This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0941
Decision of the EEA joint committee No 198/2023 of 22 September 2023 amending Annex I (Veterinary and phytosanitary matters) to the EEA Agreement [2024/941]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 198/2023 an 22 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/941]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 198/2023 an 22 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/941]
IO L, 2024/941, 25.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/941/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 21994A0103(51) | Cur le | caibidil II pointe 137 Téacs | ||
Modifies | 21994A0103(51) | Scriosadh | caibidil II pointe 1zzzzzz Téacs | ||
Modifies | 21994A0103(51) | Cur le | caibidil II pointe 234 Téacs | ||
Modifies | 21994A0103(51) | Scriosadh | caibidil II pointe 2zk Téacs | ||
Modifies | 21994A0103(51) | Scriosadh | caibidil II pointe 2zl Téacs | ||
Modifies | 21994A0103(51) | Cur le | caibidil II pointe 484 | ||
Modifies | 21994A0103(51) | Cur le | caibidil II pointe 485 | ||
Modifies | 21994A0103(51) | Cur le | caibidil II pointe 80 Téacs | ||
Modifies | 21994A0103(51) | Cur le | caibidil II pointe 99 Téacs |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/941 |
25.4.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 198/2023
an 22 Meán Fómhair 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/941]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/341 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2023 maidir le húdarú vitimín E mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 26/2011 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2023 maidir le húdarú ullmhóide Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis seachas mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe, maidir lena húdarú le haghaidh éin ornáideacha, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 787/2013, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1020, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2276 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 107/2010 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 885/2011 (sealbhóir an údaraithe Kemin Europa N.V.) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/341 aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 26/2011 (3), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 107/2010 (4), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
(5) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 885/2011 (5), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
(6) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. |
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 483 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/61 ón gCoimisiún):
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 80 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013 ón gCoimisiún): », arna leasú le:
|
3. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 99 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 787/2013 ón gCoimisiún): », arna leasú le:
|
4. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 137 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1020 ón gCoimisiún): », arna leasú le:
|
5. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 234 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2276 ón gCoimisiún): », arna leasú le:
|
6. |
Scriostar téacsanna phointí 1zzzzzz (Rialachán (AE) Uimh. 107/2010 ón gCoimisiún), 2zk (Rialachán (AE) Uimh. 26/2011 ón gCoimisiún) agus 2zl (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 885/2011 ón gCoimisiún). |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/341 agus (AE) 2023/366 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 48, 16.2.2023, lch. 19.
(2) IO L 50, 17.2.2023, lch. 59.
(3) IO L 11, 15.1.2011, lch. 18.
(4) IO L 36, 9.2.2010, lch. 1.
(5) IO L 229, 6.9.2011, lch. 3.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/941/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)