EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0598

Rialachán (AE) Uimh. 598/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibriúcháin atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt an Aontais faoi Chur Chuige Cothrom agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/30/CE

IO L 173, 12.6.2014, p. 65–78 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/598/oj

12.6.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

65


RIALACHÁN (AE) Uimh. 598/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibriúcháin atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt an Aontais faoi Chur Chuige Cothrom agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/30/CE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bhrí an méid seo a leanas:

(1)

Tá forbairt inbhuanaithe ar cheann de phríomhchuspóirí an chomhbheartais iompair. Éilíonn sí, áfach, cur chuige comhtháite atá dírithe ar fheidhmiú éifeachtach chórais iompair an Aontais agus ar cosaint an chomhshaoil a áirithiú.

(2)

Is gá, i gcás fhorbairt inbhuanaithe an aeriompair, bearta a thabhairt isteach lena ndírítear ar an tionchar torainn ó aerárthaí ag aerfoirt an Aontais a laghdú. Ba cheart go gcuirfí feabhas ar an timpeallacht torainn mórthimpeall aerfoirt an Aontais leis na bearta sin d’fhonn mianach saoil na saoránach in aice láimhe a choinneáil nó a mhéadú agus chun comhoiriúnacht idir gníomhaíochtaí eitlíochta agus limistéir chónaithe a chothú, go háirithe i gcás eitiltí oíche.

(3)

Is le Rún A33/7 ón Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) a thugtar isteach an coincheap “Cur Chuige Cothrom” maidir le bainistiú torainn (Cur Chuige Cothrom) agus bunaíonn sé modh comhsheasmhach chun aghaidh a thabhairt ar thorann aerárthaí. Ba cheart go mbeadh an Cur Chuige Cothrom mar bhunús i gcónaí le rialáil torainn in earnáil na heitlíochta, mar bhrainse de thionscal domhanda. Sa Chur Chuige Cothrom aithnítear an luach a bhaineann le hoibleagáidí dlíthiúla ábhartha, le comhaontuithe reatha, le dlíthe reatha agus le beartais seanbhunaithe, agus ní dhéantar réamhbhreith orthu. Trí rialacha idirnáisiúnta an Chur Chuige Chothroim a chorprú sa Rialachán seo, ba cheart go laghdófaí go suntasach an riosca a bhaineann le díospóidí idirnáisiúnta i gcás ina bhfhéadfadh srianta oibriúcháin atá bainteach le torann difear a dhéanamh d’iompróirí tríú tíortha.

(4)

Cuireadh deireadh leis na haerárthaí is mó torainn de bhun Threoir 2002/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus de bhun Threoir 2006/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ach tá gá le nuashonrú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfar leas a bhaint as bearta maidir le srian oibriúcháin chun na húdaráis a chumasú déileáil leis na haerárthaí is mó torainn atá ann faoi láthair chun an timpeallacht torainn mórthimpeall aerfoirt an Aontais a fheabhsú faoin gcreat idirnáisiúnta um Chur Chuige Cothrom.

(5)

Sa tuarascáil ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2008 dar teideal “Srianta Oibriúcháin i leith Torainn ag Aerfoirt AE”, léiríodh go bhfuil gá ann leithdháileadh na bhfreagrachtaí agus cearta agus oibleagáidí beachta na bpáirtithe leasmhara le linn an phróisis mheasúnaithe torainn a shoiléiriú i dtéacs na Treorach 2002/30/CE lena áirithiú go ndéanfar bearta cost-éifeachtúla a ráthú chun na cuspóirí laghdaithe torainn a ghnóthú i gcomhair gach aerfoirt.

(6)

Cé go gcuirtear teorainn le hacmhainn aerfoirt nuair a thugann na Ballstáit srianta oibriúcháin isteach ag aerfoirt an Aontais ar bhonn gach cáis faoi leith, féadfaidh sin cuidiú leis an timpeallacht torainn mórthimpeall na n-aerfort a fheabhsú. D’fhéadfaí, áfach, iomaíochas a shaobhadh nó d’fhéadfaí cur isteach ar éifeachtúlacht iomlán líonra eitlíochta an Aontais mura n-úsáidtear an acmhainn atá ann cheana go héifeachtúil. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit an cuspóir sonrach maolaithe torainn den Rialachán seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, trí bhíthin rialacha comhchuibhithe maidir leis an bpróiseas chun srianta oibriúcháin a thabhairt isteach mar chuid den phróiseas bainistithe torainn, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Le modh comhchuibhithe den sórt sin, ní fhorchuirtear cuspóirí cáilíochta torainn, a thig i gcónaí ó Threoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) nó ó rialacha nó reachtaíocht ábhartha eile an Aontais laistigh de gach Ballstát, agus ní dhéantar réamhbhreith ar roghnú iarbhír na mbeart.

(7)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le Ballstáit ina bhfuil aerfoirt a bhfuil os cionn 50 000 gluaiseacht aerárthaí sibhialta in aghaidh gach bliana féilire ann agus nuair atáthar ag smaoineamh faoi shrianta oibriúcháin atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag an aerfort sin.

(8)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haerárthaí atá in úsáid san eitlíocht shibhialta. Níor cheart go mbeadh feidhm aige maidir le haerárthaí amhail aerárthaí míleata ná aerárthaí a thugann faoi oibriúcháin chustaim, phóilíneachta ná lucht múchta tine. Thairis sin, ba cheart oibriúcháin éagsúla de chineál eisceachtúil, amhail eitiltí ar mhaithe le cúiseanna daonnúla práinneacha, eitiltí cuardaigh agus tarrthála in am práinne, ar mhaithe le cúnamh míochaine, agus fóirithint anachaine a dhíolmhú ón Rialachán seo.

(9)

Cé gur cheart go ndéanfaí measúnú rialta ar thorann i gcomhréir le Treoir 2002/49/CE, níor cheart go mbeadh na measúnuithe sin ina mbunús le bearta breise laghdaithe torainn ach amháin murar leor na bearta maolaitheacha torainn atá ann cheana chun na cuspóirí laghdaithe torainn a ghnóthú, agus forbairt a bhfuiltear ag súil léi ag aerfoirt á cur san áireamh. Maidir le haerfoirt ina sainaithnítear go bhfuil fadhb torainn iontu, ba cheart bearta breise maidir le maolú torainn a shainaithint i gcomhréir le modheolaíocht “Cur Chuige Cothrom” na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta. Chun a áirithiú go gcuirtear an Cur Chuige Cothrom i bhfeidhm go forleathan laistigh den Aontas, moltar a úsáid aon uair a mheasann an Ballstát aonair lena mbaineann gur leordhóthanach é, fiú lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Níor cheart srianta oibriúcháin a bhaineann le torann a thabhairt isteach ach amháin nuair nach leor bearta eile faoi “Chur Chuige Cothrom” chun na cuspóirí sonracha um maolú torainn a bhaint amach.

(10)

Cé go dtugann anailís chostais-sochair léargas ar an éifeacht iomlán ar an leas eacnamaíoch trí na costais agus na sochair a chur i gcomparáid, tá an measúnú ar éifeachtúlacht costais dírithe ar chuspóir áirithe a ghnóthú sa tslí is cost-éifeachtúla, agus ní chuirtear ach na costais i gcomparáid. Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo cosc ar Bhallstáit ó anailís chostais-sochair a úsáid nuair is iomchuí.

(11)

Is gá tábhacht na ngnéithe sláinte a aithint i ndáil le fadhbanna torainn, agus tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfí na gnéithe sin san áireamh go comhsheasmhach ag na haerfoirt go léir nuair a bhíonn cinneadh i ndáil le cuspóirí um maolú torainn á dhéanamh, agus rialacha comhchoiteanna an Aontais sa réimse sin á gcur san áireamh. Mar sin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar ghnéithe sláinte i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir le meastóireacht ar éifeachtaí torainn.

(12)

Ba cheart go mbeadh measúnuithe torainn bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus intomhaiste atá i gcoiteann ag na Ballstáit go léir agus ba cheart go mbeidís mar fhorbairt ar an bhfaisnéis atá ann cheana, amhail faisnéis a eascraíonn as Treoir 2002/49/CE a chur chun feidhme. Ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis sin iontaofa, go bhfaighfear í ar bhealach trédhearcach agus go mbeidh rochtain ag údaráis inniúla agus ag geallsealbhóirí uirthi. Ba cheart do na húdaráis inniúla na huirlisí faireacháin ábhartha riachtanacha a chur i bhfeidhm.

(13)

An t-údarás inniúil a bheidh freagrach as srianta oibriúcháin a bhaineann le torann a ghlacadh, ba cheart é a bheith neamhspleách ar aon eagraíocht a bhaineann le hoibriú an aerfoirt, le haeriompar nó le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta, nó a dhéanann ionadaíocht dá leasa siúd agus ar na daoine a chónaíonn i gcomharsanacht an aerfoirt. Níor cheart tuiscint ón méid sin gur gá do na Ballstáit a struchtúir riaracháin nó a nósanna imeachta cinnteoireachta a mhodhnú.

(14)

Aithnítear gur shocraigh na Ballstáit ar shrianta oibriúcháin atá bainteach le torann i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta a bhunaítear ar mhodhanna meastóireachta torainn atá aitheanta ar bhonn náisiúnta, agus d’fhéadfadh sé nach bhfuil siad iomlán comhsheasmhach leis an modh a thuairiscítear i dTuarascáil na Comhdhála Eorpaí um Eitlíocht Shibhialta (ECAC) Doiciméad 29 dar teideal “Modh caighdeánach chun Comhrianta Torainn a Ríomh Mórthimpeall Aerfort Sibhialta” (Doic. 29 ECAC) agus nach n-úsáidtear an fhaisnéis atá aitheanta go hidirnáisiúnta maidir le feidhmíocht torainn aerárthaí iontu. Mar sin féin, ba cheart éifeachtúlacht agus éifeachtacht sriain oibriúcháin atá bainteach le torann a mheasúnú i gcomhréir leis na modhanna a leagtar síos i nDoiciméad 29 ECAC agus leis an gCur Chuige Cothrom. Dá réir sin, ba cheart do na Ballstáit a measúnuithe ar shrianta oibriúcháin sa reachtaíocht náisiúnta a oiriúnú le go mbeidh siad ag teacht go hiomlán le Doiciméad 29 ECAC.

(15)

Ba cheart sainmhíniú nua, níos leithne a thabhairt isteach ar shrianta oibriúcháin ná mar atá i dTreoir 2002/30/CE d’fhonn gurbh fhusa teicneolaíochtaí nua agus cumais oibríochtúla nua na n-aerárthaí agus an treallaimh talún a chur chun feidhme. Agus é sin á chur i bhfeidhm, níor cheart go gcuirfí moill ar chur chun feidhme bearta oibríochtúla lena bhféadfaí éifeacht an torainn a mhaolú gan cur isteach go mór ar acmhainn oibríochtúil an aerfoirt. Níor cheart, dá réir sin, beart mar sin a mheas mar shrian nua oibriúcháin.

(16)

Tríd an bhfaisnéis faoi thorann a lárú, laghdófaí go mór an t-ualach riaracháin ar oibreoirí aerárthaí agus ar oibreoirí aerfoirt. Is ar leibhéal an aerfoirt aonair a sholáthraítear agus a bhainistítear an fhaisnéis sin faoi láthair. Is gá na sonraí seo a chur ar fáil d’oibreoirí aerfort agus d’aerfort chun críocha oibríochtúla. Tá sé tábhachtach bunachar sonraí Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (an Ghníomhaireacht) a bhaineann le deimhniú feidhmíochta torainn a úsáid mar uirlis bhailíochtaithe in éineacht leis na sonraí ar eitiltí aonair ón Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (Eurocontrol). Iarrtar na sonraí sin go rialta cheana chun críoch lárbhainistithe sreafa, ach níl siad ar fáil faoi láthair don Choimisiún ná don Ghníomhaireacht agus is gá iad a shonrú chun críche an Rialacháin seo agus chun rialáil feidhmíochta a dhéanamh ar bhainistiú aerthráchta. Trí dhea-rochtain a thabhairt ar shonraí samhaltaithe atá bailíochtaithe, a chinnfear i gcomhréir le próisis agus dea-chleachtais a aithnítear ar bhonn idirnáisiúnta, ba cheart go bhfeabhsófaí cáilíocht mhapáil na gcomhrianta torainn in aerfoirt aonair mar thacaíocht le cinntí beartais.

(17)

Chun tionchar gan iarraidh ar shábháilteacht eitlíochta, ar acmhainn aerfoirt agus ar iomaíocht a sheachaint, ba cheart don Choimisiún fógra a thabhairt don údarás inniúil ábhartha má fheictear dó nach ndéantar, leis an bpróiseas a leanadh chun srianta oibriúcháin a thabhairt isteach, ar srianta maidir le torann iad, ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Ba cheart go scrúdódh an t-údarás inniúil ábhartha an fógra ón gCoimisiún agus go gcuirfeadh sé an Coimisiún ar an eolas faoin rún atá aige sula dtugann sé na srianta oibriúcháin isteach.

(18)

D’fhonn an Cur Chuige Cothrom a chur san áireamh, ba cheart a fhoráil go bhféadfaí díolúintí a thabhairt i ndálaí ar leith d’oibreoirí ó thíortha i mbéal forbartha, ós rud é go mbeadh cruatan míchuí i ndán do na hoibreoirí sin d’uireasa na ndíolúintí sin. Tá an tagairt do “thíortha i mbéal forbartha” le tuiscint i bhfianaise an chomhthéacs shonraigh seo ní chuimsítear léi gach tír a dtagrófaí di sa chomhphobal idirnáisiúnta mar thír i mbéal forbartha. Go háirithe, caithfear a áirithiú nach mbeidh na díolúintí sin neamh-chomhoiriúnach le prionsabal an neamh-idirdhealaithe.

(19)

Chun an dul chun cinn leanúnach i dteicneolaíochtaí innill agus aerfhráma a léiriú agus na modhanna a úsáidtear chun comhrianta torainn a mhapáil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún maidir le huasdátú rialta a dhéanamh ar chaighdeáin torainn ó aerárthaí dá dtagraítear sa Rialachán seo agus ar an tagairt do na modhanna deimhniúcháin bainteacha, agus na hathruithe i ndoiciméid ábhartha ICAO á gcur san áireamh más iomchuí, agus uasdátú a dhéanamh ar an modh a úsáidfear d’fhonn comhrianta torainn a ríomh agus na hathruithe i ndoiciméid ábhartha ICAO a chur san áireamh, más iomchuí. Chomh maith leis sin, ba cheart athruithe in Doiciméad 29 ECAC a chur san áireamh freisin do nuashonrúcháin theicniúla, de réir mar is iomchuí, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí mar chuid den obair ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha uile a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(20)

Cé go n-éilítear leis an Rialachán seo go ndéanfaí measúnú rialta ar an gcás maidir le torann sna haerfoirt, ní gá go mbeidh srianta oibriúcháin nua a bhaineann le torann ná athbhreithniú ar na srianta atá ann cheana mar thoradh ar mheasúnú mar sin. Mar sin de, ní cheanglaítear leis an Rialachán seo go ndéanfaí athbhreithniú ar shrianta oibriúcháin a bhaineann le torann atá ar bun ar dháta a theacht i bhfeidhm, lena n-áirítear iad siúd atá mar thoradh ar chinntí cúirte nó próisis idirghabhála áitiúla san áireamh. Leasuithe beaga teicniúla ar bhearta nach ngabhann impleachtaí substainteacha leo ó thaobh acmhainne nó oibríochtaí de, ní mheastar mar shrianta nua oibriúcháin a bhaineann le torann iad.

(21)

I gcás inar cuireadh próiseas comhairliúcháin ar bun sula nglacadh srian oibriúcháin a bhaineann le torann faoi Threoir 2002/30/CE agus i gcás ina bhfuil an próiseas sin fós ar bun ar an dáta a dtiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm, is iomchuí a cheadú go ndéanfar an cinneadh deiridh i gcomhréir le Treoir 2002/30/CE chun an dul chun cinn atá déanta cheana sa phróiseas sin a choimeád.

(22)

I bhfianaise an ghá atá ann an modh measúnaithe torainn a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar mhargadh eitlíochta an Aontais, leagtar síos sa Rialachán seo rialacha coiteanna maidir le srianta oibriúcháin atá bainteach le torann.

(23)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2002/30/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar, cuspóirí agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo, i gcás ina sainaithnítear go bhfuil fadhb thorainn ann, na rialacha atá le leanúint maidir le srianta oibriúcháin a bhaineann le torann a thabhairt isteach ar shlí chomhsheasmhach ar bhonn gach aerfoirt ar leith le go bhfeabhsófar an timpeallacht torainn agus le go dteorannófar nó go laghdófar líon na ndaoine a ndéantar difear suntasach dóibh mar gheall ar an torann ó aerárthaí, lena bhféadfar dochar a dhéanamh dóibh, i gcomhréir leis an gCur Chuige Cothrom.

2.   Is iad na cuspóirí atá leis an Rialachán seo:

(a)

a éascú gur féidir cuspóirí sonracha um maolú torainn a bhaint amach, lena n-áirítear gnéithe sláinte, ar leibhéal na n-aerfort aonair, ag cloí le rialacha ábhartha an Aontais, go háirithe iad siúd a leagtar síos i dTreoir 2002/49/CE, agus leis an reachtaíocht i ngach Ballstát ag an am céanna;

(b)

a chumasú gur féidir na srianta oibriúcháin a roghnú i gcomhréir leis an gCur Chuige Cothrom le gur féidir forbairt inbhuanaithe an aerfoirt agus acmhainn an líonra bainistithe aerthráchta a bhaint amach le dearcadh “geata go geata”.

3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haerárthaí atá in úsáid san eitlíocht shibhialta. Ní bheidh feidhm aige maidir le haerárthaí atá in úsáid i seirbhísí míleata, seirbhísí custaim, seirbhísí póilíneachta, nó in oibríochtaí eile mar sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “aerárthach” aerárthach sciatháin dhobhogtha a bhfuil uasmhais dheimhnithe éirí de thalamh 34 000 kg nó níos mó aige, nó cóiríocht inmheánach uasta dheimhnithe le haghaidh an chineáil aerárthaigh i dtrácht ina bhfuil 19 suíochán paisinéara nó níos mó, gan suíocháin ar don fhoireann amháin iad a áireamh;

(2)

ciallaíonn “aerfort” aerfort ina mbíonn níos mó ná 50 000 gluaiseacht aerárthach sibhialta i ngach bliain féilire (is ionann gluaiseacht agus éirí de thalamh nó tuirlingt), ar bhonn mheánlíon na ngluaiseachtaí sna trí bliana féilire a bhí roimh an measúnú ar thorann a dhéanamh;

(3)

ciallaíonn “Cur Chuige Cothrom” an próiseas a d’fhorbair an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Eitlíocht Shibhialta (ICAO) faoina ndéantar an réimse beart atá ar fáil, eadhon laghdú ar thorann ó aerárthaí ag an bhfoinse, pleanáil agus bainistiú na talamhúsáide, nósanna imeachta oibríochtúla agus srianta oibriúcháin laghdaithe torainn, a mheas ar shlí chomhsheasmhach d’fhonn aghaidh a thabhairt ar fhadhb an torainn ar an tslí is cost-éifeachtúla ar bhonn gach aerfoirt ar leith.

(4)

ciallaíonn “aerárthach lag-chomhlíontach” aerárthach a údaraítear i gcomhréir le teorainneacha a leagtar síos in Imleabhar 1, Cuid II, Caibidil 3 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta a síníodh an 7 Nollaig 1944 (Coinbhinsiún Chicago) le lamháil charnach atá níos lú ná 8 EPNdB (An Torann Inchloiste Iarbhír i nDeicibeilí) le linn idirthréimhse ceithre bliana go dtí an 14 Meitheamh 2020, agus lamháil charnach níos lú ná 10 EPNdB ag deireadh na hidirthréimhse sin nuair is é atá sa lamháil charnach an figiúr atá sloinnte in EPNdB a fuarthas trí na lamhálacha aonair (i.e. na difríochtaí idir an leibhéal deimhnithe torainn agus an leibhéal uasta torainn is incheadaithe) a shuimiú ag gach ceann de na trí phointe thagartha den tomhas torainn mar a shainítear in Imleabhar 1, Cuid II, Caibidil 3 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago;

(5)

ciallaíonn “gníomhaíocht atá bainteach le torann” aon bheart a imríonn tionchar ar an timpeallacht torainn mórthimpeall na n-aerfort, agus a bhfuil feidhm ag prionsabail Chur Chuige Cothrom ICAO maidir leis, lena n-áirítear gníomhaíochtaí eile neamhoibríochtúla lena bhféadfar difear a dhéanamh do líon na ndaoine atá neamhchosanta ar thorann aerárthaí;

(6)

ciallaíonn “srianta oibriúcháin” gníomhaíocht atá bainteach le torann a chuireann srian ar an rochtain ar acmhainn oibríochtúil aerfoirt nó a laghdaíonn í, lena n-áirítear srianta oibriúcháin atá dírithe ar aerárthaí lag-chomhlíontacha a tharraingt siar ó oibríochtaí in aerfoirt áirithe, chomh maith le srianta oibriúcháin de chineál páirteach a bhfuil feidhm acu, mar shampla, go ceann tréimhse ama sainaitheanta i rith an lae nó nach bhfuil infheidhme ach i gcás rúidbhealaí áirithe ag an aerfort.

Airteagal 3

Údaráis inniúla

1.   Déanfaidh Ballstáit, ina bhfuil aerfort dá dtagraítear in Airteagal 2(2) lonnaithe, údarás inniúil amháin, nó níos mó, a ainmniú mar údarás atá freagrach as an bpróiseas a bheidh le leanúint nuair a ghlactar srianta oibriúcháin.

2.   Beidh na húdaráis inniúla neamhspleách ar aon eagraíocht a bhféadfadh gníomhaíocht atá bainteach le torann difear a dhéanamh di. Féadfar an neamhspleáchas sin a bhaint amach trí roinnt na feidhmíochta a úsáid.

3.   Cuirfidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil ainmnithe dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún go tráthúil. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin.

Airteagal 4

Ceart achomhairc

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ann chun achomharc a dhéanamh i gcoinne srianta oibriúcháin arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo os comhar comhlachta achomhairc nach é an t-údarás a ghlac an srian atá faoi chonspóid, i gcomhréir leis an reachtaíocht agus leis na nósanna imeachta náisiúnta.

2.   Cuirfidh an Ballstát, ina bhfuil aerfort amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2) lonnaithe ainm agus seoladh an chomhlachta achomhairc ainmnithe dá dtagraítear i mír 1 nó, nuair is iomchuí, na socruithe a bheidh ann chun deimhniú go n-ainmneofar comhlacht achomhairc in iúl don Choimisiún go tráthúil.

Airteagal 5

Rialacha ginearálta maidir le torann aerárthaí a bhainistiú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar leibhéil torainn a mheas ag aerfort aonair amhail dá dtagraítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 i gcomhréir le Treoir 2002/49/CE.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go nglactar an Cur Chuige Cothrom maidir le torann ó aerárthaí a bhainistiú sna haerfoirt ina sainaithnítear go bhfuil fadhb torainn iontu. Chuige sin, deimhneoidh siad an méid seo a leanas:

(a)

go sainmhínítear cuspóir an aerfoirt sin maidir le torann a mhaolú, agus Airteagal 8 agus Iarscríbhinn V a ghabhann le Threoir 2002/49/CE á gcur san áireamh go cuí;

(b)

go sainaithneofar bearta atá ar fáil chun an tionchar torainn a laghdú;

(c)

go ndéanfar measúnú críochnúil ar chost-éifeachtúlacht dhóchúil na mbeart maolaithe torainn;

(d)

go roghnófar, gan dochar a dhéanamh do ghnéithe sábháilteachta, bearta lena gcuirfear san áireamh leas poiblí i réimse an aeriompair maidir le féidearthachtaí forbartha a n-aerfort;

(e)

go dtéitear i mbun comhairle leis na geallsealbhóirí ar shlí thrédhearcach faoi na gníomhaíochtaí atá beartaithe;

(f)

gur leor iad na bearta a ghlactar agus go ndéanfar foráil d’fhógairt leordhóthanach;

(g)

go gcuirfear na bearta i bhfeidhm; agus

(h)

go ndéanfar foráil ann do conas conspóid a réiteach.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, le linn dóibh gníomhaíocht atá bainteach le torann a dhéanamh, go ndéanfar measúnú ar na bearta seo a leanas atá ar fáil cheana, d’fhonn an beart nó an meascán is cost-éifeachtúla de bhearta a chinneadh:

(a)

an éifeacht laghdaithe intuartha a bheadh ar thorann aerárthaí ag an bhfoinse;

(b)

pleanáil agus bainistiú na talamhúsáide;

(c)

nósanna imeachta oibríochtúla chun torann a laghdú;

(d)

gan srianta oibriúcháin a chur i bhfeidhm mar chéad chéim agus gan iad a úsáid ach amháin tar éis féachaint ar dtús ar gach beart eile faoin gCur Chuige Cothrom.

D’fhéadfaí a áireamh sna bearta atá ar fáil, más gá, aerárthaí lag-chomhlíontacha a tharraingt siar, más gá sin. Féadfaidh na Ballstáit, nó comhlachtaí bainistithe aerfort, de réir mar is iomchuí, dreasachtaí eacnamaíocha a chur ar fáil chun oibreoirí aerárthaí a spreagadh leas a bhaint as aerárthaí ar lú an torann a thagann astu, le linn na hidirthréimhse a luaitear i bpointe (4) d’Airteagal 2. Beidh na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair á gcomhlíonadh ag na dreasachtaí sin.

4.   Faoi chuimsiú an Chur Chuige Chothroim, féadfar idirdhealú a dhéanamh de réir chineál aerárthaí, fheidhmíocht aerárthaí ó thaobh torainn, an leas a bhaintear as saoráidí aerfoirt agus as saoráidí aerloingseoireachta, an ruthaig eitilte agus/nó an clár ama.

5.   Gan dochar do mhír 4, ní dhéanfaidh srianta oibriúcháin maidir le haerárthaí lag-chomhlíontacha a tharraingt siar ó oibríochtaí aerfoirt difear d’aerárthaí sibhialta foshonacha a chomhlíonann, trí dheimhniú bunaidh nó trí athdheimhniú, an caighdeán torainn a leagtar síos in Imleabhar 1, Cuid II, Caibidil 4 d’Iarscríbhinn 16 de Choinbhinsiún Chicago.

6.   Maidir le bearta nó meascán de bhearta a dhéanfar i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcás aerfoirt ar leith, ní chuirfidh siad srian níos mó ná mar is gá chun na cuspóirí laghdaithe torainn timpeallachta atá socraithe don aerfort sin a ghnóthú. Beidh na srianta oibriúcháin neamh-idirdhealaitheach, go háirithe ar fhorais náisiúntachta nó céannachta agus ní beidh siad treallach.

Airteagal 6

Rialacha maidir le measúnú torainn

1.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar an staid torainn a mheasúnú ar bhonn rialta sna haerfoirt a bhfuil siad freagrach astu, i gcomhréir le Treoir 2002/49/CE agus leis an reachtaíocht is infheidhme i ngach Ballstát. Féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh tacaíocht a fháil ón gComhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 691/2010 ón gCoimisiún (7).

2.   Má léirítear, leis an measúnú sin dá dtagraítear i mír 1, go bhféadfadh go dteastódh srianta nua oibriúcháin chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb ag aerfort, áiritheoidh na húdaráis inniúla an méid a leanas:

(a)

go mbainfear feidhm as an modh, as na táscairí agus as an bhfaisnéis atá in Iarscríbhinn I ar bhealach chun cion gach cineáil birt a chur san áireamh faoin gCur Chuige Cothrom, sula dtabharfar isteach srianta oibriúcháin.

(b)

go mbunófar comhar teicniúil ar an leibhéal cuí idir na hoibreoirí aerfoirt, na hoibreoirí aerárthaí agus na soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta chun bearta a imscrúdú lena laghdófar torann. Áiritheoidh na húdaráis inniúla freisin go rachfar i mbun comhairle le cónaitheoirí áitiúla nó a n-ionadaithe agus le húdaráis áitiúla ábhartha chomh maith agus go dtabharfar faisnéis theicniúil dóibh maidir le bearta laghdaithe torainn.

(c)

go ndéanfar cost-éifeachtúlacht aon sriain nua oibriúcháin a mheasúnú, i gcomhréir le hIarscríbhinn II. Leasuithe beaga teicniúla ar bhearta nach ngabhann impleachtaí substainteacha leo ó thaobh acmhainne nó oibríochtaí de, ní mheasfar mar shrianta nua oibriúcháin iad.

(d)

go ndéanfar an próiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm próisis eadrána, a eagrú ar shlí thráthúil agus shubstainteach, lena n-áiritheofar oscailteacht agus trédhearcacht maidir le sonraí agus leis an modh ríomha. Beidh trí mhí ar a laghad ag na páirtithe leasmhara chun barúlacha a thíolacadh sula nglacfar na srianta nua oibriúcháin. Ar na páirtithe leasmhara sin, beidh siad seo a leanas ar a laghad:

(i)

cónaitheoirí áitiúla, a bhfuil cónaí orthu i gcomharsanacht an aerfoirt, agus a mbíonn tionchar ag torann aerthráchta orthu, nó a gcuid ionadaithe, agus na húdaráis ábhartha áitiúla;

(ii)

ionadaithe ó ghnólachtaí áitiúla atá bunaithe i gcomharsanacht an aerfoirt, a mbíonn tionchar ag an aerthrácht agus ag oibriú an aerfoirt ar na gníomhaíochtaí a bhíonn ar bun acu;

(iii)

oibreoirí ábhartha aerfoirt;

(iv)

ionadaithe thar ceann na n-oibreoirí aerárthaí sin a bhféadfadh gníomhaíochtaí atá bainteach le torann difear a dhéanamh dóibh;

(v)

na soláthraithe ábhartha seirbhísí aerloingseoireachta;

(vi)

an Bainisteoir Líonra, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún (8);

(vii)

i gcás inarb infheidhme, comhordaitheoir ainmnithe na sliotán.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú leantach agus faireachán ar chur chun feidhme na srianta oibriúcháin agus gníomhóidh siad de réir mar is iomchuí. Áiritheoidh siad go ndéanfar faisnéis ábhartha a chur ar fáil saor in aisce agus go pras ar bhealach so-rochtana do na cónaitheoirí áitiúla atá ina gcónaí i gcomharsanacht na n-aerfort agus do na húdaráis ábhartha áitiúla.

4.   Féadfar an méid a leanas a áireamh san fhaisnéis ábhartha:

(a)

agus an dlí náisiúnta á chomhlíonadh, faisnéis maidir le sáruithe líomhainte mar thoradh ar athruithe i nósanna imeachta eitiltí, ó thaobh an tionchair a bhíonn acu agus na cúiseanna a ndearnadh na hathruithe sin;

(b)

na critéir ghinearálta a chuirtear i bhfeidhm agus trácht á dháileadh agus á bhainistiú i ngach aerfort, a mhéid a mbeadh tionchar ag na critéir sin ar an gcomhshaol nó ar thorann; agus

(c)

sonraí a bhailítear trí chórais tomhais torainn, má tá siad ar fáil.

Airteagal 7

Faisnéis faoi fheidhmíocht torainn

1.   Beidh cinntí maidir le srianta oibriúcháin atá bainteach le torann bunaithe ar fheidhmíocht torainn an aerárthaigh mar a chinnfear leis an nós imeachta deimhniúcháin a sheolfar i gcomhréir le hImleabhar 1 d’Iarscríbhinn 16 de Choinbhinsiún Chicago, an séú heagrán Márta 2011.

2.   Ar iarratas ón gCoimisiún, tabharfaidh oibreoirí aerárthaí an fhaisnéis seo a leanas faoi thorann maidir leis na haerárthaí sin dá gcuid a úsáideann aerfoirt an Aontais:

(a)

náisiúntacht an aerárthaigh agus marc an chláraithe;

(b)

doiciméadúchán torainn an aerárthaigh a úsáidtear, chomh maith leis an uasmheáchan comhréireach éirí de thalamh;

(c)

aon athrú don aerárthach a mbeadh tionchar aige ar a fheidhmíocht torainn agus atá luaite sa doiciméadúchán torainn.

3.   Arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, déanfaidh sealbhóirí deimhnithe cineáil d’aerárthaí nó deimhnithe cineáil fhorlíontacha, a eiseofar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), mar aon le daoine dlítheanacha nó nádúrtha a oibríonn aerárthaí nach bhfuil aon deimhniú cineáil eisithe dóibh faoin Rialachán sin, faisnéis sholáthar faoi thorann agus faoi fheidhmíocht a bhaineann le haerárthaí ar mhaithe le múnlaí torainn. Saineoidh an Ghníomhaireacht na sonraí is gá, amchlár, an fhoirm agus bealach lena soláthar. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis a gheofar maidir le torann agus feidhmíocht na n-aerárthaí a fhíorú ar mhaithe le múnlaí torainn agus cuirfidh sí an fhaisnéis ar fáil do pháirtithe eile ar mhaithe le múnlaí torainn.

4.   Beidh na sonraí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach agus cuirfear ar fáil iad saor in aisce, i bhfoirm leictreonach agus úsáidfear an fhormáid a shonrófar, más infheidhme.

5.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht sonraí torainn agus feidhmíochta an aerárthaigh a fhíorú chun críocha múnlaí torainn a chruthú a bhaineann le hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.

6.   Déanfar sonraí a stóráil i mbunachar sonraí lárnach agus cuirfear ar fáil iad d’údaráis inniúla, d’oibreoirí aerárthaí, do sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus d’oibreoirí aerfoirt chun críocha oibríochtúla.

Airteagal 8

Rialacha maidir le srianta oibriúcháin a thabhairt isteach

1.   Sula dtabharfar isteach srian oibriúcháin, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra sé mhí do na Ballstáit, don Choimisiún agus do na páirtithe leasmhara ábhartha, a chríochnóidh dhá mhí ar a laghad sula gcinnfear na paraiméadair chomhordaithe sliotán mar a shainítear i bpointe (m) d’Airteagal 2 de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 (10) ón gComhairle don aerfort lena mbaineann i dtaobh thréimhse an sceidealaithe ábhartha.

2.   Tar éis an mheasúnaithe a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 6, beidh tuarascáil i scríbhinn ag gabháil leis an bhfógra, i gcomhréir leis na ceanglais atá sonraithe in Airteagal 5, ina míneofar na cúiseanna leis an srian oibriúcháin a thabhairt isteach, an cuspóir laghdaithe torainn a bunaíodh don aerfort, na bearta a measadh chun an cuspóir sin a bhaint amach, agus an mheastóireacht ar an gcost-éifeachtúlacht is dócha a bheidh ag na bearta éagsúla a measadh, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an tionchar trasteorann atá acu.

3.   Ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh sin do Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thréimhse trí mhí ón lá a fuair sé fógra faoi mhír 1, athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas chun srian oibriúcháin a thabhairt isteach. I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach leanann tabhairt isteach srian oibriúcháin i leith torainn an próiseas atá leagtha amach sa Rialachán seo, féadfaidh sé fógra a thabhairt dá réir don údarás ábhartha inniúla. Scrúdóidh an t-údarás inniúil ábhartha an fógra ón gCoimisiún agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin rún atá aige sula dtabharfaidh sé an srian oibriúcháin isteach.

4.   I gcás ina mbainfidh an srian oibriúcháin le haerárthaí lag-chomhlíontacha a bheith á dtarraingt siar as aerfort, ní cheadófar aon ghluaiseacht bhreise thar líon ghluaiseachtaí na n-aerárthaí lag-chomhlíontacha do thréimhse chomhfhreagrach na bliana roimhe sin, san aerfort sin sé mhí i ndiaidh an fhógra dá dtagraítear i mír 1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcinnfidh na húdaráis inniúla an ráta bliantúil laghdaithe ghluaiseachtaí na n-aerárthaí lag-chomhlíontacha de chuid na n-oibreoirí lena mbaineann ag an aerfort sin, agus aois na n-aerárthaí agus comhdhéanamh an aerloingis iomláin á gcur san áireamh go cuí. Gan dochar d’Airteagal 5(4), ní bheidh an ráta sin níos airde ná 25 % de líon ghluaiseachtaí na n-aerárthaí lag-chomhlíontach do gach oibreoir sin a fhónann don aerfort sin.

Airteagal 9

Tíortha i mbéal forbartha

1.   Chun cruatan míchuí eacnamaíoch a sheachaint, féadfaidh na húdaráis inniúla aerárthaí lag-chomhlíontacha atá cláraithe i dtíortha i mbéal forbartha a dhíolmhú ó shrianta oibriúcháin i leith torainn, ag cloí go hiomlán le prionsabal an neamh-idirdhealaithe, ar choinníoll:

(a)

gur bronnadh deimhniú torainn atá comhionann leis na caighdeáin a shonraítear i gCaibidil 3, d’Imleabhar 1 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago ar na haerárthaí sin;

(b)

gur oibríodh na haerárthaí sin san Aontas le linn na tréimhse cúig bliana roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(c)

go raibh siad ar chlár na tíre i mbéal forbartha sin don tréimhse cúig bliana sin; agus

(d)

go bhfuil siad fós á n-oibriú ag duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe sa tír sin.

2.   I gcás ina dtugann Ballstát díolúine dá bhforáiltear i mír 1, cuirfidh sé údaráis inniúla na mBallstát eile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach ina leith.

Airteagal 10

Díolúine le haghaidh oibríochtaí aerárthaí atá eisceachtúil

Féadfaidh na húdaráis inniúla, de réir gach cáis ar leith, oibríochtaí aonair a údarú ag aerfoirt a bhfuil siad freagrach astu, ar oibríochtaí iad i ndáil le haerárthaí lag-chomhlíontacha nach bhféadfaí a dhéanamh ar shlí eile ar bhonn an Rialacháin seo.

Beidh an díolúine sin teoranta don méid seo a leanas:

(a)

oibríochtaí ar de chineál chomh neamhghnách iad go mbeadh sé míréasúnta gan díolúine shealadach a thabhairt ina leith, lena n-áirítear eitiltí cabhrach daonnúla; nó

(b)

eitiltí nach ngnóthaítear ioncaim leo, chun críche athruithe, deisiúcháin nó cothabhála.

Airteagal 11

Gníomhartha tarmligthe

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

nuashonrúcháin theicniúla ar na caighdeáin deimhniúcháin torainn dá bhforáiltear in Airteagal 5(5) agus i bpointe (a) d’Airteagal 9(1); agus ar an nós imeachta deimhniúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 7(1);

(b)

nuashonrúcháin theicniúla ar an modheolaíocht agus na táscairí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

Is é a bheidh mar chuspóir ag na nuashonrúcháin sin na hathruithe sna rialacha ábhartha idirnáisiúnta a chur san áireamh, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 12

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 13 Meitheamh 2016. Déanfaidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 11 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 13

Faisnéis agus athbhreithniú

Déanfaidh na Ballstáit faisnéis faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur chuig an gCoimisiún, arna iarraidh sin dó.

Tráth nach déanaí ná 14 Meitheamh 2021, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Beidh tograí le haghaidh athbhreithniú an Rialacháin seo ag gabháil leis an tuarascáil, más gá sin.

Airteagal 14

Srianta oibriúcháin atá ann faoi láthair

Na srianta oibriúcháin atá bainteach le torann, ar tugadh isteach iad roimh an 13 Meitheamh 2016, beidh siad fós i bhfeidhm go dtí go gcinnfidh na húdaráis inniúla iad a athbhreithniú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 15

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 2002/30/CE le héifeacht ón 13 Meitheamh 2016.

Airteagal 16

Forálacha idirthréimhseacha

D’aineoinn Airteagal 15 den Rialachán seo, féadfar srianta oibriúcháin atá bainteach le torann, a ghlacfar tar éis an 13 Meitheamh 2016, a ghlacadh i gcomhréir le Treoir 2002/30/CE áit a mbeidh an próiseas comhairliúcháin roimh iad a ghlacadh ag leanúint ar aghaidh ar an dáta sin agus ar an gcoinníoll go nglacfar na srianta sin bliain tar éis an dáta sin ar a dhéanaí.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2016.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 181, 21.6.2012, lch. 173.

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 110.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh an Comhairle ar an gcéad léamh an 24 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Treoir 2002/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Márta 2002 maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibriúcháin atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt Chomhphobail (IO L 85, 28.3.2002, lch. 40).

(5)  Treoir 2006/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le rialú oibriúcháin aerárthaí a chumhdaítear le Cuid II, Caibidil 3, Imleabhar 1 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, an dara heagrán (1988) (IO L 374, 27.12.2006, lch. 1).

(6)  Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann comhshaoil a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 691/2010 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2010 lena leagtar síos scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2096/2005 lena leagtar síos ceanglais chomhchoiteanna maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar. (IO L 201, 3.8.2010, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna an líonra bainistithe aerthráchta (BAT) a chur chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (AE) 691/2010 (IO L 185, 15.7.2011, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 216/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, lena n-aisghairtear Treoir 91/670/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE (IO L 79, 19.3.2008, lch. 1).

(10)  Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle an 18 Eanáir 1993 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt an Chomhphobail (IO L 14, 22.1.1993, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

STAID AN TORAINN AG AERFORT A MHEASÚNÚ

Modheolaíocht:

Áiritheoidh na húdaráis inniúla go n-úsáidfear modhanna measúnaithe torainn a forbraíodh i gcomhréir le Tuarascáil na Comhdhála Eorpaí um Eitlíocht Shibhialta (ECAC) Doiciméad 29 dar teideal “Modh Caighdeánach chun Comhrianta Torainn a Ríomh mórthimpeall Aerfort Sibhialta”, 3ú heagrán.

Táscairí:

1.

Déanfar an tionchar a bhíonn ag torann aerárthaí a thuairisciú, ar a laghad, i dtéarmaí táscairí torainn Lden agus Lnight a shainítear agus a ríomhtar i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/49/CE.

2.

Féadfar táscairí breise torainn a úsáid a mbeidh bunús oibiachtúil leo.

Faisnéis faoi bhainistíocht torainn:

1.   An fardal reatha

1.1.

Tuairisc ar an aerfort lena n-áirítear faisnéis mhéid an aerfoirt, a shuíomh, comharsanacht an aerfoirt, an méid aerthráchta agus an éagsúlacht aerthráchta.

1.2.

Tuairisc ar aon chuspóirí timpeallachta i gcomhthéacs an aerfoirt agus sa chomhthéacs náisiúnta. Áiritheofar leis sin tuairisc ar na cuspóirí laghdaithe torainn le haghaidh aerárthaí ag an aerfort.

1.3.

Mionsonraí chomhrianta torainn na mblianta ábhartha roimhe sin – lena n-áirítear measúnú de líon na ndaoine a bhfuil tionchar ag torann aerfoirt orthu, é á chur i gcrích i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/49/CE.

1.4.

Tuairisc ar na bearta reatha agus na bearta pleanáilte chun torann aerárthaí a bhainistiú atá curtha chun feidhme cheana faoin gCur Chuige Cothrom agus an tionchar a bhíonn acu ar an staid torainn, trí thagairt a dhéanamh do:

1.4.1.

Maidir le laghdú ar thorann ag an bhfoinse:

(a)

faisnéis maidir leis an aerloingeas reatha agus aon fheabhas teicneolaíoch a bhfuiltear ag súil leis;

(b)

pleananna sonracha nuachóirithe loingis.

1.4.2.

Maidir le pleanáil agus bainistíocht na talamhúsáide:

(a)

ionstraimí pleanála atá i bhfeidhm, amhail pleanáil chuimsitheach nó criosú torainn;

(b)

bearta maolaitheacha atá i bhfeidhm, amhail cóid foirgníochta, cláir inslithe torainn nó bearta chun limistéir talamhúsáide íogaire a laghdú;

(c)

próiseas comhairliúcháin na mbeart talamhúsáide;

(d)

faireachán ar chúngracht.

1.4.3.

Maidir le bearta oibríochtúla laghdaithe torainn, an méid nach gcuireann na bearta sin srian ar acmhainn de chuid aerfoirt:

(a)

úsáid rúidbhealaí tosaíochta;

(b)

úsáid bealaí tosaíochta torainn;

(c)

úsáid nósanna imeachta laghdaithe torainn um éirí de thalamh agus ascnaimh;

(d)

an méid a ndéantar na bearta sin a rialáil faoi tháscairí comhshaoil, a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 691/2010 ón gCoimisiún.

1.4.4.

Maidir le srianta oibriúcháin:

(a)

úsáid srianta uilíocha, amhail uasteorainneacha ar ghluaiseachtaí, nó cuótaí torainn;

(b)

úsáid srianta a bhaineann go sonrach le haerárthaí, amhail aerárthaí lag-chomhlíontacha a tharraingt siar;

(c)

úsáid srianta páirteacha, trína ndéantar idirdhealú idir aonaid tomhais sa lá agus istoíche.

1.4.5.

Na hionstraimí airgeadais atá i bhfeidhm, amhail muirir aerfoirt atá bainteach le torann.

2.   Réamhaisnéis gan bearta nua

2.1.

Tuairiscí ar fhorbairtí aerfoirt, más ann dóibh, atá formheasta cheana agus atá beartaithe, mar shampla, méadú acmhainne, méadú rúidbhealaí agus/nó críochfort, an tuar maidir le hascnamh agus éirí de thalamh, an éagsúlacht tráchta todhchaí atá tuartha agus an fás atá measta agus staidéar mionsonraithe ar an tionchar a bheadh ag an torann ar an gceantar máguaird le méadú acmhainne, rúidbhealaí agus críochfort agus le modhnú ruthag eitilte agus ruthag ascnaimh agus éirí de thalamh.

2.2.

Maidir le méadú na hacmhainne aerfoirt na leasanna a bhaineann leis an acmhainn bhreise sin a chur ar fáil laistigh den líonra eitlíochta i gcoitinne agus den réigiún i gcoitinne.

2.3.

Tuairisc ar an éifeacht ar an timpeallacht torainn i gcás nach ndéantar bearta breise, agus an éifeacht a bheidh ag na bearta sin atá pleanáilte cheana chun an tionchar torainn sa tréimhse chéanna a fheabhsú.

2.4.

Na comhrianta torainn atá tuartha – lena n-áirítear measúnú ar líon na ndaoine a bhféadfadh torann aerárthaí tionchar a bheith acu orthu – idirdhealú idir limistéir chónaithe sheanbhunaithe agus limistéir chónaithe nua nó atá á bpleanáil agus limistéir chónaithe a bheidh ann amach anseo agus atá á bpleanáil agus a bhfuil údarú tugtha cheana féin ina leith ag na húdaráis inniúla.

2.5.

Meastóireacht ar na hiarmhairtí agus ar na costais a d’fhéadfadh a bheith ann mura ndéantar beart chun an tionchar atá ag méadú torainn – má tá súil go dtarlóidh a leithéid – a laghdú.

3.   Measúnú ar bhearta breise

3.1.

Achoimre ar na bearta breise atá ar fáil agus na príomhchúiseanna gur roghnaíodh iad a thabhairt le fios. Tuairisc ar na bearta sin a roghnaíodh chun breis anailíse a dhéanamh orthu agus faisnéis faoin toradh ar an anailís chost-éifeachtúlachta, go háirithe an costas a bhaineann leis na bearta sin a thabhairt isteach; líon na ndaoine a bhfuiltear ag súil go mbainfidh siad tairbhe as agus clár ama; agus rangú ar éifeachtacht iomlán na mbeart áirithe.

3.2.

Forléargas ar na héifeachtaí comhshaoil agus iomaíochais a d’fhéadfadh a bheith leis na bearta atá molta i dtaobh aerfort eile, i dtaobh oibreoirí agus páirtithe leasmhara.

3.3.

Na cúiseanna gur roghnaíodh rogha na tosaíochta.

3.4.

Achoimre neamhtheicniúil.


IARSCRÍBHINN II

Measúnú ar chost-éifeachtúlacht na srianta oibriúcháin atá bainteach le torann

Déanfar cost-éifeachtúlacht na srianta oibriúcháin bainteach le torann atá beartaithe a mheas trí na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh a mhéid is féidir i dtéarmaí cainníochtúla:

(1)

an sochar torainn a bhfuil súil leo ó na bearta atá pleanáilte, anois agus amach anseo;

(2)

sábháilteacht na n-oibríochtaí eitlíochta, lena n-áirítear riosca tríú páirtí;

(3)

acmhainn an aerfoirt;

(4)

aon tionchar ar líonra eitlíochta na hEorpa.

Sa bhreis air sin, féadfaidh údaráis inniúla na dálaí seo a leanas a chur san áireamh go cuí:

(1)

sláinte agus sábháilteacht cónaitheoirí áitiúla atá ina gcónaí i gcomharsanacht na n-aerfort;

(2)

inbhuanaitheacht an chomhshaoil, lena n-áirítear idirspleáchas idir torann agus astaíochtaí;

(3)

aon éifeachtaí díreacha, indíreacha agus catalaíocha ar fhostaíocht agus ar an ngeilleagar.


Ráiteas ón gCoimisiún maidir le Treoir 2002/49/CE a athbhreithniú

Tá Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/49/CE (modhanna ríofa torainn) á plé ag an gCoimisiún leis na Ballstáit d'fhonn í a ghlacadh sna míonna atá romhainn.

Bunaithe ar obair atá an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte á déanamh faoi láthair maidir leis an modheolaíocht chun na himpleachtaí sláinte a bhaineann le tionchair an torainn a mheas, tá sé ar intinn ag an gCoimisiún Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2002/49/CE (tionchar an torainn ar an tsláinte a mheas, cuair dáileoige is freagartha) a athbhreithniú.


Top