This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32015R0937
Regulation (EU) 2015/937 of the European Parliament and of the Council of 9 June 2015 repealing Council Regulation (EEC) No 3030/93 on common rules for imports of certain textile products from third countries
Rialachán (AE) 2015/937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha
Rialachán (AE) 2015/937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha
IO L 160, 25.6.2015, p. 55–56
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 26/06/2015
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Repeal | 31993R3030 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 31994R3289 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 31996R1410 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 31996R2231 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 31996R2315 | Aisghairm pháirteach | airteagal 1 pointe 2 | 26/06/2015 | |
Implicit repeal | 31997R0447 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 31997R0824 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 31998R0339 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 31998R0856 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 31998R1053 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 31999R1072 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32000R1591 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32000R2474 | Aisghairm pháirteach | airteagal 1 pointe 1 | 26/06/2015 | |
Implicit repeal | 32001R0391 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32001R1809 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32002R0027 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32002R0797 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32002R2344 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32003R0138 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32004R0260 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32004R0487 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32004R1627 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32005R0930 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32005R1084 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32005R1478 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32006R0035 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32007R0054 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32008R0139 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32008R0502 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32008R1328 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32009R1259 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32010R0379 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32010R1160 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32011R0955 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32011R1321 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32012R1164 | 26/06/2015 | |||
Implicit repeal | 32014R0038 | Aisghairm pháirteach | iarscríbhinn pointe 1 | 26/06/2015 |
25.6.2015 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
L 160/55 |
RIALACHÁN (AE) 2015/937 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Meitheamh 2015
lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Tháinig Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 (2) ón gComhairle i bhfeidhm an 9 Samhain 1993 agus cuireadh i bhfeidhm é amhail ón 1 Eanáir 1993. |
(2) |
An 22 Lúnasa 2012, d'aontaigh Cónaidhm na Rúise aontachas don Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Mar thoradh air sin, bhí Poblacht na Seirbia ar an tír dheireanach a raibh comhaontú déthaobhach maidir le trádáil i dteicstílí ag an Aontas Eorpach léi. |
(3) |
An 29 Aibreán 2008, síníodh an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile (3). Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2013. |
(4) |
An 1 Feabhra 2010, tháinig an Comhaontú Eatramhach maidir le trádáil agus ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile (4) i bhfeidhm. Ó shin i leith, ní raibh feidhm ag Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 maidir le hallmhairí ón tSeirbia a thuilleadh. |
(5) |
Chuaigh Teideal I de Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 (5) ón gComhairle in éag an 11 Nollaig 2013. Dá bhrí sin, tá an fhéidearthacht bearta cosanta a fhorchur tríd an sásra sin imithe in éag. |
(6) |
Ar chúiseanna deimhneachta dhlíthiúil, ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 a aisghairm, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Meitheamh 2015.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA
(1) Seasamh ó Pharlamint na hEorpa an 29 Aibreán 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Bealtaine 2015.
(2) Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1993 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha (IO L 275, 8.11.1993, lch. 1).
(3) IO L 278, 18.10.2013, lch. 16.
(4) IO L 28, 30.1.2010, lch. 2.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 ón gComhairle an 3 Márta 2003 maidir le sásra cosanta idirthréimhseach atá sonrach ó thaobh an táirge de d'allmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 519/94 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 65, 8.3.2003, lch. 1).