This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32008D0493
2008/493/EC: Council Decision of 23 June 2008 amending Annex I to the Act of Accession of Bulgaria and Romania
2008/493/EC: Cinneadh ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine
2008/493/EC: Cinneadh ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine
IO L 174, 3.7.2008, p. 6–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV) Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta
(HR)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 12005SAN01 | Leasú | PT 2 | 03/07/2008 |
3.7.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/6 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Meitheamh 2008
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine
(2008/493/CE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint d'Ionstraim Aontachais 2005, agus go háirithe Airteagal 3(6) di,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 3(3) d'Ionstraim Aontachais 2005 go n-aontóidh an Bhulgáir agus an Rómáin do na coinbhinsiúin agus do na prótacail a thug na Ballstáit i gcrích eatarthu agus a liostaítear ina Iarscríbhinn I. |
(2) |
An 8 Nollaig 2004, shínigh na Ballstáit Coinbhinsiún maidir le haontachas Phoblacht na Seice, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na Polainne, na Slóivéine agus na Slóvaice (1) do Choinbhinsiún an 23 Iúil 1990 maidir le cánachas dúbailte a dhíchur i ndáil le brabúis de chuid gnóthas comhlachaithe (2) a choigeartú (‘an Coinbhinsiún Eadrána’). |
(3) |
Is cuí go bhforálfaí d'aontachas na Bulgáire agus na Rómáine don Choinbhinsiún Eadrána arna leasú le Coinbhinsiún an 8 Nollaig 2004. Chuige sin, ba cheart go gcuirfí Coinbhinsiún an 8 Nollaig 2004 le hIarscríbhinn a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2005, |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas le pointe 2 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2005:
‘— |
Coinbhinsiún an 8 Nollaig 2004 maidir le haontachas Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice don Choinbhinsiún maidir le cánachas dúbailte a dhíchur i ndáil le brabúis de chuid gnóthas comhlachaithe a choigeartú (IO C 160, 30.6.2005, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 23 Meitheamh 2008.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
I. JARC
(1) IO C 160, 30.6.2005, lch. 1.
(2) IO L 225, 20.8.1990, lch. 10.