This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0936
Decision of the EEA joint committee No 196/2023 of 22 September 2023 amending Annex I (Veterinary and phytosanitary matters) to the EEA Agreement [2024/936]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 196/2023 an 22 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/936]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 196/2023 an 22 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/936]
IO L, 2024/936, 25.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/936/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 21994A0103(51) | Cur le | caibidil I pointe 449 Téacs | ||
Modifies | 21994A0103(51) | Cur le | caibidil I pointe 479 | ||
Modifies | 21994A0103(51) | Cur le | caibidil I pointe 480 |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/936 |
25.4.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 196/2023
an 22 Meán Fómhair 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/936]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/8 ón gCoimisiún an 3 Eanáir 2023 maidir le húdarú ullmhóidí Lactiplantibacillus plantarum DSM 21762, Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 30236 agus Lactococcus lactis NCIMB 30117 a athnuachan mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 868/2011, (AE) Uimh. 1111/2011 agus (AE) Uimh. 227/2012 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/53 ón gCoimisiún an 4 Eanáir 2023 maidir le hullmhóid Pediococcus acidilactici CNCM I-4622 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/54 ón gCoimisiún an 4 Eanáir 2023 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/652 maidir le heastóscán oráistí Sevilla a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/8, aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 868/2011 (4), (AE) Uimh. 1111/2011 (5) agus (AE) Uimh. 227/2012 ón gCoimisiún (6), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
(5) |
Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta agus le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí tréidliachta agus le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 449 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/652 ón gCoimisiún): ‘, arna leasú le:
|
2. |
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 478 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1525 ón gCoimisiún):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/8, (AE) 2023/53 agus (AE) 2023/54 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 2, 4.1.2023, lch. 28.
(3) IO L 3, 5.1.2023, lch. 12.
(4) IO L 226, 1.9.2011, lch. 2.
(5) IO L 287, 4.11.2011, lch. 30.
(6) IO L 77, 16.3.2012, lch. 8.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/936/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)