This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32013R0019
Regulation (EU) No 19/2013 of the European Parliament and of the Council of 15 January 2013 implementing the bilateral safeguard clause and the stabilisation mechanism for bananas of the Trade Agreement between the European Union and its Member States, of the one part, and Colombia and Peru, of the other part
Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile
Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile
IO L 17, 19.1.2013, p. 1–12
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV) Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta
(HR)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/01/2017
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Corrected by | 32013R0019R(01) | (ES) | |||
Modified by | 32017R0540 | Athchur | airteagal 3 mír 1 Téacs | 01/01/2017 | |
Modified by | 32017R0540 | Athchur | airteagal 5 mír 11 Téacs | 01/01/2017 | |
Modified by | 32017R0540 | Athchur | teideal | 01/01/2017 | |
Modified by | 32017R0540 | Athchur | iarscríbhinn | 01/01/2017 | |
Modified by | 32017R0540 | Athchur | airteagal 3 mír 4 Téacs | 01/01/2017 | |
Modified by | 32017R0540 | Athchur | airteagal 1 pointe (h) | 01/01/2017 | |
Modified by | 32017R0540 | Athchur | airteagal 9 mír 1 Téacs | 01/01/2017 | |
Modified by | 32017R0540 | Athchur | airteagal 11 Téacs | 01/01/2017 | |
Modified by | 32017R0540 | Athchur | airteagal 7 mír 1 Téacs | 01/01/2017 | |
Modified by | 32017R0540 | Athchur | airteagal 3 mír 3 Téacs | 01/01/2017 | |
Modified by | 32017R0540 | Athchur | airteagal 15 mír 1 | 01/01/2017 | |
Modified by | 32017R0540 | Cur le | airteagal 15 mír 2a | 01/01/2017 | |
Modified by | 32017R0540 | Athchur | airteagal 6 mír 1 Téacs | 01/01/2017 | |
Modified by | 32017R0540 | Athchur | airteagal 1 pointe (a) Téacs | 01/01/2017 | |
Modified by | 32017R0540 | Athchur | airteagal 5 mír 6 Téacs | 01/01/2017 | |
Modified by | 32017R0540 | Athchur | airteagal 2 mír 1 Téacs | 01/01/2017 | |
Modified by | 32017R0540 | Athchur | airteagal 13 mír 4 Téacs | 01/01/2017 | |
Modified by | 32017R0540 | Athchur | airteagal 15 mír 2 | 01/01/2017 | |
Modified by | 32017R0540 | Athchur | airteagal 4 mír 4 Téacs | 01/01/2017 |
19.1.2013 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/1 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 19/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Eanáir 2013
lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
An 19 Eanáir 2009 thug an Chomhairle údarás don Choimisiún comhaontú trádála ilpháirtí a chaibidliú thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát le Balltíortha Chomhphobal na nAindéas a raibh sé d'aidhm choiteann acu comhaontú trádála uaillmhianach, cuimsitheach agus cothromaithe a bhaint amach. |
(2) |
Tá na caibidlí sin tugtha i gcrích agus rinneadh an Comhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile (“an Comhaontú”) a shíniú an 26 Meitheamh 2012, fuair sé toiliú ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2012 agus tá sé le feidhm a bheith aige de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 330 den Chomhaontú. |
(3) |
Is gá na nósanna imeachta is oiriúnaí a leagan síos chun cur i bhfeidhm éifeachtach forálacha áirithe den Chomhaontú a bhaineann leis an gclásal coimirce déthaobhach a ráthú agus chun an sásra cobhsaíochta do bhananaí arna chomhaontú leis an gColóim agus Peiriú a chur i bhfeidhm. |
(4) |
Is gá chomh maith sásraí coimirce iomchuí a chruthú chun nach ndéanfaí mórdhíobháil d'earnáil saothraithe bananaí an Aontais, ar earnáil í a bhfuil tábhacht mhór léi do tháirgeoirí talmhaíochta go leor de réigiúin is forimeallaí an Aontais. Fágann cumas teoranta na réigiún sin tabhairt faoin éagsúlú, mar gheall ar a saintréithe nádúrtha, go bhfuil soghontacht ar leith ag baint le hearnáil na mbananaí. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, sásraí éifeachtacha a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar allmhairí fabhracha ó na tríú tíortha lena mbaineann, ionas go n-áiritheofaí go ndéanfar táirgeacht bhananaí an Aontais a chothabháil faoi na coinníollacha is fearr is féidir, ós rud é gur earnáil fostaíochta ríthábhachtach í i limistéir áirithe, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí. |
(5) |
Ba cheart na téarmaí “mórdhíobháil”, “bagairt mhórdhíobhála” agus “idirthréimhse” dá dtagraítear in Airteagal 48 den Chomhaontú a shainmhíniú. |
(6) |
Níor cheart breithniú i dtaobh bearta coimirce a dhéanamh ach amháin i gcás ina n-allmhairítear an táirge i dtrácht isteach san Aontas sna cainníochtaí méadaithe sin, i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas le táirgeacht an Aontais, agus faoi na coinníollacha sin a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le mórdhíobháil, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le mórdhíobháil, do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí díriomaíocha, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 48 den Chomhaontú. |
(7) |
Ba cheart go mbeadh forálacha coimirce sonracha ar fáil ar eagla go ndéantar an táirge i dtrácht a allmhairiú sna cainníochtaí méadaithe sin agus faoi na coinníollacha sin a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le mórmheathlú, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le mórmheathlú, i staid eacnamaíoch aon cheann de na réigiúin is forimeallaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
(8) |
Ba cheart go mbeadh bearta coimirce i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 50 den Chomhaontú. |
(9) |
Maidir leis na cúraimí a ghabhann le bearta leantacha a dhéanamh i ndáil leis an gComhaontú agus a ghabhann leis an gComhaontú a athbhreithniú, le himscrúduithe a dhéanamh agus, más gá, le bearta coimirce a fhorchur, ba cheart iad a dhéanamh sa dóigh is trédhearcaí is féidir. |
(10) |
Ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus maidir le cur i bhfeidhm na mbeart coimirce agus an tsásra cobhsaíochta do bhananaí. |
(11) |
Mar gheall ar na dúshláin atá sa Cholóim agus i bPeiriú a mhéid a bhaineann le cearta an duine, cearta sóisialta, cearta saothair agus cearta comhshaoil i dtaca le táirgí ó na tíortha sin, is gá go mbeidh dlúth-idirphlé ann idir an Coimisiún agus eagraíochtaí sochaí sibhialta an Aontais. |
(12) |
Ba cheart béim a chur ar an tábhacht a bhaineann leis na caighdeáin idirnáisiúnta saothair, arna dtarraingt suas agus arna maoirsiú ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, a chomhlíonadh. |
(13) |
Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chomhall na gcaighdeán sóisialta agus comhshaoil a leagtar síos i dTeideal IX den Chomhaontú ag an gColóim agus ag Peiriú. |
(14) |
Ba cheart go mbeadh forálacha mionsonraithe ann maidir le himeachtaí a thionscnamh. Ba cheart go bhfaigheadh an Coimisiún faisnéis, lena n-áirítear fianaise atá ar fáil ó na Ballstáit, i ndáil le haon treochtaí allmhairiúcháin a d'fhéadfadh a fhágáil gur ghá bearta coimirce a chur i bhfeidhm. |
(15) |
Tá iontaofacht an staidrimh i ndáil leis na hallmhairí go léir ón gColóim agus ó Pheiriú chuig an Aontas ríthábhachtach, dá bhrí sin, chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha maidir le bearta coimirce a chur i bhfeidhm á gcomhlíonadh. |
(16) |
I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sé go mbeadh méadú ar allmhairí nach dtarlaíonn ach i gceann amháin nó i roinnt de réigiúin is forimeallaí an Aontais nó de Bhallstáit is forimeallaí an Aontais, ina chúis le mórmheathlú nó mórdhíobháil ina staid eacnamaíoch, nó go mbagródh sé a bheith ina chúis le mórmheathlú nó mórdhíobháil den sórt sin. Más amhlaidh go bhfuil méadú ar allmhairí nach dtarlaíonn ach i gceann amháin nó i roinnt de réigiúin is forimeallaí an Aontais nó de Bhallstáit is forimeallaí an Aontais, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann bearta réamhfhaireachais a thabhairt isteach. |
(17) |
Má tá fianaise leordhóthanach prima facie ann chun go mbeidh údar maith le himeacht a thionscnamh, ba cheart don Choimisiún fógra faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 51 den Chomhaontú a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(18) |
Ba cheart go mbeadh forálacha mionsonraithe ann maidir le himscrúduithe a thionscnamh, maidir le rochtain agus cigireacht ag na páirtithe leasmhara ar an bhfaisnéis a bhailítear, maidir le héisteachtaí do na páirtithe leasmhara lena mbaineann, agus maidir le deiseanna do na páirtithe sin a gcuid tuairimí a chur isteach, faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 51 den Chomhaontú. |
(19) |
Ba cheart don Choimisiún fógra i scríbhinn a thabhairt don Cholóim agus do Pheiriú i dtaca le himscrúdú a thionscnamh agus ba cheart dó dul i gcomhairle leis an gColóim agus le Peiriú faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 49 den Chomhaontú. |
(20) |
Is gá freisin, de bhun Airteagal 51(4) den Chomhaontú, teorainneacha ama a shocrú maidir le himscrúdú a thionscnamh agus maidir le cinntí a dhéanamh i dtaobh cé acu is iomchuí nó nach iomchuí bearta coimirce a dhéanamh, d'fhonn a áirithiú go ndéanfar na cinntí sin go tapa chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann. |
(21) |
Ba cheart imscrúdú a dhéanamh sula gcuirfear aon bheart coimirce i bhfeidhm, ach sin faoi réir cead a bheith ag an gCoimisiún bearta coimirce sealadacha a chur i bhfeidhm in imthosca géibheannacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 53 den Chomhaontú. |
(22) |
Le faireachán géar, ba cheart go n-éascófaí cinneadh tráthúil maidir le tionscnamh féideartha imscrúdaithe nó maidir le bearta a fhorchur. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar allmhairí bananaí ó dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Ar iarraidh cuí-réasúnaithe a fháil, ba cheart an faireachán a leathnú go dtí earnálacha eile. |
(23) |
Ba cheart féidearthacht a bheith ann chun dleachtanna custaim fabhracha a fhionraí go mear ar feadh tréimhse uasta de thrí mhí i gcás ina mbíonn allmhairí níos mó ná méid allmhairí truiceartha bliantúil arna shainiú. Maidir leis an gcinneadh an ndéanfar nó nach ndéanfar an sásra cobhsaíochta do bhananaí a chur i bhfeidhm, ba cheart cobhsaíocht mhargadh an Aontais do bhananaí a chur san áireamh. |
(24) |
Níor cheart bearta coimirce a chur i bhfeidhm ach amháin a mhéid is gá, agus go ceann cibé tréimhse is gá, chun mórdhíobháil a sheachaint agus chun coigeartú a éascú. Ba cheart ré uasta na mbeart coimirce a chinneadh agus ba cheart forálacha sonracha i dtaca le fadú agus athbhreithniú na mbeart sin a leagan síos, amhail dá dtagraítear in Airteagal 52 den Chomhaontú. |
(25) |
Ba cheart don Choimisiún dul i mbun comhairliúchán leis an tír a ndéanann na bearta difear di. |
(26) |
Chun an clásal coimirce déthaobhach agus an sásra cobhsaíochta do bhananaí dá bhforáiltear sa Chomhaontú a chur chun feidhme, éilítear coinníollacha comhionanna maidir le bearta coimirce sealadacha agus bearta coimirce cinntitheacha a ghlacadh, maidir le bearta réamhfhaireachais a fhorchur, maidir le himscrúdú a fhoirceannadh gan bearta a dhéanamh agus maidir le fionraí shealadach na dleachta custaim fabhraí arna bunú faoin sásra cobhsaíochta do bhananaí atá comhaontaithe leis an gColóim agus le Peiriú. D'fhonn coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (2). |
(27) |
Ba cheart go n-úsáidfí an nós imeachta comhairliúcháin chun bearta coimirce faireachais agus sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí maidir le glacadh na mbeart coimirce cinntitheach. I gcás ina mbeadh moill ar fhorchur na mbeart coimirce sealadach ina cúis le damáiste a bheadh deacair a leigheas, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh. |
(28) |
I bhfianaise chineál agus thréimhse réasúnta gearr na mbeart dá bhforáiltear faoin sásra cobhsaíochta do bhananaí, agus chun tionchar diúltach ar staid mhargadh an Aontais do bhananaí a chosc, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh freisin chun an dleacht chustaim fhabhrach arna bhunú faoin sásra cobhsaíochta do bhananaí a chur ar fionraí go sealadach, nó chun a chinneadh nach bhfuil fionraí shealadach den sórt sin iomchuí. Sa chás ina ndéantar gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin atá infheidhme láithreach a chur i bhfeidhm, ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid. |
(29) |
Ba cheart don Choimisiún úsáid dhícheallach agus éifeachtach a bhaint as an sásra cobhsaíochta do bhananaí ionas go seachnófaí bagairt mhórmheathlaithe, nó mórmheathlú, do tháirgeoirí sna réigiúin is forimeallaí san Aontas. Ón 1 Eanáir 2020, leanfaidh d'fheidhm a bheith ag an sásra coimirce déthaobhach ginearálta, lena n-áirítear na forálacha speisialta do na réigiúin is forimeallaí. |
(30) |
Chun na rialacha cur chun feidhme is gá do chur i bhfeidhm na rialacha atá i bhFoscríbhinní 2A agus 5 d'Iarscríbhinn II (Maidir le sainmhíniú an choincheapa “Táirgí Tionscnaimh” agus le Modhanna Comhair Riaracháin) agus i bhFoscríbhinn 1 (Dleachtanna Custaim a Dhíchur) d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú a ghlacadh, ba cheart Airteagal 247a de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (3) a chur i bhfeidhm. |
(31) |
Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le táirgí de thionscnamh an Aontais nó de thionscamh na Colóime nó Pheiriú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA COIMIRCE
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo:
(a) |
ciallaíonn “táirge” earra de thionscnamh an Aontais nó de thionscnamh na Colóime nó Pheiriú. Maidir le táirge atá faoi réir imscrúdaithe, d'fhéadfadh sé go gcuimseofar leis líne taraife amháin nó roinnt línte taraife, nó fodheighilt de líne taraife, ag brath ar imthosca sonracha an mhargaidh nó ar aon deighilt táirgí a chuirtear i bhfeidhm go coitianta i dtionscal an Aontais; |
(b) |
ciallaíonn “páirtithe leasmhara” na páirtithe a ndéanann allmhairiú an táirge i dtrácht difear dóibh; |
(c) |
ciallaíonn “tionscal an Aontais” táirgeoirí an Aontais ina n-iomláine a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí díriomaíocha agus a oibríonn laistigh de chríoch an Aontais, táirgeoirí de chuid an Aontais arb ionann a gcomh-aschur de tháirgí comhchosúla nó de tháirgí díriomaíocha agus cion mór de tháirgeacht iomlán an Aontais i dtaca leis na táirgí sin, nó, nuair nach bhfuil sa táirge comhchosúil nó sa táirge díriomaíoch ach táirge amháin de roinnt táirgí arna ndéanamh ag na táirgeoirí de chuid an Aontais, na hoibríochtaí sonracha a bhaineann le táirgeadh an táirge chomhchosúil nó an táirge dhíriomaíoch; |
(d) |
ciallaíonn “mórdhíobháil” lagú suntasach foriomlán; |
(e) |
ciallaíonn “bagairt mhórdhíobhála” mórdhíobháil ar léir ina leith go bhfuil sí ar tí tarlú; |
(f) |
ciallaíonn “mórmheathlú” suaitheadh suntasach in earnáil nó i dtionscal an Aontais; |
(g) |
ciallaíonn “bagairt mhórmheathlaithe” suaitheadh suntasach ar léir ina leith go bhfuil sé ar tí tarlú; |
(h) |
ciallaíonn “idirthréimhse” deich mbliana ón dáta ar a cuireadh an Comhaontú i bhfeidhm i gcás táirge dá ndéanann na sceidil um dhíchur taraife d'earraí de thionscnamh na Colóime nó Pheiriú, arna leagan amach i bhForoinn 1 agus Foroinn 2 de Roinn B d'Fhoscríbhinn 1 (Dleachtanna Custaim a Dhíchur) d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú (“Sceideal um Dhíchur Taraife”) foráil maidir le tréimhse níos lú ná 10 mbliana le haghaidh dhíchur na taraife, nó an tréimhse le haghaidh dhíchur na taraife móide trí bliana i gcás táirge dá ndéanann an Sceideal um Dhíchur Taraife foráil do thréimhse deich mbliana nó níos mó le haghaidh dhíchur na taraife. |
Beidh cinneadh i dtaobh bagairt mhórdhíobhála a bheith ann de réir bhrí phointe (e) den chéad mhír bunaithe ar fhíorais infhíoraithe agus ní hamháin ar líomhain, ar thuairimíocht nó ar fhéidearthacht fhánach. Chun a chinneadh an bhfuil bagairt mhórdhíobhála ann, cuirfear, inter alia, réamhaisnéisí, meastacháin agus anailísí a dhéantar ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 5(5) san áireamh.
Airteagal 2
Prionsabail
1. Féadfar beart coimirce a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán seo, más rud é go bhfuil táirge de thionscnamh na Colóime nó Pheiriú, mar thoradh ar na lamháltais taraife ar an táirge sin faoin gComhaontú, á allmhairiú isteach san Aontas sna cainníochtaí méadaithe sin, i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas le táirgeacht an Aontais, agus faoi na coinníollacha sin a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le mórdhíobháil, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le mórdhíobháil do thionscal an Aontais.
2. Féadfaidh beart coimirce bheith i gceann de na foirmeacha seo a leanas:
(a) |
tuilleadh laghdaithe ar an ráta dleachta custaim ar an táirge lena mbaineann a chur ar fionraí de réir mar a fhoráiltear sa Sceideal um Dhíchur Taraife; |
(b) |
an ráta dleachta custaim ar an táirge lena mbaineann a mhéadú go leibhéal nach mó ná an ráta is ísle díobh seo a leanas:
|
Airteagal 3
Faireachán
1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorás staidreamh allmhairithe bananaí ón gColóim agus ó Pheiriú. Chun na críche sin, comhoibreoidh sé ar bhonn rialta leis na Ballstáit agus le tionscal an Aontais, agus malartóidh sé sonraí leo ar bhonn rialta.
2. Ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó na tionscail lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún breithniú a dhéanamh i dtaobh raon feidhme an fhaireacháin a leathnú chuig earnálacha eile.
3. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil faireacháin bhliantúil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an staidreamh cothrom le dáta i dtaobh allmhairithe bananaí ón gColóim agus ó Pheiriú, agus sna hearnálacha sin a mbeidh faireachán leathnaithe chucu.
4. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhall na gcaighdeán sóisialta agus comhshaoil a leagtar síos i dTeideal IX den Chomhaontú ag an gColóim agus ag Peiriú.
Airteagal 4
Imeachtaí a thionscnamh
1. Déanfar imeacht a thionscnamh arna iarraidh sin do Bhallstát, d'aon duine dlítheanach nó d'aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige ag gníomhú dóibh thar ceann thionscal an Aontais, nó ar fhéintionscnamh an Choimisiúin más dealraitheach don Choimisiún go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann, arna chinneadh ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 5(5), le bheith ina húdar maith le tionscnamh den sórt sin.
2. Beidh san iarraidh ar imeacht a thionscnamh fianaise go bhfuil á gcomhlíonadh na coinníollacha maidir leis an mbeart coimirce a leagtar amach in Airteagal 2(1) a fhorchur. De ghnáth, beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarraidh: ráta agus méid an mhéadaithe ar allmhairí i ndáil leis an táirge lena mbaineann, arna shloinneadh i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, an sciar den mhargadh baile a bhaineann leis na hallmhairí méadaithe, agus na hathruithe ar an leibhéal díolacháin, táirgthe, táirgiúlachta, úsáide acmhainne, brabúis agus caillteanais, agus fostaíochta.
3. Féadfar imeacht a thionscnamh freisin i gcás ina dtagann borradh ar allmhairí atá comhchruinnithe i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, nó i gceann amháin nó i roinnt de na réigiúin is forimeallaí, ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann go bhfuil na coinníollacha maidir le tionscnamh á gcomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 5(5).
4. Cuirfidh Ballstát an Coimisiún ar an eolas más dealraitheach go léiríonn treochtaí san allmhairiú ón gColóim agus ó Pheiriú go bhfuil gá le bearta coimirce. Beidh ar áireamh san fhaisnéis sin an fhianaise atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 5(5).
5. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit nuair a bhfaighidh sé iarraidh imeacht a thionscnamh nó nuair a bhreithníonn sé gur iomchuí imeacht a thionscnamh ar a thionscnamh féin de bhun mhír 1.
6. Más rud é go ndealraíonn sé go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann i gcomhréir le hAirteagal 5(5) chun údar a thabhairt le himeacht a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh agus déanfaidh sé fógra ina thaobh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfar an tionscnamh laistigh d'aon mhí amháin ón tráth a bhfaighidh an Coimisiún an iarraidh nó an fhaisnéis de bhun mhír 1.
7. Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 6:
(a) |
tabharfar achoimre ann ar an bhfaisnéis a fuarthas agus ceanglófar leis go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha uile a chur chuig an gCoimisiún; |
(b) |
luafar ann an tréimhse a fhéadfaidh páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus faisnéis a thíolacadh lena linn, más rud é go bhfuil na tuairimí agus an fhaisnéis sin le cur san áireamh le linn an imeachta; |
(c) |
luafar ann an tréimhse a fhéadfaidh páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh ar éisteacht ó bhéal a fháil os comhair an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 5(9) lena linn. |
Airteagal 5
Imscrúduithe
1. Tar éis an t-imeacht a thionscnamh, cuirfidh an Coimisiún tús le himscrúdú. Tosóidh an tréimhse, amhail mar a leagtar amach i mír 3, ar an lá a bhfoilseofar an cinneadh chun imscrúdú a thionscnamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar agus glacfaidh na Ballstáit cibé beart is gá chun éifeacht a thabhairt don iarraidh sin. Más rud é gur faisnéis de chineál leasa ghinearálta í an fhaisnéis sin, agus nach faisnéis rúnda í de réir bhrí Airteagal 12, cuirfear leis na comhaid neamhrúnda í, faoi mar a fhoráiltear i mír 8 den Airteagal seo.
3. Aon uair is féidir, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de shé mhí tar éis é a thionscnamh. Féadfar trí mhí a chur leis an teorainn ama sin in imthosca eisceachtúla, amhail líon neamhghnách ard páirtithe leasmhara a bheith ann nó staideanna casta margaidh. Déanfaidh an Coimisiún fógra a thabhairt do na páirtithe leasmhara go léir i dtaobh aon fhadaithe den sórt sin agus míneoidh sé na cúiseanna atá leis.
4. Lorgóidh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheasann sé a bheith riachtanach chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2(1), agus, nuair is iomchuí, féachfaidh sé leis an bhfaisnéis sin a fhíorú.
5. Agus an t-imscrúdú á dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar gach toisc ábhartha atá oibiachtúil agus inchainníochtúil agus a imríonn tionchar ar an staid ina bhfuil tionscal an Aontais, go háirithe an ráta ag a bhfuil allmhairí an táirge i dtrácht ag ardú agus méid an ardaithe sin, i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, an sciar sin de mhargadh an Aontais a bhaineann leis na hallmhairí méadaithe agus athruithe ar an leibhéal díolacháin, táirgthe, táirgiúlachta, úsáide acmhainne, brabúis agus caillteanais, agus fostaíochta. Ní liosta iomlán é an liosta sin agus d'fhéadfadh an Coimisiún tosca ábhartha eile a chur san áireamh i gcomhair a chinnidh i dtaobh an bhfuil mórdhíobháil nó bagairt mhórdhíobhála ann, amhail stoic, praghsanna, fáltas ar chaipiteal a úsáidtear, sreabhadh airgid, agus tosca eile is cúis le mórdhíobháil, nó a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le mórdhíobháil, nó a bhagraíonn a bheith ina gcúis le mórdhíobháil do thionscal an Aontais.
6. Féadfaidh páirtithe leasmhara atá tar éis faisnéis a thíolacadh de bhun Airteagal 4(7)(b), agus féadfaidh ionadaithe na Colóime agus Pheiriú, ar iarraidh i scríbhinn, iniúchadh a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile a chuirtear ar fáil don Choimisiún i dtaca leis an imscrúdú, seachas doiciméid inmheánacha arna n-ullmhú ag údaráis an Aontais nó ag údaráis na mBallstát, ar choinníoll go mbaineann an fhaisnéis sin le tíolacadh a gcáis agus nach faisnéis rúnda atá ann de réir bhrí Airteagal 12 agus ar choinníoll go bhfuil sí á húsáid ag an gCoimisiún san imscrúdú. Féadfaidh páirtithe leasmhara atá tar éis faisnéis a thíolacadh a gcuid tuairimí i leith na faisnéise a chur in iúl don Choimisiún. I gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann chun tacú leis na tuairimí sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh iad.
7. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na sonraí uile agus an staidreamh go léir a úsáidtear don imscrúdú ar fáil agus go mbeidh siad sothuigthe, trédhearcach agus infhíoraithe.
8. Áiritheoidh an Coimisiún, a luaithe a bheidh an creat teicniúil is gá ann, go mbeidh rochtain ar líne faoi chosaint pasfhocail ann don chomhad neamhrúnda, agus déanfaidh sé bainistiú air sin, agus is trí sin a scaipfear an fhaisnéis go léir atá ábhartha agus nach bhfuil faoi rún, de réir bhrí Airteagal 12. Tabharfar rochtain ar an ardán ar líne sin do pháirtithe leasmhara, do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa.
9. Tabharfaidh an Coimisiún éisteacht do pháirtithe leasmhara, go háirithe i gcás ina bhfuil iarratas i scríbhinn déanta acu laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos san fhógra a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar iarratas é ina léireofar gur dócha go hiarbhír go ndéanfaidh toradh an imscrúdaithe difear dóibh agus go bhfuil cúiseanna speisialta ann le héisteacht ó bhéal a thabhairt dóibh.
Tabharfaidh an Coimisiún éisteacht do pháirtithe leasmhara ar ócáidí eile má tá cúiseanna speisialta ann leis sin.
10. I gcás nach soláthraítear an fhaisnéis laistigh de na teorainneacha ama a shocraigh an Coimisiún, nó nuair atá bac mór ar an imscrúdú, féadfaidh an Coimisiún cinntí a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún amach go ndearna aon pháirtí leasmhar nó aon tríú páirtí faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar dó, déanfaidh sé neamhshuim den fhaisnéis sin agus féadfaidh sé úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.
11. Tabharfaidh an Coimisiún fógra i scríbhinn don Cholóim agus do Pheiriú maidir le himscrúdú a thionscnamh agus maidir le bearta coimirce sealadacha nó cinntitheacha a fhorchur.
Airteagal 6
Bearta réamhfhaireachais
1. Féadfaidh an Coimisiún bearta réamhfhaireachais a ghlacadh i dtaca le hallmhairí ón gColóim nó ó Pheiriú sna cásanna a leanas:
(a) |
nuair atá an treocht maidir le hallmhairí táirge de chineál a fhágann go bhféadfadh ceann de na staideanna dá dtagraítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 4 leanúint aisti; nó |
(b) |
nuair atá borradh ar allmhairí bananaí comhchruinnithe i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, nó i gceann amháin nó níos mó de réigiúin is forimeallaí an Aontais. |
2. Glacfaidh an Coimisiún bearta réamhfhaireachais i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).
3. Beidh tréimhse theoranta bailíochta ag bearta réamhfhaireachais. Mura bhforáiltear a mhalairt, scoirfidh siad de bheith bailí ag deireadh an dara tréimhse sé mhí tar éis na chéad sé mhí tar éis iad a thabhairt isteach.
Airteagal 7
Bearta coimirce sealadacha a fhorchur
1. In imthosca géibheannacha ina mbeadh moill ina cúis le damáiste a bheadh deacair a leigheas, déanfar bearta coimirce sealadacha a chur i bhfeidhm de bhun réamhchinnidh, ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 5(5), go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann go bhfuil méadú tagtha ar allmhairí táirge de thionscnamh na Colóime nó Pheiriú de thoradh dleacht chustaim a laghdú nó a dhíchur i gcomhréir leis an Sceideal um Dhíchur Taraife, agus go bhfuil allmhairí den sórt sin ina gcúis le mórdhíobháil, nó ina gcúis le bagairt mhórdhíobhála, do thionscal an Aontais.
Glacfaidh an Coimisiún bearta coimirce sealadacha i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2). I gcásanna ina bhfuil mórchúiseanna práinne ann, lena n-áirítear an cás dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún bearta coimirce sealadacha atá infheidhme láithreach, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(4).
2. I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát go ndéanfadh an Coimisiún idirghabháil láithreach agus i gcás ina mbeidh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 comhlíonta, déanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil.
3. Ní bheidh feidhm ag bearta coimirce sealadacha ar feadh tréimhse níos faide ná 200 lá féilire.
4. I gcás ina n-aisghairfear na bearta coimirce sealadacha toisc go léirítear san imscrúdú nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh, déanfar aon dleacht chustaim a bailíodh mar thoradh ar na bearta coimirce sealadacha sin a aisíoc go huathoibríoch.
5. Beidh feidhm ag bearta coimirce sealadacha maidir le gach táirge a chuirtear i saorchúrsaíocht tar éis dháta theacht i bhfeidhm na mbeart sin. Ní dhéanfaidh na bearta sin, áfach, cosc a chur le táirgí atá faoi bhealach chuig an Aontas cheana féin a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta i gcás nach féidir ceann scríbe na dtáirgí sin a athrú.
Airteagal 8
Foirceannadh imscrúduithe agus imeachtaí gan bhearta
1. I gcás ina léiríonn na fíorais, faoi mar a shuífear go críochnaitheach iad, nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(3), cinneadh a ghlacadh lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú agus an t-imeacht.
2. Déanfaidh an Coimisiún, ag féachaint go cuí do chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 12, tuarascáil a phoibliú ina leagfar amach a chinntí agus na conclúidí réasúnaithe ar thángthas orthu maidir le gach saincheist chuí fíorais agus dlí.
Airteagal 9
Bearta coimirce cinntitheacha a fhorchur
1. I gcás ina léiríonn na fíorais, faoi mar a shuífear go críochnaitheach iad, go bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh, iarrfaidh an Coimisiún ar údaráis na Colóime agus Pheiriú comhairliúcháin a chur ar siúl i gcomhréir le hAirteagal 49 den Chomhaontú. I gcás nach sroichtear aon réiteach sásúil laistigh de 45 lá, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(3).
2. Déanfaidh an Coimisiún, ag féachaint go cuí do chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 12, tuarascáil a phoibliú ina mbeidh achoimre ar na fíorais ábharthacha agus ar na nithe atá ábhartha don chinneadh.
Airteagal 10
Ré na mbeart coimirce agus athbhreithniú orthu
1. Ní leanfaidh beart coimirce de bheith i bhfeidhm ach go ceann cibé tréimhse ama a mbeidh gá léi chun an mhórdhíobháil do thionscal an Aontais a chosc nó a leigheas, agus chun coigeartú a éascú. Ní rachaidh an tréimhse sin thar dhá bhliain, mura rud é go bhfadaítear faoi mhír 3 í.
2. Go dtí go bhfaightear toradh an athbhreithnithe faoi mhír 3, leanfaidh beart coimirce de bheith i bhfeidhm i rith aon tréimhse fadaithe.
3. Féadfar, mar eisceacht, tréimhse thosaigh birt coimirce a fhadú dhá bhliain ar a mhéad, ar choinníoll go leanann an beart coimirce de bheith riachtanach chun mórdhíobháil do thionscal an Aontais a chosc nó a leigheas, agus ar choinníoll go bhfuil fianaise ann go bhfuil coigeartú á dhéanamh i dtionscal an Aontais.
4. Sula ndéanfar aon fhadú de bhun mhír 3 den Airteagal seo, déanfar imscrúdú a thionscnamh arna iarraidh sin do Bhallstát, d'aon duine dlítheanach nó d'aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, ag gníomhú dóibh thar ceann thionscal an Aontais, nó ar fhéintionscnamh an Choimisiúin má tá fianaise leordhóthanach prima facie ann, go bhfuil na coinníollacha arna leagan síos i mír 3 den Airteagal seo á gcomhlíonadh, ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 5(5).
5. Foilseofar tionscnamh imscrúdaithe i gcomhréir le hAirteagal 4(6) agus (7). Déanfar an t-imscrúdú agus aon chinneadh maidir le fadú de bhun mhír 3 den mhír seo i gcomhréir le hAirteagal 5, Airteagal 8 agus Airteagal 9.
6. Ní rachaidh ré iomlán birt coimirce thar cheithre bliana, lena n-áirítear aon bheart coimirce sealadach.
7. Ní chuirfear beart coimirce i bhfeidhm tar éis don idirthréimhse dul in éag.
8. Ní chuirfear aon bheart coimirce i bhfeidhm maidir le hallmhairiú táirge a bhí faoi réir birt dá leithéid roimhe sin, mura rud é go bhfuil tréimhse caite arb ionann í agus leath na tréimhse inar cuireadh an beart coimirce i bhfeidhm don tréimhse díreach roimpi, ar choinníoll gur bliain ar a laghad atá sa tréimhse gan feidhm.
Airteagal 11
Réigiúin is forimeallaí an Aontais
I gcás ina bhfuil aon táirge de thionscnamh na Colóime agus Pheiriú á allmhairiú sna cainníochtaí méadaithe sin, agus faoi na coinníollacha sin, a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le mórmheathlú, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le mórmheathlú, don staid eacnamaíoch i gceann amháin nó níos mó de réigiúin is forimeallaí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, féadfar beart coimirce a fhorchur, i gcomhréir leis an gCaibidil seo.
Airteagal 12
Rúndacht
1. Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar ina leith a iarradh í.
2. Ní dhéanfar faisnéis ar bith de ghné rúnda a fhaightear de bhun an Rialacháin seo, ná aon fhaisnéis a sholáthraítear ar bhonn rúnda agus a fhaightear de bhun an Rialacháin seo, a nochtadh gan cead sainráite sholáthróir na faisnéise sin.
3. I ngach iarraidh ar rúndacht, luafar na cúiseanna leis an bhfaisnéis a bheith rúnda. Más rud é, áfach, go n-iarrann soláthróir na faisnéise nach ndéanfaí an fhaisnéis a phoibliú nó nach ndéanfaí í a nochtadh, ina hiomláine nó i bhfoirm achoimre, agus mura bhfuil údar maith leis an iarraidh sin, féadfar neamhshuim a dhéanamh den fhaisnéis lena mbaineann.
4. Ar chaoi ar bith, measfar go bhfuil gach faisnéis faoi rún más dócha go ndéanfadh nochtadh na faisnéise dochar suntasach do sholáthróir nó d'fhoinse na faisnéise sin.
5. Ní fhágfaidh mír 1 go mír 4 nach bhféadfaidh údaráis an Aontais tagairt a dhéanamh d'fhaisnéis ghinearálta agus, go háirithe, do chúiseanna ar a bhfuil cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo bunaithe. Mar sin féin, cuirfidh na húdaráis sin san áireamh leas dlisteanach na ndaoine nádúrtha agus na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann ar mian leo nach nochtfar a gcuid rún gnó.
Airteagal 13
Tuarascáil
1. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm, cur chun feidhme agus comhlíonadh oibleagáidí an Chomhaontaithe seo agus an Rialacháin seo.
2. Áiritheofar sa tuarascáil faisnéis maidir le cur i bhfeidhm beart sealadach agus cinntitheach, maidir le bearta réamhfhaireachais, maidir le bearta faireachais réigiúnacha agus bearta coimirce réigiúnacha agus maidir le himscrúduithe agus imeachtaí a fhoirceannadh gan bhearta.
3. Beidh ar áireamh sa tuarascáil sin faisnéis faoi ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí éagsúla atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, lena n-áirítear faisnéis faoi chomhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Theideal IX den Chomhaontú agus faisnéis faoi na gníomhaíochtaí le grúpaí comhairliúcháin ón tsochaí shibhialta.
4. Leagfar amach sa tuarascáil achoimre ar an staidreamh agus ar fhorás na trádála leis an gColóim agus le Peiriú agus áiritheofar ann staidreamh atá cothrom le dáta maidir le hallmhairí bananaí ón gColóim agus ó Pheiriú.
5. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de mhí amháin ó thaisceadh thuarascáil an Choimisiúin, a iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú ad hoc de choiste freagrach na Parlaiminte chun aon saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú.
6. Tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis a thuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, déanfaidh an Coimisiún í a phoibliú.
Airteagal 14
An nós imeachta coiste
1. Beidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (4) (“an Coiste”) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
4. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 4 den Rialachán sin.
5. Féadfaidh an Coiste ábhair a scrúdú a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, arna tharraingt anuas ag an gCoimisiún nó arna iarraidh sin ag Ballstát. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis a iarraidh agus féadfaidh siad tuairimí a mhalartú sa Choiste nó go díreach leis an gCoimisiún.
CAIBIDIL II
SÁSRA COBHSAÍOCHTA DO BHANANAÍ
Airteagal 15
Sásra cobhsaíochta do bhananaí
1. I gcás bananaí de thionscnamh na Colóime nó Pheiriú a thagann faoi cheannteideal 0803 00 19 den Ainmníocht Chomhcheangailte (bananaí úra, gan plantáin a áireamh) agus a liostaítear faoi chatagóir “BA” sa Sceideal um Dhíchur Taraife, beidh feidhm ag sásra cobhsaíochta go dtí an 31 Nollaig 2019.
2. Socraítear leibhéal truiceartha bliantúil ar leith do mhéideanna allmhairí le haghaidh allmhairí táirgí dá dtagraítear i mír 1, mar a léirítear sa dara agus sa tríú colún den tábla san Iarscríbhinn. Chomh luath agus a shroichtear an leibhéal truicearaithe i gcás na Colóime nó Pheiriú le linn na bliana féilire comhfhreagraí, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 14(4), gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena bhféadfaidh sé an dleacht chustaim fhabhrach is infheidhme maidir le táirgí den tionscnamh comhfhreagrach a fhionraí go sealadach le linn na bliana céanna go ceann tréimhse nach mó ná trí mhí, agus nach dtéann thar dheireadh na bliana féilire nó féadfaidh sé a chinneadh nach bhfuil an fhionraí sin iomchuí.
3. Agus cinneadh á dhéanamh ar cheart bearta a chur i bhfeidhm de bhun mhír 2, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tionchar na n-allmhairí lena mbaineann ar staid mhargadh bananaí an Aontais. Áiritheofar sa scrúdú sin tosca amhail: éifeacht na n-allmhairí lena mbaineann ar leibhéal praghsanna an Aontais, forbairt allmhairí ó fhoinsí eile, cobhsaíocht fhoriomlán mhargadh an Aontais.
4. Nuair a chinneann an Coimisiún an dleacht chustaim fhabhrach is infheidhme a fhionraí, cuirfidh sé an ceann is lú de cheachtar den bhonnráta dleachta custaim nó den ráta dleachta NBF a bhí i bhfeidhm tráth a ndearnadh an ghníomhaíocht sin i bhfeidhm.
5. Nuair a chuireann an Coimisiún na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 4 i bhfeidhm, rachaidh sé i gcomhairle láithreach leis an tír nó na tíortha a ndéanann na gníomhaíochtaí difear dóibh chun an cás a anailísiú agus a mheasúnú ar bhonn sonraí fíorasacha atá ar fáil.
6. Tá cur i bhfeidhm an tsásra cobhsaíochta do bhananaí a leagtar amach sa Chaibidil seo gan dochar do chur i bhfeidhm aon cheann de na bearta a shainítear i gCaibidil I. Ní dhéanfar, áfach, bearta a ghlacfar de bhun fhorálacha an dá chaibidil a chur i bhfeidhm go comhuaineach.
7. Beidh na bearta dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4 infheidhme i rith na tréimse dar críoch an 31 Nollaig 2019, agus i rith na tréimhse sin amháin.
CAIBIDIL III
RIALACHA CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 16
Rialacha cur chun feidhme
Chun na rialacha cur chun feidhme is gá maidir le cur i bhfeidhm na rialacha atá i bhFoscríbhinn 2A agus Foscríbhinn 5 d'Iarscríbhinn II (Maidir le sainmhíniú an choincheapa “Táirgí Tionscnaimh” agus le modhanna comhair riaracháin) agus i bhFoscríbhinn 1 (Dleachtanna Custaim a Dhíchur) d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú a ghlacadh, is é Airteagal 247a de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 an fhoráil is infheidhme.
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 17
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ó dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 330 den Chomhaontú sin. Foilseofar fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina luafar dáta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 15 Eanáir 2013.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. CREIGHTON
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012.
(2) IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
(3) IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.
(4) IO L 84, 31.3.2009, lch. 1.
IARSCRÍBHINN
Tábla maidir le méideanna allmhairí truiceartha le haghaidh chur i bhfeidhm an tsásra cobhsaíochta do bhananaí dá bhforáiltear i Roinn B d'Fhoscríbhinn 1 d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú: don Cholóim, Foroinn 1 agus do Pheiriú, Foroinn 2
Bliain |
Leibhéal truiceartha don mhéid allmhairí don Cholóim, i dtonnaí |
Leibhéal truiceartha don mhéid allmhairí do Pheiriú, i dtonnaí |
Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2010 |
1 350 000 |
67 500 |
Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2011 |
1 417 500 |
71 250 |
Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2012 |
1 485 000 |
75 000 |
Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2013 |
1 552 500 |
78 750 |
Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2014 |
1 620 000 |
82 500 |
Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2015 |
1 687 500 |
86 250 |
Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2016 |
1 755 000 |
90 000 |
Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2017 |
1 822 500 |
93 750 |
Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2018 |
1 890 000 |
97 500 |
Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2019 |
1 957 500 |
101 250 |
Amhail ón 1 Eanáir 2020 |
Neamhbhainteach |
Neamhbhainteach |
RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN
Is díol sásaimh don Choimisiún an comhaontú ar an gcéad léamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile (1).
Mar atá beartaithe i Rialachán (AE) Uimh. 19/2013, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an Comhaontú a chur chun feidhme agus beidh sé réidh chun aon saincheisteanna a thig as cur chun feidhme an Chomhaontaithe sin a phlé leis an gcoiste a bheidh freagrach.
Leagfaidh an Coimisiún béim faoi leith ar na gealltanais maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe sa Chomhaontú a chur chun feidhme go héifeachtach, á chur san áireamh dó an fhaisnéis shonrach a sholáthraíonn comhlachtaí ábhartha faireacháin do Choinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus na comhaontuithe déthaobhacha comhshaoil a liostaítear i dTeideal IX den Chomhaontú. I ndáil leis sin, lorgóidh an Coimisiún freisin tuairimí na ngrúpaí ábhartha comhairleacha sa tsochaí shibhialta.
Nuair a théann an Sásra Cobhsaíochta um Bananaí in éag an 31 Nollaig 2019, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an staid i margadh an Aontais do bhananaí agus an staid mar atá maidir le táirgeoirí bananaí san Aontas. Déanfaidh an Coimisiún a fhionnachtana a chur i dtuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus bheadh réamh-mheasúnú ar fheidhmiú “an Clár de roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánacht” (POSEI), a mhéid a bhaineann le caomhnú na táirgeachta bananaí san AE, san áireamh sa tuarascáil sin.
(1) Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo.
DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH
Tá Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún d'aon tuairim go bhfuil dlúthchomhar an-tábhachtach chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile (1). Chun na críche sin comhaontaíonn siad an méid a leanas:
— |
Arna iarraidh sin do choiste freagrach Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún aon ábhair shonracha imní a thuairisciú dó maidir le cur chun feidhme a ngealltanas ag an gColóim agus Peiriú i leith Trádála agus Forbartha Inbhuanaithe. |
— |
I gcás ina nglacfaidh Parlaimint na hEorpa moladh chun imscrúdú coimirce a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún scrúdú cúramach i dtaobh an bhfuil na coinníollacha faoin Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 maidir le tionscnamh ex-officio á gcomhlíonadh. Sa chás go measann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh, déanfaidh sé tuarascáil a thíolacadh do choiste freagrach Pharlaimint na hEorpa ina mbeidh míniú ar na tosca go léir is ábhartha chun an t-imscrúdú sin a thionscnamh. |
(1) Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo.