EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D1526

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 34/2024 an 2 Feabhra 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1526]

IO L, 2024/1526, 27.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1526/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1526/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1526

27.6.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 34/2024

an 2 Feabhra 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1526]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1862 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2022 lena mbunaítear na liostaí d’ainmneacha fearainn atá forchoimeádta agus blocáilte faoin bhfearann barrleibhéil .eu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), arna cheartú le IO L 239, 28.9.2023, lch. 40, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 5oae (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1878 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘5oaf.

32022 R 1862: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1862 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2022 lena mbunaítear na liostaí d’ainmneacha fearainn atá forchoimeádta agus blocáilte faoin bhfearann barrleibhéil .eu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 259, 6.10.2022, lch. 3), arna cheartú le IO L 239, 28.9.2023, lch. 40.’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1862, arna cheartú le IO L 239, 28.9.2023, lch. 40, san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 3 Feabhra 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Feabhra 2024.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 259, 6.10.2022, lch. 3.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1526/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top