Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D0811

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 187/2023 an 5 Iúil 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/811]

    IO L, 2024/811, 21.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/811/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/811/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/811

    21.3.2024

    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 187/2023

    an 5 Iúil 2023

    lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/811]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/369 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2022 lena gceartaítear an leagan Polainnise de Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 lena leagtar síos ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeradróim de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/217 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2023 lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012, a mhéid a bhaineann le roinnt neamhréireachtaí i gceanglais a thugtar isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1387 agus Rialacháin (AE) 2021/1296 agus (AE) 2021/2237 (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (3)

    Ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasófar Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE mar seo a leanas:

    1.

    Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66nf (Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún):

    ‘—

    32023 R 0217: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/217 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2023 (IO L 30, 2.2.2023, lch. 11).’

    2.

    Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66nh (Rialachán (AE) 139/2014 ón gCoimisiún):

    ‘—

    32023 R 0369: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/369 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2022 (IO L 51, 20.2.2023, lch. 23).’

    Airteagal 2

    Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/369 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/217 san Íoslainnis agus Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Iúil 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Iúil 2023.

    Thar ceann Chomhchoiste LEE

    An tUachtarán

    Pascal SCHAFHAUSER


    (1)   IO L 51, 20.2.2023, lch. 23.

    (2)   IO L 30, 2.2.2023, lch. 11.

    (*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/811/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top