EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015D1892

Cinneadh (AE) 2015/1892 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 lena bhformheastaran Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh, arna thabhairt i gcrích ag an gCoimisiún Eorpach, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

IO L 279, 23.10.2015, p. 3–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO L 279, 23.10.2015, p. 42–42 (GA)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 23/10/2015

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/1892/oj

Related international agreement

23.10.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

42


CINNEADH (AE) 2015/1892 ÓN gCOMHAIRLE

an 1 Deireadh Fómhair 2015

lena bhformheastaran Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh, arna thabhairt i gcrích ag an gCoimisiún Eorpach, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe an dara mír d’Airteagal 101 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 24 Meán Fómhair 2012, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, d’fhonn Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (“an Prótacal”), a thabhairt i gcrích.

(2)

Tugadh an chaibidlíocht sin i gcrích go rathúil agus d’fhormheas Rialtas Phoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine an Prótacal trí mhalartú litreacha an 25 Deireadh Fómhair 2013.

(3)

Ba cheart an Prótacal arna thabhairt i gcrích ag an gCoimisiún a fhormheas a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(4)

Tá síniú agus tabhairt i gcrích an Phrótacail faoi réir nós imeachta ar leith a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo an Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh,arna thabhairt i gcrích ag an gCoimisiún, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

Tá téacs an Phrótacail i gceangal leis an gCinneadh maidir lena shíniú.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a nglacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 1 Deireadh Fómhair 2015.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

É. SCHNEIDER


Top