This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32013R1297
Regulation (EU) No 1297/2013 of the European Parliament and of the Council of 11 December 2013 amending Council Regulation (EC) No 1083/2006 as regards certain provisions relating to financial management for certain Member States experiencing or threatened with serious difficulties with respect to their financial stability, to the decommitment rules for certain Member States, and to the rules on payments of the final balance
Rialachán (AE) Uimh. 1297/2013 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le forálacha áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais, leis na rialacha saortha i gcás Ballstát áirithe agus leis na rialacha maidir le híocaíochtaí an iarmhéid deiridh
Rialachán (AE) Uimh. 1297/2013 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le forálacha áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais, leis na rialacha saortha i gcás Ballstát áirithe agus leis na rialacha maidir le híocaíochtaí an iarmhéid deiridh
IO L 347, 20.12.2013, p. 253–255
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2013; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32013R1303
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32006R1083 | Leasú | airteagal 93 .3 | 20/12/2013 | |
Modifies | 32006R1083 | Leasú | airteagal 77 .2 | 20/12/2013 | |
Modifies | 32006R1083 | díothú | airteagal 77 .6 | 20/12/2013 | |
Modifies | 32006R1083 | Cur le | airteagal 93 .2TR | 20/12/2013 | |
Modifies | 32006R1083 | Cur le | airteagal 77 .12 | 20/12/2013 |
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Corrected by | 32013R1297R(01) | (NL) | |||
Implicitly repealed by | 32013R1303 | 01/01/2014 |
20.12.2013 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
253 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1297/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Nollaig 2013
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le forálacha áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais, leis na rialacha saortha i gcás Ballstát áirithe agus leis na rialacha maidir le híocaíochtaí an iarmhéid deiridh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
I ngeall ar an ngéarchéim airgeadais marthanach agus ar an gcor chun donais eacnamaíoch, nár tháinig a samhail riamh roimhe, atá ann ar fud an domhain tá díobháil thromchúiseach déanta don fhás eacnamaíoch agus don chobhsaíocht airgeadais agus tá meathlú mór tagtha ar dhálaí airgeadais, eacnamaíocha agus sóisialta sna Ballstáit. Go sonrach, tá deacrachtaí tromchúiseacha ag Ballstáit áirithe nó tá deacrachtaí den sórt sin ag bagairt orthu, go háirithe fadhbanna lena bhfás eacnamaíoch agus lena gcobhsaíocht airgeadais agus le meathlú ar a riocht easnaimh agus fiachais, de dheasca na ndálaí idirnáisiúnta eacnamaíocha agus airgeadais freisin. |
(2) |
Cé go ndearnadh gníomhaíochtaí tábhachtacha cheana féin, lena n-áirítear leasuithe ar an gcreat reachtach, chun éifeachtaí diúltacha na géarchéime eacnamaíche a fhrithchothromú, tá tionchar na géarchéime sin ar an ngeilleagar réadach, ar mhargadh an tsaothair agus ar na saoránaigh le brath go forleathan. Tá an brú ar acmhainní airgeadais náisiúnta ag dul i méid agus ba cheart tuilleadh a dhéanamh go práinneach chun an brú sin a mhaolú tríd an úsáid uasta agus an úsáid is éifeachtaí a bhaint as cistiú ó na Cistí Struchtúracha agus ón gCiste Comhtháthaithe (“na Cistí”). I bhfianaise mharthanacht na ndeacrachtaí airgeadais, is gá cur chun feidhme na mbeart arna nglacadh trí Rialachán (AE) Uimh. 1311/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a fhadú. Glacadh na bearta sin de bhun Airteagal 122(2), Airteagal 136 agus Airteagal 143 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
(3) |
Chun bainistíocht chistiú Aontais a éascú, le gur féidir infheistíochtaí i mBallstáit agus i réigiúin a luathú agus chun feabhas a chur ar infhaighteacht chistithe don gheilleagar, rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 (4) ón gComhairle a leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1311/ chun go bhféadfaí íocaíochtaí eatramhacha ó na Cistí a mhéadú de réir suime a chomhfhreagraíonn do dheich bpointe céatadáin os cionn an ráta chómhaoinithe iarbhír i leith gach aise tosaíochta i gcás Ballstát a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha i ndán dóibh i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais, agus ar Ballstáit iad a d'iarr leas a bhaint as an mbeart sin. |
(4) |
Le hAirteagal 77(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, fágtar gur féidir ráta cómhaoinithe méadaithe a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2013. Ós rud é, áfach, go bhfuil na Ballstáit fós i ngleic le deacrachtaí tromchúiseacha maidir lena gcobhsaíocht airgeadais, níor cheart an tréimhse cur i bhfeidhm do ráta cómhaoinithe méadaithe a theorannú go dtí an 31 Nollaig 2013. |
(5) |
I gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí an 7-8 Feabhra 2013 agus amhail dá bhforáiltear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tá feidhm le bheith ag an méadú 10 bpointe céatadáin ar an ráta cómhaoinithe maidir leis an gclárthréimhse 2014-2020 go dtí an 30 Meitheamh 2016, tráth a bhfuil athbhreithniú le déanamh ar an bhféidearthacht an t-ardú a thabhairt. Toisc go bhfuil forluí ann idir na clárthréimhsí 2007-2013 agus 2014-2020, is gá a áirithiú go ndéileálfar go comhsheasmhach agus go haonfhoirmeach le Ballstáit a fhaigheann cúnamh airgeadais le linn na dá thréimhse. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an Ballstát atá ag fáil cúnamh airgeadais in ann leas a bhaint as an ardú ar an ráta cómhaoinithe go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta agus é a éileamh ina n-iarrataí ar an iarmhéid deiridh, fiú mura bhfuil an cúnamh airgeadais á sholáthar a thuilleadh. |
(6) |
Tá Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 dírithe ar rannchuidiú leis an gcistiú comhtháthaithe a dhíriú ar dhóigh oiriúnach ar na réigiúin agus ar na Ballstáit is lú forbairt. Chun rannchuidiú leis an laghdú ar éagothromaíochtaí i meándéiní cabhracha per capita, tá an t-uasleibhéal aistrithe (cadhpáil) ó na Cistí go dtí gach Ballstát faoi leith de bhun na Rialachán a bheidh ann amach anseo le bheith socraithe ag 2,35 % de OTI an Bhallstáit. Tá an chadhpáil le bheith curtha i bhfeidhm ar bhonn bliantúil, agus, más infheidhme, táthar leis sin gach aistriú (seachas do na réigiúin níos forbartha agus don “sprioc um chomhar críochach Eorpach”) chuig an mBallstát lena mbaineann a laghdú go comhréireach chun leibhéal uasta aistrithe a bhaint amach. I gcás Ballstát a tháinig isteach san Aontas roimh 2013 agus ar lú an meánfhás ar a bhfíor OTI sa tréimhse 2008-2010 ná – 1 %, tá an t-uasleibhéal aistrithe le bheith socraithe ag 2,59 % dá gcuid ODI. |
(7) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, déantar cadhpáil ar na leithdháiltí in aghaidh an Bhallstáit ag 110 % den leibhéal a bhí acu i dtéarmaí réadacha don tréimhse 2007-2013. Maidir leis na Ballstáit a ndéanann an chadhpáil sin difear dóibh, is gá cosaint bhreise a thabhairt dóibh ar an mbaol atá ann go saorfaí go huathoibríoch leithdháiltí sa tréimhse 2007-2013. |
(8) |
Ina conclúidí an 8 Feabhra 2013, d'iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún féachaint ar réitigh phraiticiúla maidir leis an mbaol atá ann go saorfaí na cistí go huathoibríoch ó imchlúdach náisiúnta 2007-2013 a laghdú i gcás na Rómáine agus na Slóvaice, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 a leasú. |
(9) |
Ina theannta sin, chuir an Chomhairle Eorpach béim ar an ngá atá ann a áirithiú go mbeidh leibhéal agus próifíl na n-íocaíochtaí i ngach ceannteideal inláimhsithe, chun na gealltanais bhuiséadacha nár comhlíonadh a theorannú, go háirithe trí rialacha a chur i bhfeidhm maidir le saoradh uathoibríoch faoi gach ceannteideal. Dá bhrí sin, na forálacha lena ndéantar scaoileadh ó na rialacha maidir le saoradh do Bhallstáit a ndéanann an chadhpáil a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 difear dóibh, ba cheart iad a chothromú i bhfianaise an tionchair a bheidh aige ar na gealltanais bhuiséadacha nár comhlíonadh. |
(10) |
Ba cheart fadú d'aon bhliain amháin a dhéanamh ar an spriocdháta faoina gcaithfear an saoradh uathoibríoch a ríomh a dhéanfar ar na gealltanais bhuiséadacha bhliantúla do na blianta 2011 agus 2012, ach tá an gealltanas buiséid 2012, a bheidh fós ar oscailt an 31 Nollaig 2015, le dlistiniú faoin 31 Nollaig 2015. Ba cheart go gcuideodh an fadú sin le feabhas a chur ar ionsú na gcistí a gealladh do chláir oibríochtúla sna Ballstáit a ndéantar difear dóibh de dhroim caidhpeáil a leithdháiltí beartais chomhtháthaithe todhchaí ag 110 % den leibhéal a bhí acu i dtéarmaí réadacha don tréimhse 2007-2013. Is gá an tsolúbthacht sin a bheith ann chun dul i ngleic leis an gcás go bhfuil cur chun feidhme clár a dhéanann difear do na Ballstáit sin go háirithe ag tarlú níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis. |
(11) |
Ba cheart coigeartuithe teoranta den mhéid uasta cúnaimh ó na Cistí le haghaidh gach ais tosaíochta a chur i bhfeidhm nuair a bheidh méid an iarmhéid deiridh atá le híoc leis na cláir oibríochtúla á shuíomh chun an leas is fearr is féidir a bhaint as ionsú na gCistí. |
(12) |
I bhfianaise chineál gan fasach na géarchéime, tá gá le bearta tacaíochta a ghlacadh go pras agus is iomchuí, dá bhrí sin, go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(13) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 77 mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 93 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
V. LEŠKEVIČIUS
(1) Tuairim an 19 Meán Fómhair 2013 (IO C 341, 21.11.2013, lch. 27)
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2013 (nach bhfuil foilsithe fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Nollaig 2013
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1311/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le forálacha áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 337, 20.12.2011, lch. 5).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999 (IO L 210, 31.7.2006, lch. 25).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).