Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D1905

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 91/2024 an 26 Aibreán 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1905]

IO L, 2024/1905, 8.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1905/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1905/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1905

8.8.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 91/2024

an 26 Aibreán 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1905]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2023/923 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le luaidhe agus a comhdhúile in PVC (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1530 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2023 lena bhformheastar eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fuarthas le tuaslagóirí hidreacarbóin mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 12zc (Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘-

32023 R 0923: Rialachán (AE) 2023/923 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2023 (IO L 123, 8.5.2023, lch. 1).’

2.

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 12zzzzzzzzzzd (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2619 ón gCoimisiún):

‘12zzzzzzzzzze.

32023 R 1530: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1530 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2023 lena bhformheastar eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fuarthas le tuaslagóirí hidreacarbóin mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 186, 25.7.2023, lch. 16).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (AE) 2023/923 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1530 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 27 Aibreán 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Aibreán 2024.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 123, 8.5.2023, lch. 1.

(2)   IO L 186, 25.7.2023, lch. 16.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1905/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top