2.2 |
Iarsmalanna, leabharlanna, gairdíní zó-eolaíochta |
09.4.2.3 |
Táillí teilifíse agus ceadúnais raidió, síntiúis |
09.4.2.4 |
Trealamh agus oiriúintí don chultúr a fháil ar cíos |
09.4.2.5 |
Seirbhísí grianghrafadóireachta |
09.4.2.9 |
Seirbhísí cultúrtha eile |
09.4.3 |
Cluichí seansúlachta |
09.4.3.0 |
Cluichí seansúlachta |
09.5 |
Nuachtáin, leabhair agus stáiseanóireacht |
09.5.1 |
Leabhair |
09.5.1.1 |
Leabhair ficsin |
09.5.1.2 |
Téacsleabhair oideachais |
09.5.1.3 |
Leabhair neamhfhicsin eile |
09.5.1.4 |
Seirbhísí ceangail agus íoslódáil ríomhleabhar |
09.5.2 |
Nuachtáin agus tréimhseacháin |
09.5.2.1 |
Nuachtáin |
09.5.2.2 |
Irisí agus tréimhseacháin |
09.5.3 |
Ábhar clóite ilghnéitheach |
09.5.3.0 |
Ábhar clóite ilghnéitheach |
09.5.4 |
Stáiseanóireacht agus ábhair líníochta |
09.5.4.1 |
Táirgí páipéir |
09.5.4.9 |
Ábhar eile stáiseanóireachta agus líníochta |
09.6 |
Saoire láneagraithe |
09.6.0 |
Saoire láneagraithe |
09.6.0.1 |
Saoire láneagraithe sa bhaile |
09.6.0.2 |
Saoire láneagraithe idirnáisiúnta |
10 |
OIDEACHAS |
10.1 |
Oideachas réamhscoile agus bunscoile |
10.1.0 |
Oideachas réamhscoile agus bunscoile |
10.1.0.1 |
Oideachas réamh-bhunscoile (ISCED-97 leibhéal 0) |
10.1.0.2 |
Bunoideachas (ISCED-97 leibhéal 1) |
10.2 |
Oideachas meánscoile |
10.2.0 |
Oideachas meánscoile |
10.2.0.0 |
Oideachas meánscoile |
10.3 |
Oideachas iar-mheánscoile neamhthreasach |
10.3.0 |
Oideachas iar-mheánscoile neamhthreasach |
10.3.0.0 |
Oideachas iar-bhunscoile neamhthreasach (ISCED-97 leibhéal 4) |
10.4 |
Oideachas treasach |
10.4.0 |
Oideachas treasach |
10.4.0.0 |
Oideachas treasach |
10.5 |
Oideachas nach féidir a shainmhíniú de réir leibhéil |
10.5.0 |
Oideachas nach féidir a shainmhíniú de réir leibhéil |
10.5.0.0 |
Oideachas nach féidir a shainmhíniú de réir leibhéil |
11 |
BIALANNA AGUS ÓSTÁIN |
11.1 |
Seirbhísí lónadóireachta |
11.1.1 |
Bialanna, caiféanna agus a leithéid |
11.1.1.1 |
Bialanna, caiféanna agus ionaid damhsa |
11.1.1.2 |
Mearbhia agus seirbhísí bia beir leat |
11.1.2 |
Ceaintíní |
11.1.2.0 |
Ceaintíní |
11.2 |
Seirbhísí cóiríochta |
11.2.0 |
Seirbhísí cóiríochta |
11.2.0.1 |
Óstáin, carr-óstáin, óstaí agus seirbhísí cóiríochta cosúla |
11.2.0.2 |
Ionaid saoire, láithreáin champála, brúnna óige agus seirbhísí cóiríochta cosúla |
11.2.0.3 |
Seirbhísí cóiríochta ar bhunaíochtaí eile |
12 |
EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ ILGHNÉITHEACHA |
12.1 |
Cúram pearsanta |
12.1.1 |
Gruagairí agus bunaíochtaí grúmaeireachta pearsanta |
12.1.1.1 |
Gruagaireacht d'fhir agus do leanaí |
12.1.1.2 |
Gruagaireacht do mhná |
12.1.1.3 |
Cóireálacha grúmaeireachta pearsanta |
12.1.2 |
Fearais leictreacha le haghaidh cúram pearsanta |
12.1.2.1 |
Fearais leictreacha le haghaidh cúram pearsanta |
12.1.2.2 |
Fearais leictreacha le haghaidh cúram pearsanta a dheisiú |
12.1.3 |
Fearais, earraí agus táirgí eile le haghaidh cúram pearsanta |
12.1.3.1 |
Fearais neamhleictreacha |
12.1.3.2 |
Earraí le haghaidh sláinteachas pearsanta agus folláine, táirgí speisialaithe agus táirgí áilleachta |
12.2 |
Striapachas |
12.2.0 |
Striapachas |
12.2.0.0 |
Striapachas |
12.3 |
Earraí pearsanta g.a.e. |
12.3.1 |
Seodra, cloig agus uaireadóirí |
12.3.1.1 |
Seodra |
12.3.1.2 |
Cloig agus uaireadóirí |
12.3.1.3 |
Seodra, cloig agus uaireadóirí a dheisiú |
12.3.2 |
Earraí pearsanta eile |
12.3.2.1 |
Earraí taistil |
12.3.2.2 |
Earraí le haghaidh naíonán |
12.3.2.3 |
Earraí pearsanta eile a dheisiú |
12.3.2.9 |
Earraí pearsanta eile g.a.e. |
12.4 |
Cosaint shóisialta |
12.4.0 |
Cosaint shóisialta |
12.4.0.1 |
Seirbhísí cúraim leanaí |
12.4.0.2 |
Tithe scoir do dhaoine scothaosta agus tithe cónaithe do dhaoine faoi mhíchumas |
12.4.0.3 |
Seirbhísí chun daoine a choinneáil ina dtithe príobháideacha |
12.4.0.4 |
Comhairleoireacht |
12.5 |
Árachas |
12.5.1 |
Árachas saoil |
12.5.1.0 |
Árachas saoil |
12.5.2 |
Árachas a bhaineann leis an teaghais |
12.5.2.0 |
Árachas a bhaineann leis an teaghais |
12.5.3 |
Árachas a bhaineann le sláinte |
12.5.3.1 |
Árachas poiblí a bhaineann le sláinte |
12.5.3.2 |
Árachas príobháideach a bhaineann le sláinte |
12.5.4 |
Árachais a bhaineann le hiompar |
12.5.4.1 |
Árachas mótarfheithiclí |
12.5.4.2 |
Árachas taistil |
12.5.5 |
Árachas eile |
12.5.5.0 |
Árachas eile |
12.6 |
Seirbhísí airgeadais g.a.e. |
12.6.1 |
SIATI |
12.6.1.0 |
SIATI |
12.6.2 |
Seirbhísí airgeadais eile g.a.e. |
12.6.2.1 |
Muirir bainc agus oifigí poist |
12.6.2.2 |
Táillí agus muirir seirbhíse bróicéirí, comhairleoirí infheistíochta |
12.7 |
Seirbhísí eile g.a.e. |
12.7.0 |
Seirbhísí eile g.a.e. |
12.7.0.1 |
Táillí riaracháin |
12.7.0.2 |
Seirbhísí dlí agus cuntasaíocht |
12.7.0.3 |
Seirbhísí sochraide |
12.7.0.4 |
Táillí agus seirbhísí eile |
IARSCRÍBHINN II
Tábla comhghaoil
Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 |
An Rialachán seo |
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
Airteagal 2, agus (a) |
Airteagal 2, pointe (6) |
Airteagal 2, agus (b) |
— |
Airteagal 2, agus (c) |
— |
Airteagal 3 |
Airteagal 3(10) agus (3) |
Airteagal 4 |
Airteagal 4(1), (2) agus (4) |
Airteagal 5(1)(b) |
Airteagal 5(5) agus (6) |
Airteagal 5(3) |
Airteagal 4(4) |
Airteagal 6 |
Airteagal 5(1) agus (2) |
Airteagal 7 |
Airteagal 5(3) |
Airteagal 8 |
Airteagal 6(1), (3) agus (4) |
Airteagal 9 |
Airteagal 3(1), (2) agus (6) |
Airteagal 10 |
Airteagal 7(1) |
Airteagal 11 |
— |
Airteagal 12 |
Airteagal 9(2) |
Airteagal 13 |
— |
Airteagal 14 |
Airteagal 11 |
Airteagal 15 |
— |
Airteagal 16 |
Airteagal 13 |