EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0543

Rialachán (AE) Uimh. 543/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Cinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle lena mbunaítear an Coláiste Eorpach Póilíneachta (CEPOL)

IO L 163, 29.5.2014, p. 5–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 01/07/2016; Arna aisghairm agus arna ionadú ag 32015R2219

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/543/oj

29.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

5


RIALACHÁN (AE) Uimh. 543/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

lena leasaítear Cinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle lena mbunaítear an Coláiste Eorpach Póilíneachta (CEPOL)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (b) d'Airteagal 87(2) de,

Ag féachaint don tionscnamh ón mBeilg, ón mBulgáir, ó Phoblacht na Seice, ón nGearmáin, ón Eastóin, ón nGréig, ón Spáinn, ón bhFrainc, ón gCróit, ón Iodáil, ón gCipir, ó Laitvia, ón Liotuáin, ó Lucsamburg, ón Ungáir, ó Mhálta, ón Ísiltír, ón Ostair, ón bPolainn, ón bPortaingéil, ón Rómáin, ón tSlóivéin, ón tSlóvaic, ón bhFionlainn agus ón tSualainn,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 4 de Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle (2), is in Bramshill, an Ríocht Aontaithe, atá a shuíomh ag CEPOL.

(2)

D'ainneoin Airteagal 4 de Chinneadh 2005/681/CGB, trí litreacha dar dáta an 12 Nollaig 2012 agus an 8 Feabhra 2013, chuir an Ríocht Aontaithe CEPOL ar an eolas gur chinn sí go haontaobhach nár mhian léi a thuilleadh an suíomh a óstú ina críoch. I dteannta óstáil a dhéanamh ar CEPOL, is in Bramshill freisin atá suíomh náisiúnta oiliúna na bpóilíní de chuid na Gníomhaireachta Náisiúnta um Fheabhsú Póilíneachta ar chinn an Ríocht Aontaithe go ngabhfadh Coláiste Póilíneachta nua a lonnófar in áit eile a hionad. Chinn an Ríocht Aontaithe dá bhrí sin suíomh oiliúna náisiúnta na bpóilíní in Bramshill a dhúnadh agus an suíomh a dhíol ag cur in iúl go raibh na costais ghaolmhara ard agus nár tháinig aon samhail mhalartach ghnó chun cinn chun an suíomh a reáchtáil. I bhfianaise oibleagáid chomhar dílis an Chonartha ar an Aontas Eorpach (CAE), agus go háirithe i bhfianaise na n-oibleagáidí a dhíorthaíonn as Airteagal 4 CAE, ba cheart go gcabhródh an tAontas agus a Bhallstáit le chéile go frithpháirteach ó thaobh gníomhaíochtaí oibríochtúla CEPOL a choinneáil ar bun. Chuige sin, ceanglaítear ar an Ríocht Aontaithe go háirithe aistriú rianúil CEPOL chuig an suíomh nua a áirithiú, gan gnáthbhuiséad CEPOL a chur i mbaol.

(3)

I bhfianaise an chomhaontaithe de thoil a chéile a tháinig ionadaithe Rialtais na mBallstát air an 8 Deireadh Fómhair 2013 agus i bhfianaise an ghá stádas CEPOL mar ghníomhaireacht ar leith de chuid an Aontais a choinneáil ar bun, ba cheart go ndéanfaí socruithe ar dá réir a dhéanfar CEPOL a óstáil i mBúdaipeist a luaithe agus a imíonn sé ó Bramshill. Ba cheart go ndéanfaí na socruithe sin a ionchorprú i gCinneadh 2005/681/CGB.

(4)

I bhfianaise an chreata dhlíthiúil a tugadh isteach le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, tá sé riachtanach athbhreithniú a dhéanamh ar Chinneadh 2005/681/CGB, agus stádas CEPOL mar ghníomhaireacht ar leith de chuid an Aontais a áirithiú ag an am céanna.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2005/681/CGB a leasú dá réir.

(6)

Sula dtosóidh CEPOL a chéim oibríochtúil sa suíomh nua, ba cheart go dtabharfaí comhaontú ceanncheathrún i gcrích de bhun na nósanna imeachta bunaithe.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá fógra tugtha ag na Ballstáit sin gur mian leo a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 ar sheasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach nuair atá an Rialachán seo á ghlacadh agus níl an Rialachán seo ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(9)

I bhfianaise an ghá phráinnigh atá le suíomh nua CEPOL a bhunú, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2005/681/CGB mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

"Airteagal 4

Suíomh

Is i mBúdaipeist, an Ungáir, a bheidh suíomh CEPOL.";

(2)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

"Airteagal 21a

Athbhreithniú

Faoin 30 Samhain 2015, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir lena éifeachtaí atá an Cinneadh seo, agus an gá le stádas CEPOL mar ghníomhaireacht ar leith de chuid an Aontais a áirithiú á chur san áireamh. Más iomchuí, beidh togra reachtach chun an Cinneadh seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil sin, tar éis anailís chuimsitheach ar chostais/shochair agus measúnú tionchair cuimsitheach a dhéanamh.".

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Méan Fómhair 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014.

(2)  Cinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 lena mbunaítear an Coláiste Eorpach Póilíneachta (CEPOL) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/820/CGB (IO L 256, 1.10.2005, lch. 63).


Top