EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32012R0500

Rialachán (AE) Uimh. 500/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir

IO L 157, 16.6.2012, p. 1–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 05/10/2016; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32016R1627

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/500/oj

16.6.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 500/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2012

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2)

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is Páirtí é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (“an Coinbhinsiún” anseo feasta).

(2)

Ag a 16ú Chruinniú Speisialta in 2008, ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (“ICCAT” anseo feasta), arna bhunú ag an gCoinbhinsiún, Moladh 08-05 chun plean téarnaimh nua do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bhunú, a ghlac ionad an phlean téarnaimh roimhe sin a glacadh in 2006. In oirchill Mholadh 08-05 a theacht chun bheith éifeachtach, glacadh Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle (3).

(3)

Ag a 17ú Chruinniú Speisialta in 2010, ghlac ICCAT Moladh 10-04 lena leasaítear an plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm. Chun an stoc a athbhunú, foráiltear le Moladh 10-04 go ndéanfaí an ghabháil iomlán is incheadaithe a laghdú tuilleadh, go neartófaí na bearta chun an cumas iascaireachta a laghdú agus go dtreiseofaí na bearta rialaithe, go háirithe maidir leis na hoibríochtaí aistrithe agus cur i gcaighean agus foráiltear do chomhairle bhreise ón mBuanchoiste um Thaighde agus um Staidreamh (SCRS) in 2012 maidir le láithreacha sceite a aithint agus tearmainn a chruthú.

(4)

Tá Moladh 10-04 ina cheangal ar an Aontas.

(5)

Thairis sin, tá forálacha áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 tite as feidhm agus ba cheart iad a scriosadh. Ba cheart forálacha eile a thabhairt cothrom le dáta chun léiriú a thabhairt ar athruithe sa reachtaíocht, go háirithe iad siúd a chineann ó ghlacadh Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (4).

(6)

D’fhonn foráil a dhéanamh do choinníollacha comhionanna a bhaineann le hoibríochtaí aistrithe agus oibríochtaí cur i gcaighean agus le gníomhaíochtaí gaiste tuinnín a thaifeadeadh agus a thuairisciú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (5).

(7)

Ba cheart an téarma “Comhphobal” a úsáidtear i dtéarmaí achtacháin Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 a athrú chun teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin an 1 Nollaig 2009 a chur san áireamh.

(8)

Tháinig Moladh 10-04 chun bheith éifeachtach an 13 Lúnasa 2011. D’aontaigh na Páirtithe uile sa Choinbhinsiún, lena n-áirítear an tAontas, áfach, go gcuirfeadh siad na forálacha sin den Choinbhinsiún is infheidhme ar chlúdach breathnóirí, is clúdach, i gcás an Aontais, atá le háirithiú ag na Ballstáit, i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2011. Is iomchuí, dá thoradh sin, go mbeadh feidhm chúlghabhálach ag na forálacha comhfhreagracha ón 1 Eanáir 2011.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 1, Airteagal 4(13), Airteagal 9(3), (4), (5), (8), (9) agus (10), Airteagail 11(1), 14(4), 15(3) agus Airteagal 18(2), Airteagal 21(1) agus (4), Airteagal 23(6), Airteagal 29(1), (3), (4) agus (5), Airteagal 31(4) agus Airteagal 34(2) agus (3), cuirtear an t-ainmfhocal “Aontas”, nó an aidiacht chomhfhreagrach in ionad an ainmfhocail “Comhphobal” nó na haidiachta comhfhreagraí, agus déanfar aon athruithe gramadaí a bheidh ag teastáil mar thoradh ar an ionadú sin.

(2)

In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Is é is cuspóir don phlean téarnaimh atá i bhfeidhm ó 2007 go dtí deireadh 2022 bithmhais a ghnóthú a chomhfhreagraíonn don uastáirgeadh inbhuanaithe ag a bhfuil dóchúlacht 60 % ar a laghad.”.

(3)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

ciallaíonn “soitheach coimhdeachta” aon soitheach a úsáidtear chun tuinnín gorm marbh (gan phróiseáil) a iompar ó chaighean nó ó ghaiste tuinnín chuig calafort ainmnithe nó chuig soitheach próiseála;”;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

ciallaíonn “oibríochtaí aistrithe” aon uair a dhéantar:

(i)

tuinnín gorm beo a aistriú ó eangach an tsoithigh ghabhála go dtí an caighean iompair;

(ii)

tuinnín gorm beo a aistriú ón gcaighean iompair go dtí caighean iompair eile;

(iii)

caighean ina bhfuil tuinnín gorm a aistriú ó shoitheach tarraingthe amháin go dtí soitheach tarraingthe eile;

(iv)

tuinnín gorm marbh a aistriú ón gcaighean iompair go dtí soitheach coimhdeachta;

(v)

tuinnín gorm a aistriú ó fheirm tuinnín ghoirm nó ó ghaiste tuinnín go dtí soitheach próiseála, nó go dtí soitheach iompair, nó caighean ina bhfuil tuinnín gorm a aistriú ó fheirm amháin go feirm eile;

(vi)

tuinnín gorm beo a aistriú ó ghaiste tuinnín go dtí caighean iompair eile.”;

(c)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):

“(l)

ciallaíonn “feirmeoireacht” tuinnín gorm a chur i gcaighean ar feadh tréimhse is faide ná sé mhí, arb é is aidhm dó an bhithmhais a mhéadú;”;

(d)

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(q)

ciallaíonn “an Ballstát freagrach” agus “an Ballstát atá freagrach” Ballstát na brataí nó an Ballstát a bhfuil an gaiste tuinnín nó an fheirm suite ina dhlínse nó, má tá an fheirm nó an gaiste tuinnín suite ar an mórmhuir, an Ballstát ina bhfuil oibreoir an ghaiste nó oibreoir na feirme tuinnín bunaithe;”.

(4)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh na Ballstáit an plean náisiúnta sealadach bliantúil iascaireachta a bhaineann leis an mbliain dar gcionn a chur chuig an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún na pleananna náisiúnta sealadacha bliantúla iascaireachta a thiomsú agus a chomhtháthú i bplean iascaireachta an Aontais atá le tarchur chuig Rúnaíocht ICCAT le haghaidh formheasa ICCAT.

Trách nach déanaí ná an 31 Eanáir gach bliain, déanfaidh na Ballstáit an plean críochnaitheach bliantúil iascaireachta a tharchur chuig an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún na pleananna náisiúnta sealadacha bliantúla iascaireachta a thiomsú agus a chomhtháthú i bplean iascaireachta an Aontais atá le tarchur chuig Rúnaíocht ICCAT le haghaidh formheasa ICCAT faoin 1 Márta gach bliain.”;

(b)

Scriostar mír 12 agus mír 14.

(5)

Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Gan dochar do mhír 6, déanfar an cumas iascaireachta dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4 agus in Airteagal 9 a laghdú, le go ndíchuirfear:

(a)

faoi thús 2010, i gcás gach Ballstáit, 25 % ar a laghad den neamhréiteach idir a chumas iascaireachta agus a chumas iascaireachta atá ar comhréir lena chuóta;

(b)

faoi thús 2011, i gcás gach Ballstáit, 75 % ar a laghad den neamhréiteach idir a chumas iascaireachta agus a chumas iascaireachta atá ar comhréir lena chuóta;

(c)

faoi thús 2012, i gcás gach Ballstáit, 95 % ar a laghad den neamhréiteach idir a chumas iascaireachta agus a chumas iascaireachta atá ar comhréir lena chuóta;

(d)

faoi thús 2013, i gcás gach Ballstáit, 100 % den neamhréiteach idir a chumas iascaireachta agus a chumas iascaireachta atá ar comhréir lena chuóta.

Beidh ríomh an laghdaithe sa chumas iascaireachta bunaithe ar na rátaí gabhála le haghaidh catagóirí soithí i gcomhréir leis an modheolaíocht a formheasadh ag cruinniú bliantúil ICCAT 2009.

Ní bheidh feidhm ag an gceanglas laghdaithe sin maidir le Ballstát a léireoidh go bhfuil a chumas iascaireachta ar comhréir lena chuóta.”;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

“9.   Bunóidh gach Ballstát plean bainistíochta i ndáil le cumas iascaireachta don tréimhse 2010-2013. Déanfar an plean sin a chur chuig an gCoimisiún faoin 15 Lúnasa 2009, agus áireofar ann an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2, 4, 6 agus 7. Thairis sin, áireofar ann faisnéis mhionsonraithe faoi na bealaí, de bhreis ar bhriseadh soithí, a d’úsáid an Ballstát chun róchumas a dhíchur. Déanfar an plean a athbhreithniú, más gá sin, agus cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é faoin 15 Lúnasa gach bliain.

Déanfaidh an Coimisiún na pleananna náisiúnta bainistíochta a thiomsú agus a chomhtháthú sa phlean bainistíochta maidir le cumas iascaireachta an Aontais atá le tarchur chuig ICCAT chun é a phlé agus a fhormheas.”.

(6)

Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas,

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Cuirfear toirmeasc ar pheas-saighneoireacht tuinnín ghoirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 15 Meitheamh go dtí an 15 Bealtaine.”;

(b)

Scriostar mír 6.

(7)

In Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní ghlacfar le haon iarratais chúlghabhálacha. Ní ghlacfar le hathruithe ina dhiaidh sin ar na liostaí dá dtagraítear i mír 1 le linn bliana féilire ach amháin má choiscfear ar an soitheach iascaireachta, a dtabharfar fógra ina leith, páirt a ghlacadh de bharr cúiseanna oibríochtúla dlisteanacha nó de bharr force majeure. Sna himthosca sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach faoi sin agus an méid seo a leanas a chur ar fáil:

(a)

mionsonraí iomlána an tsoithigh iascaireachta nó na soithí iascaireachta a bheartaítear a chur in ionad soithigh dá dtagraítear i mír 1; agus

(b)

cuntas cuimsitheach ar na cúiseanna lena bhfírinnítear an t-ionadú agus aon fhianaise ábhartha tacaíochta nó tagartha.”.

(8)

In Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I dteannta comhlíonadh Airteagail 14, 15, 23 agus 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d’fhonn comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (6), déanfaidh máistir soithigh ghabhála AE, más infheidhme, an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn II den Rialachán seo a iontráil sa logleabhar.

(9)

Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 19(1):

“Ní cheadófar comhoibríochtaí iascaireachta a dhéanfar i gcomhar le CPCanna eile.”.

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

“Airteagal 22

Oibríochtaí aistrithe

1.   Sula ndéanfar aon oibríocht aistrithe, déanfaidh máistir soithigh ghabhála nó soithigh tarraingthe nó oibreoir na feirme nó an ghaiste tuinnín as a dtionscnaíonn an t-aistriú i dtrácht, réamhfhógra um aistriú a chur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit fhreagraigh agus tabharfar an méid seo a leanas le fios sa réamhfhógra sin:

(a)

ainm an tsoithigh ghabhála, na feirme nó an ghaiste tuinnín agus an cláruimhir ICCAT;

(b)

an t-am a mheastar a dhéanfar an t-aistriú;

(c)

meastachán ar an méid tuinnín ghoirm a aistreofar;

(d)

faisnéis faoin suíomh (domhanleithead/domhanfhad) ag a dtarlóidh an t-aistriú mar aon le huimhreacha so-aitheanta na gcaighean;

(e)

ainm an tsoithigh tarraingthe is faighteoir, líon na gcaighean a tarraingíodh agus, i gcás inarb iomchuí, clár uimhir ICCAT;

(f)

an calafort, an fheirm nó an caighean a bheidh ina cheann scríbe don tuinnín gorm.

2.   I gcás gach oibríochta aistrithe, is iad údaráis an Bhallstáit fhreagraigh a chinnfidh cibé an ndeonóidh siad údarú. Chun na críche sin, déanfar uimhir aitheantais uathúil a shainiú i gcomhair gach oibríochta aistrithe agus déanfar an uimhir sin a chur in iúl do mháistir an tsoithigh iascaireachta, don oibreoir gaiste tuinnín nó don oibreoir feirme, de réir mar is iomchuí. I gcás ina ndeonófar údarú, beidh san uimhir sin cód trí-litir CPC, na ceithre uimhir a léireoidh an bhliain agus na trí litir “AUT”, (údarú), agus uimhreacha seicheamhacha ina dhiaidh sin. I gcás ina ndiúltófar údarú, beidh san uimhir sin na trí litir de chód CPC, na ceithre uimhir a léireoidh an bhliain agus na trí litir “NEG”, (gan údarú), agus uimhreacha seicheamhacha ina dhiaidh sin. Ní thosóidh na hoibríochtaí aistrithe gan réamhúdarú a bheith faighte.

Faoi cheann 48 uair an chloig tar éis an réamhfhógra don aistriú a bheith curtha isteach, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála, an soitheach tarraingthe, an fheirm nó an gaiste tuinnín, an t-aistriú a údarú nó ní dhéanfaidh sé é sin, de réir mar is iomchuí. Ní údaróidh an Ballstát an t-aistriú, ar an réamhfhógra don aistriú a fháil, má mheasann sé:

(a)

nach bhfuil a dhóthain de chuóta ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste tuinnín a bhfuil sé dearbhaithe gurbh é a ghabh na héisc;

(b)

nach bhfuil an méid iasc tuairiscithe go cuí ag an soitheach gabhála nó ag oibreoir an ghaiste tuinnín nó nár údaraíodh an méid iasc a chur i gcaighean, agus nár cuireadh an meid iasc san áireamh maidir le hídiú an chuóta a fhéadfaidh a bheith infheidhme;

(c)

nach bhfuil an soitheach gabhála a bhfuil sé dearbhaithe gurbh é a ghabh na héisc údaraithe chun bheith ag iascaireacht tuinnín gorm, nó

(d)

nach bhfuil an soitheach tarraingthe a dearbhaíodh gurbh é atá chun an t-aistriú cláraithe i dtaifead ICCAT ar na soithí iascaireachta eile ar fad (seachas soithí gabhála) atá údaraithe chun oibrithe do thuinnín gorm agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3), nó nach bhfuil Córas um Fhaireachán Soithí (VMS) feistithe air.

3.   I gcás nach n-údaraítear an t-aistriú:

(a)

eiseoidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála ordú scaoilte agus cuirfidh sé máistir an tsoithigh ghabhála ar an eolas nár údaraíodh an t-aistriú agus nach mór na héisc a scaoileadh ar ais san fharraige;

(b)

scaoilfidh máistir an tsoithigh ghabhála, oibreoir na feirme nó oibreoir an ghaiste tuinnín, de réir mar is iomchuí, na héisc ar ais san fharraige;

(c)

déanfar tuinnín gorm a scaoiltear isteach san fharraige a thaifeadadh ar fhíscheamara agus déanfaidh breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT an scaoileadh a bhreathnú agus dréachtóidh sé tuarascáil agus cuirfidh sé an tuarascáil in éineacht leis an taifeadadh físe chuig Rúnaíocht ICCAT.

4.   Faoi dheireadh na hoibríochta aistrithe, déanfaidh máistir an tsoithigh ghabhála nó an tsoithigh tarraingthe, oibreoir an ghaiste tuinnín nó oibreoir na feirme an dearbhú aistrithe ICCAT a chomhlánú agus a chur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit fhreagraigh, i gcomhréir leis an bhformáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIIIa.

Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach, as an bhfeirm nó as an ngaiste tuinnín as a dtionscnaíonn an t-aistriú sin, foirmeacha an dearbhaithe um aistriú a uimhriú. Áireofar sa chóras uimhrithe sin cód trí litir CPC, agus ansin ceithre uimhir a thabharfaidh an bhliain le fios agus trí uimhir sheicheamhacha, agus ansin na trí litir “ITD” (CPC-20**/xxx/ITD).

Beidh an dearbhú bunaidh um aistriú ag gabháil leis an aistriú éisc. Coimeádfaidh máistir an tsoithigh ghabhála, oibreoir an ghaiste tuinnín, máistir an tsoithigh tarraingthe nó oibreoir na feirme cóip den dearbhú.

5.   Déanfaidh máistrí na soithí atá i mbun oibríochtaí aistrithe (lena n-áirítear soithigh tarraingthe) meáchan agus líon na n-iasc a thaifead, mar aon le hainm, bratach agus cláruimhir ICCAT an tsoithigh ghabhála, ainm agus cláruimhir ICCAT aon soithigh eile a raibh baint acu leis, dáta agus suíomh an aistrithe agus an fheirm chinn scríbe a thuairisciú ina logleabhar go laethúil. Beidh mionsonraí na n-aistrithe ar fad a rinneadh le linn an tséasúir iascaireachta tugtha sa logleabhar. Coimeádfar an logleabhar ar bord agus beidh sé le fáil tráth ar bith chun críocha rialaithe.

6.   Ní dhéanfaidh an t-údarú aistrithe a thabharfaidh an Ballstát freagrach réamhbhreith ar an údarú chun tuinnín gorm a chur i gcaighean.

7.   Áiritheoidh máistir an tsoithigh ghabhála, oibreoir na feirme nó oibreoir an ghaiste tuinnín a dhéanann tuinnín gorm a aistriú go ndéanfar faireachán ar na hoibríochtaí aistrithe le físcheamara san uisce.

Déanfar dhá chóip de gach taifead físe ar na haistrithe. Tarchuirfear cóip amháin chuig an mbreathnóir réigiúnach agus tarchuirfear cóip eile chuig an CPC, nó chuig an mbreathnóir náisiúnta, de réir mar is iomchuí, atá ar bord an tsoithigh tarraingthe. Beidh an chóip a tharchuirfear chuig an CPC nó chuig an mbreathnóir náisiúnta ag gabháil leis an dearbhú um aistriú agus leis na gabhálacha gaolmhara lena mbaineann sí. Beidh an uimhir dearbhuithe aistrithe ICCAT ar taispeáint ag tús agus ag deireadh gach taifid físe, agus beidh an t-am agus an dáta ar taispeáint i gcónaí. Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit cóipeanna de na taifid físe do Choiste Eolaíoch ICCAT.

8.   Déanfaidh an breathnóir réigiúnach óICCAT a bheidh ar bord an tsoithigh ghabhála, mar a thagraítear dó i gClár Réigiúnach Breathnóireachta an ICCAT atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII, na hoibríochtaí aistrithe a rinneadh a thaifeadadh agus a thuairisciú, suíomh an tsoithigh ghabhála agus é i mbun oibríochta aistrithe a fhíorú, na gabhálacha a aistríodh a bhreathnú agus a mheas agus na hiontrálacha a rinneadh sa réamhfhógra um aistriú dá dtagraítear i mír 2 agus i ndearbhú ICCAT um aistriú dá dtagraítear i mír 4 a fhíorú.

I gcásanna ina bhfuil meastachán gabhála an bhreathnóra réigiúnaigh 10 % níos airde ar a laghad ná an líon agus/nó an meánmheáchan a dhearbhaigh máistir an tsoithigh ghabhála, cuirfidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála tús le himscrúdú agus cuirfear an t-imscrúdú sin i gcrích sula ndéanfar an cur i gcaighean ar an bhfeirm. Ní údarófar an cur i gcaighean go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe sin agus ní dhéanfar an roinn a bhaineann le gabháil ar an doiciméad um ghabháil tuinnín ghoirm a bhailíochtú.

9.   Déanfaidh na breathnóirí réigiunacha óICCAT dearbhú aistrithe ICCAT a shíniú agus déanfaidh siad a n-ainm agus a n-uimhir ICCAT a scríobh go soiléir. Déanfaidh siad a fhíorú go bhfuil dearbhú aistrithe ICCAT comhlánaithe i gceart agus go dtarchuirtear é go cuí chuig máistir an tsoithigh tarraingthe.

Déanfaidh oibreoir an ghaiste tuinnín dearbhú aistrithe ICCAT a chomhlánú agus a sheoladh chuig údaráis inniúla a Bhallstáit tráth a mbeidh deireadh leis an aistriú chuig an soitheach iascaireachta, i gcomhréir leis an bhformáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.

10.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a bhaineann le hoibríochtaí aistrithe a chumhdaítear faoi mhír 2 agus faoi mhír 7 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38a.”.

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

“Airteagal 24

Oibríochtaí cur i gcaighean

1.   Faoi cheann seachtaine amháin ón tráth a gcríochnófar an oibríocht cur i gcaighean, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm tuarascáil ar an oibríocht cur i gcaighean, agus a bheidh bailíochtaithe ag breathnóir, a chur chuig an mBallstát nó chuig an CPC arb iad a shoithí brataí a ghabh na tuinníní, agus chuig an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh go pras chuig Rúnaíocht ICCAT. Áireofar sa tuarascáil sin an fhaisnéis a tugadh sa dearbhú ar thuinnín gorm a chur i gcaighean mar atá leagtha amach i Moladh 06-07 ón ICCAT maidir le feirmeoireacht tuinnín ghoirm.

2.   Sula dtosófar aon oibríochtaí cur i gcaighean, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an bhfeirm na cainníochtaí a ghabh na soithí gabhála a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu agus a cuireadh i gcaighean in iúl don Bhallstát freagrach nó do CPC brataí an tsoithigh ghabhála.

3.   Iarrfaidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála ar an mBallstát nó ar an CPC atá freagrach as an bhfeirm na gabhálacha a urghabháil agus na héisc a scaoileadh isteach san fharraige i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar anach in Airteagal 22(3), má mheasann sé, tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a fháil, gurb amhlaidh:

(a)

nach raibh a dhóthain de chuóta do thuinníní gorma a cuireadh i gcaighean ag an soitheach gabhála ar dearbhaíodh gurbh é a ghabh na héisc sin;

(b)

nach ndearna an soitheach gabhála an méid iasc a gabhadh a thuairisciú go cuí agus nach raibh an méid sin curtha san áreamh i ríomh an chuóta is infheidhme;

(c)

nach bhfuil an soitheach gabhála a bhfuil sé dearbhaithe gurbh é a ghabh na héisc údaraithe chun bheith ag iascaireacht tuinnín gorm.

4.   Ní thosófar an oibríocht cur i gcaighean gan réamhúdarú a fháil ó CPC na brataí nó ón mBallstát atá freagrach as an soitheach gabhála.

Cuirfear tuinnín gorm i gcaighean roimh an 31 Iúil ach amháin má thugann an Ballstát nó an CPC atá freagrach as an bhfeirm a fhaigheann na héisc cúiseanna bailí gan é sin a dhéanamh, lena n-áirítear force majeure. Beidh na cúiseanna sin ag gabháil leis an tuarascáil ar an oibríocht cur i gcaighean.

5.   Déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm na bearta is gá chun toirmeasc a chur ar aon chur i gcaighean chun críocha feirmeoireachta nó ramhraithe tuinnín ghoirm mura bhfuil na doiciméid a éilíonn ICCAT ag dul leis, lena n-áirítear na doiciméid sin a cheanglaítear leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 lena mbunaítear clár maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm Thunnus thynnus (7). Ní mór na doiciméid sin a bheith beacht agus iomlán agus iad a bheith bailíochtaithe.

6.   Faoi cheann 48 uair an chloig tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a chur isteach, déanfaidh an Ballstát freagrach, nó an CPC freagrach, de réir mar is iomchuí, an cur i gcaighean a údarú nó ní dhéanfaidh sé é a údarú. I gcás nach n-údarófar an cur i gcaighean, déanfaidh an Ballstát nó an CPC atá freagrach as an soitheach gabhála ordú scaoilte a eisiúint don Bhallstát nó don CPC atá freagrach as an soitheach tarraingthe agus/nó don Bhallstát nó don CPC atá freagrach as an bhfeirm, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 22(3).

7.   Áiritheoidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm go ndéanfar faireachán ar na hoibríochtaí cur i gcaighean ag úsáid físcheamara san uisce.

Déanfar taifead físe amháin le haghaidh gach oibríochta cur i gcaighean. Beidh uimhir dearbhuithe aistrithe ICCAT ar taispeáint ag tús nó ag deireadh gach taifid físe, agus beidh an t-am agus an dáta ar taispeáint i gcónaí ar an taifead sin.

8.   I gcásanna ina bhfuil difríocht is mó ná 10 % ann, sa mheánmheáchan nó sa líon, idir an meastachán a rinne an breathnóir réigiúnach agus oibreoir na feirme, cuirfidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm tús le himscrúdú i gcomhar le Stát brataí an tsoithigh ghabhála. Ní dhéanfar aon bhuaint agus ní dhéanfar an roinn a bhaineann le feirmeoireacht ar an doiciméad um ghabháil tuinnín ghoirm a bhailíochtú go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe sin.

Mura gcuirfear críoch leis an imscrúdú faoi cheann 10 lá oibre nó má léiríonn toradh an imscrúdaithe go bhfuil an líon nó an meánmheáchan de thuinnín gorm os cionn 10 % níos airde ná an líon nó an meánmheáchan a dhearbhaigh oibreoir na feirme, déanfaidh CPC na brataí nó Ballstát na brataí atá freagrach as an soitheach gabhála ordú scaoilte a eisiúint maidir leis an líon nó an meáchan atá iomarcach.

Áiritheoidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm go gcomhlíonfaidh oibreoir na feirme an t-ordú scaoilte laistigh de 48 uair an chloig ón tráth a dtiocfaidh breathnóir réigiúnach ar an láthair. Déanfar an scaoileadh i gcomhréir le hAirteagal 22(3).

I gcás ina bhfuil an meastachán deiridh a dhéantar tráth an chur i gcaighean san fheirm níos airde ná an meastachán deiridh tráth an chéad aistrithe ón soitheach gabhála, is é an Ballstát nó an CPC atá freagrach as an soitheach gabhála a chinnfidh an méid deiridh den chuóta a dhéanfaidh siad a bhailíochtú sa doiciméad nó sna doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm lena mbaineann.

9.   Cuirfidh na Ballstáit tús le staidéir phíolótacha ar an tslí le líon agus meáchan an tuinnín ghoirm a mheas níos fearr ag an bpointe gabhála agus an bpointe cur i gcaighean, lena n-áirítear trí chórais steiréascópacha a úsáid, agus déanfaidh siad na torthaí a thuairisciú do Choiste Eolaíoch ICCAT. Bunófar clár samplála agus/nó clár malartach tráth an chur i gcaighean chun feabhas a chur ar na chomhaireamh na n-iasc atá i gcaighean agus mheastacháin ar mheáchan na n-iasc atá i gcaighean.

10.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a bhaineann le hoibríochtaí cur i gcaighean faoi mhíreanna 6, 7, 8 agus 9 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38a.

(12)

Cuirtear na fomhíreanna seo a leanas le hAirteagal 25(1):

“Maidir le soithí iascaireachta atá ar thaifead ICCAT de shoithí gabhála atá údaraithe chun bheith ag iascaireacht tuinnín ghoirm go gníomhach agus dá dtagraítear in Airgeagal 14(3), tosóidh siad ar shonraí VMS a tharchur chuig an ICCAT 15 lá ar a laghad roimh oscailt an tséasúir iascaireachta agus leanfaidh siad de na sonraí sin a tharchur go ceann 15 lá ar a laghad tar éis chríoch an tséasúir iascaireachta mura rud é go gcuirtear iarraidh roimh ré chuig an gCoimisiún an soitheach a bhaint ó thaifead ICCAT ar shoithí.

Chun críocha rialaithe, ní chuirfear isteach ar tharchur sonraí VMS ó shoithí gabhála atá údaraithe chun bheith ag iascaireacht tuinnín ghoirm go gníomhach fad agus atá na soithí sin i gcalafort ach amháin má tá córas i bhfeidhm lena bhfógraítear na soithí atá ag teacht agus ag imeacht sa chalafort.

Maidir le soithí iascaireachta atá ar áireamh ar thaifead ICCAT de na soithí iascaireachta eile go léir (seachas soithí gabhála), atá údaraithe chun bheith ag oibriú do thuinnín gorm, agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3), déanfaidh siad na sonraí VMS a tharchur chuig an ICCAT feadh thréimhse iomlán an údaraithe.”.

(13)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

“Airteagal 26

Gníomhaíochtaí gaiste tuinnín ghoirm a thaifeadadh agus a thuairisciú

1.   Faoi cheann 48 uair an chloig ó dheireadh gach oibríochta iascaireachta ina n-úsáidtear gaistí tuinnín, déanfar na gabhálacha a thaifead agus na sonraí a tharchur, trí mheán leictreonach nó trí mheáin eile, chuig údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an ngaiste tuinnín ghoirm lena mbaineann. Beidh mionsonraí maidir leis na cainníochtaí a mheastar a bheith fágtha sa ghaiste tuinnín ghoirm sa taifead.

2.   Déanfaidh gach Ballstát, ar an taifead a fháil dá dtagraítear i mír 1, é a chur ar aghaidh trí mheán leictreonach chuig an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh go pras chuig Rúnaíocht ICCAT.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a bhaineann le hoibríochtaí gaiste tuinnín a chumhdaítear faoi mhír 1 den Airteagal seo a thaifeadadh agus a thuairisciú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38a.”.

(14)

Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 29(2):

“Más rud é, tráth ar bith, go bhfuil níos mó ná 15 soitheach iascaireachta de chuid Ballstáit i mbun gníomhaíochta iascaireachta tuinnín ghoirm i limistéar an Choinbhinsiúin, déanfaidh an Ballstát soitheach cigireachta a imscaradh chun críocha cigireachta agus rialú ar muir i limistéar an Choinbhinsiúin feadh na tréimhse a bheidh na soithí sin ann. Measfar go mbeidh an oibleagáid comhlíonta i gcás ina gcomhoibríonn Ballstáit chun soitheach cigireachta a imscaradh nó i gcás ina ndéantar soitheach cigireachta AE a imscaradh i limistéar an Choibhinsiúin.”.

(15)

In Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Maidir le soithí atá gníomhach san iascach tuinnín ghoirm, déanfaidh gach Ballstát na leibhéil céatadáin seo a leanas ar a laghad de chlúdach breathnóirí náisiúnta a áirithiú:

(a)

100 % dá shoithí gabhála peas-saighneoireachta gníomhacha atá cothrom le nó is giorra ná 24 m in 2011;

(b)

100 % dá shoithí gabhála peas-saighneoireachta gníomhacha atá cothrom le nó is giorra ná 20 m in 2012;

(c)

20 % dá thrálaeir pheiligeacha ghníomhacha (is faide ná 15 m);

(d)

20 % dá shoithí gabhála spiléireachta gníomhacha (is faide ná 15 m);

(e)

20 % dá bháid bhaoite ghníomhacha (is faide ná 15 m);

(f)

100 % dá ghaistí tuinnín le linn phróisis na buainte;

(g)

100 % dá shoithí tarraingthe.”.

(16)

Leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil breathnóir réigiúnach de chuid an ICCAT i láthair:

(a)

ar gach soitheach peas-saighneoireachta is faide ná 24 m le linn iomlán shéasúr iascaireachta 2011;

(b)

ar gach soitheach peas-saighneoireachta is faide ná 20 m le linn iomlán shéasúr iascaireachta 2012;

(c)

ar gach soitheach peas-saighneoireachta, is cuma cén fad iad, le linn iomlán an tséasúir iascaireachta, ó 2013 ar aghaidh.

Ní údarófar do shoithí peas-saighneoireachta dá dtagraítear in (a), (b) agus (c) nach bhfuil breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT i láthair orthu a bheith ag iascaireacht ná a bheith ag oibriú san iascach tuinnín ghoirm.”;

(b)

Cuirtear an fhomhír seo a leanas le mír 2:

“Má bhuaintear tuinnín gorm ón gcaighean agus má thrádáiltear é mar tháirgí úra, féadfaidh breathnóir réigiúnach ICCAT a bhreathnóidh an bhuaint a bheith ina náisiúnach den Bhallstát atá freagrach as an bhfeirm.”.

(17)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32:

“Airteagal 32

Rochtain ar thaifid físe

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfear na taifid físe dá dtagraítear in Airteagal 22(7) agus in Airteagal 24(7) ar fáil do chigirí agus do bhreathnóirí ICCAT.

2.   Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as feirm go gcuirfear na taifid físe dá dtagraítear in Airteagal 22(7) agus in Airteagal 24(7) ar fáil do chigirí agus do bhreathnóirí de chuid an Aontais.

3.   Déanfaidh gach Ballstát na bearta cuí le go seachnófar aon athsholáthar, eagarthóireacht nó ionramháil ar an taifead físe bunaidh.”.

(18)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 33a

Pleananna cigireachta a tharchur

Tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh na Ballstáit a bplean cigireachta a bhaineann leis an mbliain dar gcionn a tharchur chuig an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún na pleananna náisiúnta cigireachta a thiomsú agus a chomhtháthú i bplean cigireachta an Aontais atá le tarchur chuig Rúnaíocht ICCAT le haghaidh formheasa ICCAT.”

(19)

In Airteagal 34, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Cuirfear toirmeasc ar thuinnín gorm ón Atlantach Thoir agus ón Meánmhuir a thrádáil san Aontas, a thabhairt i dtír, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur i gcaighean chun críocha ramhraithe nó feirmeoireachta, a athonnmhairiú agus a thrasloingsiú mura mbeidh na doiciméid bheachta, iomlána agus bhailíochtaithe a cheanglaítear leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 leo.”.

(20)

Cuirtear isteach an tAirteagal a leanas:

“Airteagal 38a

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste Comhairleach um Iascach agus Dobharshaothrú arna bhunú le hAirteagal 30(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”.

(21)

Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn III.

(22)

Leasaítear Iarscríbhinn VI mar seo a leanas:

(a)

I mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(q)

trasloingsiú ar muir.”;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.

I gcás ina dtéitear ar bord agus ina ndéantar cigireacht ar shoitheach iascaireachta agus má dhéanann na cigirí údaraithe gníomhaíocht nó imthoisc a bheadh ina sárú tromchúiseach, mar a shainítear i mír 1, a bhreathnú lena linn, tabharfaidh údaráis Stát brataí na soithí cigireachta fógra díreach láithreach agus fógra trí Rúnaíocht an ICCAT do Stát brataí an tsoithigh iascaireachta. I gcásanna den sórt sin, déanfidh na cigirí, i gcás inar féidir é, údaráis inniúla Stát brataí an tsoithigh iascaireachta, a fógraíodh do Rúnaíocht an ICCAT, a chur ar an eolas freisin, mar aon le haon long chigireachta ó Stát brataí an tsoithigh iascaireachta arb eol go bhfuil sí i gcomharsanacht.

Cláróidh cigirí de chuid ICCAT na cigireachtaí a dhéantar agus aon sáruithe a thugtar faoi deara i logleabhar an tsoithigh iascaireachta.”;

(c)

sa chéad fhomhír de mhír 3 cuirtear na focail “faoi cheann 72 uair an chloig” in ionad an fhocail “láithreach”;

(d)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.

Faoi réir na socruithe a comhaontaíodh faoi mhír 12 den Iarscríbhinn seo, stopfaidh soitheach atá in úsáid don am i láthair de bheith ag iascaireacht tuinnín nó iasc atá cosúil le tuinnín i limistéar an Choinbhinsiúin lasmuigh de na huiscí atá ina dhlínse náisiúnta, má thugann long ar a bhfuil cigire an comhartha iomchuí sa Chód Idirnáisiúnta Comharthaí ach amháin má tá an soitheach i mbun iascaireachta, agus sa chás sin stopfaidh sé a luaithe a bheidh na hoibríochtaí sin críochnaithe aige. Tabharfaidh máistir an tsoithigh cead don chigire, a bhféadfaidh finné a bheith ina theannta, teacht ar bord agus déanfaidh sé dréimire bordála a sholáthar chuige sin. Cuirfidh an máistir ar chumas an chigire scrúdú den sórt sin a dhéanamh ar an ngabháil nó ar an dtrealamh agus ar aon doiciméid ábhartha a mheasann an cigire go bhfuil gá leo chun comhlíonadh mholtaí Choimisiún ICCAT atá i bhfeidhm maidir le Stát brataí an tsoithigh lena mbaineann a fhíorú agus féadfaidh an cigire aon mhíniúcháin a mheasann sé a bhfuil gá leo a iarraidh.

Dhá chigire de chuid ICCAT ar a mhéad a bheidh sa bhuíon cigireachta ach amháin má dhlíonn dálaí áirithe go mbeidh cigirí breise ag teastáil. Féadfaidh cúntóir a bheith i dteannta na buíne cigireachta chun críocha oiliúna amháin.”.

(23)

In Iarscríbhinn VII, scriostar mír 1.

(24)

Déantar an téacs atá in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a chur isteach mar Iarscríbhinn VIIIa.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Meitheamh 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  IO C 24, 28.1.2012, lch. 116.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Bealtaine 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Meitheamh 2012

(3)  IO L 96, 15.4.2009, lch. 1.

(4)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(5)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(6)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.”.

(7)  IO L 194, 24.7.10, lch. 1.”.


IARSCRÍBHINN I

‘IARSCRÍBHINN III

Image

Image


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN VIIIa

Image

Image


Top