EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32007R0457

Rialachán (CE) Uimh. 457/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Aibreán 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 maidir le riachtanais dhá chabhail nó riachtanais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar dhóigh bhrostaithe do thancaeir ola aon chabhlach (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

IO L 113, 30.4.2007, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 19/07/2012; Arna aisghairm le 32012R0530

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/457/oj

30.4.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 457/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Aibreán 2007

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 maidir le riachtanais dhá chabhail nó riachtanais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar dhóigh bhrostaithe do thancaeir ola aon chabhlach

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 80(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 (3) do chéimniú isteach brostaithe na riachtanas dhá chabhail nó na riachtanas deartha coibhéiseach do thancaeir ola aon chabhlach a leagtar síos sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, 1973, arna leasú le Prótacal 1978 a bhaineann le (‘MARPOL 73/78’), d’fhonn baol truaillithe timpistigh ola a ísliú in uiscí na hEorpa.

(2)

Tugadh bearta isteach le Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 lena dtoirmisctear ola de ghráid throma a iompar i dtancaeir ola aon chabhlach atá ag fágáil calafort san Aontas Eorpach nó atá ag triall ar chalafoirt san Aontas Eorpach.

(3)

De bharr ghníomhaíocht na mBallstát agus an Choimisiúin laistigh den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), táthar tar éis an toirmeasc a chur i bhfeidhm ar fud an domhain trí leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78.

(4)

I míreanna 5, 6 agus 7 de Rialachán 13H d’Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78 maidir leis an toirmeasc ar ola de ghráid throma a iompar i dtancaeir ola aon chabhlach foráiltear go bhféadfadh eisceachtaí ó chur i bhfeidhm forálacha áirithe de Rialachán 13H a bheith ann. Sa ráiteas a rinne an Uachtaránacht Iodálach ar an gComhairle Eorpach thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a taifeadadh i dtuairisc oifigiúil Choiste Cosanta Comhshaoil Mhuirí an IMO (MEPC 50), tugtar tiomantas polaitiúil go staonfar ó úsáid a bhaint as na heisceachtaí seo.

(5)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 417/2002, d’fhéadfadh long a mbeadh bratach Ballstáit ar foluain aici na heisceachtaí ó Rialachán 13H a chur i bhfeidhm agus forálacha Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 a bheith fós á gcomhlíonadh aici, dá mba rud é gur lasmuigh de chalafoirt nó lasmuigh de chríochfoirt amach ón gcósta atá faoi dhlínse Ballstáit a bhí sí ag feidhmiú.

(6)

Ba cheart mar sin Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 417/2002:

‘3.   Ní cheadófar do thancaer ola ar bith a bhfuil ola de ghráid throma á hiompar aige bratach Ballstáit a bheith ar foluain aige mura tancaer ola dhá chabhail é an tancaer sin.

Ní cheadófar do thancaer ola ar bith a bhfuil ola de ghráid throma á hiompar aige, is cuma cén bhratach a bheidh ar foluain aige, calafoirt ná chríochfoirt amach ón gcósta atá faoi dhlínse Ballstáit a fhágáil ná triall orthu ná dul ar ancaire i limistéir atá faoi dhlínse Ballstáit, mura tancaer ola dhá chabhail é an tancaer sin.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 25 Aibreán 2007

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GLOSER


(1)  IO C 318, 23.12.2006, lch. 229.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2006 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 22 Márta 2007.

(3)  IO L 64, 7.3.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 2172/2004 ón gCoimisiún (IO L 371, 18.12.2004, lch. 26).


Top