Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R0526

    Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

    IO L 165, 18.6.2013, p. 41–58 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 26/06/2019; Arna aisghairm le 32019R0881

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/526/oj

    18.6.2013   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L NaN/41


    RIALACHÁN (AE) Uimh. 526/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 21 Bealtaine 2013

    maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Is tosca riachtanacha d’fhorbairt eacnamaíoch agus d’fhorbairt na sochaí, go díreach agus go hindíreach araon, iad cumarsáid leictreonach, bonneagar leictreonach agus seirbhísí leictreonacha. Tá ról ríthábhachtach acu sa tsochaí agus is gnáthfhóntais iontu féin anois iad amhail soláthairtí leictreachais nó uisce, agus is tosca ríthábhachtacha iad freisin i seachadadh leictreachais, uisce agus seirbhísí criticiúla eile. Feidhmíonn gréasáin chumarsáide mar chatalaígh na sochaí agus mar chatalaígh nuálaíochta lena méadaítear tionchar na teicneolaíochta agus lena múnlaítear iompraíochtaí tomhaltóirí, samhlacha gnó, tionscail chomh maith le saoránacht agus rannpháirteachas pholaitiúil. I gcás briste, d’fhéadfaí mórchuid dochar a dhéanamh don gheilleagar agus don tsochaí agus d’fhéadfaí mórchuid dochar fisiceach a dhéanamh, rud a léiríonn a thábhachtaí atá sé bearta a chur i bhfeidhm chun cosaint agus solúbthacht a mhéadú d’fhonn leanúnachas seirbhísí criticiúla a áirithiú. Maidir le slándáil cumarsáide leictreonaí, bonneagair leictreonaigh agus seirbhísí leictreonacha, go háirithe a sláine, an fháil atá orthu agus a rúndacht, tá na dúshláin os a gcomhair ag dul i méid i gcónaí a bhaineann, inter alia, le comhábhair aonair an bhonneagair cumarsáide agus na bogearraí lena rialaítear na comhábhair sin, an bonneagar ar an iomlán agus na seirbhísí a sholáthraítear tríd an mbonneagar sin. Is ábhar imní é sin don tsochaí, go háirithe de bharr go bhféadfadh fadhbanna a bheith ann mar gheall ar chastacht an chórais, mífheidhmeanna, teipeanna córasacha, timpistí, botúin agus ionsaithe a bhféadfadh iarmhairt a bheith acu ar an mbonneagar leictreonach agus fisiceach lena soláthraítear seirbhísí atá criticiúil i dtaobh shláinte shaoránaigh na hEorpa.

    (2)

    Bíonn timpeallacht na bagartha de shíor ag athrú agus d’fhéadfadh teagmhais slándála an bonn a bhaint de mhuinín úsáideoirí sa teicneolaíocht, i ngréasáin agus i seirbhísí, rud a dhéanann difear dá gcumas leas iomlán a bhaint as an margadh inmheánach agus úsáid fhorleathan a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC).

    (3)

    Is rud tábhachtach do lucht déanta beartas, don tionscal agus d’úsáideoirí, dá bhrí sin, measúnú rialta a dhéanamh ar staid slándála gréasán agus faisnéise san Aontas, bunaithe ar shonraí iontaofa Aontais agus forbairtí, dúshláin agus bagairtí amach anseo a thuar go córasach, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda araon.

    (4)

    Le Cinneadh 2004/97/CE, Euratom (3), a glacadh ag cruinniú na Comhairle Eorpaí an 13 Nollaig 2003, chinn ionadaithe na mBallstát, go mbeadh ceanncheathrú na Gníomhaireachta Eorpaí um Shlándáil Gréasán agus Faisnéise (ENISA), ar gníomhaireacht í a bhí le bunú ar bhonn an togra arna chur isteach ag an gCoimisiún, i mbaile sa Ghréig a chinnfeadh Rialtas na Gréige. Tar éis an Chinnidh sin, chinn Rialtas na Gréige gur cheart go mbeadh ceanncheathrú ENISA in Heraklion sa Chréit.

    (5)

    An 1 Aibreán 2005, tugadh Comhaontú Ceanncheathrún (“Comhaontú maidir le Ceanncheathrú”) i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát óstach.

    (6)

    Ba cheart do Bhallstát óstach na Gníomhaireachta na coinníollacha is fearr is féidir a áirithiú i gcomhair oibriú rianúil agus éifeachtúil na Gníomhaireachta. Chun a áirithiú go ndéanfar a cuid cúraimí mar is cuí agus go héifeachtúil, go n-earcófar agus go gcoimeádfar an fhoireann agus go gcuirfear le héifeachtúlacht gníomhaíochtaí gréasánaithe, tá sé ríthábhachtach go lonnófaí an Ghníomhaireacht i suíomh iomchuí, ina soláthraítear, i measc nithe eile, naisc iomchuí iompair agus saoráidí le haghaidh céilí agus leanaí a bheidh i dteannta bhaill foirne na Gníomhaireachta. Ba cheart na socruithe riachtanacha a leagan síos i gcomhaontú idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát óstach arna chur i gcrích tar éis formheas a fháil ó Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta.

    (7)

    Chun éifeachtúlacht oibríochtúla na Gníomhaireachta a fheabhsú, bhunaigh an Ghníomhaireacht oifig brainse i limistéar cathrach na hAithne, ar cheart í a choimeád le comhaontú agus le tacaíocht an Bhallstáit óstaigh agus inar cheart foireann oibríochta na Gníomhaireachta a bheith lonnaithe. Maidir leis an bhfoireann atá ag gabháil go príomha do riarachán na Gníomhaireachta (lena n-áirítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin), airgeadas, taighde agus anailís deisce, TF agus bainistíocht saoráidí, acmhainní daonna, oiliúint, cumarsáidí agus gnóthaí poiblí, ba cheart di a bheith lonnaithe in Heraklion.

    (8)

    Tá sé de cheart ag an nGníomhaireacht a heagrúchán féin a chinneadh chun a áirithiú go ndéanfar a cuid cúraimí go cuí agus go héifeachtúil agus forálacha maidir le ceanncheathrú agus oifig bhrainse na hAithne a leagtar síos sa Rialachán seo á n-urramú. Chun na cúraimí a dhéanamh a mbaineann idirghníomhaíocht le príomh-gheallsealbhóirí leo, go háirithe, amhail institiúidí an Aontais, ba cheart don Ghníomhaireacht na socruithe praiticiúla riachtanacha a dhéanamh le cur leis an éifeachtúlacht oibríochtúil sin.

    (9)

    In 2004, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 (4) lena mbunaítear ENISA d’fhonn cur leis na spriocanna leibhéal ard slándála gréasán agus faisnéise a áirithiú laistigh den Aontas agus cultúr slándála gréasán agus faisnéise a fhorbairt chun leasa saoránach, tomhaltóirí, gnóthas agus riarachán poiblí. In 2008, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1007/2008 (5) lena síntear sainordú na Gníomhaireachta go dtí mí an Mhárta 2012. Le Rialachán (CE) Uimh. 580/2011 (6), síntear sainordú na Gníomhaireachta go dtí an 13 Meán Fómhair 2013.

    (10)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht teacht i gcomharbas ar ENISA mar a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 460/2004. Faoi chuimsiú Chinneadh Ionadaithe na mBallstát, a tháinig le chéile sa Chomhairle Eorpach an 13 Nollaig 2003, ba cheart don Bhallstát óstach na socruithe praiticiúla reatha a chothabháil agus a fhorbairt tuilleadh chun oibríocht rianúil agus éifeachtúil na Gníomhaireachta agus a hoifige brainse san Aithin a áirithiú, agus chun earcaíocht agus coinneáil foirne ardcháilithe a éascú.

    (11)

    Ó bunaíodh ENISA, tá athrú tagtha ar na dúshláin a bhaineann le slándáil gréasán agus faisnéise mar gheall ar fhorbairtí teicneolaíochta, forbairtí margaidh agus forbairtí socheacnamaíocha agus tá tuilleadh machnaimh agus díospóireachta déanta i dtaobh na ndúshlán sin. Mar fhreagra ar an athrú sin atá ag teacht ar na dúshláin, tá tosaíochtaí an Aontais nuashonraithe maidir le beartas slándála gréasán agus faisnéise. Tá sé mar aidhm ag an Rialachán seo an Ghníomhaireacht a neartú chun go n-éireoidh léi cur le hiarrachtaí institiúidí an Aontais agus na mBallstát acmhainneacht Eorpach a fhorbairt chun déileáil le dúshláin slándála gréasán agus faisnéise.

    (12)

    Ceanglaítear le bearta an mhargaidh inmheánaigh sa réimse slándála cumarsáide leictreonaí agus, ar bhonn níos ginearálta, sa réimse slándála gréasán agus faisnéise, go gcuirfidh institiúidí an Aontais agus na Ballstáit na bearta sin i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla teicniúla agus eagraíochtúla. Féadfaidh neamhéifeachtúlachtaí a bheith mar thoradh ar chur i bhfeidhm ilchineálach na gceanglas sin, agus d’fhéadfaí bacainní ar an margadh inmheánach a chruthú dá bharr. Beidh gá le lárionad saineolais ar leibhéal an Aontais a sholáthróidh treoir, comhairle agus cúnamh i dtaobh saincheisteanna a bhaineann le slándáil gréasán agus faisnéise, a bhféadfaidh institiúidí an Aontais agus na Ballstáit brath air. Féadfaidh an Ghníomhaireacht freagairt do na riachtanais sin trí leibhéal ard saineolais a fhorbairt agus a chothabháil agus trí chabhrú le hinstitiúidí an Aontais, leis na Ballstáit agus leis an bpobal gnó chun cuidiú leo ceanglais dhlíthiúla agus rialála slándála gréasán agus faisnéise a chomhlíonadh agus chun saincheisteanna a bhaineann le slándáil gréasán agus faisnéise a chinneadh agus le díriú orthu, rud a chuideoidh le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

    (13)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht na cúraimí arna dtabhairt di le gníomhartha dlí de chuid an Aontais sa réimse cumarsáide leictreonaí a thabhairt i gcrích agus, go ginearálta, cur le leibhéal feabhsaithe slándála i dtaobh cumarsáide leictreonaí agus príobháideachais agus cosanta sonraí pearsanta trí shaineolas agus comhairle a sholáthar, i measc rudaí eile, agus trí mhalartú dea-chleachtas a chur chun cinn agus trí mholtaí beartais a sholáthar.

    (14)

    Ceanglaítear le Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála i gcomhair gréasán agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir Réime) (7) go nglacfaidh soláthraithe gréasán poiblí cumarsáide leictreonaí nó seirbhisí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí bearta iomchuí chun a sláine agus a slándáil a chosaint, agus tugtar isteach leis an oibleagáid atá ar na húdaráis rialála náisiúnta, i gcás inarb iomchuí, an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas, inter alia, faoi aon sárú slándála agus faoi chaillteanas sláine a raibh tionchar suntasach aige ar oibriú gréasán nó seirbhísí agus tuarascáil achomair bhliantúil ar na fógraí a fuarthas agus ar an ngníomhaíocht a rinneadh a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta chomh maith. Le Treoir 2002/21/CE, éilítear freisin ar an nGníomhaireacht cur le comhchuibhiú na mbeart iomchuí teicniúil agus eagraíochtúil slándála trí thuairimí a sholáthar.

    (15)

    Ceanglaítear le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (8) ar sholáthraí seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a ghlacadh chun slándáil a gcuid seirbhísí a chosaint agus ceanglaítear leis freisin go ndéanfaí rúndacht na cumarsáide agus na sonraí gaolmhara tráchta a choinneáil. Le Treoir 2002/58/CE tugtar isteach fáisnéis maidir le sárú sonraí pearsanta agus ceanglais fógartha le haghaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Ceanglaítear léi freisin ar an gCoimisiún dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht i dtaobh aon bheart cur chun feidhme teicniúil atá le glacadh maidir le cúinsí nó formáid na gceanglas faisnéise agus fógartha agus na nósanna imeachta a bhaineann leo. Ceanglaítear le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (9), ar na Ballstáit foráil a dhéanamh nach mór don rialtóir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun sonraí pearsanta a chosaint ar scriosadh de thaisme nó go neamhdhleathach nó ar chaillteanas de thaisme, ar athrú, nochtadh nó rochtain neamhúdaraithe, go háirithe i gcás ina bhfuil tarchur sonraí thar gréasán mar chuid den phróiseáil, agus ar gach cineál eile próiseála neamhdhleathaí.

    (16)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht cur le leibhéal ard slándála gréasán agus faisnéise, le príobháideachas agus sonraí pearsanta a chosaint ar bhealach níos fearr, agus le cultúr slándála gréasán agus faisnéise a fhorbairt agus a chur chun cinn chun leasa shaoránaigh, thomhaltóirí, ghnóthais agus eagraíochtaí earnála poiblí an Aontais Eorpaigh, agus sa tslí sin cuideoidh sí le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart na cistí riachtanacha buiséadacha a leithdháileadh ar an nGníomhaireacht.

    (17)

    Mar gheall ar shuntasacht mhéadaitheach gréasán leictreonach agus cumarsáide leictreonaí, arb iad croílár an gheilleagair Eorpaigh anois, agus mar gheall ar mhéid iarbhír an gheilleagair dhigitigh, ba cheart na hacmhainní airgeadais agus daonna a leithdháiltear ar an nGníomhaireacht a mhéadú chun freagairt dá ról agus dá cúraimí feabhsaithe agus dá riocht ríthábhachtach i gcosaint an éiceachórais digitigh Eorpaigh.

    (18)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht oibriú mar phointe tagartha trí mhuinín agus iontaoibh a ghnóthú de bhua í a bheith neamhspleách, ardchaighdeán comhairle agus faisnéise a bheith á leathadh aici, trédhearcacht a bheith ag baint lena nósanna imeachta agus lena modhanna oibriúcháin, agus í a bheith dúthrachtach i dtaobh a cúraimí a dhéanamh. Ba cheart don Ghníomhaireacht cur le hiarrachtaí náisiúnta agus le hiarrachtaí an Aontais agus sa tslí sin, a cuid cúraimí a thabhairt i gcrích i gcomhar iomlán le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus leis na Ballstáit agus a bheith oscailte do theagmháil le tionscal agus le geallsealbhóirí ábhartha eile. De bhreis air sin, ba cheart don Ghníomhaireacht cur leis an ionchur agus le comhar ón earnáil phríobháideach, a bhfuil ról tábhachtach á imirt aici i slándáil cumarsáide leictreonaí, bonneagar leictreonach agus seirbhísí leictreonacha.

    (19)

    Ba cheart do shraith cúraimí an bealach a bhainfidh an Ghníomhaireacht a cuspóirí amach a léiriú, agus solúbthacht ina cuid oibríochtaí á ceadú ag an am céanna. Ba cheart bailiú faisnéise agus sonraí iomchuí a áirithiú leis na cúraimí a dhéanann an Ghníomhaireacht, a bhfuil gá leo chun tabhairt faoi anailísí ar na rioscaí do shlándáil agus do sholúbthacht cumarsáide leictreonaí, bonneagair leictreonaigh agus seirbhísí leictreonacha agus chun staid na slándála gréasán agus faisnéise san Aontas a mheas, i gcomhar leis na Ballstáit, leis an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, le geallsealbhóirí ábhartha. Ba cheart don Ghníomhaireacht comhordú agus comhoibriú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus le Ballstáit a áirithiú agus comhar idir na geallsealbhóirí a fheabhsú san Eoraip, go háirithe trí chomhlachtaí náisiúnta inniúla agus trí chomhlachtaí inniúla an Aontais agus saineolaithe ardleibhéil ón earnáil phríobháideach a thabhairt isteach i réimsí ábhartha, go háirithe soláthraithe gréasán agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, monaróirí trealaimh gréasán agus díoltóirí bogearraí, á chur san áireamh go gcuimsíonn córais gréasán agus faisnéise teaglamaí de chrua-earraí, de bhogearraí agus de sheirbhísí. Ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a chur ar fáil d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit i dtaobh a n-idirphlé le lucht an tionscail chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le slándáil i dtáirgí crua-earraí agus bogearraí, agus sa tslí sin cuirfear le cur chuige comhoibríoch maidir le slándáil gréasán agus faisnéise.

    (20)

    Ba cheart straitéisí slándála gréasán agus faisnéise a phoibligh institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais nó Ballstát a sholáthar don Ghníomhaireacht chun í a chur ar an eolas fúthu agus chun dúbláil saothair a sheachaint. Ba cheart don Ghníomhaireacht anailís a dhéanamh ar na straitéisí agus a gcur i láthair a chur chun cinn i bhformáid a éascaíonn an inchomparáideacht. Ba cheart na straitéisí agus a cuid anailísí a chur ar fáil don phobal trí mhodhanna leictreonacha.

    (21)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht cuidiú leis an gCoimisiún trí bhíthin comhairle, tuairimí agus anailísí maidir le cúrsaí uile an Aontais a bhaineann le forbairt beartas sa réimse slándála gréasán agus faisnéise, lena n-áirítear Cosaint Bonneagair Faisnéise Criticiúla agus solúbthacht. Ba cheart don Ghníomhaireacht cabhrú freisin le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí, agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus i gcás inarb ábhartha, na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, lena n-iarrachtaí beartas agus cumas slándála gréasán agus faisnéise a fhorbairt.

    (22)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht lánaird a thabhairt ar na gníomhaíochtaí atá ar bun faoi láthair maidir le taighde, forbairt agus measúnú teicneolaíoch, go háirithe na gníomhaíochtaí sin arna ndéanamh ag tionscnaimh taighde éagsúla an Aontais chun comhairle a chur ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, maidir le riachtanais taighde sa réimse slándála gréasán agus faisnéise.

    (23)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht cabhrú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais chomh maith leis na Ballstáit lena n-iarrachtaí cumas trasteorann a bhunú agus a fheabhsú mar aon le hullmhacht maidir le fadhbanna agus teagmhais slándála gréasán agus faisnéise a chosc, a bhrath agus a fhreagairt. I ndáil leis sin, ba cheart don Ghníomhaireacht comhar a éascú i measc na mBallstát agus an Coimisiún agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus na Ballstáit. Chuige sin, ba cheart don Ghníomhaireacht tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí leanúnacha na mBallstát a gcumas freagartha a fheabhsú agus cleachtaí Eorpacha ar theagmhais slándála a eagrú agus a rith agus, ar iarratas ó Bhallstát, ba cheart di cleachtaí náisiúnta a eagrú agus a rith.

    (24)

    Chun na dúshláin sa réimse slándála gréasán agus faisnéise a thuiscint níos fearr, ní mór don Ghníomhaireacht anailís a dhéanamh ar na rioscaí atá ann faoi láthair agus ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn. Chun na críche sin, ba cheart don Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na Ballstáit agus, de réir mar is iomchuí, leis na comhlachtaí staitisticiúla agus le comhlachtaí eile, faisnéis ábhartha a bhailiú. Thairis sin, ba cheart don Ghníomhaireacht cabhrú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus leis na Ballstáit lena n-iarrachtaí faisnéis maidir le slándáil gréasán agus faisnéise a bhailiú, a anailísiú agus a leathadh. Maidir le bailiú faisnéise agus sonraí staitistiúla iomchuí a bhfuil gá leo chun tabhairt faoi anailísí ar na rioscaí do shlándáil agus do sholúbthacht cumarsáide leictreonaí, bonneagair leictreonaigh agus seirbhísí leictreonacha, ba cheart an méid sin a dhéanamh ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit agus léargas na Gníomhaireachta ar bhonneagair TFC institiúidí an Aontais i gcomhréir le forálacha an Aontais agus forálacha náisiúnta i gcomhlíonadh dhlí an Aontais. Ar bhonn na faisnéise sin, ba cheart don Ghníomhaireacht feasacht a chothabháil maidir leis an staid is déanaí slándála gréasán agus faisnéise agus le treochtaí gaolmhara san Aontas chun leasa institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus na mBallstát.

    (25)

    Le linn di a cuid cúraimí a chomhlíonadh, ba cheart don Ghníomhaireacht comhar a éascú idir an tAontas agus na Ballstáit chun feasacht a fheabhsú maidir le staid slándála gréasán agus faisnéise san Aontas.

    (26)

    Ba cheart don Aontas comhar a éascú i measc údarás rialála neamhspleách inniúil na mBallstát, agus tacú go háirithe le forbairt, le cur chun cinn agus le malartú dea-chleachtas agus caighdeán le haghaidh clár oideachais agus scéimeanna ardaithe feasachta. Éascóidh tuilleadh malartaithe faisnéise idir Ballstáit gníomhaíocht dá leithéid. Ba cheart don Ghníomhaireacht cur le feasacht úsáideoirí aonair cumarsáide leictreonaí, bonneagair leictreonaigh agus seirbhísí leictreonacha a ardú, lena n-áirítear trí chúnamh a thabhairt do na Ballstáit, i gcás ina roghnaíonn siad úsáid a bhaint as an ardán d’fhaisnéis chun leasa an phobail dá ndéantar foráil i dTreoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le gréasáin agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch) (10), faisnéis ábhartha chun leasa an phobail a thabhairt ar láimh maidir le slándáil gréasán agus faisnéise, agus trí chúnamh a thabhairt dóibh an fhaisnéis sin a fhorbairt le go gcuirfear san áireamh í le soláthar gléasanna nua atá beartaithe lena n-úsáid ar ghréasáin poiblí cumarsáide. Ba cheart don Ghníomhaireacht tacú freisin le comhar idir geallsealbhóirí ar leibhéal an Aontais, i bpáirt trí roinnt faisnéise, feachtais ardaithe feasachta agus cláir oideachais agus oiliúna a chur chun cinn.

    (27)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht, inter alia, cúnamh a thabhairt d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus do na Ballstáit maidir le feachtais phoiblí oideachais d’úsáideoirí deiridh, arb é is aidhm dóibh iompraíocht níos sábháilte ar líne a chur chun cinn i measc daoine aonair agus feasacht a ardú maidir le bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcibearspás, go háirithe cibearchoireacht amhail ionsaithe fioscaireachta, róbatlíonta, calaois airgeadais agus baincéireachta, chomh maith le comhairle maidir le fíordheimhniú bunúsach agus cosaint sonraí a chur chun cinn.

    (28)

    Lena áirithiú go mbaineann sí a cuid cuspóirí amach go hiomlán, ba cheart go ndéanfadh an Ghníomhaireacht idirchaidreamh le comhlachtaí ábhartha, lena n-áirítear na comhlachtaí sin a théann i ngleic le cibearchoireacht amhail Europol, agus le húdaráis um príobháideachas a chosaint chun saineolas agus dea-chleachtais a mhalartú agus chun comhairle a sholáthar maidir le gnéithe slándála gréasán agus faisnéise a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a gcuid oibre. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an nGníomhaireacht sineirgí a bhaint amach idir iarrachtaí na gcomhlachtaí sin agus a cuid iarrachtaí féin chun ardslándáil gréasán agus faisnéise a chur chun cinn. Ba cheart go mbeadh ionadaithe údarás um fhorghníomhú an dlí agus um príobháideachas a chosaint, arb údaráis náisiúnta agus údaráis de chuid an Aontais iad, i dteideal ionadaíocht a bheith acu ar Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí na Gníomhaireachta. Trí idirchaidreamh a dhéanamh le comhlachtaí um fhorghníomhú an dlí maidir le gnéithe slándála gréasán agus faisnéise a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a gcuid oibre, ba cheart don Ghníomhaireacht bealaí faisnéise atá ann cheana agus gréasáin atá bunaithe a urramú.

    (29)

    Tá Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí Eorpach le haghaidh Solúbthachta seolta ag an gCoimisiún mar chreat rialála solúbtha uile-Aontais i gcomhar solúbthachta bonneagair TFC inar cheart ról éascaithe a bheith ag an nGníomhaireacht chun geallsealbhóirí a thabhairt le chéile chun tosaíochtaí beartais phoiblí, gnéithe eacnamaíocha agus gnéithe margaidh na ndúshlán agus bearta maidir le solúbthacht bonneagair TFC a phlé.

    (30)

    Chun slándáil gréasán agus faisnéise agus infheictheacht an chéanna a chur chun cinn ba cheart don Ghníomhaireacht comhar a éascú idir comhlachtaí inniúla poiblí na mBallstát, trí thacú go háirithe le forbairt agus malartú sárchleachtas agus scéimeanna ardaithe feasachta agus trína ngníomhaíochtaí for-rochtana a fheabhsú. Ba cheart don Ghníomhaireacht tacú freisin le comhar idir geallsealbhóirí agus institiúidí an Aontais, i bpáirt trí roinnt faisnéise agus gníomhaíochtaí ardaithe feasachta a chur chun cinn.

    (31)

    Chun ardleibhéal slándála gréasán agus faisnéise a fheabhsú san Aontas ba cheart don Ghníomhaireacht comhar agus malartú faisnéise agus dea-chleachtas a chur chun cinn idir eagraíochtaí ábhartha amhail Foirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhaireacht (CSIRTanna) agus Foirne Práinnfhreagartha Ríomhaireachta (CERTanna).

    (32)

    Ba cheart córas de chuid an Aontais de CERTanna a fheidhmíonn mar is cóir a bheith mar bhunchloch bhonneagar slándála gréasán agus faisnéise an Aontais. Ba cheart don Ghníomhaireacht tacú le CERTanna de chuid na mBallstát agus le CERT de chuid an Aontais i ngréasán CERTanna a oibriú, lena n-áirítear comhaltaí an Ghrúpa Eorpaigh Rialtais CERTanna. Chun a áirithiú go mbeidh ardacmhainneachtaí leordhóthanacha ag gach aon cheann de na CERTanna agus go bhfreagróidh na hacmhainneachtaí sin a oiread is féidir d’acmhainneachtaí na CERTanna is forbartha, ba cheart don Ghníomhaireacht bunú agus oibriú córais athbhreithnithe piaraí a chur chun cinn. Thairis sin, ba cheart don Ghníomhaireacht comhar idir na CERTanna ábhartha a chur chun cinn agus tacú leis i gcás teagmhas, ionsaithe nó briseadh i ngréasáin nó i mbonneagar a bhainistíonn nó a chosnaíonn siad lena bhfuil baint ag dhá cheann díobh ar a laghad nó lena bhféadfadh baint a bheith acu.

    (33)

    Ba cheart beartais éifeachtúla slándála gréasán agus faisnéise a bheith bunaithe ar mhodhanna measúnaithe riosca atá dea-fhorbartha, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon. Baintear úsáid as modhanna agus as nósanna imeachta um measúnú riosca ar leibhéil éagsúla gan cleachtas coiteann ar bith i dtaobh conas iad a chur i bhfeidhm go héifeachtúil. Déanfar leibhéal slándála gréasáin agus córas faisnéise san Aontas a mhéadú trí dhea-chleachtas a chur chun cinn agus a fhorbairt i dtaobh measúnú riosca agus i dtaobh réiteach comh-inoibritheach um bainistíocht riosca in eagraíochtaí na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí. Chun na críche sin, ba cheart don Ghníomhaireacht tacú le comhar idir geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha ar leibhéal an Aontais, agus a gcuid iarrachtaí maidir le bunú agus glacadh caighdeán Eorpach agus idirnáisiúnta a éascú i dtaobh bainistíochta riosca agus i dtaobh slándála intomhaiste táirgí leictreonacha, córas leictreonach agus gréasáin agus seirbhísí leictreonacha, lena gcomhdhéantar na córais gréasán agus faisnéise in éineacht le bogearraí.

    (34)

    I gcás inarb iomchuí agus inarb úsáideach maidir lena cuspóirí agus lena cúraimí a chomhlíonadh, ba cheart don Ghníomhaireacht taithí agus faisnéis ghinearálta a roinnt le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a dhéileálann le slándáil gréasán agus faisnéise. Ba cheart don Ghníomhaireacht cur le tosaíochtaí taighde a aithint, ar leibhéal an Aontais, i réimse solúbthachta gréasán agus slándála gréasán agus faisnéise agus ba cheart di aon eolas maidir le riachtanais tionscail a chur in iúl d’institiúidí taighde ábhartha.

    (35)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht na Ballstáit agus soláthraithe seirbhíse a spreagadh chun a gcuid caighdeán ginearálta slándála a ardú ionas go ndéanfadh gach úsáideoir idirlín na bearta is gá chun a chuid cibearshlándála pearsanta a áirithiú.

    (36)

    Is saincheisteanna domhanda iad fadhbanna slándála gréasán agus faisnéise. Tá gá le comhar idirnáisiúnta níos dlúithe chun caighdeán slándála a fheabhsú, lena n-áirítear noirm agus cóid chomhchoiteanna iompraíochta a shainiú agus roinnt faisnéise, rud a chuireann comhoibriú idirnáisiúnta níos mire chun cinn mar fhreagra ar shaincheisteanna slándála gréasán agus faisnéise agus mar chur chuige comhchoiteann domhanda maidir leis sin. Chun na críche sin, ba cheart don Ghníomhaireacht tacú le rannpháirteachas breise de chuid an Aontais agus comhar breise le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta trí shaineolas agus anailís riachtanach a sholáthar do na comhlachtaí agus do na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, i gcás inarb iomchuí.

    (37)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht feidhmiú i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, leibhéal iomchuí comhordaithe a áirithiú idir na Ballstáit i dtaobh ábhar a bhaineann le slándáil gréasán agus faisnéise agus éifeachtacht na mbeartas náisiúnta a fheabhsú, rud a chuirfeadh luach leo agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ach gan dul thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá leagtha amach sa Rialachán seo a bhaint amach. Ba cheart go n-atreiseodh agus nach gcuirfeadh feidhmiú chúraimí na Gníomhaireachta isteach ar na hinniúlachtaí ná níor cheart go mbacfadh sé cumhachtaí agus cúraimí ábhartha na gcomhlachtaí seo a leanas ná go gcuirfeadh sé isteach orthu ná go mbeadh forluí eatarthu: na húdaráis náisiúnta rialála mar atá leagtha amach sna Treoracha a bhaineann leis na gréasáin agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, mar aon le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 (11) agus an Coiste Cumarsáide dá dtagraítear i dTreoir 2002/21/CE, na comhlachtaí caighdeánaithe Eorpacha, na comhlachtaí caighdeánaithe náisiúnta agus an Buanchoiste mar atá leagtha amach i dTreoir 98/34/CE (12) agus údaráis neamhspleácha mhaoirseachta na mBallstát mar atá leagtha amach i dTreoir 95/46/CE.

    (38)

    Is gá prionsabail áirithe a chur chun feidhme maidir le rialú na Gníomhaireachta chun an Ráiteas Comhpháirteach agus an Cur Chuige Coiteann a chomhaontaigh an Grúpa Oibre Idirinstitiúideach ar ghníomhaireachtaí díláraithe an AE i mí Iúil 2012 a chomhlíonadh, arb é is cuspóir leis gníomhaíochtaí gníomhaireachtaí a shruthlíniú agus feidhmiú an chéanna a fheabhsú.

    (39)

    Ba cheart an Ráiteas Comhpháirteach agus an Cur Chuige Coiteann a léiriú, de réir mar is iomchuí, i gCláir Oibre na Gníomhaireachta, i meastóireachtaí na Gníomhaireachta, agus i gcleachtas tuairiscithe agus riaracháin na Gníomhaireachta.

    (40)

    Ionas go bhfeidhmeodh an Ghníomhaireacht mar is cuí, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go mbeadh saineolas iomchuí gairmiúil ag daoine atá le ceapadh inar gcomhaltaí den Bhord Bainistíochta. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit iarrachtaí a dhéanamh ráta athraithe a gcuid Ionadaithe ar an mBord Bainistíochta a theorannú chun leanúnachas shaothar an Bhoird Bainistíochta a áirithiú.

    (41)

    Tá sé riachtanach go mbunaíonn agus go gcothabhálann an Ghníomhaireacht clú na neamhchlaontachta, na sláine agus ardchaighdeán gairmiúil. Dá réir sin, ba cheart don Bhord Bainistíochta rialacha cuimsitheacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chumhdaíonn an Ghníomhaireacht ar fad a sheachaint agus a bhainistiú.

    (42)

    Mar gheall ar chúinsí uathúla na Gníomhaireachta agus ar na dúshláin dheacra atá os a comhair, ba cheart struchtúr eagraíochtúil na Gníomhaireachta a shimpliú agus a neartú chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht níos fearr a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart Bord Feidhmiúcháin a bhunú, i measc nithe eile, chun go mbeidh an Bord Bainistíochta in ann díriú ar shaincheisteanna a mbaineann tábhacht straitéiseach leo.

    (43)

    Ba cheart don Bhord Bainistíochta Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh i gcomhréir le rialacha arna nglacadh faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (13) (an “Rialachán Airgeadais”).

    (44)

    Chun a áirithiú go bhfuil an Ghníomhaireacht éifeachtach, ba cheart ionadaíocht a bheith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún ar an mBord Bainistíochta, agus ba cheart don Bhord treo ginearálta oibríochtaí na Gníomhaireachta a shainiú agus a áirithiú go gcuireann sí a cúraimí i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart na cumhachtaí is gá a chur ar iontaoibh an Bhoird Bhainistíochta chun an buiséad a bhunú, feidhmiú an bhuiséid a fhíorú, na rialacha airgeadais iomchuí a ghlacadh, nósanna imeachta trédhearcacha a bhunú i dtaobh chinnteoireacht na Gníomhaireachta, clár oibre na Gníomhaireachta a ghlacadh, a rialacha nós imeachta féin agus rialacha inmheánacha oibríochta na Gníomhaireachta a ghlacadh, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, cinneadh a dhéanamh maidir lena théarma oifige nó lena téarma oifige a fhadú tar éis dhearcadh Pharlaimint na hEorpa a fháil agus cinneadh a dhéanamh maidir le deireadh a chur lena shainordú nó lena sainordú. Ba cheart don Bhord Bainistíochta Bord Feidhmiúcháin a bhunú chun cabhrú leis lena chuid cúraimí maidir le cúrsaí riaracháin agus buiséadacha.

    (45)

    Ar mhaithe le feidhmiú rianúil na Gníomhaireachta, ní mór an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh ar bhonn fiúntais agus scileanna doiciméadaithe riaracháin agus bainistíochta, agus ar bhonn inniúlachta agus taithí atá ábhartha i dtaobh slándála gréasán agus faisnéise, agus ní mór dualgais an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chomhlíonadh ar shlí atá go hiomlán neamhspleách maidir le feidhmiú inmheánach na Gníomhaireachta a eagrú. Chun na críche sin, ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin togra a ullmhú le haghaidh chlár oibre na Gníomhaireachta, tar éis dó/di dul i gcomhairle roimh ré leis an gCoimisiún, agus ba cheart dó/di na céimeanna ar fad is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear clár oibre na Gníomhaireachta i bhfeidhm mar is cuí. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil bhliantúil a ullmhú a bheidh le cur faoi bhráid an Bhoird Bhainistíochta, dréachtráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas a tharraingt suas don Ghníomhaireacht, agus an buiséad a chur chun feidhme.

    (46)

    Ba cheart é a bheith de rogha ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Grúpaí Oibre ad hoc a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar ábhair shonracha, go háirithe ábhair a bhaineann le heolaíocht, le teicneolaíocht, le dlí nó le socheacnamaíocht. Agus Grúpaí Oibre ad hoc á mbunú, ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionchur a lorg ó na saineolaithe seachtracha ábhartha agus leas a bhaint as an ionchur sin atá ag teastáil chun go mbeidh rochtain ag an nGníomhaireacht ar an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil ar na dúshláin slándála a bhaineann le sochaí faisnéise atá ag forbairt. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a áirithiú go ndéanfar comhaltaí an Ghrúpa Oibre ad hoc a roghnú de réir na gcaighdeán is airde saineolais agus a chinntiú go mbeidh cothromaíocht ann ó thaobh ionadaithe de, de réir mar is iomchuí de réir na saincheisteanna sonracha, idir riaracháin phoiblí na mBallstát, institiúidí an Aontais, an earnáil phríobháideach, lena n-áirítear lucht tionscail, na húsáideoirí agus saineolaithe acadúla i slándáil gréasán agus faisnéise. Ba cheart go bhféadfadh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, de réir mar is iomchuí, cuireadh a thabhairt do shaineolaithe aonair, atá aitheanta mar shaineolaithe inniúla sa réimse ábhartha, páirt a ghlacadh in imeachtaí na nGrúpaí Oibre, ar bhonn cás ar chás. Ba cheart don Ghníomhaireacht a gcostais a íoc i gcomhréir lena rialacha inmheánacha agus i gcomhréir le rialacha arna nglacadh faoin Rialachán Airgeadais.

    (47)

    Ba cheart Buanghrúpa Geallsealbhóirí a bheith ag an nGníomhaireacht mar chomhlacht comhairliúcháin, chun idirphlé rialta leis an earnáil phríobháideach, le heagraíochtaí tomhaltóirí agus le geallsealbhóirí ábhartha eile a áirithiú. Ba cheart don Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí, arna bhunú ag an mBord Bainistíochta ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, díriú ar shaincheisteanna atá ábhartha do gheallsealbhóirí agus ba cheart dó na saincheisteanna sin a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta. Ba cheart go bhféadfadh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcás inarb iomchuí agus de réir chlár na gcruinnithe, cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ó chomhlachtaí ábhartha eile páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Ghrúpa.

    (48)

    Ós rud é go bhforáiltear d’ionadaíocht dhóthanach do gheallsealbhóirí ar an mBuanghrúpa Geallsealbhóirí agus go bhfuiltear le dul i gcomhairle leis an ngrúpa sin go háirithe i ndáil leis an dréacht-Chlár Oibre, ní gá ionadaíocht a dhéanamh do gheallsealbhóirí ar an mBord Bainistíochta a thuilleadh.

    (49)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht na forálacha ábhartha de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm, ar forálacha iad a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid mar atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Maidir leis an bhfaisnéis arna próiseáil ag an nGníomhaireacht chun críocha a bhfuil baint acu lena feidhmiú inmheánach agus maidir leis an bhfaisnéis arna próiseáil le linn di a cuid cúraimí a chur i gcrích, ba cheart di a bheith faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (15).

    (50)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht na forálacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais agus an reachtaíocht náisiúnta maidir le láimhseáil cáipéisí íogaire a chomhlíonadh.

    (51)

    Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán na Gníomhaireachta a áirithiú agus le go mbeidh sí in ann cúraimí nua breise a chomhlíonadh, lena n-áirítear cúraimí éigeandála gan choinne, ba cheart go ndeonófaí don Ghníomhaireacht buiséad uathrialach leordhóthanach, a dheonú di, a mbeidh a ioncam ag teacht, den chuid is mó, ó ranníocaíocht ón Aontas agus ó ranníocaíochtaí ó thríú tíortha atá rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta. Ba cheart do thromlach fhoireann na Gníomhaireachta a bheith ag gabháil go díreach do chur chun feidhme oibríochtúil shainordú na Gníomhaireachta. Ba cheart cead a bheith ag an mBallstát óstach, nó ag Ballstát ar bith eile, ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh le hioncam na Gníomhaireachta. Ba cheart go leanfadh nós imeachta buiséid an Aontais d’fheidhm a bheith aige a mhéid a bhaineann le haon fhóirdheontas atá inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Thairis sin, ba cheart don Chúirt Iniúchóirí cuntais na Gníomhaireachta a iniúchadh chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú.

    (52)

    I bhfianaise timpeallacht na bagartha a bheith de shíor ag athrú agus i bhfianaise fhorás bheartais an Aontais maidir le slándáil gréasán agus faisnéise agus chun an creat airgeadais ilbhliantúil a ailíniú, ba cheart teorainn seacht mbliana a chur le ré an tsainordaithe agus an deis a bheith ann an ré a shíneadh.

    (53)

    Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar oibríochtaí na Gníomhaireachta go neamhspleách. Ba cheart aird a thabhairt sa mheastóireacht ar éifeachtúlacht na Gníomhaireachta maidir lena cuspóirí a bhaint amach, lena cleachtais oibre agus le hábharthacht a cúraimí, chun bailíocht leantach chuspóirí na Gníomhaireachta a chinneadh, nó a mhalairt, agus, bunaithe ar an méid sin, chun a chinneadh ar cheart ré a sainordaithe a fhadú agus, más amhlaidh, cén tréimhse a bheadh ann.

    (54)

    Más rud é, ag deireadh ré shainordú na Gníomhaireachta, nach bhfuil togra tugtha isteach ag an gCoimisiún chun an sainordú a fhadú, ba cheart don Choimisiún na bearta ábhartha a ghlacadh lena rachfar i ngleic leis na saincheisteanna ar leith a bhaineann le conarthaí foirne agus le socruithe buiséid.

    (55)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon Gníomhaireacht um Shlándáil Gréasán agus Faisnéise de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú chun críche cur le leibhéal ard slándála gréasán agus faisnéise laistigh den Aontas agus chun feasacht ar shlándáil faisnéise a ardú agus cultúr slándála gréasán agus faisnéise a fhorbairt agus a chur chun cinn sa tsochaí chun leasa saoránach, tomhaltóirí, gnóthas agus eagraíochtaí na hearnála poiblí san Aontas, agus ar an tslí sin cuidiú le margadh inmheánach a bhunú agus le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

    (56)

    Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 a aisghairm.

    (57)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus ghlac sé a thuairim an 20 Nollaig 2010 (16),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    ROINN 1

    RAON FEIDHME, CUSPÓIRÍ AGUS CÚRAIMÍ

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.   Bunaítear leis an Rialachán seo Gníomhaireacht um Shlándáil Gréasán agus Faisnéise de chuid an Aontais Eorpaigh (ENISA, “an Ghníomhaireacht” anseo feasta) le tabhairt faoi na cúraimí a shanntar di chun críche cur le leibhéal ard slándála gréasán agus faisnéise laistigh den Aontas agus chun feasacht ar shlándáil gréasán agus faisnéise a ardú agus cultúr slándála gréasán agus faisnéise a fhorbairt agus a chur chun cinn sa tsochaí chun leasa saoránach, tomhaltóirí, gnóthas agus eagraíochtaí na hearnála poiblí san Aontas, agus ar an tslí sin cuidiú le margadh inmheánach a bhunú agus le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

    2.   Beidh cuspóirí agus cúraimí na Gníomhaireachta gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát maidir le slándáil gréasán agus faisnéise agus do ghníomhaíochtaí, i gcás ar bith, a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint, slándáil náisiúnta (lena n-áirítear leas eacnamaíoch an Stáit nuair a bhaineann na saincheisteanna le cúrsaí slándála náisiúnta) agus gníomhaíochtaí an Stáit i réimsí an dlí choiriúil.

    3.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “slándáil gréasán agus faisnéise” an cumas atá i ngréasán nó i gcóras faisnéise seasamh i gcoinne, ar leibhéal áirithe muiníne, teagmhais a tharlaíonn de thaisme nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó mailíseacha a chuireann isteach ar fháil, ar bharántúlacht, ar shláine agus ar rúndacht sonraí atá stóráilte nó tarchurtha agus a chuireann isteach ar na seirbhísí gaolmhara atá á dtairiscint nó a bhfuil rochtain orthu trí na gréasáin agus na córais sin.

    Airteagal 2

    Cuspóirí

    1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht leibhéal ard saineolais a fhorbairt agus a chothabháil.

    2.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais i dtaca le beartais a fhorbairt sa tslándáil gréasán agus faisnéise.

    3.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais agus do na Ballstáit i dtaca le beartais a chur chun feidhme, ar beartais iad atá riachtanach chun na ceanglais dhlíthiúla agus rialála maidir le slándáil gréasán agus faisnéise i ngníomhartha reachtacha an Aontais, idir gníomhartha atá cheana ann agus gníomhartha a bheidh amach anseo ann, a chomhlíonadh, agus ar an tslí sin a bheith ag cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

    4.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Aontas agus do na Ballstáit i dtaca lena gcumas agus lena n-ullmhacht a fheabhsú agus a neartú chun fadhbanna agus teagmhais slándála gréasán agus faisnéise a chosc, a bhrath, agus freagairt dóibh.

    5.   Bainfidh an Ghníomhaireacht úsáid as an saineolas atá aici chun comhar leathan idir gníomhairí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a spreagadh.

    Airteagal 3

    Cúraimí

    1.   Is faoi chuimsiú an chuspóra a leagtar amach in Airteagal 1, agus chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 a chomhlíonadh, agus urraim á tabhairt d’Airteagal 1(2), a chuirfidh an Ghníomhaireacht na cúraimí seo a leanas i gcrích:

    (a)

    tacú le forbairt bheartas agus dhlí an Aontais, trí:

    (i)

    chúnamh agus comhairle a thabhairt maidir leis na nithe go léir a bhaineann le beartas agus dlí an Aontais maidir le slándáil gréasán agus faisnéise;

    (ii)

    sholáthar a dhéanamh ar obair ullmhúcháin, ar chomhairle agus ar anailís a bhaineann le beartas agus dlí an Aontais maidir le slándáil gréasán agus faisnéise a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta;

    (iii)

    anailís a dhéanamh ar straitéisí slándála gréasán agus faisnéise atá ar fáil go poiblí agus foilsiú na straitéisí sin a chur chun cinn;

    (b)

    tacú le forbairt chumais, trí:

    (i)

    thacú leis na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, ina n-iarrachtaí forbairt a dhéanamh ar sheachaint, brath, anailís agus cumas freagartha i dtaca le fadhbanna agus teagmhais slándála gréasán agus faisnéise, agus ina n-iarrachtaí iad sin a fheabhsú, agus an t-eolas riachtanach a sholáthar dóibh;

    (ii)

    chur chun cinn agus éascú a dhéanamh ar chomhar deonach i measc na mBallstát agus idir institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus na Ballstáit ina n-iarrachtaí fadhbanna agus teagmhais a bhaineann leis an tslándáil gréasán agus faisnéise a chosc, a bhrath agus freagairt dóibh, sa chás ina mbíonn tionchar trasteorann ag na fadhbanna agus teagmhais sin;

    (iii)

    chúnamh a thabhairt d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais ina n-iarrachtaí cosc, brath, anailís agus cumas freagartha a fhorbairt i dtaca le fadhbanna agus teagmhais slándála gréasán agus faisnéise, go háirithe trí thacú le Foireann Phráinnfhreagartha Ríomhaireachta (CERT) a chur ag obair dóibh;

    (iv)

    thacú le leibhéal cumas na CERTanna ar bhonn náisiúnta, rialtasach agus an Aontais a mhéadú, lena n-áirítear trí idirphlé agus malartú faisnéise a chur chun cinn, d’fhonn a áirithiú, i dtaca leis an úrscothacht, go gcomhlíonann gach CERT sraith chomónta de chumais íosta agus go n-oibríonn siad de réir na sárchleachtas;

    (v)

    thacú le heagrú agus rith chleachtaí an Aontais i dtaca le slándáil gréasán agus faisnéise agus, arna iarraidh sin dóibh, comhairle a thabhairt do na Ballstáit maidir le cleachtaí náisiúnta;

    (vi)

    chúnamh a thabhairt d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais agus do na Ballstáit ina n-iarrachtaí sonraí ábhartha i dtaobh na slándála gréasán agus faisnéise a bhailiú, a anailísiú agus, ag teacht le ceanglais slándála na mBallstát, a scaipeadh; agus ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus na Ballstáit i gcomhréir le forálacha dhlí an Aontais agus le forálacha náisiúnta lena gcomhlíontar dlí an Aontais, feasacht institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a chothabháil maidir leis an staid is déanaí slándála gréasán agus faisnéise san Aontas chun leasa institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus na mBallstát;

    (vii)

    thacú le sásra Aontais luathrabhaidh a fhorbairt a bheidh ina chomhlánú ar shásraí na mBallstát;

    (viii)

    oiliúint sa tslándáil gréasán agus faisnéise a thairiscint do chomhlachtaí poiblí ábhartha, i gcomhar le geallsealbhóirí i gcás inarb iomchuí;

    (c)

    tacú le comhar deonach i measc comhlachtaí poiblí inniúla, agus idir geallsealbhóirí, lena n-áirítear ollscoileanna agus ionaid taighde san Aontas, agus feasacht a mhéadú, inter alia, trí:

    (i)

    an comhar idir CERTanna náisiúnta agus rialtasacha nó Foirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhaireachta (CSIRTanna), lena n-áirítear an CERT d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais;

    (ii)

    forbairt agus comhroinnt an tsárchleachtais a chur chun cinn agus é mar aidhm leis ardleibhéal a bhaint amach sa tslándáil gréasán agus faisnéise;

    (iii)

    éascú a dhéanamh ar an idirphlé agus ar na hiarrachtaí chun dea-chleachtais a fhorbairt agus a mhalartú;

    (iv)

    an sárchleachtas i gcomhroinnt faisnéise agus ardú feasachta a chur chun cinn;

    (v)

    tacú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus, arna iarraidh sin dóibh, leis na Ballstáit agus lena gcomhlachtaí ábhartha maidir le hardú feasachta a eagrú, lena n-áirítear ar leibhéal na n-úsáideoirí aonair, agus maidir le gníomhaíochtaí for-rochtana eile a eagrú chun cur leis an tslándáil gréasán agus faisnéise agus lena infheictheacht trí shárchleachtais agus treoirlínte a sholáthar;

    (d)

    tacú le taighde agus forbairt agus le caighdeánú, trí:

    (i)

    éascú a dhéanamh ar bhunú agus ar ghlacadh caighdeán Eorpach agus idirnáisiúnta i dtaobh bainistíocht riosca agus i dtaobh slándáil táirgí, gréasán agus seirbhísí leictreonacha;

    (ii)

    comhairle a chur ar fáil don Aontas agus do na Ballstáit maidir le riachtanais taighde i réimse na slándála gréasán agus faisnéise d’fhonn freagairtí éifeachtacha ar rioscaí agus bagairtí reatha agus atá ag teacht chun cinn sa tslándáil gréasán agus faisnéise a chumasú, lena n-áirítear maidir le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide nua agus cinn atá ag teacht chun cinn, agus d’fhonn teicneolaíochtaí seachanta rioscaí a úsáid go héifeachtúil;

    (e)

    comhoibriú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, lena n-áirítear leo sin a bhíonn ag déileáil le cibearchoireacht agus le cosaint príobháideachta agus sonraí pearsanta, chun dul i ngleic le saincheisteanna atá ina n-ábhar imní dóibh go léir, lena n-áirítear trí:

    (i)

    fios gnó agus deachleachtais a mhalartú;

    (ii)

    comhairle a sholáthar maidir leis na gnéithe ábhartha den tslándáil gréasán agus faisnéise chun go ndéanfaí sineirgí a fhorbairt;

    (f)

    rannchuidiú le hiarrachtaí an Aontais comhar a bhunú le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun comhar idirnáisiúnta maidir le saincheisteanna slándála gréasán agus faisnéise a chur chun cinn, lena n-áirítear trí:

    (i)

    i gcás inarb iomchuí, gníomhú mar bhreathnóir ar chleachtaí idirnáisiúnta, agus a bheith páirteach in eagrú na gcleachtaí sin, agus anailís agus tuairisciú a dhéanamh ar thoradh na gcleachtaí sin;

    (ii)

    éascú a dhéanamh ar mhalartú sárchleachtas na n-eagraíochtaí ábhartha;

    (iii)

    saineolas a sholáthar d’institiúidí an Aontais.

    2.   Féadfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus comhlachtaí na mBallstát comhairle a iarraidh ar an nGníomhaireacht i gcás ina ndéantar sárú ar shlándáil nó i gcás ina gcailltear an tsláine agus tionchar suntasach a bheith aige sin ar oibriú gréasáin agus seirbhísí.

    3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí a thugtar di le gníomhartha dlí an Aontais.

    4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, agus í ag gníomhú go neamhspleách, a cuid conclúidí, treorach agus comhairle féin a chur i bhfocal de réir bhrí raon feidhme agus chuspóirí an Rialachán seo.

    ROINN 2

    EAGRÚCHÁN

    Airteagal 4

    Comhdhéanamh na Gníomhaireachta

    1.   Is é a bheidh sa Ghníomhaireacht:

    (a)

    Bord Bainistíochta;

    (b)

    Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus foireann; agus

    (c)

    Buanghrúpa Geallsealbhóirí.

    2.   Chun rannchuidiú le feabhas a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht oibriú na Gníomhaireachta, bunóidh an Bord Bainistíochta Bord Feidhmiúcháin.

    Airteagal 5

    Bord Bainistíochta

    1.   Saineoidh an Bord Bainistíochta treo ginearálta oibríocht na Gníomhaireachta agus áiritheoidh sé go n-oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis na rialacha agus na prionsabail atá leagtha síos sa Rialachán seo. Áiritheoidh sé freisin comhsheasmhacht obair na Gníomhaireachta le gníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit agus a dhéantar ar leibhéal an Aontais.

    2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta clár oibre bliantúil agus clár oibre straitéiseach ilbhliantúil na Gníomhaireachta.

    3.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus déanfaidh sé, faoin 1 Iúil an bhliain dar gcionn, é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí. Beidh na cuntais san áireamh sa tuarascáil bhliantúil agus tabharfar tuairisc inti ar an gcaoi ar chomhlíon an Ghníomhaireacht a cuid táscairí feidhmíochta. Poibleofar an tuarascáil bhliantúil.

    4.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta straitéis frithchalaoise a bheidh cionmhar i dtaca leis na rioscaí calaoise agus aird á tabhairt ar anailís costais is tairbhe na mbeart atá le cur chun feidhme.

    5.   Áiritheoidh an Bord Bainistíochta go ndéanfar bearta leantacha leormhaithe ar na fionnachtana agus na moltaí atá mar thoradh ar imscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus as na tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta aonair, idir inmheánach agus sheachtrach.

    6.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú.

    7.   Feidhmeoidh an Bord Bainistíochta, i leith fhoireann na Gníomhaireachta, na cumhachtaí údaráis ceapacháin a thugtar don Údarás Ceapacháin agus don Údarás a Chumhachtaítear chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích faoi seach leis na Rialacháin Foirne Oifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (“Rialacháin Foirne” agus “Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile”), a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (17).

    Déanfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir leis an nós imeachta faoi Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh a ghlacadh a bheidh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile lena dtarmligtear cumhachtaí ábhartha na n-údarás ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

    I gcás inar gá go ndéantar amhlaidh mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta cumhachtaí ábhartha na n-údarás ceapacháin a bheidh tarmligthe chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na cumhachtaí sin a bheidh fo-tharmligthe chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ghabháil ar ais. I gcás den sórt sin, féadfaidh an Bord Bainistíochta iad a tharmligean, ar feadh tréimhse teoranta, chuig duine de chomhaltaí an Bhoird nó chuig duine eile den fhoireann taobh amuigh den Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

    8.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha cur chun feidhme iomchuí a ghabhfaidh leis na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

    9.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus féadfaidh sé téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú nó féadfaidh sé an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo.

    10.   Tar éis dó a dhul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha nós imeachta dó féin agus don Bhord Feidhmiúcháin. Forálfar leis na rialacha nós imeachta do chinntí brostaithe, bíodh sin trí nós imeachta i scríbhinn nó trí chian-chomhdháil.

    11.   Tar éis a dhul i gcomhairle le seirbhísí an Choimisiúin, glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha inmheánacha oibríochta na Gníomhaireachta. Poibleofar na rialacha sin.

    12.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht. Ní fhéadfaidh na rialacha sin imeacht ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (18), mura rud é gur gá go sonrach imeacht uaidh ar mhaithe le hoibríocht na Gníomhaireachta agus go mbeidh sé sin ceadaithe ag an gCoimisiún roimh ré.

    13.   Tar éis dó dul i gcomhairle le seirbhísí an Choimisiúin agus tar éis dó Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoin méid sin, déanfaidh an Bord Bainistíochta an Plean Beartais Foirne Ilbhliantúil a ghlacadh.

    Airteagal 6

    Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

    1.   Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát agus beirt ionadaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún. Beidh cearta vótála ag na hionadaithe uile.

    2.   Beidh malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta agus déanfaidh an malartach sin ionadaíocht air nó uirthi nuair a bheidh sé nó sí as láthair.

    3.   Déanfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcuid malartach a cheapadh i bhfianaise a gcuid eolais ar chúraimí agus ar chuspóirí na Gníomhaireachta, agus aird á tabhairt ar scileanna bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha atá ábhartha chun na cúraimí a liostaítear in Airteagal 5 a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún iarrachtaí a dhéanamh ráta athraithe a gcuid ionadaithe ar an mBord Bainistíochta a theorannú chun leanúnachas i saothar an bhoird a áirithiú. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus do na Ballstáit ionadaíocht chothromaithe a bhaint amach idir fir agus mná ar an mBord Bainistíochta.

    4.   Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bhainistíochta agus a gcuid malartach. Beidh an téarma sin in-athnuaite.

    Airteagal 7

    Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

    1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach as measc a chomhaltaí féin ar feadh tréimhse trí bliana, a bheidh ina tréimhse in-athuaite. Glacfaidh an Leaschathaoirleach ionad an Chathaoirligh ex officio mura mbeidh an Cathaoirleach in ann a chuid dualgas a chomhlíonadh.

    2.   Féadfar a iarraidh ar an gCathaoirleach ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste (na gcoistí) ábhartha i bParlaimint na hEorpa agus ceisteanna na gComhaltaí a fhreagairt.

    Airteagal 8

    Cruinnithe

    1.   Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

    2.   Beidh gnáthchruinniú ag an mBord Bainistíochta ar a laghad uair amháin sa bhliain. Beidh cruinnithe urghnácha aige freisin arna iarraidh sin ag an gCathaoirleach nó ag aon trian ar a laghad de na comhaltaí.

    3.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ní bheidh ceart vótála aige.

    Airteagal 9

    Vótáil

    1.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta a chinntí le tromlach glan dá chuid comhaltaí.

    2.   Beidh tromlach dhá thrian de chomhaltaí uile an Bhoird Bainistíochta ag teastáil chun rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, rialacha inmheánacha oibríochta na Gníomhaireachta, an buiséad, an clár oibre bliantúil agus an clár oibre ilbhliantúil a ghlacadh, chun an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, a théarma oifige a fhadú, nó é a chur as oifig, agus chun Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta a ainmniú.

    Airteagal 10

    An Bord Feidhmiúcháin

    1.   Tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin cúnamh don Bhord Bainistíochta.

    2.   Ullmhóidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí, a bheidh le glacadh ag an mBord Bainistíochta, maidir le cúrsaí riaracháin agus buiséadacha, agus maidir leis na cúrsaí sin amháin.

    In éineacht leis an mBord Bainistíochta, áiritheoidh sé go ndéanfar bearta leantacha leormhaithe maidir leis na fionnachtana agus na moltaí a thagann ó imscrúduithe OLAF agus maidir le tuarascálacha agus meastóireachtaí éasgúla a thagann ó iniúchóireachtaí inmheánacha nó seachtracha.

    Gan dochar do fhreagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, mar a leagtar amach in Airteagal 11 iad, cabhróidh an Bord Feidhmiúcháin leis nó léi, agus cuirfidh sé comhairle ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i ndáil le cinntí an Bhoird Bainistíochta maidir le cúrsaí riaracháin agus buiséadacha a chur chun feidhme.

    3.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de chúigear comhaltaí arna gceapadh as measc comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, agus i measc chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin beidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, a fhéadfaidh freisin a bheith ina chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin, agus duine d’ionadaithe an Choimisiúin.

    4.   Beidh téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin comhionann le téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta faoi mar a leagtar amach é in Airteagal 6(4).

    5.   Beidh cruinniú ag an mBord Feidhmiúcháin uair amháin gach trí mhí ar a laghad. Déanfaidh cathaoirleach an Bhoird Feidhmiúcháin cruinnithe breise a chomóradh arna iarraidh sin air ag comhaltaí an Bhoird.

    Airteagal 11

    Dualgais an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

    1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a bheidh neamhspleách i gcomhlíonadh a dhualgais, a bhainisteoidh an Ghníomhaireacht.

    2.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

    (a)

    riarachán na Gníomhaireachta ó lá go lá;

    (b)

    na cinntí a ghlacann an Bord Bainistíochta a chur chun feidhme;

    (c)

    tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta, clár oibre bliantúil agus clár oibre ilbhliantúil a ullmhú agus na cláir oibre sin a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

    (d)

    an clár oibre bliantúil agus an clár oibre ilbhliantúil a chur chun feidhme agus tuairisciú chuig an mBord Bainistíochta maidir lena gcur chun feidhme;

    (e)

    tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú agus an tuarascáil sin a thíolacadh don Bhord Bainistíochta i gcomhair a formheasta;

    (f)

    plean gníomhaíochta a ullmhú mar bheart leanúnach de dhroim chonclúidí na meastóireachtaí aisbhreathnaitheacha mar aon le tuairisciú chuig an gCoimisiún gach dhá bhliain maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh;

    (g)

    leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh calaoise, éilithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, más rud é go mbraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go míchuí a aisghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach;

    (h)

    straitéis frith-chalaoise don Ghníomhaireacht a ullmhú agus an straitéis sin a thíolacadh don Bhord Bainistíochta i gcomhair a formheasta;

    (i)

    a áirithiú go ndéanann an Ghníomhaireacht a gníomhaíochtaí i gcomhréir le riachtanais iad siúd a bhaineann úsáid as a seirbhísí, go háirithe i ndáil le leorgacht na seirbhísí a sholáthraítear;

    (j)

    teagmháil a fhorbairt agus a chothabháil le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais;

    (k)

    teagmháil a fhorbairt agus a chothabháil leis an bpobal gnó agus le heagraíochtaí tomhaltóirí chun idirphlé rialta le geallsealbhóirí ábhartha a áirithiú;

    (l)

    cúraimí eile arna sannadh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin leis an Rialachán seo.

    3.   I gcás ina bhfuil gá leis, agus de réir bhrí chuspóirí agus cúraimí na Gníomhaireachta, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Grúpaí Oibre ad hoc de shaineolaithe a bhunú, lena n-áirítear saineolaithe ó údaráis inniúla na mBallstát. Cuirfear an Bord Bainistíochta ar an eolas roimh ré faoin méid sin. Sonrófar na nósanna imeachta a bhaineann go háirithe le comhdhéanamh, le ceapadh na saineolaithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus le hoibríocht na nGrúpaí Oibre ad hoc i rialacha inmheánacha oibríochta na Gníomhaireachta.

    4.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin foireann tacaíochta riaracháin agus acmhainní eile ar fáil don Bhord Bainistíochta agus don Bhord Feidhmiúcháin aon uair is gá.

    Airteagal 12

    Buanghrúpa Geallsealbhóirí

    1.   Bunóidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dóibh ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Buanghrúpa Geallsealbhóirí, agus beidh an buanghrúpa sin comhdhéanta de shaineolaithe aitheanta atá ina n-ionadaithe ar na geallsealbhóirí ábhartha, amhail tionscal TFC, soláthróirí gréasán nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal, grúpaí tomhaltóirí, saineolaithe acadúla ar shlándáil gréasán agus faisnéise agus ionadaithe ar údaráis rialála náisiúnta a dtugtar fógra dóibh faoi Threoir 2002/21/CE chomh maith le húdaráis um fhorghníomhú an dlí agus um chosaint phríobháideachais.

    2.   Sonrófar i rialacha inmheánacha oibríochta na Gníomhaireachta na nósanna imeachta maidir le, go háirithe, líon, comhdhéanamh agus ceapadh chomhaltaí an Bhuanghrúpa geallsealbhóirí ag an mBord Bainistíochta, leis an togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus le hoibríocht an Ghrúpa agus poibleofar iad.

    3.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, nó aon duine a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn cás ar chás, a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an mBuanghrúpa Geallsealbhóirí.

    4.   Tréimhse dhá bhliain go leith a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí. Ní fhéadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bheith ina gcomhaltaí den Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí. Beidh saineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit i dteideal a bheith i láthair ag na cruinnithe agus páirt a ghlacadh in obair an Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí. Má mheasann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil ionadaithe ó chomhlachtaí eile ann atá ábhartha do na cruinnithe agus d’obair an Ghrúpa, nach comhaltaí den Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí iad, féadfar cuireadh a thabhairt dóibh a bheith i láthair ag cruinnithe an Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí agus a bheith rannpháirteach ina chuid oibre.

    5.   Tabharfaidh an Buanghrúpa Geallsealbhóirí comhairle don Ghníomhaireacht maidir le feidhmiú a gníomhaíochtaí. Tabharfaidh sé, go háirithe, comhairle don Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le togra a tharraingt suas le haghaidh chlár oibre na Gníomhaireachta agus maidir le cumarsáid a áirithiú leis na geallsealbhóirí ábhartha agus maidir le haon saincheist a bhaineann leis an gclár oibre.

    ROINN 3

    OIBRÍOCHT

    Airteagal 13

    Clár Oibre

    1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht a hoibríochtaí i gcrích i gcomhréir lena clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil, ina mbeidh a gníomhaíochtaí beartaithe ar fad.

    2.   Áireofar sa chlár oibre táscairí feidhmíochta sainoiriúnaithe lena bhféadfar measúnú éifeachtach a dhéanamh ar na torthaí atá bainte amach i dtéarmaí cuspóirí.

    3.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as dréachtchlár oibre na Gníomhaireachta a tharraingt suas tar éis dul i gcomhairle roimh ré le seirbhísí an Choimisiúin. Faoin 15 Márta gach bliain, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dréachtchlár oibre don bhliain dár gcionn faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta.

    4.   Faoin 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta clár oibre na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn, tar éis an tuairim ón gCoimisiúin a fháil. Beidh léargas ilbhliantúil mar chuid den chlár oibre. Áiritheoidh an Bord Bainistíochta go bhfuil an clár oibre ag teacht le cuspóirí na Gníomhaireachta agus le tosaíochtaí reachtacha agus beartais an Aontais sa réimse slándála gréasán agus faisnéise.

    5.   Eagrófar an clár oibre i gcomhréir le prionsabal an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre i gcomhréir leis an ráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta agus le buiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais chéanna.

    6.   Tar éis don Bhord Bainistíochta an clár oibre a ghlacadh, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar aghaidh é chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus foilseoidh sé é. Arna iarraidh sin ag coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Stiúrthóir malartú tuairimí i dtaobh an chláir oibre bhliantúil a chur i láthair nó a thionól.

    Airteagal 14

    Iarrataí chuig an nGníomhaireacht

    1.   Cuirfear iarrataí ar chomhairle agus ar chúnamh a thagann faoi chuspóirí agus cúraimí na Gníomhaireachta faoi bhráid an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus beidh faisnéis chúlra ag gabháil leo chun míniú an thabhairt ar an tsaincheist a mbeifear ag dul i ngleic léi. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bhainistíocht agus an Bord Feidhmiúcháin ar an eolas faoi na hiarrataí a fhaightear, na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hacmhainní, agus in am trátha, faoina ndearnadh maidir leis na hiarrataí sin. Má dhiúltaíonn an Ghníomhaireacht iarraidh, léireofar údar an chinnidh sin.

    2.   Féadfaidh na hiarrataí dá dtagraítear i mír 1 teacht uathu seo a leanas:

    (a)

    Parlaimint na hEorpa;

    (b)

    an Chomhairle;

    (c)

    an Coimisiún;

    (d)

    aon údarás inniúil arna cheapadh ag Ballstát, amhail údarás náisiúnta rialála a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 2002/21/CE.

    3.   Maidir leis na socruithe praiticiúla chun mír 1 agus mír 2 a chur i bhfeidhm, i dtaca le, go háirithe, na hiarrataí a chuirtear isteach chuig an nGníomhaireacht, an tosaíocht a thugtar dóibh, an méid a dhéantar leo agus faisnéis chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an mBord Feidhmiúcháin maidir le hiarrataí chuig an nGníomhaireacht, déanfaidh an Bord Bainistíochta iad a leagan síos i rialacha inmheánacha oibríochta na Gníomhaireachta.

    Airteagal 15

    Dearbhú leasa

    1.   Maidir le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus oifigigh atá ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach déanfaidh gach duine acu faoi seach dearbhú gealltanas agus dearbhú ina léirítear nach ann nó gurb ann d’aon leas díreach nó indíreach a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach i dtaobh a neamhspleáchais. Maidir leis na dearbhuithe, beidh siad beacht agus iomlán, déanfar go bliantúil agus i scríbhinn iad agus tabharfar cothrom le dáta iad cibé uair is gá sin.

    2.   Maidir le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus leis na saineolaithe seachtracha a ghlacann páirt i nGrúpaí Oibre ad hoc déanfaidh gach duine acu dearbhú go beacht agus go hiomlán ar a dhéanaí ag tús gach cruinnithe ar dearbhú é ina léireofar aon leas a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach i dtaobh a neamhspleáchais i ndáil leis na hítimí atá ar an gclár agus staonfaidh siad ó pháirt a ghlacadh sa phlé ar na pointí sin agus ó vótáil ar na pointí sin.

    3.   Leagfaidh an Ghníomhaireacht síos, ina rialacha inmheánacha oibríochta féin, na socruithe praiticiúla maidir leis na rialacha i dtaobh dearbhuithe leasa dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.

    Airteagal 16

    Trédhearcacht

    1.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go gcuirfidh sí a gníomhaíochtaí i gcrích le leibhéal ard trédhearcachta agus i gcomhréir le hAirteagal 17 agus le hAirteagal 18.

    2.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfar faisnéis iomchuí oibiachtúil iontaofa a bhfuil teacht uirthi go héasca a thabhairt don phobal, go háirithe maidir le torthaí a cuid oibre. Poibleoidh sí freisin na dearbhuithe leasa a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 15.

    3.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, údarás a thabhairt do pháirtithe leasmhara breathnú ar nósanna imeachta a bhaineann le cuid de ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

    4.   Leagfaidh an Ghníomhaireacht síos, ina rialacha inmheánacha oibríochta féin, na socruithe praiticiúla chun na rialacha trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a chur chun feidhme.

    Airteagal 17

    Rúndacht

    1.   Gan dochar d’Airteagal 18, ní sceithfidh an Ghníomhaireacht le tríú páirtithe aon fhaisnéis arna próiseáil aici ná arna tabhairt di a bhfuil iarraidh réasúnaithe déileáil go rúnda ina leith, go hiomlán nó go páirteach, déanta.

    2.   Comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí, saineolaithe seachtracha atá páirteach sna Grúpaí Oibre ad hoc, agus comhaltaí foirne na Gníomhaireachta, lena n-áirítear oifigigh ar iasacht ó na Ballstáit ar bhonn sealadach, comhlíonfaidh siad ceanglais rúndachta faoi Airteagal 339 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), fiú amháin nuair atá deireadh lena gcuid dualgas.

    3.   Leagfaidh an Ghníomhaireacht síos, ina rialacha inmheánacha oibríochta féin, na socruithe praiticiúla d’fhonn na rialacha rúndachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a chur chun feidhme.

    4.   Má cheanglaítear é sin le haghaidh fheidhmíocht chúraimí na Gníomhaireachta, cinnfidh an Bord Bainistíochta go gceadófar don Ghníomhaireacht faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil. Sa chás sin, glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhaontú le seirbhísí an Choimisiúin, rialacha inmheánacha oibríochta a chuirfidh na prionsabail slándála i bhfeidhm a leagtar amach i gCinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a rialacha inmheánacha nós imeachta (19). Cumhdóidh na rialacha sin, inter alia, na forálacha le haghaidh faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

    Airteagal 18

    Rochtain ar dhoiciméid

    1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta.

    2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta socruithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme laistigh de shé mhí ón dáta a bhunófar an Ghníomhaireacht.

    3.   Féadfaidh cinntí arna nglacadh ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman faoi Airteagal 228 CFAE nó a bheith ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 263 CFAE.

    ROINN 4

    FORÁLACHA AIRGEADAIS

    Airteagal 19

    Glacadh an bhuiséid

    1.   Is éard a bheidh in ioncaim na Gníomhaireachta, ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais, ranníocaíochtaí ó thríú tíortha atá rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta, faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 30, agus ranníocaíochtaí saorálacha ó na Ballstáit in airgead nó i gcomhchineál. Ní fhéadfaidh na Ballstáit a sholáthraíonn ranníocaíochtaí saorálacha aon cheart sonrach ná seirbhís shonrach a éileamh mar thoradh air sin.

    2.   Beidh ar áireamh i gcaiteachas na Gníomhaireachta costais a bhaineann le foireann, le tacaíocht riaracháin agus theicniúil, le bonneagar agus le hoibríocht, chomh maith le costais a eascraíonn as conarthaí arna ndéanamh le tríú páirtithe.

    3.   Faoin 1 Márta gach bliain, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn, agus cuirfidh sé é, mar aon le dréachtphlean bunaíochta, ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta.

    4.   Beidh an t-ioncam agus an caiteachas ar comhardú.

    5.   Gach bliain, soláthróidh an Bord Bainistíochta ráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn, bunaithe ar dhréachtráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta arna tharraingt suas ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

    6.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta, faoin 31 Márta gach bliain, an ráiteas meastachán sin, a mbeidh dréachtphlean bunaíochta ann chomh maith leis an dréachtchlár oibre, a chur ar aghaidh, chuig an gCoimisiún agus chuig na tríú tiortha a bhfuil comhaontuithe curtha i gcrích ag an Aontas leo i gcomhréir le hAirteagal 30.

    7.   Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas meastachán sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle in éineacht le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

    8.   Ar bhonn an ráitis meastachán sin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad an Aontais na meastacháin sin a mheasann sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus méid an fhóirdheontais a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin iad i gcomhréir le hAirteagal 314 CFAE.

    9.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí don fhóirdheontas a thabharfar don Ghníomhaireacht.

    10.   Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an plean bunaíochta don Ghníomhaireacht.

    11.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta buiséad na Gníomhaireachta in éineacht leis an gclár oibre. Beidh sé críochnaitheach tar éis ghlacadh deireanach bhuiséad ginearálta an Aontais. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Bord Bainistíochta buiséad agus clár oibre na Gníomhaireachta a choigeartú i gcomhréir le buiséad ginearálta an Aontais. Cuirfidh an Bord Bainistíochta ar aghaidh gan mhoill é chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

    Airteagal 20

    Calaois a chomhrac

    1.   Chun éascú a dhéanamh ar chalaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chomhrac faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 (20), laistigh de sé mhí ón lá a mbeidh an Ghníomhaireacht oibríochtúil, aontóidh sí don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha a bheith á ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (21), agus glacfaidh sí na forálacha iomchuí is infheidhme d’fhostaithe uile na Gníomhaireachta agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú á úsáid aici.

    2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais ón nGníomhaireacht.

    3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a sheoladh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus imscrúduithe ar an láthair arna seoladh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile (22) d’fhonn a shuíomh an raibh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a bhaineann le deontas nó le conradh arna mhaoiniú ag an nGníomhaireacht.

    4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i socruithe deontais agus i gcinntí deontais de chuid na Gníomhaireachta lena gcumhachtófar go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchóireachtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

    Airteagal 21

    Cur chun feidhme an bhuiséid

    1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh freagrach as buiséad na Gníomhaireachta a chur chun feidhme.

    2.   Beidh na cumhachtaí céanna ag iniúchóir inmheánach an Choimisiúin ar an nGníomhaireacht is atá aige ar ranna an Choimisiúin.

    3.   Faoin 1 Márta i ndiaidh gach bliana airgeadais (1 Márta den bhliain N + 1), cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe i gcomhréir le hAirteagal 147 den Rialachán Airgeadais.

    4.   Faoin 31 Márta den bhliain N + 1, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta faoi bhráid na Cúirte Iniúchóirí mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Cuirfear an tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    5.   Nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, déanfaidh sé, de bhun Airteagal 148 den Rialachán Airgeadais, cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a tharraingt suas ar a chúram féin agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

    6.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

    7.   Tarchuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, faoin 1 Iúil den bhliain N + 1, na cuntais chríochnaitheacha, lena n-áirítear an tuarascáil maidir leis an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin agus na barúlacha ón gCúirt Iniúchóirí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

    8.   Foilseoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha.

    9.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir lena barúlacha faoin 30 Meán Fómhair den bhliain N + 1 agus cuirfidh sé nó sí cóip den fhreagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.

    10.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, arna iarraidh sin ag Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá faoi bhráid na Parlaiminte chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais i dtrácht, mar atá leagtha síos in Airteagal 165(3) den Rialachán Airgeadais.

    11.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di ar mholadh ón gComhairle agus roimh 15 Bealtaine den bhliain N + 2, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i leith an bhuiséid a chur chun feidhme do bhliain N.

    ROINN 5

    FOIREANN

    Airteagal 22

    Forálacha ginearálta

    Maidir leis na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin, beidh feidhm acu maidir le foireann na Gníomhaireachta.

    Airteagal 23

    Pribhléidí agus díolúintí

    Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGníomhaireacht agus maidir lena foireann.

    Airteagal 24

    Stiúrthóir Feidhmiúcháin

    1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ceaptha mar ghníomhaire sealadach den Ghníomhaireacht faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

    2.   Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a bheith ann.

    Ar mhaithe le conradh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht thar ceann na Gníomhaireachta.

    Sula ndéanfar an ceapachán, tabharfar cuireadh don iarrthóir arna roghnú ag an mBord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste chuí Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna na gComhaltaí a fhreagairt.

    3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, gabhfaidh an Coimisiún measúnú air féin a chuireann san áireamh meastóireacht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus cúraimí agus dúshláin na Gníomhaireachta a bheidh ann amach anseo.

    4.   Ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún lena gcuirtear san áireamh an measúnú dá dtagraítear i mír 3, agus tar éis na tuairimí ó Pharlaimint na hEorpa a fháil féadfaidh an bord Bainistíochta fad a chur uair amháin le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana.

    5.   Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le haon rún a bheadh aige téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú. Laistigh de thrí mhí roimh aon fhadú den sórt sin, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, má iarrtar é sin air, ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste chuí Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna Chomhaltaí an choiste a fhreagairt.

    6.   Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhfuil fad curtha lena théarma oifige a bheith rannpháirteach in aon nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna.

    7.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin mar thoradh ar chinneadh ón mBord Bainistíochta.

    Airteagal 25

    Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus foireann eile

    1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus as foireann eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht. Ní bheidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir leis an bhfoireann sin.

    2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos na rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht.

    ROINN 6

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 26

    Stádas dlítheanach

    1.   Comhlacht de chuid an Aontais a bheidh sa Ghníomhaireacht. Beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

    2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe na mBallstát sin ag an nGníomhaireacht. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sí a bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

    3.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht thar ceann na Gníomhaireachta.

    4.   Déanfar oifig bhrainse atá bunaithe san Aithin a choinneáil i limistéar cathrach na hAithne chun éifeachtúlacht oibríochtúil na Gníomhaireachta a fheabhsú.

    Airteagal 27

    Dliteanas

    1.   Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

    Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

    2.   I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, cúiteoidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a dhéanfaidh sise nó a seirbhísigh i gcomhlíonadh a ndualgas.

    Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aon díospóid a bhaineann le cúiteamh a fháil de bharr damáiste den sórt sin.

    3.   Beidh dliteanas pearsanta a seirbhíseach i leith na Gníomhaireachta faoi rialú ag na coinníollacha ábhartha is infheidhme maidir le foireann na Gníomhaireachta.

    Airteagal 28

    Teangacha

    1.   Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfidh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (23) maidir leis an nGníomhaireacht. Féadfaidh na Ballstáit agus na comhlachtaí eile arna gceapadh acu dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht agus freagra a fháil ina rogha teanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais.

    2.   Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht.

    Airteagal 29

    Sonraí pearsanta a chosaint

    1.   Agus sonraí a bhaineann le daoine aonair á bpróiseáil aici, go háirithe agus a cúraimí á gcomhlíonadh aici, urramóidh an Ghníomhaireacht na prionsabail cosanta sonraí pearsanta atá i bhforálacha Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, agus beidh sí faoi réir na bhforálacha sin.

    2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 24(8) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Féadfaidh an Bord Bainistíochta na bearta breise is gá a ghlacadh chun Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a bheith á chur i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht.

    Airteagal 30

    Rannpháirtíocht tríú tíortha

    1.   Féadfaidh tríú tíortha a bheith páirteach sa Ghníomhaireacht ar tíortha iad a thug comhaontuithe i gcrích leis an Aontas Eorpach, is comhaontuithe ar dá mbua a ghlac siad gníomhartha dlí de chuid an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus ar dá mbua a chuir siad i bhfeidhm iad.

    2.   Déanfar socruithe faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, ina sonrófar go háirithe an bealach ina mbeidh na tíortha sin rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta, a mhéid is a bheidh siad rannpháirteach agus an cur chuige a bheidh acu, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht sna tionscnaimh atá ar bun ag an nGníomhaireacht, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le foireann.

    Airteagal 31

    Rialacha Slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe a chosaint

    Cuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhm na prionsabail slándála atá i rialacha slándála an Choimisiúin maidir le Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamhaicmithe a chosaint, mar a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom. Cumhdóidh sé sin, inter alia, na forálacha le haghaidh faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

    ROINN 7

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 32

    Meastóireacht agus athbhreithniú

    1.   Faoin 20 Meitheamh 2018, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht a choimisiúnú chun measúnú a dhéanamh go háirithe ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na Gníomhaireachta agus a cleachtas oibre. Rachfar i ngleic freisin sa mheastóireacht leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann chun sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú agus na himpleachtaí airgeadais a bheadh ag aon mhodhnú den sórt sin.

    2.   Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 aon aiseolas a thugtar don Ghníomhaireacht mar fhreagairt ar a gníomhaíochtaí.

    3.   Cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh an tuarascáil meastóireachta i dteannta a conclúidí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta. Déanfar torthaí na meastóireachta a phoibliú.

    4.   Beidh measúnú ann freisin mar chuid den mheastóireacht maidir leis na torthaí a bheidh bainte amach ag an nGníomhaireacht ag féachaint dá cuspóirí, dá sainordú agus dá cúraimí. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil bonn cirt leis an nGníomhaireacht a bheith ag leanúint ar aghaidh i dtaca lena chuspóirí, lena shainordú agus lena chúraimí sainithe, féadfaidh sé a mholadh go ndéanfaí sainordú na Gníomhaireachta a leagtar amach in Airteagal 36 a fhadú.

    Airteagal 33

    Comhar an Bhallstáit óstaigh

    Soláthróidh Ballstát óstach na Gníomhaireachta na coinníollacha is fearr is féidir chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú, lena n-áirítear inrochtaineacht an tsuímh, saoráidí leordhóthanacha oideachais a bheith ann do leanaí na gcomhaltaí foirne, inrochtaineacht iomchuí ar an margadh saothair, slándáil shóisialta agus cúram míochaine do leanaí agus do chéilí araon.

    Airteagal 34

    Rialú riaracháin

    Déanfaidh an tOmbudsman maoirseacht ar oibríochtaí na Gníomhaireachta, i gcomhréir le forálacha Airteagal 228 CFAE.

    Airteagal 35

    Aisghairm agus comharbas

    1.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004.

    Déanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 agus do ENISA a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus don Ghníomhaireacht.

    2.   Tagann an Ghníomhaireacht i gcomharbas ar an nGníomhaireacht a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 i ndáil le gach úinéireacht, comhaontú, oibleagáid dhlíthiúil, conradh fostaíochta, ceangaltas airgeadais agus dliteanas.

    Airteagal 36

    Bunófar an Ghníomhaireacht ar feadh tréimhse seacht mbliana ón 19 Meitheamh 2013.

    Airteagal 37

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg an 21 Bealtaine 2013.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    L. CREIGHTON


    (1)  IO C 107, 6.4.2011, lch. 58.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2013 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013.

    (3)  Cinneadh 2004/97/CE, Euratom arna ghlacadh de thoil a chéile ag cruinniú Ionadaithe na mBallstát ar leibhéal na gCeannairí Stát nó Rialtais, an 13 Nollaig 2003 maidir le suímh oifigí agus gníomhaireachtaí áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 29, 3.2.2004, lch. 15).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasán agus Faisnéise (IO L 77, 13.3.2004, lch. 1).

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 1007/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise maidir lena ré (IO L 293, 31.10.2008, lch. 1).

    (6)  Rialachán (AE) Uimh. 580/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise maidir lena ré (IO L 165, 24.6.2011, lch. 3).

    (7)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 33.

    (8)  IO L 201, 31.7.2002, lch. 37.

    (9)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

    (10)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 51.

    (11)  Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus an Oifig (IO L 337, 18.12.2009, lch. 1).

    (12)  Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse na gcaighdeán agus na rialachán teicniúil agus rialacha maidir lee seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 204, 21.7.1998, lch. 37).

    (13)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

    (14)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

    (15)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

    (16)  IO C 101, 1.4.2011, lch. 20.

    (17)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

    (18)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.

    (19)  IO L 317, 3.12.2001, lch. 1.

    (20)  Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 1).

    (21)  An Comhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpaigh maidir le himscrúduithe inmheánacha a bheith á ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 15).

    (22)  IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

    (23)  IO 17, 6.10.1958, lch. 385/58.


    Top