This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D1009
Decision of the EEA joint committee No 235/2023 of 22 September 2023 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2024/1009]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 235/2023 an 22 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1009]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 235/2023 an 22 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1009]
IO L, 2024/1009, 25.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1009/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 21994A0103(52) | Cur le | caibidil XV pointe 12zzzzzzzzza | ||
Modifies | 21994A0103(52) | Cur le | caibidil XV pointe 12zzzzzzzzzb | ||
Modifies | 21994A0103(52) | Cur le | caibidil XV pointe 12zzzzzzzzzc |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1009 |
25.4.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 235/2023
an 22 Meán Fómhair 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1009]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/458 ón gCoimisiún an 1 Márta 2023 maidir le neamh-fhormheas substaintí gníomhacha áirithe lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/459 ón gCoimisiún an 2 Márta 2023 gan 2,2-Débhrómai-2-cianaicéataimíd (DBNPA) a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/460 ón gCoimisiún an 2 Márta 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le himíodaclóiprid lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 12zzzzzzzzz (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1991 ón gCoimisiún) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘12zzzzzzzzza. |
32023 D 0458: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/458 ón gCoimisiún an 1 Márta 2023 maidir le neamh-fhormheas substaintí gníomhacha áirithe lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 67, 3.3.2023, lch. 51). |
12zzzzzzzzzb. |
32023 D 0459: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/459 ón gCoimisiún an 2 Márta 2023 gan 2,2-Débhrómai-2-cianaicéataimíd (DBNPA) a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 67, 3.3.2023, lch. 54). |
12zzzzzzzzzc. |
32023 D 0460: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/460 ón gCoimisiún an 2 Márta 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le himíodaclóiprid lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 67, 3.3.2023, lch. 58).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2023/458, (AE) 2023/459 agus (AE) 2023/460 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 67, 3.3.2023, lch. 51.
(2) IO L 67, 3.3.2023, lch. 54.
(3) IO L 67, 3.3.2023, lch. 58.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1009/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)